14 1938


Uimhir 14 de 1938.


ACHT TORTHAÍ TALMHAÍOCHTA (IOMPORTÁIL DO RIALÁIL), 1938.


ACHT CHUN IOMPORTÁIL TORTHAÍ TALMHAÍOCHTA AGUS IASCAIGH DO RIALÁIL, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE. [16adh Bealtaine, 1938.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaidheachta;

cialluíonn an abairt “toradh talmhaíochta”—

(a) aon toradh talmhaíochta, garradóireachta no crannadóireachta,

(b) aon ainmhí,

(c) bainne, uachtar, agus uibhe,

(d) aon earra bhidh no dighe do rinneadh no do fuarthas, i bpáirt no go hiomlán, as aon toradh talmhaíochta, garradóireachta no crannadóireachta no as aon ainmhí, no as bainne, uachtar no uibhe,

(e) clúmh, olann, seithí agus croicne ainmhithe,

ach ní fholuíonn sí deoch mheisciúil;

cialluíonn an abairt “toradh iascaigh”—

(a) aon iasc,

(b) aon toradh éisc,

(c) aon earra bhidh no dighe do rinneadh no do fuarthas, i bpáirt no go hiomlán, as iasc no as aon toradh éisc;

léireofar an focal “iomportáil” mar fhocal ná foluíonn iomportáil chun crícheanna iompair agus easportála ina dhiaidh sin agus chuige sin amháin, agus is dá réir sin a léireofar focail ghaolmhara.

Iomportáil torthaí talmhaíochta agus torthaí iascaigh do rialáil.

2. —(1) Féadfaidh an tAire, pé uair chó agus minic agus is oiriúnach leis é, ordú do dhéanamh chun iomportáil aon tortha talmhaíochta no tortha iascaigh no iomportáil aon chiníl áirithe (a míneofar sa tslí sin agus do réir na nithe sin is oiriúnach leis an Aire) d'aon toradh talmhaíochta no d'aon toradh iascaigh do rialáil sa tslí sin agus tré sna meáin sin is dóich leis is ceart agus féadfaidh, gan dochar do gheneráltacht na forála san roimhe seo, socrú do dhéanamh leis an ordú san i gcóir éinní no nithe acu so leanas, se sin le rá:—

(a) chun iomportáil an tortha san no an chiníl sin den toradh san do thoirmeasc ar fad no fé réir na gcoinníollacha san (ar a n-áirmhítear coinníollacha maidir le tuairisc) is dóich leis an Aire is ceart agus a luadhfaidh san ordú san,

(b) chun a ordú go mbeidh sáruithe áirithe ar an ordú san ina gciontaí is ionphionósuithe ar dhaoine do chiontú ionta ar an slí achmair, agus chun na bpionós a gheobhaidh leis na ciontaí sin do cheapadh,

(c) i gcóir na nithe eile sin a chífear don Aire do bheith riachtanach chun a chur in áirithe go ndéanfar an scéim rialacháin a bheidh san ordú d'oibriú agus d'fhoirfheidhmiú go cuibhe.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, ceiliúradh no leasú do dhéanamh ar aon ordú bheidh déanta fén alt so le n-a n-áirmhítear an fo-alt so.

(3) Sara ndeinidh an tAire aon ordú fén alt so raghaidh i gcomhairle leis an Aire Airgeadais agus leis an Aire Tionnscail Tráchtála.

(4) Beidh feidhm dlí ag gach ordú dhéanfaidh an tAire fén alt so.

(5) Gach ordú dhéanfaidh an tAire fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an orduithe sin ar neambrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.

Forálacha custum.

3. —(1) Tuigfear earraí go dtoirmiscfear, le hordú ar n-a dhéanamh fén Acht so, iad d'iomportáil do bheith ar na hearraí a háirmhítear agus a tuairiscítear sa Chlár de Thoirmisc agus de Shrianta maidir le hEarraí do Theacht Isteach, atá in alt 42 den Customs Consolidation Act, 1876, agus na forálacha den Acht san, mar atá san leasuithe no leathnuithe le haon Acht ina dhiaidh sin, a bhaineann le hearraí d'iomportáil a toirmisctear no sriantar beidh feidhm acu dá réir sin.

(2) Má hiomportáltar aon earraí contrárdha d'ordú ar n-a dhéanamh fén Acht so, féadfaidh oifigeach Custum agus Máil a cheangal ar dhuine ar bith (eadhon, an t-iomportálaí no an t-iompróir le n-a mbainfidh an scéal) na hearraí sin d'easportáil laistigh de thréimhse áirithe agus má theipeann ar an duine sin déanamh do réir an cheangail sin beidh sé ciontach i gcionta fán bhfo-alt so agus ar a chiontú ar an slí achmair dlighfear fíneáil chaoga punt do chur air.

(3) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim cionta fé fho-alt (2) den alt so do chúiseamh.

Ciontaí.

4. —(1) Má dheineann cólucht corpruithe cionta fé aon ordú ar n-a dhéanamh fén Acht so no fé fho-alt (2) den alt deiridh sin roimhe seo agus go gcruthófar go ndearnadh amhlaidh é le toiliú no le ceadú éinne, no gur cuireadh a dhéanamh in usacht le haon fhaillí i bpáirt éinne, is stiúrthóir no bainisteoir ar an gcólucht chorpruithe sin no is rúnaí no oifigeach eile dhó, tuigfear an stiúrthóir, an bainisteoir, an rúnaí no an t-oifigeach eile sin freisin do bheith ciontach sa chionta san agus féadfar imeachta do bhunú ina choinnibh agus é phionósú dá réir sin.

(2) Féadfaidh an tAire aon chionta fé ordú ar bith ar n-a dhéanamh fén Acht so do chúiseamh.

Costaisí.

5. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgeadais é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí uile fé n-a raghaidh an tAire fén Acht so.

Gearr-theideal

6. —Féadfar an tAcht Torthaí Talmhaíochta (Iomportáil do Rialáil), 1938 , do ghairm den Acht so.