25 1940


Uimhir 25 de 1940.


ACHT UM EALLACH STUIC A hEASPORTÁLFAR (ÁRACHAS), 1940.

[An tiontódh oifigeamhail.]

ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN LOINGSEOIRÍ ÁIRITHE EALLAIGH STUIC D'ÁRACHÚ IN AGHAIDH AN EALLAIGH STUIC SIN DO CHAILLIÚINT NO DO DHAMÁISTIÚ LE LINN A nIOMPAIR, AGUS IN AGHAIDH FREAGARTHACHTA I MEÁN-SINTIÚISÍ GENERÁLTA FÉN MARINE INSURANCE ACT, 1906, CHUN A SHOCRÚ GO nÍOCFAIDH NA LOINGSEOIRÍ SIN DLEACHTA, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE ÁIRITHE EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE.

[10adh Iúl, 1940.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaidheachta;

cialluíonn an abairt “an tArd-Choiste” an National Executive of the Irish Live Stock Trade;

foluíonn an focal “beithígh” tairbh, ba, bulláin, seafaidí agus gamhna;

foluíonn an focal “caoirigh” reithí, fóisceacha, moltacháin agus uain;

foluíonn an focal “muc” collach, cráin, muc ramhar agus banbh;

cialluíonn an abairt “eallach stuic” ainmhithe is beithígh no caoirigh no muca;

cialluíonn an focal “ainmhidhe” aon chineál eallaigh stuic;

tá leis an abairt “áit chaluíochta Bhriotáineach” an chiall do bheirtear di leis an Acht Ainmhithe Coinnithe (Cúiteamh), 1932 (Uimh. 9 de 1932) ;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacha ar n-a ndéanamh fén Acht so ag an mBord um Eallach Stuic a hEasportálfar (Arachas).

Dáta an bhunuithe agus an lá ceaptha.

2. —(1) Déanfaidh an tAire, le hordú, an lá san is oiriúnach leis do cheapadh chun bheith ina dháta is dáta an bhunuitthe chun crícheanna an Achta so, agus cialluíonn an abairt “dáta an bhunuithe” san Acht so an lá ceapfar amhlaidh.

(2) Déanfaidh an tAire, le hordú, an lá san is oiriúnach leis, i ndiaidh dáta an bhunuithe, do cheapadh chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna an Achta so, agus cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” san Acht so an lá ceapfar amhlaidh.

An Bord um Eallach Stuic a hEalsportálfar (Arachas) do bhunú.

3. —(1) Bunófar ar dháta an bhunuithe, de bhuadh an fho-ailt seo, cólucht (dá ngairmtear an Bord san Acht so) ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal an Bord um Eallach Stuic a hEasportálfar (Arachas) chun na bhfeidhmeanna ceaptar dó leis an Acht so do chólíonadh.

(2) Beidh an Bord (fén ainm sin aca) ina gcólucht chorparuithe go síor-chomharbas agus fós go séala oifigiúil (ar a dtabharfar áird i gcúrsaí breithiúnais) agus go gcomhacht chun lítheadh fé n-a ainm chorparuithe agus chun talamh do shealbhú, agus féadfar iad do lítheadh fé n-a n-ainm chorparuithe.

Có-dhéanamh an Bhúird.

4. —(1) Is ocht mbaill a bheidh ar an mBord.

(2) Ní foláir gach ball den Bhord do bheith ina dhuine bheidh ina ghnáth-chomhnaidhe sa Stát agus ag gabháil don trádáil in eallach stuic.

(3) Ní foláir ceithre baill ar a laighead den Bhord do bheith ina ndaoine bheidh ag gabháil don trádáil i mbeithígh no don trádáil i gcaoirigh agus ní foláir ball amháin ar a laighead den Bhord do bheith ina dhuine bheidh ag gabháil don trádáil i muca.

Forálacha maidir le baill den Bhord do cheapadh, agus le n-a dtéarmaí oifige agus le hiad d'eirghe as oifig, etc.

