Ar Aghaidh (SCEIDEAL. AINMNEACHA GAEDHILGE AIRI AGUS RANN AIRITHE.)

36 1939


Uimhir 36 de 1939.


ACHT AIRÍ AGUS RÚNAITHE (LEASÚ), 1939.


ACHT CHUN ROINN SOLÁTHAIRTÍ DO BHUNÚ AMHAIL AR AN 8adh LÁ DE MHEÁN FHÓMHAIR, 1939, AGUS ÓN LÁ SAN AMACH AGUS CHUN LEASÚ DO DHÉANAMH AR NA hACHTANNA AIRÍ AGUS RÚNAITHE, 1924 AGUS 1928, AMHAIL AR AN LÁ SAN AGUS ÓN LÁ SAN AMACH CHUN NA CRÍCHE SIN AGUS CHUN CRÍCHEANNA IOMDHA EILE. [21adh Mí na Nodlag, 1939.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an t Acht Airí agus Rúnaithe, 1924 (Uimh. 16 de 1924) .

An Roinn Soláthairtí.

2. —(1) Déanfar agus deintear leis seo Roinn Stáit do bhunú ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal an Roinn Soláthairtí.

(2) Isé cúram na Roinne Soláthairtí riaradh agus gnó na bhfeidhmeanna san a bhaineann leis na nithe seo leanas agus a bheidh dáilithe de thurus na huaire don Roinn sin fén Acht so, sé sin le rá:—

(a) rialáil agus rialú soláthairtí agus seirbhísí atá riachtanach do bheatha na ndaoine;

(b) cothabháil agus soláthar soláthairtí den tsórt san roimhráite ag an Stát no thar a cheann;

(c) soláthar agus oibriú seirbhísí den tsórt san roimhráite ag an Stát no thar a cheann.

(3) An tAire bheidh i bhfeighil na Roinne Soláthairtí bhéarfar mar theideal air an tAire Soláthairtí no (i mBéarla) the Minister for Supplies agus, fén teideal no fén ainm roimhráite sin aige, beidh sé ina chorparáid aon-fhir go síor-chomharbas agus go séala oifigiúil (ar a dtabharfar áird go hoifigiúil agus i gcúrsaí breithiúnais) agus féadfaidh dul chun dlí agus, fé réir fiat an Ard-Aighne do dheonadh, féadfar dul chun dlí leis fén ainm no fén teideal roimhráite sin aige agus féadfaidh talamh do thógaint, do shealbhú, agus do chur de láimh.

(4) Bainfidh an Príomh-Acht (ach amháin alt 1 agus fo-alt (1) d'alt 2 dhe agus na hailt de a hathghairmtear leis an Acht so no le haon Acht eile) leis an Roinn Soláthairtí agus leis an Aire bheidh ina feighil amhail is go mba le halt 1 den Phríomh-Acht do bunófaí an Roinn sin.

Feidhmeanna do dháiliú don Roinn Soláthairtí

3. —(1) Aon uair a mheasfaidh an Riaghaltas gur cheart, ar mhaithe leis an bpuiblíocht, aon fheidhm a bhaineann le ní no nithe dá luaidhtear i bhfo-alt (2) den alt deiridh sin roimhe seo do thaobhú leis an Aire Soláthairtí féadfaidh an Riaghaltas, le hordú no ar pé slí eile is dóich leo is ceart, riaradh agus gnó na feidhme sin do dháiliú don Roinn Soláthairtí agus féadfaid, le hordú no ar shlí eile mar adubhradh, an dáiliú san d'fhoirceannadh más dóich leo agus aon uair is dóich leo é bheith oiriúnach ar mhaithe leis an bpuiblíocht.

(2) Aon uair a déanfaí riaradh agus gnó feidhme do dáilíodh fén Acht so don Roinn Soláthairtí d'áireamh, mara mbeadh an dáiliú san, ar na seirbhísí puiblí bhaineann le Roinn eile Stáit, scuirfidh riaradh agus gnó na feidhme sin, chó fada le méid an dáilithe sin agus faid a mhairfidh an dáiliú san, de bheith ar na seirbhísí puiblí bhaineann leis an Roinn Stáit eile sin.

