An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT UM FHEIDHMIÚ ORDUITHE CÚIRTE, 1940) Ar Aghaidh (CUID II. Ilghneitheach agus Generalta.)

23 1940

ACHT UM FHEIDHMIÚ ORDUITHE CÚIRTE, 1940

CUID I.

An tAcht um Fheidhmiu Orduithe Cuirte, 1926 , do Leasu.

An Príomh-Acht.

1. —Sa Chuid seo den Acht so, cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an t Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926 (Uimh. 18 de 1926) .

An Chuid seo den Acht so do léiriú.

2. —(1) Léighfear an Chuid seo den Acht so agus Cuid II den Phríomh-Acht mar éinní amháin agus, dá réir sin, gach focal agus abairt dá dtugtar brí áirithe sa Chuid sin II no léi, chun crícheanna na Coda san II, beidh aige, sa Chuid seo den Acht so, an bhrí do bheirtear dó amhlaidh.

(2) Sa Chuid seo den Acht so, cialluíonn an abairt “ordú tráthchoda” ordú ar n-a dhéanamh fé alt 17 den Phríomh-Acht, pé aca in aon íocaíocht amháin no i dtráthchoda is gá do réir an orduithe sin na fiacha agus na costaisí d'íoc agus, i gcás an t-ordú san d'atharú fén gCuid seo den Acht so, foluíonn an abairt sin an t-ordú san ar n-a atharú amhlaidh.

An t-am chun ordú scrúdúcháin d'iarraidh.

3. —Is ceaduithe ordú scrúdúcháin d'iarraidh tráth ar bith laistigh de shé bliana tar éis dáta an bhreithiúntais gur ina thaobh a bheidh an t-ordú san á lorg.

Ré feidhme orduithe tráthchoda.

4. —(1) Ordú tráthchoda déanfar tar éis an Achta so do rith, leanfa sé i bhfeidhm go ceann sé mblian o dháta a dhéanta agus go ceann na tréimhse sin amháin.

(2) Ní bheidh tráthchuid ar bith iníoctha ná ionbhainte amach is tráthchuid a fhásfaidh chun bheith dlite, fé ordú tráthchoda, tar éis an orduithe sin do scur de bheith i bhfeidhm.

(3) Ní léireofar éinní atá san alt so mar ní a chuireann de cheangal go bhforálfar le hordú tráthchoda iomlán na bhfiacha agus na gcostaisí d'íoc laistigh den tréimhse leanfaidh an t-ordú san i bhfeidhm.

Orduithe tráthchoda d'atharú.

5. —(1) Féadfaidh Breitheamh den Chúirt Dúithche, más ceart san dar leis ar iarratas an chreidmheasóra no an fhéichimh, an ní sin aca so leanas a bhainfidh leis an gcás do dhéanamh alos orduithe thráthchoda ar bith (ar n-a dhéanamh roimh an Acht so do rith no dá éis sin), sé sin le rá:—

(a) i gcás inar gá do réir an orduithe thráthchoda san na fiacha agus na costaisí d'íoc in aon íocaíocht amháin, an t-ordú san d'atharú i slí go bhforálfar go ndéanfar (in ionad na híocaíochta san d'íoc in aon tsuim amháin) na fiacha agus na costaisí d'íoc sna tráthchoda san agus na tráthanna san is dóich leis an mBreitheamh san do bheith réasúnta ag féachaint dó do chúrsaí uile an cháis;

(b) i gcás inar gá do réir an orduithe thráthchoda san na fiacha agus na costaisí d'íoc i dtráthchoda, an t-ordú san d'atharú, sa tslí sin is ceart dar leis an mBreitheamh san, maidir le huimhir na dtráthchoda no le méid na dtráthchoda no leis na tráthanna bheidh na tráthchoda le n'íoc no maidir leis na nithe sin uile no le haon dá ní aca.

(2) Pé uair a dhéanfaidh Breitheamh den Chúirt Dúithche ordú fén alt so, pé aca ar iarratas ón gcreidmheasóir no ar iarratas ón bhféicheamh é, ag atharú orduithe thráthchoda, féadfaidh an Breitheamh san, más ceart san dar leis, ceachtar ní no an dá ní aca so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) a ordú costaisí an chreidmheasóra, alos an orduithe atharúcháin sin d'iarraidh, do bheith ina gcuid de chostaisí na n-imeacht sa Chúirt Dúithche do réir bhrí ailt 17 den Phríomh-Acht;

(b) a ordú feidhm agus éifeacht do bheith ag an ordú atharúcháin sin amhail o dháta áirithe roimh dháta a dhéanta.