5. —(1) Déanfaidh an tArd-Choiste baill an Bhúird do cheapadh i gcionn gach cúig mblian agus déanfar an chéad cheapadh aca san bliain dáta an bhunuithe, agus san Acht so cialluíonn an abairt “bliain toghacháin” aon bhliain inar gá do réir an fho-ailt seo baill den Bhord do cheapadh.

(2) Déanfaidh an tArd-Choiste ochtar do cheapadh, roimh dháta an bhunuithe, chun bheith ina mbaill den Bhord agus, gach duine ceapfar amhlaidh, tosnóidh a théarma oifige ar dháta an bhunuithe, agus má éagann duine ar bith aca san roimh dháta an bhunuithe is tuigthe, chun crícheanna an ailt seo, é d'éag ar dháta an bhunuithe.

(3) Déanfaidh an tArd-Coiste, lá i ngach bliain toghacháin (seachas an chéad bhliain toghacháin), ochtar do cheapadh chun bheith ina mbaill den Bhord agus, gach duine ceapfar amhlaidh, tosnoidh a théarma oifige an lá díreach tar éis dáta a cheaptha.

(4) Gach ball den Bhord a ceapfar fé fho-alt (2) no fé fho-alt (3) den alt so beidh sé, mara n-éagaidh no mara n-eirghidh as oifig no mara dtagaidh fé dhí-cháilíocht roimhe sin, i seilbh oifige go dtí an chéad lá eile cheapfaidh an tArd-Choiste, de bhun fo-ailt (3) den alt so, ochtar chun bheith ina mbaill den Bhord.

(5) Pé uair éagfaidh duine ba bhall den Bhord no eireoidh sé as oifig no thiocfa sé fé dhí-cháilíocht déanfaidh an tArd-Choiste, chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin, duine eile do cheapadh chun bheith ina bhall den Bhord agus, an duine ceapfar amhlaidh, beidh sé, mara n-éagaidh no mara n-eirghidh as oifig no mara dtagaidh fé dhí-cháilíocht roimhe sin, i seilbh oifige go dtí an chéad lá eile cheapfaidh an tArd-Choiste, de bhun fo-ailt (3) den alt so, ochtar chun bheith ina mbaill den Bhord.

(6) Beidh ball den Bhord go dtiocfaidh deireadh le n-a thréimhse oifige tré imeacht aimsire ion-athcheaptha.

(7) Féadfaidh ball den Bhord eirghe as a oifig tráth ar bith tré leitir ar n-a díriú chun an Bhúird agus raghaidh an t-eirghe as san in éifeacht i dtosach an chéad chruinnithe den Bhord a bheidh ann tar éis na leitre sin d'fháil.

(8) Beidh ball den Bhord dí-cháilithe chun oifig do shealbhú i gcás—

(a) é bheith as láthair o cheithre chruinniú den Bhord i ndiaidh a chéile, no

(b) é scur de bheith ina ghnáth-chomhnaidhe sa Stát, no

(c) é scur de bheith ag gabháil don trádáil in eallach stuic.

(9) Pé uair a thiocfaidh ball den Bhord chun bheith dí-cháilithe chun bheith i seilbh oifige, dearbhóidh an Bord láithreach a oifig do bheith folamh agus is tuigthe an folúntas do thárlachtaint ar an dearbhú san do dhéanamh.

Costaisí taistil agus liúntaisí ball an Bhúird.

6. —Íocfar amach as an gCiste le baill an Bhúird, alos iad do bheith i láthair ag cruinnithe den Bhord, costaisí taistil agus liúntas cothuithe do réir na rátaí sin agus na scálaí sin a cheapfaidh an tArd-Choiste o am go ham.

Cruinnithe.

7. —(1) Beidh a gcéad chruinniú ag an mBord ar dháta nach déanaighe ná seacht lá tar éis dáta an bhunuithe.

