An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT IASCAIGH NA SIONAINNE, 1938) Ar Aghaidh (CUID II. Iascach agus Cearta Iascaireachta do Dhilsiu sa Bhord.)

7 1938

ACHT IASCAIGH NA SIONAINNE, 1938

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal agus luadh.

1. —(1) Féadfar Acht Iascaigh na Sionainne, 1938 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar Achtanna Iascaigh na Sionainne, 1935 agus 1938, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.

Míniú agus léiriú.

2. —(1) San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” Acht Iascaigh na Sionainne, 1935 (Uimhir 4 de 1935).

(2) Léighfear agus léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis an bPríomh-Acht agus, dá réir sin, gach focal agus abairt le n-a gcuirtear brí no ciall áirithe sa Phríomh-Acht beidh leis san Acht so, má tá sé ann, an bhrí no an chiall a cuirtear leis sa Phríomh-Acht.

Cosaint do chearta Choimisinéirí na nOibreacha Poiblidhe.

3. —Ní oibreoidh éinní atá san Acht so chun dochar ná deifir do dhéanamh d'aon cheart de chuid Choimisinéirí na nOibreacha Poiblidhe in Éirinn maidir le loingseoireacht ar uiscí na Sionainne.