An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Soillse d'Urdhubhadh agus Duaithniocht.) Ar Aghaidh (SCEIDEAL. Baile-Liomataisti Sceidealta.)

21 1939

ACHT UM RÉAMHCHÚRAM IN AGHAIDH AER-RUATHAR, 1939

CUID V.

Foralacha Ilghneitheacha.

Coimisinéirí na nOibreacha Poiblidhe in Éirinn d'fhoirshealbhú áitreabhacha.

57. —(1) Pé uair a chífear don Aire é bheith oiriúnach san do dhéanamh, de dheascaibh práinne do bheith ag tuaradh gur baol dá dhruim ionnsaighe ón aer, féadfaidh, le hordú fén bhfo-alt so, a dhearbhú go dtiocfaidh forálacha fo-ailt (3) den alt so i ngníomh, agus pé uair a déanfar aon ordú den tsórt san tiocfaidh forálacha fo-ailt (3) den alt so i bhfeidhm agus fanfaid i bhfeidhm go dtí go gceiliúrfar an t-ordú san.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú fén bhfo-alt so, aon ordú bheidh déanta fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo do cheiliúradh.

(3) Féadfaidh Coimisinéirí na nOibreacha Poiblidhe in Éirinn (dá ngairmtear na Coimisinéirí san alt so) seilbh do ghlacadh agus do choimeád ar áitreabh ar bith is dóich leis na Coimisinéirí ba cheart a chur ar fáil chun úsáide aon Aire Stáit, no chun úsáide aon daoine eile bheidh ag gníomhú i bhfeidhmeannas shíbhialta thar ceann an Stáit, d'fhonn deighleáil leis na cúrsaí práinne do thiocfadh i gcás ionnsaighe náimhdigh ón aer.

(4) I gcás é bheith údaruithe do sna Coimisinéirí leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo seilbh do ghlacadh ar áitreabh ar bith féadfaidh na Coimisinéirí, d'fhonn na seilbhe sin do ghlacadh, aon mhaoin áirithe bheidh san áitreabh san do thógaint as no a cheangal ar an sealbhaire í thógaint as, agus féadfaid na nithe eile sin do dhéanamh is gá chun an áitreibh sin do chur i staid go bhféadfar é úsáid chun na críche bheidh beartuithe.

(5) Más rud é—

(a) go ndiúltóidh sealbhaire áitreibh ar bith aon mhaoin áirithe do thógaint as an áitreabh san nuair a cheanglóidh na Coimisinéirí air fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo san do dhéanamh, no

(b) go ndéanfadh duine ar bith éinne bheidh ag gníomhú thar ceann na gCoimisinéirí do bhac no do chosc agus é ag feidhmiú na gcomhacht a bheidh tugtha dhóibh fén alt so,

beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air.

(6) I gcás seilbh do ghlacadh ar áitreabh ar bith fén alt so íocfar amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas an cúiteamh san, agus san leis na daoine sin, a chinnfidh an tOireachtas ina dhiaidh seo.

Deontaisí Stáit alos fostóirí áirithe do chur díonadh ar aer-ruathar ar fáil.

58. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo íocfar amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, le gach duine raghaidh fé chostaisí de chineál chaipitiúil chun díonadh ar aer-ruathar de shaghas a bheidh ceaduithe ag an Aire do chur ar fáil no chun a áirithiú go gcuirfear é ar fáil (in aon chontae-bhuirg, no in áit is baile-líomatáiste sceidealta do réir bhrí Coda II den Acht so) i gcóir daoine ar fostú ag an duine sin (ar shlí seachas i bhfoirgint a bheidh á sealbhú ar fad no nach mór ar fad mar scoil, mar choláiste, mar thigh ósta, mar thigh bidh, mar chlub, mar áit siamsa no áit áineasa phuiblí, mar ospidéal no mar thigh banaltrais), deontas is có-mhéid leis an gcion oiriúnach den mhéid sin de sna costaisí sin a mheasfaidh an tAire do bheith réasúnta.

(2) I bhfo-alt (1) den alt so—

ní fholuíonn an abairt “daoine ar fostú”—

(a) daoine ar fostú mar sheirbhísigh tighis,

(b) daoine ar fostú ar shlí eile sa mhéid sin no i gcóir an mhéide sin d'fhoirgint a húsáidtear chun crícheanna tighis;

cialluíonn an abairt “an cion oiriúnach” méid fén bpunt is cómhéid le ráta caighdeánach na cánach ioncuim in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1939.