(2) Beidh cruinniú (dá ngairmtear cruinniú cinn bliana sar Acht so) ag an mBord, ar an dáta san a cheapfaidh an Bord, gach bliain a thosnóidh tar éis a gcéad chruinnithe do bheith aca.

(3) Fé réir forálacha an ailt seo beidh na cruinnithe sin, agus an méid sin díobh, ag an mBord is gá chun a ndualgaisí do chólíonadh go cuibhe.

Cathaoirleach agus leaschathaoirleach.

8. —(1) Déanfaidh an Bord, ag á gcéad chruinniú agus fós ag gach cruinniú cinn bliana, duine dá mbaill do thoghadh chun bheith ina chathaoirleach ar an mBord agus duine eile dá mbaill do thoghadh chun bheith ina leas-chathaoirleach ar an mBord.

(2) Gach duine toghfar chun bheith ina chathaoirleach no ina leas-chathaoirleach ar an mBord, beidh sé, mara n-éagaidh no mara n-éirghidh as oifig no mara dtagaidh fé dhí-cháilíocht roimhe sin, i seilbh oifige mar chathaoirleach no mar leas-chathaoirleach go dtí go dtoghfar a chomharba.

(3) Pé uair a thiocfaidh oifig an chathaoirligh no an leaschathaoirligh chun bheith folamh tríd an gcathaoirleach no an leaschathaoirleach d'éag no d'eirghe as oifig no do theacht fé dhícháilíocht, déanfaidh an Bord, ag an gcéad chruinniú bheidh aca tar éis an fholúntais sin do thárlachtaint, duine dá mbaill do thoghadh chun bheith ina chathaoirleach no ina leas-chathaoirleach.

(4) Féadfaidh cathaoirleach no leas-chathaoirleach an Bhúird eirghe as a oifig mar chathaoirleach no mar leas-chathaoirleach tráth ar bith tré leitir ar n-a díriú chun an Bhúird, agus raghaidh gach eirghe as den tsórt san in éifeacht i dtosach an chéad chruinnithe bheidh ag an mBord tar éis don Bhord an t-eirghe as san d'fháil.

(5) Pé uair a thárlóidh do chathaoirleach no do leas-chathaoirleach an Bhúird, le linn a théarma oifige mar chathaoirleach no mar leas-chathaoirleach ar an gcéanna, é scur de bheith ina bhall den Bhord, beidh sé dí-cháilithe chun bheith, agus scuirfidh láithreach de bheith, ina chathaoirleach no ina leas-chathaoirleach ar an mBord.

(6) Pé uair, agus cathaoirleach an Bhúird á thoghadh, a bheidh na vótanna do bhéarfar do bheirt no níos mó có-ionann, toghfar duine de sna daoine sin le crannchur.

Nós imeachta ag cruinnithe.

9. —(1) Triúr is quorum do chruinniú den Bhord.

(2) Ag cruinniú den Bhord—

(a) isé cathaoirleach an Bhúird a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú má bhíonn sé i láthair;

(b) má bhíonn agus faid a bheidh cathaoirleach an Bhúird gan bheith i láthair no má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh, beidh leas-chathaoirleach an Bhúird ina chathaoirleach ar an gcruinniú má bhíonn agus faid a bheidh seisean i láthair;

(c) má bhíonn agus faid a bheidh cathaoirleach an Bhúird gan bheith i láthair, no má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh, agus ná beidh an leas-chathaoirleach i láthair no go mbeidh oifig an leas-chathaoirligh folamh, déanfaidh na baill den Bhord a bheidh i láthair duine dhíobh féin do roghnú chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

(3) Déanfar gach ceist ag cruinniú den Bhord do shocrú le móráireamh de vótanna na mball a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist agus, i gcás có-ionannais vótanna, beidh an dara vóta no vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe ach amháin nuair a bheidh an cathaoirleach á thoghadh.

(4) Féadfaidh an Bord gníomhú d'ainneoin folúntas no folúntaisí do bheith imeasc a mball.

