10 1938


Uimhir 10 de 1938.


ACHT OSPIDÉIL FHIABHRAIS CHORCAIGHE (LEASÚ), 1938.


ACHT CHUN NA TRÉIMHSE CEAPTAR LE hALT 6 D'ACHT OSPIDÉIL FHIABHRAIS CHORCAIGHE, 1935 , D'FHAIDIÚ. [31adh Márta, 1938.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

An Phríomh-Acht.

1. —San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” Acht Ospidéil Fhiabhrais Chorcaighe, 1935 (Uimh 44 de 1935) .

Alt 6 den Phríomh-Acht do leasú.

2. —Leasuítear leis seo fo-alt (1) d'alt 6 den Phríomh-Acht tré sna focail “trí mblian” do chur sa bhfo-alt san in ionad na bhfocal “dhá bhlian” agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Gearr-theideal agus có-luadh.

3. —(1) Féadfar Acht Ospidéil Fhiabhrais Chorcaighe (Leasú), 1938 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar Achtanna Ospidéil Fhiabhrais Chorcaighe, 1935 agus 1938, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.