An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. Comhachta agus Dualgaisi Gnothairi Riachtanacha.) Ar Aghaidh (CUID V. Foralacha Ilghneitheacha.)

21 1939

ACHT UM RÉAMHCHÚRAM IN AGHAIDH AER-RUATHAR, 1939

CUID IV.

Soillse d'Urdhubhadh agus Duaithniocht.

Dualgas generálta sealbhairí monarchan agus únaerí mianach agus gnóthairí riachtanach.

49. —(1) Beidh sé de dhualgas ar shealbhaire aon áitreibh mhonarchan agus ar únaer aon mhianaigh agus ar ghnóthairí riachtanacha éinní is gá do dhéanamh láithreach chun a chur in áirithe ná beidh, i gcás práinne agus le linn aon tréimhse dorchadais—

(a) aon tsoillse, bheidh laistigh d'aon fhoirgint san áitreabh no bheidh á n-úsáid chun crícheanna an mhianaigh no an ghnótha, le feicsint; ná

(b) aon tsoillse ná beidh laistigh d'fhoirgint ar lasadh, maran rud é go mbeid riachtanach chun obair go mbeidh tácht náisiúnta ag baint léi do dhéanamh, agus go mbeid leorscáilithe, agus go mbeidh a gcomhacht laigheaduithe, agus, ach amháin i gcás ina n-ordóidh an tAire a mhalairt, gur féidir iad do mhúchadh láithreach tráth ar bith.

(2) Féadfaidh cigire monarchan agus cigire mianach agus duine ar bith go n-údarás ón Aire, fé seach, fógra i scríbhinn do sheirbheáil ar shealbhaire aon áitreibh mhonarchan agus ar únaer aon mhianaigh agus ar aon ghnóthaire riachtanach, fé seach, á cheangal ar an sealbhaire no ar an únaer no ar an ngnóthaire sin, na nithe sin, díobh san a luaidhtear i bhfo-alt (1) den alt so, a luadhfar sa bhfógra san do dhéanamh laistigh den am a luadhfar sa bhfógra.

(3) Ní bhaineann an t-alt so le héinní le n-a ndeighleáltar sa chéad alt ina dhiaidh seo.

Forálacha maidir le próiseasaí le n-a ngabhann lasracha no dian-lonnradh.

50. —(1) Má thárlann, i gcás próisis ar bith a bheidh ar siúl in áitreabh mhonarchan no in áitreabh aon ghnóthaire riachtanaigh. go mbeidh lasracha no dian-lonuradh le feicsint dá dhruim nach féidir a scáiliú le deis ba leor chun gnáth-shoillsiú foirginte do scáiliú, féadfaidh an tAire fógra i scríbhinn do sheirbheáil ar shealbhaire an áitreibh mhonarchan no ar an ngnóthaire riachtanach, do réir mar a bheidh, á cheangal air na nithe sin a luadhfar sa bhfógra san do dhéanamh laistigh den am a luadhfar amhlaidh chun a chur in áirithe, i gcás práinne, ná beidh na lasracha no an dian-lonnradh ann feasta, no go mbeid scáilithe ar fad no go leathrannach, le linn aon tréimhse dorchadais.

(2) Féadfaidh an tAire fógra i scríbhinn do sheirbheáil ar únaer mhianaigh ar bith, go mbeidh aon charnadh no cruinniú iarmairte ag gabháil leis a bheidh ag doghadh no i riocht go n-adhnfadh sé uaidh féin, á cheangal air na nithe sin a luadhfar sa bhfógra san do dhéanamh laistigh den am a luadhfar amhlaidh chun a chur in áirithe, i gcás práinne, ná beidh aon lasracha ná dion-lonnradh ag teacht ón gcarnadh no ón gcruinniú san, no go mbeidh aon lasracha no dian-lonnradh bheidh ag teacht amhlaidh scáilithe ar fad no go leathrannach, le linn aon tréimhse dorchadais.

Duaithníocht.

51. —Féadfaidh an tAire fógra i scríbhinn do sheirbheáil ar shealbhaire áitreibh mhonarchan ar bith, no ar aon ghnóthaire riachtanach, á cheangal air na nithe sin a luadhfar sa bhfógra san do dhéanamh laistigh den am a luadhfar amhlaidh chun a chur in áirithe, maidir leis an áitreabh monarchan no le haon chuid d'áitreabh an ghnóthaire (do réir mar a bheidh), go ndéanfar, no go bhféadfár, é chur i riocht ná beidh sé chó so-aithinte ag lucht acr-árthach i gcás ionnsaighe.

Deontaisí Stáit fé Chuid IV.

52. —(1) As airgead a sholáthróidh an tOireachtas féadfar deontaisí, ná raghaidh thar leath costaisí ceaduithe dhuine ar bith (go mbeifear tar éis fógra do sheirbheáil air fé cheachtar den dá alt deiridh sin roimhe seo) ar n-a gcur suas chun na nithe do dhéanamh a bheidh luaidhte sa bhfógra san, d'íoc mar chabhair chun íoctha na gcostaisí sin.

(2) San alt so cialluíonn “costaisí ceaduithe” na costaisí sin de chineál chapitiúil a cheadóidh an tAire. le toiliú an Aire Airgeadais, chun crícheanna an ailt seo.

Pionóisí mar gheall ar gan déanamh do réir fhógra.

53. —Má theipeann ar dhuine ar bith ar a sheirbheálfar fógra fé aon fhoráil acu san roimhe seo den Chuid seo den Acht so déanamh do réir cheanglacha an fhógra san, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fineáil ná raghaidh thar céad punt do chur air, agus i gcás an teip, gur ina taobh do ciontuíodh an duine sin amhlaidh, do leanúint tar éis an chiontuithe dlighfear, ar an duine sin do chiontú ar an slí achmair, fíneáil ná raghaidh thar caoga punt in aghaidh gach lae leanfa sí do chur air.