(5) Déanfaidh an Bord, fé réir forálacha an Achta so, nós imeachta agus gnó an Bhúird do rialáil le buan-orduithe no eile.

Séala an Bhúird.

10. —(1) Gheobhaidh an Bord séala dhó féin díreach ar é bhunú.

(2) Déanfar séala an Bhúird do dhílse-dheimhniú le sighniú chathaoirleach an Bhúird, no le sighniú bhaill éigin eile dhe 'na mbeidh údarás cuibhe aige ón mBord chun gníomhú chuige sin, agus le sighniú rúnaidhe an Bhúird.

Oifigí an Bhúird.

11. —Is ceaduithe don Bhord áitreabh ar bith do thógaint ar léas chun oifigí do chur ar fáil dóibh féin.

Oifigigh an Bhúird.

12. —(1) Is ceaduithe don Ard-Choiste duine do cheapadh chun bheith ina rúnaidhe don Bhord agus duine eile do cheapadh chun bheith ina rúnaidhe conganta don Bhord, agus san do dhéanamh o am go ham fé mar is gá, agus, gach duine ceapfar amhlaidh, beidh sé i seilbh oifige ar na téarmaí agus na coinníollacha san a chinnfidh an tArd-Choiste agus déanfar an luach saothair agus na costaisí sin, a cheapfaidh an tArd-Choiste, d'íoc leis amach as an gCiste.

(2) Is ceaduithe don Bhord na daoine sin agus an méid sin díobh, is oiriúnach leis an mBord, do cheapadh o am go ham, fé mar is gá, chun bheith ina n-oifigigh don Bhord (lasmuich den rúnaidhe agus den rúnaidhe conganta) agus gach duine ceapfar amhlaidh beidh sé i seilbh oifige ar na téarmaí agus na coinníollacha san a chinnfidh an Bord agus déanfar an luach saothair agus na costaisí sin, a cheapfaidh an Bord, d'íoc leis amach as an gCiste.

(3) Ní déanfar duine ar bith is ball den Bhord do cheapadh fén alt so.

An Ciste um Eallach Stuic a hEasportálfar (Arachas).

13. —(1) Déanfaidh an Bord ciste (dá ngairmtear an Ciste san Acht so) ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal an Ciste um Eallach Stuic a hEasportálfar (Arachas) do bhunú agus do chothabháil agus do bhainistí do réir an Achta so.

(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an gCiste—

(a) íocfar isteach sa Chiste an t-airgead uile do gheobhaidh an Bord agus is gá do réir an Achta so d'íoc isteach sa Chiste;

(b) íocfar amach as an gCiste an t-airgead uile is gá do réir an Achta so d'íoc amach as an gCiste, maraon le gach costas eile fé n-a raghaidh an Bord fén Acht so, agus an méid sin amháin;

(c) chun muirearacha d'íoc is gá do réir an Achta so d'íoc amach as an gCiste, is dleathach don Bhord airgead d'fháil ar iasacht ar urrús an Chiste;

(d) an méid sin den Chiste ná beidh, dar leis an mBord, ag teastáil de thurus na huaire chun suimeanna is iníoctha amach as an gCiste fén Acht so d'íoc láithreach, is dleathach don Bhord é shuncáil in urrúis dá mbeidh údaruithe d'iontaobhaithe do réir an dlí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire cistí iontaobhais do shuncáil ionta;

(e) is dleathach don Bhord aon mhéid airgid (is cuid den Chiste) a bheidh suncálta fén bhfo-alt so d'atharú no d'aistriú o am go ham, más rogha leo é, isteach i suncála eile bheidh údaruithe fén alt so, agus is dleathach dóibh na suncála uile, no aon chuid de sna suncála, bheidh déanta aca fén bhfo-alt so do dhíol, agus airgead d'fháil ar an gcéanna, tráth ar bith;

(f) an t-airgead uile do gheobhaidh an Bord alos díbhinní agus úis ar shuncála (is cuid den Chiste) a bheidh déanta aca fén bhfo-alt so, no alos aon tsuncálanna den tsórt san do dhíol, íocfar isteach sa Chiste é.

