6 1939


Uimhir 6 de 1939.


ACHT UM CHOIMISIÚN NA nDLEACHT (ATHGHAIRM), 1939.


ACHT CHUN NA nACHTANNA UM CHOIMISIÚN NA nDLEACHT, 1926 AGUS 1930, D'ATHGHAIRM. [22adh Márta, 1939.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

Na hAchtanna um Choimisiún na nDleacht, 1926 agus 1930, d'athghairm.

1. —Deintear leis seo an tAcht um Choimisiún na nDleacht, 1926 (Uimh. 40 de 1926) , agus an tAcht um Choimisiún na nDleacht, 1930 (Uimh. 31 de 1930) , d'athghairm.

Gearr-theideal.

2. —Féadfar an tAcht um Choimisiún na nDleacht (Athghairm), 1939 , do ghairm den Acht so.