Ar Aghaidh (SCEIDEAL. SCHEDULE. An Có-aontú. The Agreement.)

31 1938


Uimhir 31 de 1938


ACHT ÁRACHAIS (LEASÚ), 1938.


ACHT CHUN DAINGNITHE DO DHÉANAMH AR CHÓ-AONTÚ AGUS CHUN ÉIFEACHTA REACHTÚLA DO THABHAIRT DO CHÓ-AONTÚ DO RINNEADH IDIR CUIDEACHTANA ÁIRITHE ÁRACHAIS CHUN A nGNÓTHA ÁRACHAIS SAOIL AGUS A nGNÓTHA ÁRACHAIS TIONNSCAIL D'AISTRIÚ CHUN AON CHUIDEACHTAN AMHÁIN, CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE IOMDHA THAGANN NO LEANANN AS AN gCÓ-AONTÚ SAN, AGUS AR A nÁIRMHÍTEAR CUIDEACHTANA EILE ÁRACHAIS DO DHÉANAMH A LEITHÉIDE SIN DE CHÓ-AONTUITHE, AGUS CHUN AN DLÍ BHAINEAS LE GNÓ ÁRACHAIS DO LEASÚ. [14adh Mí na Nodlag, 1938.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “Acht 1936” an t Acht Arachais, 1936 (Uimh. 45 de 1936) ;

cialluíonn an abairt “an Có-aontú Sceidealta” an Có-aontú dar dáta an 13 adh lá de Mheán Fhómhair, 1938, agus do rinneadh idir na Cuideachtana Rannpháirteacha agus dá bhfuil cóip leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so;

cialluíonn an abairt “na Cuideachtana Rannpháirteacha” an City of Dublin Assurance Company, Limited, an Irish Life and General Assurance Company, Limited, an Irish National Assurance Company, Limited, agus Comhlucht Urradhais Mumhan agus Laighean, Teoranta;

cialluíonn an abairt “an Chuideachta Fhoirceanntach” an chuideachta gur gá do réir an Chó-aontuithe Sceidealta go ndéanfadh na Cuideachtana Rannpháirteacha í do bhunú agus go ndéanfaí í d'ionchorparú agus do chlárú fén ainm an Industrial and Life Assurance Amalgamation Company, Limited, agus dá ngairmtear an Terminating Company sa Chó-aontú Sceidealta;

cialluíonn an abairt “an Bhuan-Chuideachta” an chuideachta gur gá do réir an Chó-aontuithe Sceidealta go ndéanfadh an Chuideachta Fhoirceanntach í do bhunú agus go ndéanfaí í d'ionchorparú agus do chlárú fén ainm an Irish Assurance Company, Limited, agus dá ngairmtear an Permanent Company sa Chó-aontú Sceidealta.

(2) Gach focal agus abairt dá dtugtar brí áirithe le hAcht 1936 chun crícheanna an Achta san tá leis san Acht so an bhrí tugtar dó amhlaidh.

Dáta an aistrithe.

2. —(1) Chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin tar éis an Achta so do rith déanfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála, le hordú, lá do cheapadh, do bhun Airteagail 12 den Chó-aontú Sceidealta, chun bheith ina dháta aistrithe chun crícheanna an Chó-aontuithe Sceidealta agus an Achta so.

(2) San Acht so cialluíonn an abairt “dáta an aistrithe” an lá cheapfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála fén alt so chun bheith ina dháta aistrithe chun na gcrícheanna roimhráite.

An Có-aontú Sceidealta do dhaingniú.

3. —Daingnítear leis seo an Có-aontú Sceidealta agus chuige sin dearbhuítear agus achtuítear leis seo mar leanas, sé sin le rá:—

(a) beidh éifeacht reachtúil ag an gCó-aontú Sceidealta agus beidh sé ina cheangal ar gach ceann de sna Cuideachtana Rannpháirteacha chó hiomlán agus dá n-achtuítí é san Acht so;

(b) d'ainneoin éinní atá i Memorandum Comhlachais no in Airteagail Chomhlachais a gcuideachtan no atá sna hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, no sna hAchtanna Arachais, 1909 agus 1936, no in aon achtachán eile, beidh agus tuigfear go raibh riamh ag stiúrthóirí gach ceann fé leith de sna Cuideachtana Rannpháirteacha comhacht chun an Chó-aontuithe Sceidealta do dhéanamh thar ceann a gcuideachtan agus chun a gcuideachta do cheangal leis;

(c) beidh sé de dhualgas ar gach ceann de sna Cuideachtana Rannpháirteacha, agus bheirtear comhacht dóibh fé seach leis seo, an Có-aontú Sceidealta do chur i bhfeidhm sa mhéid go bhfuil a fhorálacha le cólíonadh acu fé seach;

(d) beidh sé de dhualgas ar an gCuideachta Fhoirceanntach, agus bheirtear comhacht leis seo don Chuideachtain sin, nuair a bheid ionchorparuithe go cuibhe do bhun an Chó-aontuithe Sceidealta, an Có-aontú Sceidealta do chur i bhfeidhm sa mhéid go bhfuil a fhorálacha le cur i bhfeidhm acu;

(e) bheidh sé de dhualgas ar an mBuan-Chuideachta, agus bheirtear comhacht leis seo don Chuideachtain sin, nuair a bheid ionchorparuithe go cuibhe do bhun an Chó-aontuithe Sceidealta, an Có-aontú Sceidealta do chur i bhfeidhm sa mhéid go bhfuil a fhorálacha le cur i bhfedihm acu.

Memorandum Comhlachais agus Airteagail Chomhlachais na Cuideachtan Foirceanntaighe.

4. —(1) Déanfar Memorandum Comhlachais agus Airteagail Chomhlachais na Cuideachtan Foirceanntaighe do chur le chéile i slí go mbeid do réir na bhforálacha ina dtaobh atá sa Chó-aontú Sceidealta agus ní bheidh an Memorandum san ná na hAirteagail sin gan bhrí ná nea-dhleathach de bhíthin éinní déanfar ina dtaobh no cuirfear isteach ionta no fágfar ar lár ionta do réir an Chó-aontuithe Sceidealta no an Achta so agus dá bhíthin sin amháin.