(3) Ní híocfar aon deontas fén alt so alos costaisí fé n-a raghfar chun díonadh ar aer-ruathar do chur ar fáil no chun a áirithiú go gcuirfear é ar fáil maran rud é—

(a) go mbeidh an díonadh curtha ar fáil roimh an 1adh lá d'Eanar, 1940, no roimh an dáta san is déanaí ná san a cheapfaidh an tAire in aon chás áirithe tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais; no

(b) go mbeidh obair ar an díonadh ar siúl an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1939, agus gur deimhin leis an Aire go mbeidh an díonadh ar fáil fé cheann ama réasúnta dá éis sin;

agus ní tuigthe chun crícheanna an ailt seo aon chostaisí do bheith réasúnta sa mhéid a raghaid thar an gcaighdeán san a bheidh orduithe le rialacháin (a húdaruítear leis seo don Aire a dhéanamh) ar n-a ndéanamh ag an Aire le toiliú an Aire Airgeadais, maran i gcás 'na mbeidh orduithe amhlaidh ina thaobh a raghfar fútha.

Faoiseamh o rátaí i gcás oibreacha cosanta in aghaidh aerruathar.

59. —(1) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas den alt so i dtreo go dtabharfar faoiseamh o rátaí maidir le hoibreacha áirithe glacfar de láimh d'fhonn daoine agus maoin do chosaint ar dhíobháil no ar dhamáiste i gcás ionnsaighe ón aer (dá ngairmtear “cosaint ar aer-ruathar” san alt so).

(2) Nuair a bheidh luacháil ionoighreachta á déanamh amach fé sna hAchtanna Luachála, ní tabharfar aon áird—

(a) ar aon tseomra ná ar aon chuid eile den ionoighreacht a bheidh curtha leis an ionoighreacht, tráth ar bith tar éis na hionoighreachta do mheas den chéad uair, no bheidh curtha san ionoighreacht, roimh í mheas, chun cosaint ar aer-ruathar do thabhairt agus chuige sin amháin agus ná beidh á shealbhú ná á úsáid chun críche eile ar bith;

(b) ar aon atharuithe déanmhais ná ar aon fheabhsuithe ar an ionoighreacht (seachas aon tseomra no cuid eile den tsórt san adubhradh do chur léi) do rinneadh, tráth ar bith tar éis na hionoighreachta do mheas den chéad uair, chun cosaint ar aer-ruathar do thabhairt agus chuige sin amháin.

(3) Ní dhlighfidh éinne rátaí d'íoc in aghaidh tréimhse ar bith alos ionoighreachta bheidh beartuithe a shealbhú agus a úsáid chun cosaint ar aer-ruathar do thabhairt agus chuige sin amháin agus ná beidh á sealbhú ná á húsáid chun críche ar bith eile, ná ní tuigthe chun crícheanna rátaíochta é do shealbhú na hionoighreachta san agus, d'ainneoin éinní atá sna hAchtanna Luachála, ní déanfar aon ionoighreacht den tsórt san d'áireamh maidir le haon ráta buailfear in aghaidh tréimhse ar bith.

(4) Má bhíonn aon tseomra, no aon chuid eile d'ionoighreacht den tsórt san dá dtagartar i mír (a) d'fho-alt (2) den alt so, no aon ionoighreacht den tsórt san dá dtagartar sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo, á shealbhú no á úsáid chun aon chríche seachas chun cosaint ar aer-ruathar do thabhairt beidh san, chun críche na nAchtanna Luachála, ina chúis a dhéanfaidh deifir do luacháil na hionoighreachta,

An tAire do chur seirbhísí agus tréineála agus gléasra um réamhchúram in aghaidh aer-ruathar ar fáil.

60. —(1) Féadfaidh an tAire, le haontú an Aire Airgeadais, na seirbhísí sin do sholáthar agus na daoine sin do thréineáil agus an gléasra san um réamhchúram in aghaidh aer-ruathar d'fháil, tré íoc asta amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, a mheasfa sé is gá chun cosaint do thabhairt do dhaoine agus do mhaoin i gcás ionnsaighe ón aer, agus aon ghléasra den tsórt san do thabhairt ar iasacht no do chur ar fáil in aisce no do dhíol.

(2) Is tuigthe an t-alt so do theacht i ngníomh an 31adh lá de Mhárta, 1937.

Rialacháin i dtaobh gléasra um réamhchúram in aghaidh aerruathar do stóráil, etc.

61. —(1) Féadfaidh an tAire, le haontú an Aire Airgeadais, rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no aon ní no nithe acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) gléasra um réamhchúram in aghaidh aer-ruathar ar n-a fháil aige fén Acht so, agus ar n-a thabhairt aige ar iasacht no ar n-a chur ar fáil aige in aisce (roimh an Acht so do rith no dá éis sin), do stóráil;

(b) an gléasra san do thabhairt ar iasacht, do chur ar fáil in aisce, agus do dhíol.

(2) Má dheineann duine ar bith (tré ghníomh no tré fhaillí) foráil ar bith a bheidh in aon rialacháin a bheidh déanta fén alt so do shárú beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

Pionós mar gheall ar ghléasra um réamhchúram in aghaidh aerruathar do dhamáistiú.