Aire gan ceannas Roinne.

4. —(1) Ní thiocfaidh d'éinní sna hAchtanna Airí agus Rúnaithe, 1924 agus 1928, no san Acht so, go mbeidh sé riachtanach gach comhalta den Riaghaltas do bheith ina Aire i bhfeighil Roinne Stáit.

(2) Bhéarfar Aire gan ceannas Roinne ar chomhalta den Riaghaltas nach Aire i bhfeighil Roinne Stáit.

(3) Féadfaidh an Riaghaltas, aon uair is dóich leo gur ceart é, ainm no teideal sonnrách ar a dtabharfar áird go hoifigiúil agus i gcúrsaí breithiúnais do cheapadh d'aon Aire áirithe gan ceannas Roinne.

Ranna d'aistriú chun Airí agus uatha.

5. —(1) Féadfaidh an Taoiseach aon uair deireadh do chur le dáiliú aon Roinne áirithe Stáit don chomhalta áirithe den Riaghaltas a bheidh an uair sin i bhfeighil na Roinne sin agus an Roinn sin do dháiliú do chomhalta eile den Riaghaltas.

(2) I ngach cás ina ndearna an Riaghaltas, an 8adh lá de Mheán Fhómhair, 1939, no dá éis sin, agus roimh dháta an Achta so do rith, dáiliú aon Roinne áirithe Stáit d'aon chomhalta áirithe den Riaghaltas d'fhoirceannadh no Roinn Stáit do dháiliú do chomhalta den Riaghaltas amhlaidh beidh an foirceannadh no an dáiliú san, agus is tuigthe go raibh riamh, bailidhe agus éifeachtúil.

Comhachta iolardha an Riaghaltais maidir le Ranna Stáit.

6. —(1) Is dleathach don Riaghaltas, pé uair is dóich leo gur ceart é, gach ní no aon ní no nithe acu so leanas do dhéanamh le hordú, sé sin le rá:—

(a) ainm aon Roinne Stáit (i nGaedhilg no i mBéarla no ionta araon) d'atharú mar is dóich leo is ceart;

(b) teideal aon Aire i bhfeighil Roinne Stáit (i nGaedhilg no i mBéarla no ionta araon) d'atharú mar is dóich leo is ceart;

(c) riaradh agus gnó aon tseirbhíse puiblí áirithe no aon bhrainse no coda den tseirbhís phuiblí sin d'aistriú o aon Roinn áirithe Stáit go dtí aon Roinn eile Stáit agus gach aistriú oifigeach agus maoine agus gach ní eile do dhéanamh do gheobhaidh leis an aistriú san gnótha agus maoine no a leanfaidh as;

(d) aon chomhacht no dualgas no feidhm áirithe bheidh dílsithe, le haon reacht no ní eile no fé, in aon Aire i bhfeighil Roinne Stáit d'aistriú ón Aire sin chun an Aire i bhfeighil aon Roinne eile Stáit;

(e) cóghléasadh d'ordú d'aon Roinn Stáit agus chuige sin aonaid riaracháin do bhunú sa Roinn Stáit sin;

(f) riaradh agus gnó aon tseirbhíse puiblí, ná beidh dáilithe go soiléir d'aon Roinn áirithe Stáit no gur eirigh aon amhras no ceist no diospóid i dtaobh a dáilithe, do dháiliú do pé Roinn Stáit is dóich leis an Riaghaltas do bheith oiriúnach;

(g) gach oiriúnú do dhéanamh ar achtacháin a mheasfaidh an Riaghaltas a leanann as éinní do rinneadar fé aon mhír acu san roimhe seo den fho-alt so.

(2) Má eiríonn aon amhras, ceist, no diospóid i dtaobh cadé an Roinn Stáit dar dáilíodh riaradh agus gnó aon tseirbhíse puiblí áirithe no aon bhrainse no coda den tseirbhís phuiblí sin no i dtaobh cé hé an tAire inar dílsíodh aon chomhacht, dualgas, no feidhm áirithe, ansan, gan dochar don chomhacht chuige sin do bheirtear don Riaghaltas leis an bhfo-alt san roimhe seo den alt so, isé an Taoiseach do bhéarfaidh breith ar an amhras, ar an gceist, no ar an diospóid sin.