(2) D'ainneoin éinní atá sna hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, féadfar a fhoráil le hAirteagail Chomhlachais na Cuideachtan Foirceanntaighe go dtionólfar céad ghnáth-chruinniú generálta na Cuideachtan san ar dháta nach déanaí ná an 30adh lá de Mheitheamh, 1940.

(3) D'ainneoin éinní atá sna hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, ní bheidh aon atharú déanfar ar Mhemorandum Chomhlachais no ar Airteagail Chomhlachais na Cuideachtan Foirceanntaighe faid a bheidh aon scaireanna leis an gCuideachtain sin ar seilbh ag an Aire Airgeadais dleathach ná éifeachtúil mara dtoilighidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála leis an atharú san sara ndéanfar an t-atharú.

(4) Faid a bheidh aon scaireanna leis an gCuideachta Fhoirceanntach ar seilbh ag an Aire Airgeadais ní thoileoidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála le haon atharú ar Mhemorandum Chomhlachais ná ar Airteagail Chomhlachais na Cuideachtan san gan dul i gcomhairle roimh ré leis an Aire Airgeadais i dtaobh an atharuithe sin.

An tAire Airgeadais d'íoc easnamh Cuideachtana Rannpháirteacha.

5. —(1) Is dleathach don Aire Airgeadais gach suim d'íoc o am go ham leis an gCuideachta Fhoirceanntach a ceangailtear air leis an gCó-aontú Sceidealta d'íoc amhlaidh alos na deifríochta dá ngairmtear “the deficiency” sa Chó-aontú Sceidealta, sé sin le rá, an méid a bheidh luacháil na sócmhainní bheidh le n-aistriú ag Cuideachta Rannpháirteach chun na Cuideachtan Foirceanntaighe fé bhun méid an fhiachais (mar a mínítear san sa Chó-aontú Sceidealta) a bheidh ar an gCuideachta Rannpháirteach san.

(2) Is amach as an bPrímh-Chiste no as a thoradh fáis do bhéarfar agus a híocfar gach suim a húdaruítear leis an bhfo-alt san roimhe seo den alt so don Aire Airgeadais d'íoc leis an gCuideachta Fhoirceanntach.

(3) Chun na n-íocaíochtaí a húdaruítear leis an alt so do dhéanamh, féadfaidh an tAire Airgeadais pé suimeanna a bheidh ag teastáil chuige sin d'fháil ar iasacht ar urrús an Phrímh-Chiste no a thoradh fáis agus chun críche na hiasachta san féadfaidh an tAire sin urrúis do bhunú agus do thabhairt amach ar pé ráta úis agus fé réir pé coinníollacha i dtaobh aisíoca, fuascailte, no eile is oiriúnach leis agus íocfaidh isteach sa Stát-Chiste an t-airgead uile do gheobhaidh ar iasacht amhlaidh.

Scaireanna leis an gCuideachta Fhoirceanntach a bheidh ar seilbh ag an Aire Airgeadais no ag á ainmnithe.

6. —(1) Gach scair leis an gCuideachta Fhoirceanntach is gá do réir an Chó-aontuithe Sceidealta do dháiliú ar an Aire Airgeadais no ar a ainmnithe no d'aistriú chuige no chúcha, dáileofar no aistreofar í, do réir mar ordóidh an tAire sin, ar an Aire sin no chuige no ar dhuine no chun duine (dá ngairmtear ainmní san alt so) ainmneoidh an tAire sin chuige sin, agus féadfar daoine deifriúla d'ainmniú amhlaidh alos scaireanna deifriúla acu san.

(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach scair leis an gCuideachta Fhoirceanntach a bheidh de thurus na huaire in ainm an Aire Airgeadais, sé sin le rá:—

(a) is dleathach don Aire Airgeadais gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh maidir le scaireanna A leis an gCuideachta Fhoirceanntach a bheidh ina ainm de thurus na huaire, sé sin le rá:—

(i) gach ceann no aon cheann no cinn de sna scaireanna san do shealbhú faid is oiriúnach leis é,

(ii) gach ceann no aon cheann no cinn de sna scaireanna san d'aistriú chun duine (dá ngairmtear ainmní freisin san alt so) a thoghfaidh an tAire sin chun na scaireanna a haistreofar amhlaidh do shealbhú mar ainmní uaidh,

(iii) gach ceann no aon cheann no cinn de sna scaireanna san do dhíol;

(b) is dleathach don Aire sin gach scair B leis an gCuideachta Fhoirceanntach a bheidh ina ainm de thurus na huaire do shealbhú ach ní dleathach don Aire sin aon cheann de sna scaireanna san do dhíol no do chur de láimh ar shlí eile ach féadfa sé, pé uair is oiriúnach leis é, gach ceann no aon cheann no cinn de sna scaireanna san d'aistriú chun duine (dá ngairmtear ainmní freisin san alt so) a thoghfaidh an tAire sin chun na scaireanna a haistreofar amhlaidh do shealbhú dhó;

(c) lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so is dleathach don Aire sin feidhmiú do dhéanamh, maidir le gach ceann no aon cheann no cinn de scaireanna leis an gCuideachta Fhoirceanntach a bheidh ina ainm de thurus na huaire, ar gach ceann no aon cheann no cinn de sna cearta agus de sna comhachta is infheidhmithe o am go ham ag sealbhóir na scaireanna san, agus, má bhíonn na cearta no na comhachta san infheidhmithe tré atúrnae, na cearta no na comhachta san d'fheidhmiú, pé uair is oiriúnach leis é, tré n-a atúrnae;

(d) íocfar isteach sa Stát-Chiste gach díbhinn agus airgead eile do gheobhaidh an tAire sin alos scaireanna leis an gCuideachta Fhoirceanntach a bheidh ina ainm agus fós an méid glan do gheobhaidh ar na scaireanna uile den tsórt san a dhíolfa sé.

