19 1940


Uimhir 19 de 1940


ACHT UM THOGHACHÁIN ÁITIÚLA (LEASÚ), 1940.

[An tiontódh oifigeamhail.]

ACHT CHUN AN ACHTA UM THOGHACHÁIN ÁITIÚLA, 1937 , DO LEASÚ TRÍD AN TRÉIMHSE, INAR GÁ DO RÉIR AN ACHTA SAN TOGHACHÁIN ÁITIÚLA LE N-A mBAINEANN AN CÉANNA DO CHOMÓRADH, D'FHAIDIÚ BLIAIN, AGUS CHUN SOCRUITHE LEANAS AS AN bhFAIDIÚ SAN NO GHABHAS LEIS DO DHÉANAMH. [10adh Iúl, 1940.]

ACTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an t Acht um Thoghacháin Áitiúla, 1937 (Uimh. 14 de 1937) .

Léiriú agus mínithe.

2. —(1) Déanfar an tAcht so agus an Príomh-Acht do léigheamh agus do léiriú mar éinní amháin.

(2) San Acht so cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe.

(3) Beidh gach cólucht is údarás áitiúil chun crícheanna Coda II den Phríomh-Acht, agus fós (ach sa leasú deintear leis an Acht so ar alt 5 den Phríomh-Acht) comhairle chontae-bhuirge Chorcaighe, ina údarás áitiúil chun crícheanna an Achta so, agus is dá réir sin a léireofar an abairt “údarás áitiúil” san Acht so.

Ailt 5 agus 7 den Phríomh-Acht do leasú.

3. —(1) Deintear leis seo alt 5 den Phríomh-Acht do leasú tré fho-alt (1) den alt san do scriosadh agus tríd an bhfo-alt so leanas do chur san alt san in ionad an fho-ailt a scriostar amhlaidh, sé sin le rá:—

“(1) Déanfaidh an tAire le hordú, roimh an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1941, lá nach déanaighe ná an 30adh lá san de Mheán Fhómhair, 1941, do cheapadh, maidir le gach údarás áitiúil, chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna na Coda so den Acht so alos an údaráis áitiúil sin.”

(2) Déanfar Cuid II den Phríomh-Acht (le n-a n-áirmhítear alt 5 di) do léiriú ag féachaint go cuibhe don leasú dheineann an fo-alt san roimhe seo den alt so ar an alt san 5 agus, chun lán-éifeacht do thabhairt don leasú san, déanfar an dáta an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1941, do chur in ionad an dáta an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1940, san áit ina luaidhtear, i bhfo-alt (3) den alt san 5 agus i bhfo-alt (2) d'alt 7 den Phríomh-Acht, an dáta san is déanaighe luaidhtear.

Alt 16 den Phríomh-Acht do leasú.

4. —(1) Deintear leis seo alt 16 den Phríomh-Acht do leasú tré fho-alt (1) den alt san do scriosadh agus tríd an bhfo-alt so leanas do chur san alt san in ionad an fho-ailt a scriostar amhlaidh, sé sin le rá:—

“(1) Déanfaidh an tAire le hordú, roimh an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1941, lá nach déanaighe ná an 30adh lá san de Mheán Fhómhair, 1941, do cheapadh chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna na Coda so den Acht so alos na Comhairle.”

(2) Déanfar Cuid III den Phríomh-Acht (le n-a n-áirmhítear alt 16 di) do léiriú ag féachaint go cuibhe don leasú dheineann an fo-alt san roimhe seo den alt so ar an alt san 16.

Cruinnithe d'údaráis áitiúla i 1940.

5. —(1) Beidh an bhliain 1940, maidir le gach údarás áitiúil le n-a mbaineann alt 8 no alt 9 no alt 10 den Acht um Thoghacháin Áitiúla, 1927 ( Uimh. 39 de 1927 ), agus is tuigthe í bheith riamh ina bliain ná comórfar aon toghachán cinn trí mblian chun daoine do thoghadh chun an údaráis áitiúil sin.

(2) Chun deireadh do chur le hamhrais, dearbhuítear agus achtuítear leis seo ná beidh aon chruinniú d'údarás áitiúil, ná éinní do rinneadh ag cruinniú d'údarás áitiúil, le n-a mbaineann alt 8 no alt 9 no alt 10 den Acht um Thoghacháin Áitiúla, 1927 ( Uimh. 39 de 1927 ), agus a comóradh roimh an Acht so do rith ar dháta do bheadh, fén alt san aca san a bhaineann leis an gcás, ina dháta cheart chun an chruinnithe sin do chomóradh dá mbeadh an tAcht so i bhfeidhm an tráth san, nea-dhleathach ná ionchonspóidthe ar an bhforas go raibh an bhliain 1940, an tráth a comóradh an cruinniú san, ina bliain inar ghá do réir dlí toghachán cinn trí mblian do chomóradh chun daoine do thoghadh chun an údaráis áitiúil sin.

Comhacht chun deacrachtaí do réiteach.

6. —Má eirigh no más deallrathach dar leis an Aire go n-eireoidh aon deacracht, maidir le cruinniú ar bith d'aon údarás áitiúil no d'aon chólucht eile do chomóradh, de bhíthin aon leasuithe dheineann an tAcht so ar an bPríomh-Acht no de bhíthin aon fhorála eile den Acht so, féadfaidh an tAire, le hordú, aon ní no rud do dhéanamh a chífear dó do bheith riachtanach chun gur féidir an cruinniú san do chomóradh no chun an údaráis áitiúil no an chóluchta eile sin do chó-dhéanamh i gceart no chun dleathacht do thabhairt do nós imeachta an údaráis áitiúil no an chóluchta eile sin no chun na deacrachta san do réiteach ar shlí eile (do réir mar a bheidh) agus féadfaidh, leis an ordú san, aon oiriúnuithe no atharuithe is gá do dhéanamh ar aon reacht no ordú no rialachán.

Gearr-theideal agus có-luadh.

7. —(1) Féadfar an tAcht um Thoghacháin Áitiúla (Leasú), 1940 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna um Thoghacháin Áitiúla, 1937 agus 1940, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.