22 1938


Uimhir 22 de 1938.


ACHT AINMHITHE MARBHTHA AGUS COINNITHE (CÚITEAMH), 1938.


ACHT CHUN NA nACHTANNA AINMHITHE MARBHTHA AGUS COINNITHE (CÚITEAMH), 1928 AGUS 1932, DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ. [27adh Iúl, 1938.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaidheachta;

cialluíonn an abairt “Acht 1932” an t Acht Ainmhithe Coinnithe (Cúiteamh), 1932 (Uimh. 9 de 1932) .

(2) Gach abairt a húsáidtear san Acht so agus dá dtugtar brí áirithe le halt 1 d'Acht 1932 tá léi san Acht so an bhrí tugtar di amhlaidh.

Cúiteamh i luachmheath eallaigh stuic choinnithe.

2. —(1) Má deintear aon eallach stuic ar n-a n-easportáil, an 1adh lá de Dheireadh Fómhair, 1936, no dá éis sin, o phort sa Stát go dtí áit chaluíochta Bhriotáineach (seachas eallach stuic ar n-a n-easportáil amhlaidh tar éis na húdaráis Bhriotáineacha do dhéanamh orduithe á dhearbhú líomatáiste, gur cuid de an áit chaluíochta Bhriotáineach san, do bheith ina líomatáiste ina bhfuil galar coise agus béil) do choinneáil san áit chaluíochta Bhriotáineach san ar feadh tréimhse (dá ngairmtear an tréimhse bhreise sa bhfo-alt so) tar éis na gnáth-thréimhse mar gheall ar éilithe na n-údarás Briotáineach toisc galar coise agus béil do bhriseadh amach no amhras do bheith ann go bhfuil sé tar éis briseadh amach no go mbraithtear gur baolach go mbrisfe sé amach, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) beidh únaer an eallaigh stuic sin no ionadaí pearsanta an únaera san i dteideal, fé réir forálacha an Achta so, go n-íocfaí cúiteamh leis sa luach-mheath de dheascaibh na coinneála san;

(b) má gheibheann an t-eallach stuic sin bás, ar shlí seachas tré n-a marbhú, i rith na tréimhse breise, beidh únaer an eallaigh stuic sin no ionadaí pearsanta an únaera san i dteideal, fé réir forálacha an Achta so, go n-íocfaí cúiteamh leis i mbás an eallaigh stuic sin.

(2) Beidh cúiteamh fén alt so alos aon eallaigh stuic ina chúiteamh de bhreis ar aon chúiteamh is iníoctha fé Acht 1932 alos an eallaigh stuic sin.

Rialacháin i dtaobh ainmhithe coinnithe (cúiteamh i luach-mheath).

3. —Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an National Executive of the Irish Live Stock Trade, rialacháin (dá ngairmtear na rialacháin i dtaobh ainmhithe coinnithe (cúiteamh i luach-mheath) san Acht so) do dhéanamh ag ceapadh na rátaí gur dá réir a híocfar cúiteamh fén Acht so (seachas cúiteamh i mbás eallaigh stuic), agus féadfaidh, leis na rialacháin sin, rátaí deifriúla do cheapadh maidir le cineálacha deifriúla (a míneofar sa tslí sin agus do réir na nithe sin is dóich leis an Aire is ceart) d'eallach stuic.

Feidhm fhorálacha áirithe d'Acht 1932.

4. —(1) Beidh feidhm ag ailt 3, 4 agus 8 d'Acht 1932 maidir le cúiteamh fén Acht so chó hiomlán agus dá n-achtófaí na hailt sin san Acht so, gus na hatharuithe seo leanas agus fé n-a réir, sé sin le rá:—

(a) scriosfar amach na focail “i gcoinneáil” as fo-ailt (1) agus (2) den alt san 3 agus cuirfear an focal “alos” isteach ina n-ionad;

(b) nuair a bheidh an méid cúitimh fén Acht so á cheapadh acu fé fho-alt (1) den alt san 4 déanfaidh an coiste meastóirí, i gcás nach éileamh alos báis eallaigh stuic an t-éileamh, an cúiteamh san do cheapadh do réir an ráta oiriúnaigh a bheidh leagtha amach sna rialacháin i dtaobh ainmhithe coinnithe (cúiteamh i luach-mheath);

(c) ní bheidh feidhm ag mír (c) den alt san 8.

(2) Déanfar an tagairt d'Acht 1932 atá in alt 5 d'Acht 1932 do léiriú mar thagairt fholuíonn tagairt don Acht so.

(3) Déanfar an tagairt d'Acht 1928 atá in alt 6 d'Acht 1932 do léiriú mar thagairt fholuíonn tagairt d'Acht 1932.

Acht 1928 do leasú.

5. —(1) Leasuítear leis seo fo-alt (2) d'alt 7 d'Acht 1928 tríd an bhfocal “trí” do chur in ionad an fhocail “dhá”, agus léireofar an fo-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

(2) Déanfar an tagairt d'Acht 1928 atá i bhfo-alt (1) d'alt 19 d'Acht 1928 do léiriú mar thagairt fholuíonn tagairt don Acht so.

Gearr-theideal agus có-luadh.

6. —Féadfar an tAcht Ainmhithe Marbhtha agus Coinnithe (Cúiteamh), 1938 , do ghairm den Acht so, agus féadfar na hAchtanna Ainmhithe Marbhtha agus Coinnithe (Cúiteamh), 1928 go 1938, do ghairm de sna hAchtanna Ainmhithe Marbhtha agus Coinnithe (Cúiteamh), 1928 agus 1932, agus den Acht so le chéile.