12 1939


Uimhir 12 de 1939.


ACHT LOINGIS CHEANNAÍOCHTA (LEASÚ), 1939.


ACHT CHUN NA nACHTANNA LOINGIS CHEANNAÍOCHTA, 1894 GO 1933, DO LEASÚ.

[14adh Meitheamh, 1939.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an Merchant Shipping Act, 1894;

cialluíonn an abairt “Acht 1933” an tAcht Loingis Cheannaíochta (Convensiúin um Shábhált acht agus um Ualach-Líne), 1933 (Uimh. 42 de 1933) .

(2) Gach focal agus abairt a húsáidtear san Acht so agus dá dtugtar brí áirithe leis an bPríomh-Acht chun crícheanna an Achta san, beidh leis san Acht so an bhrí bheirtear dó amhlaidh.

Síntiúisi do chistí aois-liúntais as págh maraithe.

2. —(1) Féadfar págh a bheidh dlite no ag teacht chun bheith dlite do mharaí no do phríntíseach sa mhuir-sheirbhís, no cuid d'aon phágh den tsórt san, d'úsáid chun síntiúisí d'íoc thar ceann an mharaí no an phríntísigh sin le ciste le n-a mbainfidh an t-alt so.

(2) Bainfidh an t-alt so le gach ciste gurb é a phríomh-chuspóit aois-liúntaisí agus sochair eile do chur ar fáil do mharaithe ar dhu as seirbhís dóibh agus go mbeidh dearbhuithe ag an Aire i scríbhinn ina thaobh gur ciste é le n-a mbainfidh an t-alt so.

(3) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le dearbhuithe dhéanfaidh an tAire fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, sé sin le rá:—

(a) ní déanfar aon dearbhú den tsórt san i dtaobh ciste mara bhfuighidh ná go dtí go bhfuighidh an tAire iarratas i scríbhinn ag lorg an dearbhuithe sin o chóghléasadh a chífear dó do bheith ionadathach d'únaerí luingis agus do mharaithe le chéile no o chóghléasadh a chífear dó do bheith ionadathach d'únaerí luingis agus fós o chóghléasadh a chífear dó do bheith ionadathach do mharaithe;

(b) pé uair a gheobhaidh an tAire aon iarratas den tsórt a luaidhtear sa mhír dheiridh sin roimhe seo den alt so, déanfa sé láithreach an dearbhú bheidh á lorg san iarratas san;

(c) beidh éifeacht ag gach dearbhú den tsórt san amhail ón dáta (pe'ca dáta roimh dháta an dearbhuithe sin no dáta dá éis sin é agus cé gur túisce an dáta san ná dáta an Achta so do rith) a luadhfar chuige sin sa dearbhú san no, mara luaidhtear aon dáta den tsórt san amhlaidh, amhail o dháta an dearbhuithe sin;

(d) má thárlann, de bhuadh na míre deiridh sin roimhe seo den fho-alt so, go mbeidh éifeacht ag aon dearbhú den tsórt san amhail o dháta bheidh luaidhte ann agus is túisce ná dáta an dearbhuithe sin, tuigfear gur bhain an t-alt so leis an gciste le n-a mbainfidh an dearbhú san amhail ón dáta bheidh luaidhte amhlaidh agus, más túisce an dáta san ná dáta an Achta so do rith, tuigfear go raibh an t-alt so i ngníomh maidir leis an gciste sin amhail ón dáta san a bheidh luaidhte amhlaidh;

(e) má gheibheann an tAire iarratas, ón gcóghléasadh no o cheann de sna cóghléasanna gur ar a n-iarratas do rinneadh aon dearbhú den tsórt san no o chóghléasadh go bhfeicfear don Aire gurb iad is comharba ar an gcóghléasadh san no ar cheann de sna cóghléasanna san, á iarraidh go scuirfeadh an t-alt so de bhaint leis an gciste le n-a mbainfidh an dearbhú san, déanfaidh an tAire láithreach an dearbhú san do cheiliúradh i scríbhinn;

(f) má chítear don Aire, maidir leis an gcóghléasadh no le ceann de sna cóghléasanna gur ar a n-iarratas do rinneadh aon dearbhú den tsórt san, go bhfuil scurtha aige de bheith ionadathach d'únaerí luingis agus do mharaithe no d'únaerí luingis no do mharaithe (do réir mar a bheidh), féadfaidh an tAire, más dóich leis gur ceart san do dhéanamh, an dearbhú san do cheiliúradh i scríbhinn;

(g) pé uair a cheiliúrfaidh an tAire aon dearbhú den tsórt san fé cheachtar den dá mhír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so, scuirfidh an t-alt so láithreach de bhaint leis an gciste sin, ach ní dhéanfaidh an scur san dochar ná deifir do bhailíocht éinní do rinneadh roimhe sin fén alt so maidir leis an gciste sin.