Cuntaisí agus iniúchadh.

14. —(1) Déanfaidh an Bord, fé cheann mí tar éis deireadh na bliana airgeadais dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1941, agus fé cheann mí tar éis deireadh gach bliana airgeadais ina dhiaidh sin, cuntas d'ullmhú ina dtaisbeánfar gach íocaíocht do híocadh isteach sa Chiste no do híocadh amach as, maraon le gach suncáil agus gach díol suncálanna agus gach deighleáil eile rinneadh leis an gCiste, i rith na bliana airgeadais le n-a mbainfidh an cuntas san.

(2) Gach cuntas a hullmhófar fén alt so, déanfaidh iniúchóirí cuibhe-údaruithe, a bheidh ceaptha ag an mBord chuige sin, é iniúchadh fé cheann mí tar éis a ullmhuithe, agus déanfar costaisí iniúchta gach cuntais den tsórt san d'íoc amach as an gCiste.

(3) Chó luath agus is féidir é tar éis iniúchadh aon chuntais ar n-a ullmhú fén alt so do bheith críochnuithe, déanfaidh Rúnaidhe an Bhúird agus cuirfidh chun an Aire cóip, agus í deimhnithe ag an rúnaidhe sin mar chóip dhílis, den chuntas san agus de thuarasgabháil na n-iniúchóirí air.

(4) Ar n-a iarraidh sin air do dhuine ar bith a bheidh ag gabháil don trádáil in eallach stuic, bhéarfaidh rúnaidhe an Bhúird don duine sin, gan eisean d'íoc aon phrémium ná táille, cóip d'aon chuntas do hullmhuíodh agus do hiniúchadh fén alt so agus de thuarasgabháil na n-iniúchóirí ar an gcuntas san.

Stampaí dleachta.

15. —(1) Chun dleachta is iníoctha fén Acht so do bhailiú, cuirfidh an Bord fé ndeár stampaí greamathacha (dá ngairmtear stampaí dleachta san Acht so) de sna hainm-luachanna san is oiriúnach leis an mBord, agus den dearadh san a bheidh ceaduithe ag an Aire, d'ullmhú, agus cuirfid na stampaí sin ar fáil agus ar díol sna háiteanna san agus sna caindíochta san is oiriúnach leis an mBord.

(2) Aon airgead do gheobhfar as stampaí dleachta do dhíol, íocfar isteach sa Chiste é.

(3) Má dheineann duine ar bith samhail fhallsa no bhréagach d'aon stampa dleachta do chumadh, no aon stampa is eol dó do bheith ina shamhail fhallsa no bhréagach den stampa san d'úsáid no do dhíol no do thaisbeáint no do thairigsint chun a dhíolta, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air.

Dleachta ar ainmhithe a heasportálfar.

16. —(1) Déanfaidh únaer gach ainmhidhe a seachadfar, an lá ceaptha no dá éis sin, do long-únaer chun a loingsiú o phort sa Stát go dtí áit chaluíochta Bhriotáineach dleacht is có-mhéid leis an bpercentáiste cheaptha, tráth an tseachadtha, de luach dhearbhuithe an ainmhidhe sin d'íoc leis an mBord, tré stampaí dleachta, alos an ainmhidhe sin.

(2) Beidh ar an Aire roimh an lá ceaptha, agus féadfaidh ina dhiaidh sin pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é, ordú do dhéanamh, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Ard-Choiste, ag ceapadh percentáiste áirithe chun bheith ina phercentáiste cheaptha chun crícheanna an ailt seo agus, gach ordú déanfar fén bhfo-alt so, fanfaidh i bhfeidhm go dtí go ndéanfar ordú ina dhiaidh sin fén alt so agus go dtagaidh an t-ordú san i bhfeidhm agus, an tagairt atá i bhfo-alt (1) den alt so don phercentáiste cheaptha tráth an tseachadtha, léireofar í mar thagairt don phercentáiste bheidh ceaptha le hordú fén bhfo-alt so bheidh i bhfeidhm tráth an tseachadtha san.