(3) Má rinneadh no má deintear ar ball le reacht aon chomhacht no dualgas no feidhm áirithe do bhronnadh no do chur ar Aire i bhfeighil Roinne Stáit no má haistrítear an céanna chuige fén alt so, is tuigthe gur dáilíodh don Roinn Stáit sin an riaradh agus an gnó bhaineann le feidhmiú no cólíonadh na comhachta no an dualgais no na feidhme sin.

Eagcumas sealadach Airí.

7. —(1) Pé uair a thárlóidh do phearsain a bheidh i seilbh oifige Aire i bhfeighil Roinne Stáit go mbeidh sé, toisc easláinte no toisc gan é bheith in Éirinn no toisc éinní eile, éagcumasach go sealadach ar dhualgaisí na hoifige sin aige do chólíonadh féadfaidh an Riaghaltas, le hordú dhéanfaid roimh an éagcumas sealadach san agus ag coinne leis dóibh no le n-a linn, comhalta eile den Riaghaltas (pe'ca i bhfeighil Roinne Stáit dó no nach eadh) d'ainmniú chun go bhfeidhmeoidh, ar feadh tréimhse áirithe nach sia ná ré an éagcumais shealadaigh sin, oifig na pearsan san dá dtárlóidh amhlaidh go mbeidh sé éagcumasach go sealadach ar dhualgaisí na hoifige sin do chólíonadh.

(2) Aon uair le linn ainmniú fén alt so do bheith i bhfeidhm féadfaidh an Riaghaltas, le hordú, an t-ainmniú san do cheiliúradh agus féadfaid, go sonnrách, an t-ainmniú san do cheiliúradh amhlaidh d'fhonn ainmniú nua do dhéanamh ina ionad.

(3) Comhalta den Riaghaltas a hainmneofar fén alt so chun oifig Aire i bhfeighil Roinne Stáit d'fheidhmiú, isé is Aire i bhfeighil na Roinne sin chun gach críche faid a bheidh ag feidhmiú na hoifige sin de bhun an ainmnithe sin, ach aon uair is oiriúnach leis é féadfaidh an focal “gníomhathach” do chur i ndiaidh an teidil a bheidh aige ina Aire amhlaidh dó no, i mBéarla, an focal “acting” do chur roimh an teideal san.

(4) Má hainmnítear comhalta den Riaghaltas fén alt so chun oifig Aire i bhfeighil Roinne Stáit d'fheidhmiú ní dhéanfaidh san dochar ná deifir do cheapadh ná do shealbhaíocht oifige dhuine bheidh, tráth an ainmnithe sin, ina rúnaí pháirliminte don Aire sin.

(5) I gcás pearsa bheidh éagcumasach go sealadach do réir bhrí an chéad fho-ailt den alt so ar dhualgaisí a oifige do chólíonadh do bheith ina Aire i bhfeighil dhá Roinn Stáit no níos mó féadfar, más dóich leis an Riaghaltas gur ceart é, comhaltaí deifriúla den Riaghaltas d'ainmniú fén alt so chun oifig na pearsan san d'fheidhmiú maidir le gach ceann fé leith no aon cheann fé leith de sna Ranna Stáit sin.

Ceart rúnaithe páirliminte chun éisteacht d'fháil.

8. —(1) Beidh ceart ag rúnaí páirliminte is comhalta de Dháil Éireann chun bheith i láthair agus éisteacht d'fháil i Seanad Éireann.

(2) Beidh ceart ag rúnaí páirliminte is comhalta de Sheanad Éireann bheith i láthair agus éisteacht d'fháil i nDáil Éireann.

Comhachta agus dualgaisí Aire do leigint chun rúnaithe páirliminte.

