Ar Aghaidh (An Achmaireacht ar Sceidil (A) agus (B) da dTagartar san Acht so.)

20 1938


Uimhir 20 de 1938.


ACHT LEITHREASA, 1938.


ACHT CHUN SUIME ÁIRITHE AS AN bPRÍMH-CHISTE DO CHUR CHUN SEIRBHÍSE NA BLIANA DAR CRÍOCH AN T-AONÚ LÁ DÉAG AR FHICHID DE MHÁRTA, MÍLE NAOI gCÉAD A NAOI TRIOCHAD AGUS CHUN NA SUIMEANNA DEONADH LEIS AN ACHT PRÍMH-CHISTE, 1938 , AGUS A DEONTAR LEIS AN ACHT SO DO CHUR I LEITHREAS DO SNA SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR AGUS DO SNA CRÍCHEANNA IS CEART.

[27adh Iúl, 1938.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

Deontas as an bPrimh-Chiste.

£18,275,700 do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste in aghaidh na bliana 1938 39.

1. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim ocht milleon déag, dhá chéad agus cúig mhíle seachtód agus seacht gcéad punt do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste agus í do chur chun iomlánú do dhéanamh ar an soláthar a deonadh chun seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhárta, míle naoi gcéad a naoi tríochad.

Comhacht don Aire Airgeadais chun méid suas go dtí £18,275,700 d'fháil ar iasacht.

2. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon tsuim no suimeanna ná raghaidh a n-iomlán thar ocht milleon déag, dhá chéad agus cúig mhíle seachtód agus seacht gcéad punt d'fháil ar iasacht o aon duine agus féadfaidh Banc na hÉireann an céanna do roimh-íoc leis agus chun críche na hiasachta san féadfaidh an tAire Airgeadais aon urrúsanna do bhunú agus do thabhairt amach ar pé ráta úis agus fé pé coinníollacha i dtaobh aisíoca no fuascailte no éinní eile is oiriúnach leis.

(2) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thoradh fáis a bheidh muirear colna agus úis aon urrúsanna do bhéarfar amach fén Acht so agus muirear na gcostaisí fé n-a raghfar i dtaobh na n-urrús san do thabhairt amach.

(3) Aon airgead a cruinneofar de bharr urrúsanna do bhéarfar amach fén Acht so cuirfear chun creidiúna do chuntas an stát-Chiste é agus beidh sé ina chuid den Phrímh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí 'na mbeidh an Ciste sin ar fáil.

Deontaisi do Chur i Leithreas.

Suimeanna vótáladh i gcóir seirbhísí soláthair do chur i leithreas, eadhon, £29,368,759.

3. —(1) Na suimeanna uile deontar as an bPrímh-Chiste, leis an Acht so agus leis an Acht eile luaidhtear i Sceideal (A) a ghabhann leis an Acht so, chun an tsoláthair a deonadh do dhéanamh iomlán agus 'na ndeineann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal san, suim naoi milleon fichead, trí chéad agus ocht míle seascad, seacht gcéad agus naoi bpúint chaogad, cuirtear iad i leithreas agus tuigfear iad do bheith curtha i leithreas o dháta rithte na nAchtanna luaidhtear sa Sceideal san (A) chun na seirbhísí agus na gcríoch a luaidhtear i Sceideal (B) a ghabhann leis sin. An achmaireacht ar sceidil agus na sceidil a ghabhann léi sin, maraon leis na nótaí (más ann dóibh) a ghabhann leis na sceidil sin, tuigfear gur cuid den Acht so iad díreach fé mar a bheidís i gcorp an Achta so.

(2) I dteanta na suimeanna deontar as an bPrímh-Chiste, agus dá dtagartar sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so, féadfar na suimeanna a taisbeántar fé seach sa cholún deiridh de Sceideal (B) a ghabhann leis seo agus 'na ndeineann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal san, suim dhá mhilleon, trí chéad agus dhá mhíle ochtód, naoi gcéad agus naoi bpúint fhichead do chur chun úsáide amach as aon airgead a horduítear fé alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, a chur chun úsáide mar leithreasaí i gcabhair do sna deontaisí i gcóir na seirbhísí agus na gcríoch a luaidhtear sa Sceideal san.

Gearr-theideal.

4. —Féadfar, chun gach críche, an tAcht Leithreasa, 1938 , do ghairm den Acht so.