(3) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis na scaireanna uile leis an gCuideachta Fhoirceanntach a bheidh in ainm aimní don Aire Airgeadais de thurus na huaire, sé sin le rá:—

(a) sealbhóidh gach ainmní den tsórt san ar iontaobhas don Aire sin na scaireanna uile leis an gCuideachta Fhoirceanntach a bheidh dílsithe ann de thurus na huaire mar ainmní den tsórt san agus cuirfidh na scaireanna san de láimh sa tslí sin ordóidh an tAire sin o am go ham i scríbhinn;

(b) beidh gach ordú den tsórt san ón Aire sin ina údarás agus ina fhuascailt mhaith dhleathach don ainmní dá dtabharfar é maidir le gach ní dhéanfa sé dá réir agus ní bheidh an t-ainmní sin i dteideal ná ní dá chúram é a fhiafraí ce'ca go dleathach a tugadh an t-ordú san no nach eadh;

(c) is dleathach don Aire sin a ordú d'ainmní gach ceann no aon cheann no cinn de sna scaireanna A leis an gCuideachta Fhoirceanntach a bheidh dílsithe ann de thurus na huaire mar ainmní den tsórt san do dhíol;

(d) ní ordoidh an tAire sin d'ainmní aon scaireanna B leis an gcuideachta Fhoirceanntach do dhíol;

(e) is dleathach don Aire sin a ordú d'ainmní gach ceann no aon cheann no cinn de sna scaireanna leis an gCuideachta Fhoirceanntach a bheidh dílsithe ann de thurus na huaire mar ainmní den tsórt san d'aistriú (do réir mar a luadhfar san ordú san) chun an Aire sin no chun duine (dá ngairmtear ainmní freisin san alt so) a thoghfaidh an tAire sin chun na scaireanna san do shealbhú mar ainmní uaidh;

(f) nuair a bheidh ainmní ag feidhmiú na gceart agus na gcomhacht is infheidhmithe alos na scaireanna leis an gCuideachta Fhoirceanntach a bheidh dílsithe ann de thurus na huaire mar ainmní den tsórt san déanfaidh an t-ainmní sin do réir orduithe an Aire sin ar gach slí;

(g) íocfaidh gach ainmní isteach sa Stát-Chiste sa tslí sin ordóidh an tAire sin gach díbhinn agus airgead eile do gheobhaidh alos scaireanna leis an gCuideachta Fhoirceanntach a bheidh dílsithe ann de thurus na huaire mar ainmní den tsórt san agus fós an méid glan do gheobhaidh ar aon scaireanna den tsórt san do dhíol.

(4) Bainfidh an t-alt so le hionadaí pearsanta ainmní mhairbh fé mar a bhaineann sé le hainmní beo agus dá réir sin déanfar an focal “ainmní” do léiriú san alt so (i ngach áit ina gceaduíonn an có-théacs é) mar fhocal a fholuíonn ionadaí pearsanta ainmní mhairbh.

Gnóthaí árachais saoil agus gnóthaí árachais tionnscail Cuideachtana Rannpháirteacha d'aistriú chun na Cuideachtan Foirceanntaighe.

7. —(1) Ar dháta an aistrithe, beidh gnó árachais saoil agus gnó árachais tionnscail gach Cuideachtan Rannpháirtighe aistrithe chun na Cuideachtan Foirceanntaighe, agus dílsithe inti, de bhuadh an ailt seo.

(2) Chun lán-éifeacht do thabhairt don fho-alt san roimhe seo den alt so beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) an t-aistriú deintear leis an bhfo-alt san ar ghnó árachais saoil agus gnó árachais tionnscail Cuideachtan Rannpháirtighe beidh sé, d'ainneoin éinní atá i Memorandum Comhlachais na Cuideachtan san, ina cheangal éifeachtúil ar na scaireánaigh go léir sa Chuideachta Rannpháirteach san agus ar a creidmheasóirí agus a féichiúna go léir agus ar na daoine go léir ag á mbeidh leas i bpolasaithe no maidir le polasaithe bheidh tugtha amach ag an gCuideachtain sin;

(b) fé réir forálacha an fho-ailt seo i dtaobh cearta chun bheith páirteach i mbrabús, tiocfaidh gach polasaí árachais saoil agus gach polasaí árachais tionnscail a bheidh tugtha amach ag Cuideachta Rannpháirteach agus a bheidh, díreach roimh dháta an aistrithe, ar marthain gan bheith aibidh (dá ngairmtear seanapholasaí san alt so), tiocfa sé chun bheith, agus beidh sé, ar dháta an aistrithe, ina pholasaí árachais saoil no ina pholasaí árachais tionnscail (do réir mar is gá sa chás) leis an gCuideachta Fhoirceanntach, agus gach ceart agus gach fiachas de chuid na Cuideachtan Rannpháirtighe sin alos an tseana-pholasaí sin scuirfe sé, ar dháta an aistrithe, de bheith ionfhoirfheidhmithe ag an gCuideachta Rannpháirteach san no ina gcoinnibh agus tiocfaidh chun bheith, agus beidh, ar dháta an aistrithe, ina cheart no ina fhiachas (do réir mar a bheidh) de chuid na Cuideachtan Foirceanntaighe agus beidh sé ionfhoirfheidhmithe ag an gCuideachtain sin, no ina gcoinnibh, i ngach slí fé mar do bheadh an ceart no an fiachas san ionfhoirfheidhmithe ag an gCuideachta Rannpháirteach san no ina gcoinnibh dá mba ná tárlódh an t-aistriú san;

(c) fé réir forálacha an fho-ailt seo i dtaobh cearta chun bheith páirteach i mbrabús, tiocfaidh gach duine bhí, díreach roimh dháta an aistrithe, ina shealbhóir ar sheana-pholasaí chun bheith agus beidh sé, ar dháta an aistrithe, ina shealbhóir ar pholasaí leis an gCuideachta Fhoirceanntach, agus gach ceart no fiachas de chuid an duine sin alos an tseana-pholasaí sin scuirfe sé, ar dháta an aistrithe, de bheith ionfhoirfheidhmithe ag an duine sin i gcoinnibh na Cuideachtan Rannpháirtighe do thug amach an polasaí sin no i gcoinnibh an duine sin ag an gCuideachta Rannpháirteach san agus tiocfaidh chun bheith, agus beidh, ar dháta an aistrithe, ionfhoirfheidhmithe ag an duine sin i gcoinnibh na Cuideachtan Foirceanntaighe no i gcoinnibh an duine sin ag an gCuideachtain sin fé mar do bheadh an ceart no an fiachas san ionfhoirfheidhmithe i gcoinnibh na Cuideachtan Rannpháirtighe sin no acu dá mba ná tárlódh an t-aistriú san;

