1 1938


Uimhir 1 de 1938.


ACHT TORA TALMHAÍOCHTA (FEOIL ÚR) (LEASÚ), 1938.


ACHT CHUN AN ACHTA TORA TALMHAÍOCHTA (FEOIL ÚR), 1930 , DO LEASÚ. [20adh Eanar, 1938.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Tora Talmhaíochta (Feoil Ur), 1930 (Uimh. 10 de 1930) ;

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaidheachta;

cialluíonn an abairt “ceadúnas chun bagún do leasú” aon cheadúnas ar n-a dheonadh fé alt 24 den Acht Muc agus Bagúin, 1935 ( Uimh. 24 de 1935 ), mar a leasuítear san le halt 8 den Acht Muc agus Bagúin, 1937 ( Uimh. 23 de 1937 ).

Diúltú d'iarrataisí ar chlárú i gcláir a bheid á gcoimeád fén bPríomh-Acht.

2. —(1) D'ainneoin éinní atá sa Phríomh-Acht, agus gan dochar do sna comhachta bronntar air leis an bPríomh-Acht chun diúltú d'iarrataisí ar áitreabhacha do chlárú, féadfaidh an tAire, más rogha leis féin é, diúltú d'iarratas ar aon áitreabh do chlárú.

(2) Má dheineann an tAire, i bhfeidhmiú na comhachta bronntar air leis an alt so, diúltú d'iarratas ar chlárú, ní bheidh feidhm ag fo-ailt (2) agus (3) d'alt 8 den Phríomh-Acht maidir leis an iarratas san.

(3) San alt so cialluíonn “clárú” clárú in aon chlár a bheidh á choimeád ag an Aire fén bPhríomh-Acht.

Alt 13 den Phríomh-Act do leasú.

3. —(1) Má dheineann duine is sealbhóir ar cheadúnas chur bagún do leasú ceadúnas easportálaí mhuicfheola d'iarraidh ar an Aire fén bPhríomh-Acht ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) d'alt 13 den Phríomh-Acht maidir leis an iarratas san.

(2) Tuigfear an t-alt so do theacht i ngníomh an 1adh lá d'Iúl, 1937, agus beidh éifeacht aige amhail ar an lá san agus ón lá san amach.

Alt 37 den Phríomh-Acht do leasú.

4. —Deimhniú bhéarfaidh scrúdóir tréidliaghachta uaidh fé alt 37 den Phríomh-Acht, féadfaidh, más oiriúnach leis an scrúdóir tréidliaghachta san é, baint do bheith aige le huimhir ar bith de chonablaigh no de scartacha ainmhithe do gheobhfar do bheith neamh-oiriúnach mar bhiadh don duine no le huimhir ar bith de choda de chonablaigh no de scartacha ainmhithe do gheobhfar do bheith neamh-oiriúnach mar bhiadh don duine.

An Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht do leasú.

5. —(1) I gcás ceadúnas easportálaí mhuicfheola, alos áitreibh chláruithe, do bheith ag duine tráth ar bith i rith aon leathbhliana áirithe (is céad leath-bhliain dar tosach an 1adh lá d'Iúl, 1937, no dáta dá éis sin, no is dara leath-bhliain dar tosach an 1adh lá d'Eanar, 1937, no dáta dá éis sin) agus ceadúnas chun bagún do leasú do bheith ag an duine sin freisin, alos an áitreibh sin, tráth ar bith i rith na leath-bhliana san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas chun a dhéanamh amach, fén Sceideal a ghabhann leis an bPhríomh-Acht, cadé an táille leath-bhliana easportálaí is iníoctha ag an duine sin alos an áitreibh sin in aghaidh na leath-bhliana san, sé sin le rá:—

(a) másé an ceadúnas easportálaí mhuicfheola san an t-aon cheadúnas easportálaí amháin a bhí ag an duine sin alos an áitreibh sin tráth ar bith i rith na leathbhliana san tuigfear gur náid is táille mhinimum alos an cheadúnais easportálaí mhuicfheola san in aghaidh na leath-bhliana san;

(b) má bhí aon cheadúnas easportálaí amháin eile ag an duine sin alos an áitreibh sin tráth ar bith i rith na leathbhliana san i dteanta an cheadúnais easportálaí mhuicfheola san, tuigfear gur caoga punt is có-tháille mhinimum alos an dá cheadúnas easportálaí sin in aghaidh na leath-bliana san i gcás gur ceadúnas easportálaí mhairtfheola an ceadúnas easportálaí eile sin no cúig púint fhichead in aon chás eile;

(c) má bhí dhá cheadúnas easportálaí eile no níos mó ag an duine sin alos an áitreibh sin tráth ar bith i rith na leath-bhliana san i dteanta an cheadúnais easportálaí mhuicfheola san agus nach ceadúnas easportálaí mhairtfheola aon cheann de sna ceadúnaisí easportálaí eile sin, tuigfear gur caoga punt is có-tháille mhinimum alos na gceadúnas easportálaí sin uile in aghaidh na leath-bhliana san.

(2) Léireofar an t-alt so mar éinní amháin leis an Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

(3) Tuigfear an t-alt so do theacht i ngníomh an 1adh lá d'Eanar, 1937, agus beidh éifeacht aige amhail ar an lá san agus ón lá san amach.

Gearr-theideal agus có-luadh.

6. —Féadfar an tAcht Tora Talmhaíochta (Feoil Ur) (Leasú), 1938 , do ghairm den Acht so, agus féadfar na hAchtanna Tora Talmhaíochta (Feoil Ur), 1930 go 1938, do ghairm de sna hAchtanna Tora Talmhaíochta (Feoil Ur), 1930 go 1935, agus den Acht so le chéile.