An ráiteas loingseora.

17. —(1) I gcás únaer aon ainmhithe do sheachadadh na n-ainmhithe sin, an lá ceaptha no dá éis sin, do long-únaer chun a loingsiú o phort sa Stát go dtí áit chaluíochta Bhriotáineach, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) déanfaidh an t-únaer san, sara seachadaidh na hainmhithe sin amhlaidh, ráiteas (dá ngairmtear an ráiteas loingseora san Acht so) a bheidh i scríbhinn agus sa bhfuirm orduithe do sheachadadh don long-únaer san, i ndúbláid, agus beidh na mion-innste seo leanas sa ráiteas san, sé sin le rá:—

(i) ainm agus seoladh an únaera san,

(ii) uimhir na n-ainmhithe sin, agus tuairisc ortha, a bheidh ar có-réir leis an uimhir agus an tuairisc a bheidh tugtha ag an únaer san ina dtaobh san iarratas a bheidh déanta aige chun cigire tréidliaghachta na Roinne Talmhaidheachta ag lorg deimhnithe sláinte bheidh ag teastáil i dtaobh na n-ainmhithe sin fé aon ordú bheidh déanta fé sna hAchtanna um Ghalair Ainmhithe, 1894 go 1938, agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire,

(iii) maidir le gach ainmhidhe fé leith le n-a mbainfidh an ráiteas san, an méid is fiú an t-ainmhidhe sin dar leis an únaer san;

(b) déanfaidh an t-únaer san, sara seachadaidh an ráiteas san don long-únaer san, stampaí dleachta, d'agha-luach is có-mhéid le méid na ndleacht is iníoctha fén Acht so alos na n-ainmhithe sin, do ghreamú de dhúbláid aca san sa tslí orduithe;

(c) déanfaidh an t-únaer san an ráiteas loingseora do sheachadadh don long-únaer san le linn an deimhniú sláinte sin i dtaobh na n-ainmhithe sin do sheachadadh don long-únaer san;

(d) ní thógfaidh an long-únaer san na hainmhithe sin ar bord maran deimhin leis uimhir agus tuairisc na n-ainmhithe sin do bheith ar có-réir leis an uimhir agus an tuairisc a bheidh sa ráiteas san agus na stampaí dleachta, is gá do réir míre (b) den fho-alt so do ghreamú de dhúbláid amháin den ráiteas san, do bheith greamuithe amhlaidh;

(e) má dheineann an long-únaer san aon ainmhithe den tsórt san do thógaint ar bord gan an ráiteas loingseora i dtaobh na n-ainmhithe sin agus é stampálta go cuibhe do réir an fho-ailt seo do bheith seachadtha dhó, íocfaidh an long-únaer san leis an mBord suim is có-mhéid le méid iomlán na ndleacht is iníoctha fén Acht so alos na n-ainmhithe sin no leis an oiread san de mhéid na ndleacht san ná beidh stampaí dleachta greamuithe den ráiteas san ina aghaidh, agus beidh an tsuim sin ina fiacha bheidh dlite ag an mBord ar an long-únaer san agus beidh sí ionbhainte amach mar fhiacha gnáthchonnartha;

(f) ar an long-únaer san d'fháil an ráitis sin déanfaidh, chó luath agus is féidir é, an dúbláid ar a mbeidh na stampaí dleachta greamuithe do sheachadadh don Bhord.