(d) d'ainneoin éinní atá i gceachtar den dá mhír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so, scuirfidh gach ceart chun bheith páirteach i mbrabús a bronntar le seana-pholasaí, scuirfe sé ar dháta an aistrithe agus tuigfear na forálacha den Chó-aontú Sceidealta i dtaobh bónuis as barrachas ion-roinnte na Cuideachtan Foirceanntaighe do dháiliú ar shealbhóirí polasaithe do bheith curtha in ionad na gceart san chun bheith páirteach i mbrabús;

(e) gach ceart agus éileamh a bheidh ar marthain agus gan sásamh díreach roimh dháta an aistrithe ag Cuideachta Rannpháirteach no ina gcoinnibh alos polasaí árachais saoil no polasaí árachais tionnscail (nach seana-pholasaí) a bheidh tugtha amach ag Cuideachta Rannpháirteach scuirfe sé, ar dháta an aistrithe, de bheith ionfhoirfheidhmithe ag an gCuideachta Rannpháirteach san no ina gcoinnibh agus tiocfaidh chun bheith, agus beidh, ar dháta an aistrithe, ionfhoirfheidhmithe ag an gCuideachta Fhoirceanntach no ina gcoinnibh chó hiomlán agus dá mb'iad an Chuideachta Fhoirceanntach do bhéarfadh amach an polasaí sin;

(f) na fiacha go léir a bheidh dlite do Chuideachta Rannpháirteach díreach roimh dháta an aistrithe maidir le gnó de chuid na Cuideachtan san a haistrítear leis an alt so chun na Cuideachtan Foirceanntaighe, scuirfid, ar dháta an aistrithe, de bheith iníoctha leis an gCuideachta Rannpháirteach san no ionbhainte amach acu agus tiocfaid chun bheith, agus beid, ar dháta an aistrithe, dlite don Chuideachta Fhoirceanntach agus iníoctha leo agus ionbhainte amach acu agus, má gheibheann an Chuideachta Rannpháirteach san iad tar éis dáta an aistrithe, bhéarfaidh an Chuideachta san cuntas ionta don Chuideachta Fhoirceanntach;

(g) gach ceart aicsin ag Cuideachta Rannpháirteach a bheidh ar marthain díreach roimh dháta an aistrithe agus d'eirigh maidir le gnó de chuid na Cuideachtan san a haistrítear leis an Acht so chun na Cuideachtan Foirceanntaighe agus ná tagann fé fhorálacha aon mhíre acu san roimhe seo den fho-alt so scuirfe sé, ar dháta an aistrithe, de bheith ionfhoirfheidhmithe ag an gCuideachta Rannpháirteach san agus tiocfaidh chun bheith, agus beidh, ar dháta an aistrithe, aistrithe chun na Cuideachtan Foirceanntaighe agus dílsithe ionta agus ionfhoirfheidhmithe acu;

(h) is dleathach don Chuideachta Fhoirceanntach, le ceadú an Aire Tionnscail agus Tráchtála, polasaí nua do thabhairt amach, aon uair tar éis dáta an aistrithe, do dhuine ar bith, is sealbhóir de thurus na huaire ar sheana-pholasaí, in ionad an tseana-pholasaí sin agus téarmaí agus coinníollacha an pholasaí nua san chó tairbheach ar a laighead don duine árachuithe le téarmaí agus le coinníollacha an tseana-pholasaí sin dar leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála.

(3) Ní bhainfidh alt 13 den Assurance Companies Act, 1909. leis an aistriú deintear leis an alt so ar ghnó árachais saoil agus ar ghnó árachais tionnscail na gCuideachtana Rannpháirteacha uile agus fé seach chun na Cuideachtan Foirceanntaighe,

Sócmhainní leis na Cuideachtana Rannpháirteacha d'aistriú chun na Cuideachtan Foirceanntaighe.

8. —(1) Chun an mhéide sin de shócmhainní Cuideachtan Rannpháirtighe d'aistriú chun na Cuideachtan Foirceanntaighe is gá do réir an Chó-aontuithe Sceidealta d'aistriú amhlaidh beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) bhéarfaidh an Chuideachta Fhoirceanntach don Aire Tionnscail agus Tráchtála, chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin, sceideal ina mbeidh liost (chó hiomlán agus is féidir é do réir réasúin) de sna sócmhainní leis an gCuideachta Rannpháirteach san a bheidh le haistriú amhlaidh;

(b) pé uair agus chó minic agus do gheobhfar amach, tar éis an sceidil sin do thabhairt don Aire sin amhlaidh, gur fágadh aon tsócmhainní bheidh le haistriú amhlaidh ar lár (pe'ca go toiliúil no go nea-thoiliúil é) sa sceideal san, is dleathach don Chuideachta Fhoirceanntach sceideal ina mbeidh liost de sna sócmhainní go bhfuarthas amach amhlaidh iad do bheith fágtha ar lár do thabhairt don Aire sin;

(c) beidh i dteanta gach sceidil do bhéarfar don Aire sin fé cheachtar mír acu san roimhe seo den fho-alt so deimhniú ón gCuideachta Fhoirceanntach agus ón gCuideachta Rannpháirteach san no thar ceann na gCuideachtan san á dheimhniú gur sócmhainní leis an gCuideachta Rannpháirteach san is gá do réir an Chó-aontuithe Sceidealta d'aistriú chun na Cuideachtan Foirceanntaighe na sócmhainní bheidh luaidhte sa sceideal san;

(d) pé uair a gheobhaidh an tAire sin ón gCuideachta Fhoirceanntach aon sceideal den tsórt san adubhradh agus an deimhniú san adubhradh ina theanta go cuibhe déanfaidh an tAire sin láithreach ordú (dá ngairmtear ordú dílsíucháin san alt so) ag aistriú na sócmhainní bheidh luaidhte sa sceideal san ón gCuideachta Rannpháirteach san chun na Cuideachtan Foirceanntaighe agus á ndílsiú sa Chuideachta Fhoirceanntach sa tslí sin agus chun an estáit agus an leasa san a bheidh oiriúnach do chineál na sócmhainní;

(e) gach ordú dílsiúcháin a déanfar roimh dháta an aistrithe déarfaidh go mbeidh éifeacht aige, agus beidh éifeacht aige, ar dháta an aistrithe agus gach ordú dílsiúcháin a déanfar ar dháta an aistrithe no dá éis sin déarfaidh go mbeidh éifeacht aige, agus beidh éifeacht aige, ar an dáta ar a ndéanfar an t-ordú san;