9. —(1) Is dleathach don Riaghaltas, le hordú ar n-a dhéanamh ar iarratas Aire i bhfeighil Roinne Stáit, comhachta agus dualgaisí uile an Aire sin fé aon Acht áirithe no aon chomhacht reachtúil no dualgas reachtúil áirithe de chuid an Aire sin do leigint chun rúnaí pháirliminte an Aire sin.

(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach leigint chun rúnaí pháirliminte fén alt so, sé sin le rá:—

(a) ar iarratas an Aire gur ar iarratas uaidh do rinneadh í, no gan aon iarratas den tsórt san, féadfaidh an Riaghaltas an leigint sin do cheiliúradh tráth ar bith;

(b) beidh deireadh leis an leigint sin ar éinní no an dá ní acu so leanas do thárlachtaint, sé sin le rá, an tAire, gur ar iarratas uaidh do rinneadh an leigint sin, do scur de bheith ina Aire go mbaineann an leigint sin le n-a chomhachta agus a dhualgaisí no an rúnaí páirliminte chun a ndearnadh an leigint sin do scur de bheith ina rúnaí pháirliminte don Aire sin;

(c) déanfaidh an leigint sin, faid a bheidh sí i bhfeidhm, gach comhacht agus dualgas reachtúil a leigfe sí do thabhairt agus do dhílsiú don rúnaí pháirliminte chun a ndéanfar í;

(d) gach comhacht agus dualgas reachtúil a leigfidh an leigint sin beid infheidhmithe, agus cólíonfar iad, ag an rúnaí páirliminte sin ina ainm féin fé mhaoirseacht agus urlámhas generálta an Aire gur ar iarratas uaidh do rinneadh í agus fé réir aon choinníollacha no srianta luadhfar sa leigint sin;

(e) gach comhacht no dualgas reachtúil a leigfidh an leigint sin leanfaid, d'ainneoin na leiginte sin, de bheith dílsithe don Aire gur ar iarratas uaidh do rinneadh í ach beid có-dhílsithe dhó-san agus don rúnaí pháirliminte sin in éineacht i slí go mbeid infheidhmithe no ionchólíonta ag an Aire sin no ag an rúnaí páirliminte sin;

(f) an tAire gur ar iarratas uaidh do rinneadh í, ní chealóidh ná ní laigheadóidh an leigint sin an fhreagarthacht a bheidh air do Dháil Éireann no a bheidh air mar chomhalta den Riaghaltas maidir le feidhmiú no cólíonadh na gcomhacht agus na ndualgas reachtúil a leigfe sí.

Ainmneacha Gaedhilge Airí agus Rann áirithe.

10. —Gach Aire luaidhtear (fén ainm dob ainm dhleathach dó díreach roimh theacht i ngníomh don Bhunreacht) sa dara colún de Sceideal an Achta so, isí ainm Ghaedhilge bheidh air feasta agus is tuigthe do bheith air o theacht i ngníomh don Bhunreacht an ainm a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san os coinne an luaidhte sin ar an Aire sin sa dara colún san agus, an Roinn Stáit go bhfuil an tAire sin ina feighil, isí ainm Ghaedhilge bheidh uirthi feasta agus is tuigthe do bheith uirthi o theacht i ngníomh don Bhunreacht an ainm a luaidhtear sa cheathrú colún den Sceideal san os coinne an luaidhte sin ar an Aire sin sa dara colún san.

Athghairm.

11. —Athghairmtear leis seo ailt 11 agus 12 den Phríomh-Acht agus alt 4 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1928 ( Uimh. 6 de 1928 ).

Tosach feidhme.

12. —Is tuigthe an tAcht so do theacht i bhfeidhm an 8adh lá de Mheán Fhómhair, 1939, agus beidh agus is tuigthe go raibh éifeacht aige amhail ar an lá san agus ón lá san amach.

Gearr-theideal, léiriú, agus luadh.

13. —(1) Féadfar an tAcht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1939 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar mar éinní amháin an tAcht so agus na hAchtanna Airí agus Rúnaithe, 1924 agus 1928, agus féadfar na hAchtanna Airí agus Rúnaithe, 1924 go 1939, do ghairm de sna hAchtanna san agus den Acht so le chéile.