Féadfaidh an chúirt a chiontóidh daoine ar bith fén bhfo-alt so tréimhse réasúnta o dháta an chiontuithe do cheapadh chun iad do dhéanamh do réir cheanglacha an fhógra, agus, i gcás an chúirt do cheapadh tréimhse den tsórt san, ní bheidh an pionós laethúil sin ionbhainte amach in aghaidh aon lae roimh dheireadh na tréimhse sin.

Cosaint do Chuid III.

54. —Ní déanfar na forálacha san roimhe seo den Chuid seo den Acht so bhaineann le gnóthairí riachtanacha do léiriú mar fhorálacha theorannuíonn generáltacht fhorálacha Coda III den Acht so ach ní deonfar deontas fén gCuid seo den Acht so agus fós deontas fén gCuid sin den Acht so alos na gcostaisí céanna.

Comhachta chun dul isteach in áitreabh.

55. —(1) Beidh sé de cheart ag oifigeach údaruithe ar bith, ach scríbhinn éigin a bheidh dílse-dheimhnithe go cuibhe agus a thaisbeánfaidh a údarás do thabhairt ar áird, dul isteach in áitreabh ar bith gach tráth réasúnta—

(a) chun a fháil amach an bhfuil aon tsárú maidir le forálacha na Coda so den Acht so no le haon fhógra bheidh tugtha fén gcéanna, no aon fhaillí maidir leis na forálacha no leis an bhfógra san do chólíonadh, déanta no á dhéanamh san áitreabh san no ina thaobh;

(b) chun a fháil amach ce'ca atá no ná fuil cúrsaí ann d'údaródh, no gur gá dá ndruim, aon ghníomh do dhéanamh fén gCuid seo den Acht so.

(2) Má cuirtear ina luighe ar bhreitheamh den Chúirt Dúithche tré fhaisnéis fé mhionn i scríbhinn—

(a) gur diúltuíodh do chead do thabhairt chun dul isteach in aon áitreabh áirithe, no go bhfuiltear ag coinne go ndiúltófar amhlaidh, no go bhfuil an t-áitreabh gan bheith sealbhuithe, no go bhfuil an sealbhaire as láthair go sealadach, no gur cás práinne an cás, no go gcuirfí an chúis atá leis an dul isteach ar neamh-ní dá n-iarrtaí cead chun dul isteach; agus

(b) go bhfuil fáth réasúnta ann chun dul isteach san áitreabh san chun aon chríche den tsórt san adubhradh, féadfaidh an breitheamh san, le barántas fé n-a láimh, a údarú d'oifigeach údaruithe dul isteach san áitreabh san, le héigean más gá san, ach ní tabharfar an barántas san amach maran deimhin leis an mbreitheamh san gur tugadh fógra don tsealbhaire i dtaobh é bheith beartuithe barántas d'iarraidh, no go bhfuil an t-áitreabh gan bheith sealbhuithe, no go bhfuil an sealbhaire as láthair go sealadach, no gur cás práinne an cás, no go gcuirfí an chúis atá leis an dul isteach ar neamh-ní dá dtugtaí an fógra san.

(3) Féadfaidh oifigeach údaruithe a bheidh ag dul isteach in áitreabh ar bith de bhuadh an ailt seo, no de bhuadh barántais ar n-a thabhairt amach fén alt so, pé daoine eile do thabhairt ina theanta is gá, agus ar imeacht as áitreabh nea-shealbhaithe ar bith go mbeidh sé tar éis dul isteach ann de bhuadh barántais den tsórt san fágfaidh an t-áitreabh san dúnta chó daingean san in aghaidh lucht tairsce agus a fuair sé é.

(4) Leanfaidh gach barántas a deonfar fén alt so i bhfeidhm go dtí go ndéanfar an ní is cúis leis an dul isteach do thabhairt chun críche.

(5) Má dheineann duine ar bith, a leigfear isteach i monarchain no i siopa oibre no in áit oibre i gcólíonadh forálacha an ailt seo no barántais ar n-a thabhairt amach fén alt so, aon eolas a gheobhaidh sa mhonarchain no sa tsiopa oibre no san áit oibre sin i dtaobh aon phróisis déantóireachta no rúin chéirde do nochtadh d'éinne, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so, maran i gcólíonadh a dhualgais do nocht sé an t-eolas san, agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig céad punt do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá mhí dhéag.

(6) Má dheineann duine ar bith oifigeach údaruithe do bhac no do chosc agus é ag feidhmiú aon chirt a bheirtear don oifigeach san leis an alt so, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

(7) Is oifigeach údaruithe chun crícheanna an ailt seo gach duine acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) cigire monarchan;

(b) cigire mianach;

(c) duine ar bith go n-údarás i scríbhinn ón Aire chun na gcomhacht a bheirtear d'oifigeach údaruithe leis an alt so d'fheidhmiú.

Forálacha maidir le húdaráis áitiúla do dhorchú soillse.

56. —Ní dhéanfaidh éinní atá in aon achtachán, á cheangal ar údarás áitiúil a chur fé ndeár a líomatáiste go léir no aon chuid áirithe dhe do shoillsiú, é bheith nea-dhleathach don údarás san a chur fé ndeár soillse bóthar agus áiteanna puiblí ina líomatáiste go léir no in aon chuid áirithe dhe do dhorchú no do mhúchadh—

(a) chun tréineáil no cleachtadh do thabhairt do dhaoine ar bith maidir le réamhchúram in aghaidh aer-ruarthar; no

(b) chun gléasanna, le haghaidh trácht do choimeád ar siúl ar shráideanna gan solus, do thástáil.