(f) aistreoidh gach ordú dílsiúcháin chun na Cuideachtan Foirceanntaighe, agus dílseoidh sé ionta, ar an dáta ar a mbeidh éifeacht ag an ordú san agus gan aon leithliú, dintiúir no aistriú eile, ná aon urrú eile (ach amháin aistriú, más oiriúnach é, i leabhair bhainc, chuideachtan, chorporáide, no údaráis), na sócmhainní go léir a bhéarfar le tuisgint do bheith á n-aistriú amhlaidh leis an ordú san;

(g)  (i) ní bheidh aon diúité stampa iníoctha ar ordú dhílsiúcháin;

(ii) aisíocfar leis an gCuideachta Fhoirceanntach amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas méid na ndiúitéthe stampa go léir íocfaidh an Chuideachta san ar aon aistriú no leithliú no alos aon aistrithe no leithlithe déanfar chun ordú dílsiúcháin d'fhoirlíonadh;

(h) pé uair is deimhin leis an Aire sin aon earráid no dearmhad do bheith in ordú dílsiúcháin do rinne sé roimhe sin féadfaidh an tAire sin le hordú an t-ordú dílsiúcháin sin do leasú sa tslí sin agus amhail ón dáta san is dóich leis is gá no is oiriúnach chun na hearráide no an dearmhaid sin do cheartú;

(i) i dteanta na hoblagáide agus gan dochar don oblagáid a cuirtear ar an gCuideachta Rannpháirteach san le hAirteagal 13 (a) den Chó-aontú Sceidealta chun dintiúirí, gníomhartha, agus rudaí do dhéanamh agus do chríochnú, beidh sé de dhualgas ar an gCuideachta Rannpháirteach san na scríbhinní sin do chríochnú agus na nithe sin do dhéanamh ordóidh an tAire sin chun go dtabharfar chun críche an t-aistriú chun na Cuideachtan Foirceanntaighe ar shócmhainní nach féidir, mar gheall ar a gcineál no toisc iad do bheith lasmuich de dhlighinse an Riaghaltais no toisc aon chúise eile, iad d'aistriú go héifeachtúil le hordú dílsiúcháin.

(2) Gach rud-ar-fiunraoi (le n-a n-áirmhítear éilithe ar dhamáiste nea-shocruithe ar n-a theacht as tortanna) a haistreofar fén alt so chun na Cuideachtan Foirceanntaighe féadfaidh an Chuideachta san dul chun dlí mar gheall air, no é do bhaint amach, no é d'fhoirfheidhmiú ina n-ainm féin agus ní gá don Chuideachta Fhoirceanntach fógra i dtaobh an aistrithe sin do thabhairt don duine ar a mbeidh an rud-ar-fiunraoi sin ina cheangal.

Forálacha maidir le daoine ar fostú ag Cuideachtana Rannpháirteacha.

9. —Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis na daoine uile (dá ngairmtear na daoine sin san alt so) a bheidh ar fostú (pe'ca mar stiúrthóirí, mar oifigigh fheidhmiúcháin, mar bhaill den fhuirinn, no eile é, agus pe'ca lán-aimsire no páirtaimsire dhóibh) ag Cuideachta Rannpháirteach díreach roimh dháta an aistrithe, sé sin le rá:—

(a) na forálacha atá sa Chó-aontú Sceidealta maidir leis na daoine sin d'aistriú chun fostaíocht na Cuideachtan Foirceanntaighe no na Buan-Chuideachtan no an dá Chuideachtan san agus maidir le cúiteamh do thabhairt no gan cúiteamh do thabhairt d'oiread de sna daoine sin ná haistreofar amhlaidh, beid ina gceangal ar na daoine sin go léir;

(b) beidh gach duine de sna daoine sin i dteideal gach sochar chun a mbeidh teideal aige fé sna forálacha san den Chó-aontú Sceidealta do thógaint agus d'fháil chun a úsáide féin d'ainneoin páirt do bheith aige (pe'ca i bhfeadhmannas iontaobhais é no nach eadh) sa mhargántaíocht le haghaidh an Chó-aontuithe Sceidealta no i ndéanamh an Chó-aontuithe Sceidealta;

(c) tuigfear chun gach críche na forálacha san den Chó-aontú Sceidealta do bheith curtha in ionad gach có-aontuithe, ráite no tuigthe, a bheidh idir éinne de sna daoine sin agus an Chuideachta Rannpháirteach ag á mbeidh sé ar fostú maidir le n-a fhostaíocht, agus dá réir sin ní bheidh aon cheart ná éileamh (seachas éileamh fé sna forálacha san den Chó-aontú Sceidealta) ar luach saothair, ar chúiteamh, no ar dhamáiste ar n-a theacht as a fhostaíocht no maidir le n-a fhostaíocht ionfhoirfheidhmithe ag éinne de sna daoine sin i gcoinnibh Cuideachtan Rannpháirtighe no na Cuideachtan Foirceanntaighe no na Buan-Chuideachtan;

(d) go dtí go mbeidh dhá mhí dhéag o dháta an aistrithe caithte ní dleathach do dhuine ar bith de sna daoine sin le n-a n-íocfar cúiteamh do bhun an Chó-aontuithe Sceidealta dul i bhfostaíocht no bheith i seirbhís aon chuideachtan árachais (seachas an Chuideachta Fhoirceanntach agus an Bhuan-Chuideachta) maidir le gnó árachais saoil agus gnó árachais tionnscail no maidir le ceachtar gnó acu san agus, má sháruíonn éinne de sna daoine sin na forálacha san roimhe seo den mhír seo, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air agus in a theanta san, más cionta leanúnach é, fíneáil bhreise ná raghaidh thar caoga punt in aghaidh gach lae leanfar den chionta.

Forálacha chun cabhrú le féichiúnas Cuideachtana Rannpháirteacha d'fháil amach.