62. —(1) Má dheinennn duine ar bith go toiliúil aon ghléasra um réamhchúram in aghaidh aer-ruathar, a bheidh tugtha ar iasacht dó no curtha ar fáil in aisce dhó fén Acht so no bheidh fé n-a chúram chun crícheanna an Achta so, do dhamáistiú no a chur fé ndeár no a lomháil é dhamáistiú, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air agus, i dteanta na fíneála san, go n-íocfa sé leis an Aire, chun aon dámáiste den tsórt san do shlánú, an tsuim sin is cóir dar leis an gcúirt.

(2) Déanfar aon airgead a híocfar leis an Aire fén alt so d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste sa tslí sin ordóidh an tAire Airgeadais.

Rialáil do dhéanamh maidir le gléasra um réamhchúram in aghaidh aerruathar d'iomportáil agus do dhíol.

63. —(1) Pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é, féadfaidh an tAire ceachtar ní no an dá ní acu so leanas do dhéanamh le hordú, sé sin le rá:—

(a) iomportáil aon earra (is earra ghléasra um réamhchúram in aghaidh aer-ruathar) a luadhfar san ordú san do rialáil (le n-a n-áirmhítear í thoirmeasc) sa tslí sin is ceart dar leis an Aire;

(b) díol aon earra (is earra ghléasra um réamhchúram in aghaidh aer-ruathar) a luadhfar san ordú san do rialáil (le n-a n-áirmhítear é thoirmeasc) sa tslí is ceart dar leis.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, ceiliúradh no leasú do dhéanamh ar aon ordú bheidh déanta aige fén alt so (le n-a n-áirmhítear an fo-alt so).

(3) Má dheineann duine ar bith aon fhoráil a bheidh in ordú bheidh déanta fén alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire do shárú no thabhairt fé n-a sárú, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air.

(4) Is tuigthe earraí, go dtoirmeascfar le hordú ar n-a dhéanamh fén alt so iad d'iomportáil, do bheith ar na hearraí a háirmhítear agus a tuairiscítear sa Chlár de Thoirmisc agus de Shrianta maidir le hEarraí do Theacht Isteach atá in alt 42 den Customs Consolidation Act, 1876, agus beidh feidhm dá réir sin ag na forálacha den Acht san, ar n-a leasú no ar n-a leathnú le haon Acht ina dhiaidh sin, a bhaineann le hearraí toirmiscthe no srianta d'iomportáil.

(5) Gach ordú dhéanfaidh an tAire fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do bhailíocht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.

Cúiteamh i gcás díobhála do dhaoine ar bheith ag gabháil dóibh do ghníomhachtaí um réamhchúram in aghaidh aerruathar.

64. —(1) Baineann an t-alt so le díobhála pearsanta ar n-a dtárlachtaint, do sna daoine sin agus san sna cúinsí sin a bheidh luaidhte i scéim ar n-a déanamh fé fho-alt (2) den alt so, le linn tréineáil no cleachtadh i dtaobh réamhchúraim in aghaidh aerruathar do bheith á thabhairt do sna daoine sin no á thabhairt acu do dhaoine eile, agus is díobhála ar n-a dtárlachtaint in aimsir shíochána.

(2) Féadfaidh an tAire Airgeadais scéim do dhéanamh á fhoráil go ndéanfar na suimeanna tréimhsiúla san no na cnap-shuimeanna san a luadhfar sa scéim sin d'íoc, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, le daoine no le cleithiúnaithe daoine dá dtárlóidh díobhála le n-a mbaineann an t-alt so.

(3) Féadfar scéim fé fho-alt (2) den alt so do cheiliúradh no d'atharú le scéim ar n-a déanamh ina dhiaidh sin fén bhfo-alt san.

(4) I gcás aon díobháil le n-a mbaineann an t-alt so do thárlachtaint do dhuine ar bith, ní bheidh aon chúiteamh ná airgead damáiste iníoctha alos na díobhála san, fé Acht ar bith ná do réir an dlí choitianta, ag fostóir an duine dhíobháluithe ná ag duine ar bith bheidh ag tabhairt tréineála no cleachtaidh don duine dhíobháluithe no ag fáil tréineála no cleachtaidh ina theanta.

(5) San alt so foluíonn an abairt “díobháil phearsanta” aon díobháil phearsanta as a dtiocfaidh bás do dhuine.

Pictiúirí d'aistriú ón nGaileirí Náisiúnta.

65. —D'fhonn pictiúirí i nGaileirí Náisiúnta na hÉireann do chosaint ar dhíobháil tré ionnsaighe ón aer, féadfaidh Gobharnóirí agus Caomhnóirí Ghaileirí Náisiúnta na hÉireann na pictiúirí sin no aon chuid acu d'aistriú ón nGaileirí Náisiúnta go dtí an áit no na háiteanna san is oiriúnach leo agus aon phictiúirí a haistreofar amhlaidh do choimeád san áit no sna háiteanna san ar feadh na tréimhse sin is oiriúnach leo.