(2) Déanfar tagairtí san Acht so do luach dhearbhuithe aon ainmhidhe, a beifear tar éis a loingsiú o phort sa Stát go dtí áit chaluíochta Bhriotáineach, do léiriú mar thagairtí do luach an ainmhidhe sin mar a bheidh san luaidhte sa ráiteas loingseora, i dtaobh an ainmhidhe sin, a bheidh seachadtha do réir an ailt seo, ag únaer an ainmhidhe sin, don long-únaer a bheidh tar éis an ainmhidhe sin do loingsiú.

Cúiteamh maidir le heallach stuic do chailliúint no do dhamáistiú.

18. —(1) I gcás—

(a) ainmhidhe d'easportáil, an lá ceaptha no dá éis sin, o phort sa Stát go dtí áit chaluíochta Bhriotáineach, agus

(b) ráiteas loingseora do bheith seachadtha, do réir an Achta so, alos an ainmhidhe sin, agus

(c) an t-ainmhidhe sin do chailliúint no do dhamáistiú, ar tír no ar muir, le linn é bheith á iompar,

beidh únaer no ionadaidhe pearsanta únaera an ainmhidhe sin i dteideal cúitimh fé réim agus do réir an Achta so, nach mó ná luach dearbhuithe an ainmhidhe sin, d'fháil alos na cailliúna no an damáiste sin.

(2) Chun crícheanna an ailt seo, is tuigthe ainmhidhe do bheith á iompar—

(a) i gcás an ainmhidhe sin d'easportáil chun a dhíolta láithreach, go dtí dáta an chéad díola eile (tar éis é iomportáil) ina bhféadfaí an t-ainmhidhe sin do dhíol go caothúil, no go dtí deireadh dhá uair sheachtód a chluig o am a scaoilte o áit chaluíochta Bhriotáinigh, pé tráth aca san is túisce,

(b) in aon chás eile, go dtí an tráth a shroichfidh an t-ainmhidhe sin an talamh ar a mbeidh beartuithe é choimeád, no go dtí deireadh dhá uair sheachtód a chluig o am a scaoilte o áit chaluíochta Bhriotáinigh, pé tráth aca san is túisce.

Dúiteamh alos freagarthachta i meán-síntiúisí generálta d'íoc.

19. —I gcás —

(a) ainmhidhe d'easportáil, an lá ceaptha no dá éis sin, o phort sa Stát go dtí áit chaluíochta Bhriotáineach, agus

(b) ráiteas loingseora do bheith seachadtha, do réir an Achta so, alos an ainmhidhe sin, agus

(c) únaer no ionadaidhe pearsanta únaera an ainmhidhe sin do dhligheadh, fén Marine Insurance Act, 1906, meánsíntiús generálta, do réir bhrí an Achta san, d'íoc mar únaer an ainmhidhe sin no mar ionadaidhe pearsanta an únaera san,

beidh an t-únaer san no ionadaidhe pearsanta an únaera san i dteideal suim is có-mhéid leis an meán-síntiús generálta san d'fháil alos na freagarthachta san agus mar chúiteamh.

Coiste meastóirí.

20. —(1) Déanfaidh an Bord gach éileamh ar chúiteamh fén Acht so, alos beithíoch no caorach, do chur fé bhráid choiste mheastóirí, a bheidh có-dhéanta de thriúr, chun a iniúchta, agus, má bhíonn agus sa mhéid go mbeidh baill cháilithe den Bhord ar fáil, ní foláir an triúr san do bheith ina mbaill den Bhord agus isé an Bord a cheapfaidh iad, agus, mara mbeidh no sa mhéid ná beidh baill den tsórt san ar fáil, ní foláir an triúr san do bheith ina ndaoine bheidh ag gabháil don trádáil i mbeithígh no don trádáil i gcaoirigh agus isé an tArd-Choiste cheapfaidh agus is ar iarratas an Bhúird a ceapfar iad, ach ní bheidh ball ar bith den Bhord a bheidh ag gabháil don trádáil i muca ar aon choiste meastóirí den tsórt san.

