27 1938


Uimhir 27 de 1938.


ACHT CAIPITAIL THELEFÓIN, 1938.


ACHT CHUN TUILLEADH AIRGID DO DHEONADH CHUN AN CHÓRAIS THELEFÓNAIGH PHUIBLÍ D'FHORBAIRT AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE BHAINEAS LEIS SIN. [29adh Iúl, 1938.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

Deontas breise chun an chórais thelefónaigh d'fhorbairt.

1. —I dteanta an airgid a húdaruítear leis na hAchtanna Caipitail Thelefóin, 1924 go 1936, féadfaidh an tAire Airgeadais suimeanna nach mó san iomlán ná suim milleon punt do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste no as a thoradh fáis, pé suimeanna theastuigh no theastóidh ón Aire Puist agus Telegrafa chun an chórais thelefónaigh phuiblí d'fhorbairt do réir mheastachán ar n-a gceadú don Aire Airgeadais.

Féadfaidh an tAire Airgeadais iasachtaí d'fháil chun crícheanna an Achta so.

2. —(1) Chun airgead do sholáthar i gcóir na suimeanna a húdaruítear leis an Acht so a thabhairt amach as an bPrímh-Chiste no chun airgead do sholáthar chun gach suim no aon tsuim do tugadh amach as an bPrímh-Chiste fé údarás an Achta so d'aisíoc leis an gCiste sin féadfaidh an tAire Airgeadais iasachtaí d'fháil tré bhlianachtaí inchríochnuithe rithfidh ar feadh tréimhse nach sia ná fiche bliain.

(2) Íocfar isteach sa Stát-Chiste an t-airgead uile do gheobhfar ar iasacht fén alt so.

(3) Is as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach blianacht inchríochnuithe cruthnófar fén alt so agus, maran leor an t-airgead san, is ar an bPrímh-Chiste no ar a thoradh fáis a bheidh a muirear agus a híoc.

Ailt 3 agus 4 den Acht Caipitail Thelefóin, 1927, d'ionchorprú.

3. —Ionchorpruítear leis an Acht so ailt 3 agus 4 den Acht Caipitail Thelefóin, 1927 (Uimh. 8 de 1927) .

Gearr-theideal agus luadh.

4. —(1) Féadfar an tAcht Caipitail Thelefóin, 1938 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Caipitail Thelefóin, 1924 go 1938, do ghairm de sna hAchtanna Caipitail Thelefóin, 1924 go 1936, agus den Acht so le chéile.