(4) Ní bhainfidh mír (b) ná mír (c) d'fho-alt (1) d'alt 163 den Merchant Shipping Act, 1894 (alt a chuireann srianta le maraithe agus príntísigh do chur a bpáigh de láimh ar shlite áirithe) le haon phágh, ná le haon chuid d'aon phágh, d'úsáid fén alt so chun síntiúisí d'íoc le ciste le n-a mbainfidh an t-alt so, agus ní bhainfidh mír (a) ná mír (d) den fho-alt san (1) le héinní do rinneadh no déanfar chun éifeacht do thabhairt don úsáid sin.

Toirmeasc ar luing go mbeidh a hualach-líne fé uisce do thabhairt chun fairrge.

3. —(1) Ní dleathach aon long ualach-líne le hEirinn a bheidh ládálta i slí bheidh contrárdha d'alt 41 d'Acht 1933 do chur ná do thabhairt chun fairrge.

(2) Má deintear aon long ualach-líne le hEirinn do chur no do thabhairt chun fairrge contrárdha don alt so, beidh máistir na luinge sin, agus fós duine ar bith a chuirfidh an long san no bheidh páirteach ina cur chun fairrge (maran rud é ná raibh a fhios ag an duine sin agus ná raibh aon chúis aige chun a chreidiúint gur contrárdha don alt so a cuireadh an long san chun fairrge) ciontach gach duine fé leith acu i gcionta ar leithligh fén alt so agus dlighfear (i dteanta pionóis ar bith eile dlighfear de dheascaibh a ghnímh a chur air)—

(a) ar a chiontú ann ar díotáil, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá bhliain do chur air, no

(b) ar a chiontú ann ar an slí achmair, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí do chur air.

(3) San alt so tá an bhrí chéanna leis an abairt “long ualachlíne le hEirinn” atá leis an abairt “long ualach-líne le Saorstát Éireann” ar n-a hoiriúnú de bhuadh ailt 2 den Acht Bunreachta (Forálacha Iarmartacha), 1937 (Uimh. 40 de 1937) , in Acht 1933.

Rialacha i dtaobh gléasanna tárrthála i mbáid iascaireachta.

4. —(1) An chomhacht atá ag an Aire fé alt 427 den Phríomh-Acht chun rialacha (dá ngairmtear rialacha i dtaobh gléasanna tárrthála san alt san) do dhéanamh, leathnuítear leis seo í chun comhacht a thabhairt dó chun rialacha den tsórt san do dhéanamh alos bád iascaireachta.

(2) Rialacha do rinneadh fén alt san 427 den Phríomh-Acht roimh an Acht so do rith ní bhainfid le báid iascaireachta ach i gcás go ndéanfar agus sa mhéid go ndéanfar na rialacha san do chur i mbaint le báid iascaireachta le rialacha déanfar fén alt san tar éis an Achta so do rith.

Comhacht an Aire chun táillí d'ordú.

5. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a ordú le hordú (dá ngairmtear ordú táillí san Acht so) cadiad na táillí a héileofar as suirbhéireachtaí déanfar agus seirbhísí do bhéarfar fé sna hAchtanna Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1933.

(2) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le horduithe táillí, sé sin le rá:—

(a) féadfar táille d'ordú le hordú táillí alos suirbhéireachta no seirbhíse ná fuil aon táille inéilithe ina taobh fé sna hAchtanna Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1933;

(b) má horduítear táille le hordú táillí alos suirbhéireachta no seirbhíse go bhfuil táille inéilithe ina taobh fé sna hAchtanna san, féadfar an táille sin d'ordú amhlaidh mar tháille i dteanta no mar tháille in ionad na táille sin is inéilithe fé sna hAchtanna san;

(c) aon teora a cuirtear, tré sna hAchtanna san, le méid na táille a féadfar d'ordú, d'éileamh no do dhéanamh inéilithe alos aon tsuirbhéireachta no seirbhíse áirithe ní bheidh feidhm ná éifeacht aice maidir leis an táille a hordófar le hordú táillí alos na suirbhéireachta no na seirbhíse sin.

(3) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, le toiliú an Aire Airgeadais, ceiliúradh no leasú do dhéanamh le hordú ar ordú bheidh déanta fén bhfo-alt so.

(4) Gach ordú déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an orduithe ar nea-mbrí beidh an t-ordú curtha ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do bhailíocht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.

Táillí do bhailiú agus do chur de láimh.

6. —(1) Déanfar na táillí uile is iníoctha fé ordú táillí do bhailiú agus do ghlacadh sa tslí sin a ordóidh an tAire Airgeadais o am go ham agus déanfar iad d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste do réir orduithe an Aire sin.

(2) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le haon táillí is iníoctha fé ordú táillí.

Athghairm.

7. —Athghairmtear leis seo alt 375 agus fo-alt (3) d'alt 427 den Merchant Shipping Act, 1894, agus fós an Cúigiú Sceideal Déag a ghabhann leis an Acht san.

Gearr-theideal, léiriú agus luadh.

8. —(1) Féadfar an tAcht Loingis Cheannaíochta (Leasú), 1939 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis na hAchtanna Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1933, agus féadfar na hAchtanna Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1939, do ghairm de sna hAchtanna san agus den Acht so le chéile.