(2) Déanfaidh an Bord gach éileamh ar chúiteamh fén Acht so, alos muc, do chur fé bhráid choiste mheastóirí, a bheidh có-dhéanta de thriúr, chun a iniúchta, agus, má bhíonn agus sa mhéid go mbeidh baill cháilithe den Bhord ar fáil, ní foláir an triúr san do bheith ina mbaill den Bhord a bheidh ag gabháil don trádáil i muca agus isé an Bord a cheapfaidh chun an choiste sin iad agus, sa mhéid ná beidh baill den tsórt san ar fáil, ní foláir an triúr san do bheith ina ndaoine bheidh ag gabháil don trádáil i muca agus isé an tArd-Choiste cheapfaidh agus is ar iarratas an Bhúird a ceapfar iad.

(3) Duine ag á mbeidh leas airgid in éileamh ar chúiteamh fén Acht so, beidh sé dí-cháilithe chun bheith ina bhall den choiste mheastóirí iniúchfaidh an t-éileamh san.

(4) Déanfaidh an Bord no déanfaidh an tArd-Choiste ar iarratas an Bhúird (do réir mar is cuibhe) coistí meastóirí chun crícheanna an ailt seo do cheapadh fé mar agus nuair is gá no mheasfaidh an Bord é bheith inmhianuithe san do dhéanamh.

Breith do thabhairt ar éilithe ar chúiteamh agus cúiteamh d'íoc.

21. —(1) Nuair a bheidh éileamh ar chúiteamh fén Acht so iniúchta ag coiste meastóirí cinnfid ce'ca tá an t-éilitheoir i dteideal an chúitimh sin no ná fuil agus, i gcás an coiste sin dá chinneadh go bhfuil an t-éilitheoir sin i dteideal an chúitimh sin, ceapfaid méid an chéanna.

(2) Déanfaidh gach coiste meastóirí a mbreith ar gach éileamh ar chúiteamh fén Acht so a bheidh iniúchta aca, maraon leis an méid (más ann dó) a bheidh ceaptha aca chun bheith iníoctha mar chúiteamh fén Acht so alos an éilimh sin, do thuairisciú don Bhord láithreach.

(3) I gcás coiste meastóirí dá thuairisciú don Bhord fén alt so éilitheoir ar chúiteamh fén Acht so do bheith i dteideal an chúitimh sin, déanfar méid an chúitimh sin, fé mar a bheidh sé ceaptha ag an gcoiste sin, d'íoc leis an éilitheoir sin amach as an gCiste.

(4) An cinneadh dhéanfaidh coiste meastóirí fén Acht so ar éileamh ar chúiteamh fén Acht so, beidh sé, maidir leis an gceart chun an chúitimh sin agus fós maidir le n-a mhéid (más ann dó), ina chinneadh ná beidh aon dul thairis.

Costaisí coistí meastóirí.

22. —Íocfar amach as an gCiste le baill de choistí meastóirí (pé aca baill den Bhord na baill sin no nach eadh) alos iad do chólíonadh a ndualgas mar bhaill den tsórt san fén Acht so costaisí taistil agus liúntaisí cothuithe do réir na rátaí sin agus na scálaí sin a cheapfaidh an tArd-Choiste o am go ham.

An Bord do dhéanamh rialacha.

23. —Is dleathach don Bhord rialacha do dhéanamh i dtaobh gach ní no aon ní no nithe aca so leanas, sé sin le rá:—

(a) an fhuirm agus an modh ina ndéanfar iarrataisí ar chúiteamh fén Acht so;

(b) nós imeachta coistí meastóirí a bheidh ceaptha fén Acht so, le n-a n-áirmhítear an modh ar a dtabharfaidh na coistí sin breith ar nithe gur gá dhóibh breith a thabhairt ortha;

(c) éinní dá dtagartar san Acht so mar ní orduithe.

Gearr-theideal.

24. —Féadfar an tAcht um Eallach Stuic a hEasportálfar (Arachas), 1940 , do ghairm den Acht so.