(3) Ach amháin sa mhéid go bhforáltar a mhalairt leis na fo-ailt sin roimhe seo den alt so, is o dháta a dhéanta a bheidh éifeacht ag ordú fén alt so.

Alt 18 den Phríomh-Acht d'ath-achtú go n-atharuithe air.

6. —Athghairmtear leis seo alt 18 den Phríomh-Acht agus ina ionad san achtuítear leis seo mar leanas, sé sin le rá:—

(a) i gcás féicheamh do dhligheadh de bhuadh orduithe thráthchoda fiacha agus costaisí d'íoc in aon íocaíocht amháin no i dtráthchoda, agus an féicheamh san do thabhairt faillighe san íocaíocht san do dhéanamh, no do thabhairt faillighe i gceann amháin no níos mó de sna tráthchoda san a fhásfaidh chun bheith dlite faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm d'íoc, an tráth no na tráthanna bheidh ceaptha chuige sin leis an ordú san, is ceaduithe don chreidmheasóir a iarraidh ar Bhreitheamh den Chúirt Dúithche, tráth ar bith faid a bheidh an t-ordu san i bhfeidhm no fé cheann dhá mhí dhéag tar éis dó scur de bheith i bhfeidhm, a ordú an féicheamh san do ghabháil agus do chur i bpríosún;

(b) ar iarratas fén mír dheiridh sin roimhe seo den alt so d'éisteacht, féadfaidh an Breitheamh, más ceart san dar leis agus fé réir na céad mhíre ina dhiaidh seo den alt so, a ordú an féicheamh do ghabháil agus é chur i bpríosún ar feadh téarma ar bith nach sia ná trí mhí agus, leis sin, déanfar an féicheamh do ghabháil agus do chur i bpríosún dá réir sin;

(c) ní ordóidh an Breitheamh, fén mír dheiridh sin roimhe seo den alt so, an féicheamh do ghabháil agus do chur i bpríosún má dheineann an féicheamh (i gcás é theacht i láthair) a chur ina luighe ar an mBreitheamh san nách diúltú toilteanach ná faillighe inmhilleáin uaidh féin fé ndeár gan é do dhéanamh íoca;

(d) ar iarratas fé mhír (a) den alt so d'éisteacht agus más ceart dar leis an mBreitheamh san do dhéanamh, féadfaidh, in ionad a ordú an féicheamh do ghabháil agus do chur i bpríosún, deighleáil leis an iarratas san fé is dá mba iarratas é fén alt deiridh sin roimhe seo den Acht so chun an orduithe thráthchoda san d'atharú agus, leis sin, beidh an t-alt deiridh sin roimhe seo infheidhmithe fé is dá mba iarratas fén gcéanna an t-iarratas san;

(e) pé uair a déanfar féicheamh do ghabháil agus do chur i bpríosún de bhuadh orduithe ar n-a dhéanamh fén alt so, beidh an féicheamh san i dteideal é scaoileadh saor an túisce íocfa sé féin no a híocfar thar a cheann, leis an gCléireach Cúirte Dúithche no le Gobharnóir an Phríosúin le haghaidh an Chléirigh Chúirte Dúithche, an méid airgid (a luadhfar san ordú san) is suim na dtráthchoda uile de sna fiacha agus de sna costaisí a bheidh fásta roimh dháta an orduithe sin agus gan íoc ar an dáta san, maraon leis an méid breise sin (más aon mhéid é) in aghaidh costaisí an orduithe sin is dóich leis an mBreitheamh a dhéanfaidh an t-ordú san do bheith réasúnta;

(f) an t-airgead go léir íocfaidh féicheamh no a híocfar thar a cheann, fén alt so, leis an gCléireach Cúirte Dúithche (go díreach no tré Ghobharnóir an Phríosúin) déanfaidh an Cléireach Cúirte Dúithche é íoc leis an gcreidmheasóir ar eisean dá iarraidh air.