10. —Chun críche an mhéide sin de mhír (ii) d'Airteagal 19 den Chó-aontú Sceidealta gur gá dá réir an féichiúnas dá dtagartar inti d'fháil amach fé mar a déanfaí san i bhfoirceannadh do bhun an Companies (Consolidation) Act, 1908, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) na comhachta agus na dualgaisí uile dílsítear i socruitheoir i bhfoirceannadh deontach, no cuirtear air, le dlí, déanfaidh iniúchóir na Cuideachtan Foirceanntaighe iad d'fheidhmiú agus do chólíonadh maidir le gach Cuideachta Rannpháirteach agus chun féichiúnas san na Cuideachtan san d'fháil amach;

(b) gach éileamh o chreidmheasóir Cuideachtan Rannpháirtighe (seachas éilithe o shealbhóirí polasaithe, o stiúrthóirí, o oifigigh fheidhmiúcháin no o bhaill d'fhuirinn agus éilithe fé pholasaí) i gcoinnibh na Cuideachtan Rannpháirtighe sin ná cuirfear fé bhráid iniúchóra na Cuideachtan Foirceanntaighe fé cheann trí mhí tar éis don iniúchóir sin foillsiú do dhéanamh do bhun fo-ailt (1) d'alt 188 den Companies (Consolidation) Act, 1908, ar fhógairt an fhógra i dtaobh an chruinnithe luaidhtear sa bhfo-alt san de chreidmheasóirí na Cuideachtan Rannpháirtighe sin beidh sé gan brí ar bith agus neamh-ionbhainte amach.

Cosaint do stiúrthóirí na Cuideachtan Foirceanntaighe agus na Buan-Chuideachtan.

11. —(1) Gach duine de stiúrthóirí na Cuideachtan Foirceanntaighe a ceapfar do réir Airteagal Comhlachais na Cuideachtan san beidh sé i dteideal forálacha an Chó-aontuithe Sceidealta do chur in éifeacht d'ainneoin leas do bheith aige in abhar an Chó-aontuithe sin no é d'fháil aon bhrabúis no sochair as no seasamh iontabhaí do bheith aige maidir leis an gCuideachta Fhoirceanntach.

(2) Ní déanfar dochar do dhleathacht an Chó-aontuithe Sceidealta ná ní bheidh sí ionchonspóidthe in aon imeachta dlí ná ar shlí eile de bhíthin leas do bheith ag éinne de stiúrthóirí na Cuideachtan Foirceanntaighe no na Buan-Chuideachtan in abhar an Chó-aontuithe sin no é d'fháil aon bhrabúis no sochair as no seasamh iontaobhaí do bheith aige maidir leis an gCuideachta Fhoirceanntach no leis an mBuan-Chuideachtain agus dá bhíthin sin amháin.

(3) Ní dhlighfidh éinne de stiúrthóirí na Cuideachtan Foirceanntaighe no na Buan-Chuideachtan cuntas da thabhairt do cheachtar de sna Cuidteachtana san ná do dhuine ar bith eile in aon bhrabús no sochar a gheobha sé fén gCó-aontú Sceidealta no dá bhuadh.

Forálacha i dtaobh céad-chuntais chothromaíochta agus céad-chuntaisí na Cuideachtan Foirceanntaighe.

12. —D'ainneoin éinní a bheidh in Airteagail Chomhlachais na Cuideachtan Foirceanntaighe no atá sna hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, no sna hAchtanna Arachais, 1909 agus 1936, na céadchuntaisí agus an chéad-chuntas cothromaíochta is gá don Chuideachta Fhoirceanntach d'ullamhú do réir na nAirteagal agus na nAchtanna san agus do lóisteáil leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála no do thabhairt don Aire Airgeadais no do chur chun Clárathóir na gCuideachtan (do réir mar a bheidh) is in aghaidh na tréimhse o dháta ionchorparuithe na Cuideachtan san go dtí an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1939, a hullamhófar amhlaidh iad.

An Chuideachta Fhoirceanntach do cheapadh iniúchóirí.

13. —D'ainneoin éinní atá in alt 112 den Companies (Consolidation) Act, 1908, ní ceapfar duine chun bheith ina iniúchóir don Chuideachta Fhoirceanntach mara ndeinidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála ceapadh an duine sin chun na hoifige sin do cheadú roimh ré.

An Bhuan-Chuideachta.

14. —(1) Beidh sé de dhualgas ar an gCuidheachta Fhoirceanntach, agus bheirtear comhacht dóibh leis seo, an Bhuan-Chuideachta do bhunú do réir na bhforálacha atá sa Cho-aontú Sceidealta chuige sin chó luath agus is féidir é tar éis na Cuideachtan Foirceanntaighe d'ionchorparú.

(2) Déanfar Memorandum Comhlachais agus Airteagail Chomhlachais na Buan-Chuideachtan do chur le chéile i slí go mbeid do réir na bhforálacha ina dtaobh san atá sa Chó-aontú Sceidealta agus ní bheidh an Memorandum san ná an hAirteagail sin gan bhrí ná nea-dhleathach de bhíthin éinní déanfar ina dtaobh no cuirfear isteach no fágfar ar lár ionta do réir an Chó-aontuith Sceidealta no an Achta so agus dá bhíthin sin amháin.

(3) Ní bhainfidh alt 13 den Assurance Companies Act, 1909, le haon ghnó árachais d'aistriú ón gCuideachta Fhoirceanntach chun na Buan-Chuideachtan.

Scaireanna leis an mBuan-Chuideachtain a bheidh ar seilbh ag an Aire Airgeadais no ag á ainmnithe.

15. —(1) Gach scair leis an mBuan-Chuideachtain is gá do réir an Chó-aontuithe Sceidealta do dháiliú ar an Aire Airgeadais no ar a ainmnithe no d'aistriú chuige no chúcha dáileofar no aistreofar í, do réir mar ordóidh an tAire sin, ar an Aire sin no chuige no ar dhuine no chun duine (dá ngairmtear ainmní san alt so) ainmneoidh an tAire sin chuige sin agus féadfar daoine deifriúla d'ainmniú amhlaidh alos scaireanna deifriúla acu san.

