28 1937


Uimhir 28 de 1937.


ACHT AN CHOIMISINÉURA LUACHÁLA (IONADAÍ), 1937.


ACHT CHUN A ÚDARÚ, AMHAIL AR AN 15adh LÁ D'IÚL, 1937, AGUS ÓN LÁ SAN AMACH, IONADAÍ DO CHEAPADH DON CHOIMISINÉIR LUACHÁLA AR EISEAN DO BHEITH NEAMH-ÁBALTA GO SEALADACH AR DHUALGAISÍ A OIFIGE DO CHÓLÍONADH.

[12adh Mí na Samhna, 1937.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Airgid;

cialluíonn an abairt “an Coimisinéir” an Coimisinéir Luachála.

Ionadaí don Choimisinéir do cheapadh.

2. —(1) Pé uair is deimhin leis an Aire go bhfuil an Coimisinéir neamh-ábalta go sealadach, toisc easláinte chuirp no aigne, toisc é bheith as láthair as Saorstát Éireann, no toisc aon chúise eile, ar dhualgaisí a oifige do chólíonadh, beidh sé dleathach don Aire duine ceart oiriúnach do cheapadh chun dualgaisí an Choimisineura do chólíonadh ar feadh na neamh-ábaltachta san.

(2) Gach duine ceapfar fén alt so chun dualgaisí an Choimisineura do chólíonadh beidh aige, feidhmeoidh agus cólíonfaidh, ar feadh neamh-ábaltachta san an Choimisineura gur mar gheall uirthi do ceapadh an duine sin amhlaidh, na dlighinsí, na comhachta agus na dualgaisí go léir a bheidh bronnta no forchurtha de thurus na huaire ar an gCoimisinéir le reacht no ar shlí eile.

Gearr-theideal agus tosach feidhme.

3. —(1) Féadfar Acht an Choimisineura Luachála (Ionadaí), 1937 , do ghairm den Acht so.

(2) Tuigfear an tAcht so do theacht i ngníomh an 15adh lá d'Iúl, 1937, agus éifeacht do bheith aige an lá san agus ón lá san amach.