35 1938


Uimhir 35 de 1938.


ACHT MUC AGUS BAGÚIN (LEASÚ), 1938.


ACHT CHUN TÉARMA OIFIGE NA nGNÁTH-BHALL AGUS NA mBALL TÁNAISTEACH ATÁ ANOIS AR AN mBORD MARGUITHE BAGÚIN AGUS NA nGNÁTH-BHALL ATÁ ANOIS AR AN mBORD MARGUITHE MUC D'FHAIDIÚ, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE ÁIRITHE LEANAS AS AN bhFAIDIÚ SAN. [21adh Mí na Nodlag, 1938.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Muc agus Bagúin, 1935 (Uimh. 24 de 1935) ;

cialluíonn an abairt “Acht 1937” an t Acht Muc agus Bagúin, 1937 (Uimh. 23 de 1937) .

Téarma oifige na ngnáth-bhall agus na mball tánaisteach atá anois ar an mBord Marguithe Bagúin d'fhaidiú.

2. —(1) D'ainneoin éinní atá in alt 13 d'Acht 1937—

(a) gach duine is gnáth-bhall den Bhord ar dháta an Achta so do rith no ceapfar ar an dáta san no dá éis sin chun foth-fholúntais imeasc gnáth-bhall an Bhúird beidh sé i seilbh oifige go dtí an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1939, marab éag no eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin dó;

(b) gach duine is ball tánaisteach den Bhord ar an dáta san beidh sé i seilbh oifige mar bhall thánaisteach go dtí an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1939, marab éag no eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin dó no mara gceaptar é roimhe sin chun foth-fholúntais imeasc gnáth-bhall an Bhúird.

(2) Leasuítear leis seo fo-alt (1) d'alt 13 d'Acht 1937 tré sna figiúirí “1939” do chur in ionad na bhfigiúirí “1938”, agus léireofar an t-alt san 13, alt 14 d'Acht 1937, agus Cuid III den Phríomh-Acht agus beidh éifeacht acu dá réir sin.

(3) San alt so cialluíonn an abairt “an Bord” an Bord Marguithe Bagúin.

Téarma oifige gnáth-bhall an Bhúird Mharguithe Muc d'fhaidiú.

3. —(1) D'ainneoin éinní atá in alt 43 d'Acht 1937, gach duine is gnáth-bhall den Bhord ar dháta an Achta so do rith no ceapfar ar an dáta san no dá éis sin chun foth-fholúntais imeasc gnáthbhall an Bhúird beidh sé i seilbh oifige go dtí an 10adh lá d'Eanar, 1940, marab éag no eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin dó.

(2) Leasuítear leis seo fo-ailt (1) agus (2) d'alt 43 d'Acht 1937 tré sna figiúirí “1940” do chur in ionad na bhfigiúirí “1939” i ngach fo-alt acu san, agus léireofar an t-alt san 43, alt 47 d'Acht 1937 agus Cuid IV den Phríomh-Acht agus beidh éifeacht acu dé réir sin.

(3) San alt so cialluíonn an abairt “an Bord” an Bord Marguithe Muc.

Gearr-theideal, léiriú agus có-luadh.

4. —(1) Féadfar an tAcht Muc agus Bagúin (Leasú), 1938 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis na hAchtanna Muc agus Bagúin, 1935 agus 1937.

(3) Féadfar na hAchtanna Muc agus Bagúin, 1935 go 1938, do ghairm de sna hAchtanna Muc agus Bagúin, 1935 agus 1937, agus den Acht so le chéile.