(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach scair leis an mBuan-Chuideachtain a bheidh de thurus na huaire in ainm an Aire Airgeadais, sé sin le rá:—

(a) is dleathach don Aire Airgeadais gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh maidir leis na scaireanna san, sé sin le rá:—

(i) gach ceann no aon cheann no cinn de sna scaireanna san do shealbhú faid is oiriúnach leis é,

(ii) gach ceann no aon cheann no cinn de sna scaireanna san d'aistriú chun duine (dá ngairmtear ainmní freisin san alt so) a thoghfaidh an tAire sin chun na scaireanna a haistreofar amhlaidh do shealbhú mar ainmní uaidh,

(iii) gach ceann no aon cheann no cinn de sna scaireanna san do dhíol;

(b) lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so is dleathach don Aire sin feidhmiú do dhéanamh, maidir leis na scaireanna san, ar gach ceann no aon cheann no cinn de sna cearta agus de sna comhachta is infheidhmithe o am go ham ag sealbhóir na scaireanna san agus, má bhíonn na cearta no na comhachta san infheidhmithe tré atúrnae, na cearta no na comhachta san d'fheidhmiú, pé uair is oiriúnach leis é, tré n-a atúrnae;

(c) íocfar isteach sa Stát-Chiste gach díbhinn agus airgead eile do gheobhaidh an tAire sin alos na scaireanna san agus fós an méid glan do gheobha sé ar na scaireanna uile den tsórt san a dhíolfa sé.

(3) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis na scaireanna uile leis an mBuan-Chuideachtain a bheidh de thurus na huaire in ainm ainmní don Aire Airgeadais, sé sin le rá:—

(a) sealbhóidh gach ainmní den tsórt san ar iontaobhas don Aire sin na scaireanna uile leis an mBuan-Chuideachtain a bheidh dílsithe ann de thurus na huaire mar ainmní den tsórt san agus cuirfidh na scaireanna san de láimh sa tslí sin ordóidh an tAire sin o am go ham i scríbhinn;

(b) beidh gach ordú den tsórt san ón Aire sin ina údarás agus ina fhuascailt mhaith dhleathach don ainmní dá dtabharfar é maidir le gach ní dhéanfa sé dá réir agus ní bheidh an t-ainmní sin i dteideal ná ní dá chúram a fhiafraí ce'ca go dleathach do tugadh an t-ordú san na nach eadh;

(c) is dleathach don Aire sin a ordú d'ainmní gach ceann no aon cheann no cinn de scaireanna na Buan-Chuideachtan a bheidh dílsithe ann de thurus na huaire mar ainmní den tsórt san do dhíol;

(d) is dleathach don Aire sin a ordú d'ainmní gach ceann no aon cheann no cinn de scaireanna na Buan-Chuideachtan a bheidh dílsithe ann de thurus na huaire mar ainmní den tsórt san d'aistriú (do réir mar a luadhfar san ordú san) chun an Aire sin no chun duine (dá ngairmtear ainmní freisin san alt so) a thoghfaidh an tAire sin chun na scaireanna san do shealbhú mar ainmní uaidh;

(e) nuair a bheidh ainmní ag feidhmiú na gceart agus na gcomhacht is infheidhmithe alos na scaireanna leis an mBuan-Chuideachtain a bheidh dílsithe ann de thurus na huaire mar ainmní den tsórt san déanfaidh an t-ainmní sin do réir orduithe an Aire sin ar gach slí;

(f) íocfaidh gach ainmní isteach sa Stát-Chiste sa tslí sin ordóidh an tAire sin gach díbhinn agus airgead eile do gheobha sé alos scaireanna leis an mBuan-Chuideachtain a bheidh dílsithe ann de thurus na huaire mar ainmní den tsórt san agus fós an méid glan do gheobha sé ar aon scaireanna den tsórt san do dhíol.

(4) Bainfidh an t-alt so le hionadaí pearsanta ainmní mhairbh fé mar a bhaineann sé le hainmní beo agus dá réir sin déanfar an focal “ainmní” do léiriú san alt so (i ngach áit ina gceaduíonn an có-théacs é) mar fhocal a fholuíonn ionadaí pearsanta ainmní mhairbh.

An Bhuan-Chuideachta do cheapadh iniúchóirí.

16. —D'ainneoin éinní atá in alt 112 den Companies (Consolidation) Act, 1908, ní déanfar, faid a shealbhóidh an tAire Airgeadais aon scaireanna B leis an gCuideachta Fhoirceanntach, duine do cheapadh chun bheith ina iniúchóir don Bhuan-Chuideachtain mara ndeinidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála ceapadh an duine sin chun na hoifige sin do cheadú roimh ré.

Ceadúnaisí árachais do dheonadh don Chuideachta Fhoirceanntach agus don Bhuan-Chuideachtain.

17. —(1) Is dleathach don Chuideachta Fhoirceanntach iarratas do dhéanamh chun an Aire Tionnscail agus Tráchtála fé alt 11 d'Acht 1936 ar cheadúnas árachais á údarú dhóibh gnó árachais saoil agus gnó árachais tionnscail do bheith ar siúl acu agus is dleathach don Aire sin géilleadh don iarratas san fé fho-alt (6) d'alt 12 den Acht san d'ainneoin gan an Chuideachta Fhoirceanntach do bheith do réir na gcoinníollacha uile atá leagtha amach sa bhfo-alt san.

(2) Is dleathach don Bhuan-Chuideachtain iarratas do dhéanamh chun an Aire Tionnscail agus Tráchtála fé alt 11 d'Acht 1936 ar cheadúnas árachais á údarú dhóibh gnó árachais saoil agus gné árachais tionnscail do bheith ar siúl acu agus is dleathach don Aire sin géilleadh don iarratas san fé fho-alt (6) d'alt 12 den Acht san d'ainneoin gan an Bhuan-Chuideachta do bheith do réir na gcoinníollacha uile atá leagtha amach sa bhfo-alt san.

Faoiseamh leathrannach o fhorálacha áirithe d'Acht 1936.

18. —(1) D'ainneoin éinní atá in Acht 1936, ní dhlighfidh an Chuideachta Fhoirceanntach ná an Bhuan-Chuideachta ná aon tseirbhíseach ná gníomhaire do cheachtar de sna Cuideachtana san aon imeacht, síbhialta no coiriúil, do bhunú ina gcoinnibh no ina choinnibh ná aon fhíneáil ná pionós eile do chur ortha no air, ná ní déanfar dochar dóibh ná dhó ar shlí eile de bhíthin aon fhaillí, i rith na tréimhse dar tosach dáta an Achta so do rith agus dar críoch an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1939, maidir le prémiumacha alos polasaithe árachais tionnscail do bhailiú ná de bhíthin aon fhaillí, i rith na tréimhse sin, maidir le déanamh do réir ailt 65 no ailt 75 d'Acht 1936.

