|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (ACHT TOGHACHÁIN AN tSEANAID (BAILL PHRÍOMH-SCOILE), 1937) | Ar Aghaidh (CUID II. Toghdais, Togh-Choras, agus Claru.) |
ACHT TOGHACHÁIN AN tSEANAID (BAILL PHRÍOMH-SCOILE), 1937
[EN] | ||
[EN] |
CUID I. Roimhraiteach agus Generalta. | |
[EN] |
Gearr-theideal. |
1. —Féadfar Acht Toghacháin an tSeanaid (Baill Phríomh-Scoile), 1937, do ghairm den Acht so. |
[EN] |
Tosach feidhme. |
2. —Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh díreach tar éis teacht i ngníomh do Bhunreacht na hÉireann d'achtuigh an Pobal le déanaí. |
[EN] |
Mínithe. |
3. —San Acht so— |
[EN] | cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Puiblí; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “olltoghachán Seanaid” an méid sin d'olltoghachán do chomhaltaí do Sheanad Éireann a comórfar do réir Airtiogail 18 den Bhunreacht, a bhainfidh le toghachán na gcomhaltaí sin gur gá do réir an Airtiogail sin 18 gur ollscoileanna a thoghfadh iad; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “an chéad olltoghachán Seanaid” an chéad olltoghachán Seanaid a comórfar tar éis tosach feidhme an Achta so; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “toghachán corra Seanaid” comhalta de Sheanad Éireann do thoghadh chun ionaid chomhalta do toghadh ag ollscoil agus gur fágadh a shuidheachán folamh tré n-a éag, a eirghe as no a dhí-cháiliú; | |
[EN] | foluíonn an abairt “toghachán Seanaid” olltoghachán Seanaid agus toghachán corra Seanaid; | |
[EN] | nuair a húsáidtear an focal “toghachán” gan coinníoll foluíonn sé olltoghachán agus toghachán corra; | |
[EN] | cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so. | |
[EN] |
Rialacháin. |
4. —Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh ag ordú éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá crduithe no le hordú. |
[EN] |
Costaisí. |
5. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí uile fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do chur i bhfeidhm. |