(2) Más oiriúnach leis é, féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála, le hordú ar n-a dhéanamh roimh an 1adh lá d'Eanar, 1940, an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1940, do chur in ionad an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1939, sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so agus, má deintear an t-ordú san amhlaidh, léireofar an fo-alt san roimhe seo agus beidh éifeacht aige fé is dá ndeintí an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1940, do chur ann in ionad an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1939.

Cuideachtana árachais eile do ghlacadh leis an gCó-aontú Sceidealta.

19. —(1) Má dheineann cuideachta árachais (dá ngairmtear Cuideachta Ghlacathach san alt so), nach Cuideachta Rannpháirteach agus nach iad an Chuideachta Fhoirceanntach ná an Bhuan-Chuideachta iad ach is cuideachta go mbíonn gnó árachais saoil no gnó árachais tionnscail no an dá ghnó san ar siúl acu in Éirinn, có-aontú (dá ngairmtear có-aontú foirlíontach san alt so) roimh dháta an aistrithe leis an gCuideachta Fhoirceanntach chun gnó árachais saoil no gnó árachais tionnscail na Cuideachtan Glacathaighe sin no an dá ghnó san d'aistriú chun na Cuideachtan Foirceanntaighe sa mhéid go mbíonn an gnó no na gnóthaí sin ar siúl in Éirinn, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) ní bheidh feidhm ná éifeacht ar bith ag an gcó-aontú foirlíontach san mara ndeintear ná go dtí go ndéanfar ordú toiliúcháin maidir leis an gcéanna fén gcéad mhír ina dhiaidh seo den fho-alt so;

(b) más deimhin leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála gur mar a chéile (lasmuich de sna hatharuithe sin (más aon cheann é) a cheadóidh an tAire sin) na téarmaí ar a mbeidh gnó no gnóthaí sin na Cuideachtan Glacathaighe sin á aistriú no á n-aistriú chun na Cuideachtan Foirceanntaighe leis an gcó-aontú foirlíontach san agus na téarmaí ar a n-aistrítear gnóthaí árachais saoil agus gnóthaí árachais tionnscail na gCuideachtana Rannpháirteacha chun na Cuideachtan Foirceanntaighe leis an gCó-aontú Sceidealta, féadfaidh an tAire sin le hordú (dá ngairmtear ordú toiliúcháin san alt so), más dóich leis san do bheith ceart, toiliú leis an gcó-aontú foirlíontach san;

(c) má deintear agus pé uair a déanfar an t-ordú toiliúcháin sin, beidh éifeacht reachtúil ag an gcó-aontú foirlíontach san agus tuigfear éifeacht reachtúil do bheith aige o n-a dháta agus é bheith ina cheangal ar an gCuideachta Ghlacathach san agus ar an gCuideachta Fhoirceanntach chó hiomlán agus dá n-achtuítí é san Acht so.

(2) Má deintear agus pé uair a déanfar ordú toiliúcháin maidir le có-aontú foirlíontach, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) beidh sé de dhualgas ar an gCuideachta Ghlacathach is páirtí sa chó-aontú foirlíontach san, agus bheirtear comhacht leis seo don Chuideachtain sin, an có-aontú foirlíontach san do thabhairt chun críche sa mhéid gur ortha san a bheidh forálacha an chéanna do chólíonadh;

(b) má bhíonn an Chuideachta Ghlacathach san cláruithe in Éirinn fé sna hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, beidh comhacht ag stiúrthóirí an chéanna agus tuigfear comhacht do bheith riamh acu, d'ainneoin éinní bheidh i Memorandum Comhlachais no in Airteagail Chomhlachais na Cuideachtan Glacathaighe sin no atá sna hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, no sna hAchtanna Arachais, 1909 agus 1936, no in aon achtachán eile, chun an chó-aontuithe fhoirlíontaigh sin do dhéanamh thar ceann na Cuideachtan Glacathaighe sin agus chun na Cuideachtan san do cheangal leis an gcó-aontú foirlíontach san;

(c) beidh sé de dhualgas ar an gCuideachta Fhoirceanntach, agus bheirtear comhacht leis seo don Chuideachtain sin, an có-aontú foirlíontach san do thabhairt chun críche sa mhéid gur ortha san a bheidh forálacha an chéanna do chólíonadh;

(d) sa mhéid go mbeid oiriúnach agus infheidhme sa chás beidh feidhm agus éifeacht ag forálacha an Achta so (gus na hatharuithe uile is gá) maidir leis an gCuideachta Ghlacathach san agus leis an gcó-aontú foirlíontach san fé mar atá feidhm agus éifeacht acu maidir leis na Cuideachtana Rannpháirteacha agus leis an gCó-aontú Sceidealta;

(e) is dleathach don Chuideachta Fhoirceanntach, le ceadú an Aire Tionnscail agus Tráchtála, pé sochair bhreise do dheonadh, maidir le haon pholasaí leis an gCuideachta Ghlacathach san a haistreofar leis an gcó-aontú foirlíontach san agus leis an Acht so chun na Cuideachtan Foirceanntaighe, agus an deonadh san do dhéanamh ar pé téarmaí, is dóich leis an Aire sin do bheith oiriúnach agus inmhianuithe agus gan bheith docharach do leasanna polasaí-shealbhóirí na gCuideachtana Rannpháirteacha fé seach ná do leasanna scair-shealbhóirí na gCuideachtana san fé seach.

Acht 1936 d'athghairm go leathrannach.

20. —Athghairmtear leis seo Cuid III d'Acht 1936 agus an Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

Tosach feidhme agus oibriú cúl-ghabhálach.

21. —Tuigfear an tAcht so do theacht i ngníomh an 14adh lá de Mheán Fhómhair, 1938, agus beidh éifeacht aige amhail ar an lá san agus ón lá san amach, agus dá réir sin gach ní do rinneadh ar an dáta san no dá éis agus roimh an Acht so do rith agus a fhéadfaí a dhéanamh go dleathach fén Acht so dá mbeadh an tAcht so i bhfeidhm nuair a rinneadh an ní sin tuigfear gur fén Acht so no dá bhun a rinneadh é agus beidh dleathacht agus éifeacht aige dá réir sin.

Gearr-theideal agus luadh.

22. —(1) Féadfar an tAcht Arachais (Leasú), 1938 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Arachais, 1909 go 1938, do ghairm de sna hAchtanna Arachais, 1909 agus 1936, agus den Acht so le chéile.