29 1940


Uimhir 29 de 1940.


ACHT UM LÁITHREÁIN TRÉIGTHE DO THÓGAINT, 1940.

[An tiontódh oifigeamhail.]

ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN ÚDARÁSANNA SLÁINTÍOCHTA DO THÓGAINT LÁITHREÁN TRÉIGTHE AGUS, FÓS, CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE BHAINEAS NO GHABHAS LEIS SIN. [4adh Meán Fhómhair, 1940.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe;

tá leis na habairtí “údarás sláintíochta” agus “ceanntar sláintíochta” na bríonna céanna fé seach atá leo sna hAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so;

cialluíonn an focal “únaer” duine ar bith (seachas morgáistidhe ná beidh i seilbh) a bheidh de thurus na huaire i dteideal bith-dhílse an tailimh gur ina thaobh a húsáidtear an focal san, no bith-dhílse aon téarma de bhlianta bheidh á chaitheamh de thurus na huaire maidir leis an talamh san agus gur sia ná trí bliana an chuid de bheidh gan caitheamh, do dhíol no do chur de láimh ar shlí eile;

cialluíonn an abairt “láithreán tréigthe” talamh ar bith—

(a) atá nea-shealbhuithe no ná fuil aon úsáid bona fide á dhéanamh de ag á shealbhaire, agus

(b) go bhfuil na foirgintí uile atá air ina bhfothracha no ar droch-staid no atá, le dhá bhliain ar a laighead, gan fhoirgint ar bith do bheith air, agus

(c) atá no is deallrathach a thiocfaidh chun bheith díobhálach don tsláinte no do thaithneamhachtaí na comharsanachta de dheascaibh gráinniúlachta a riochta no faillighe do thabhairt ann no de dheascaibh débris no truflais no abhar nea-shláintiúil do bheith á chur air no á chárnadh ann, agus

(d) ná fuil ag údarás áitiúil ná ag aon chólucht chorparuithe, ná ar seilbh aca, chun crícheanna aon bhóthair iarainn, trambhealaigh, duga, canáile, uisce, gása, leictreachais no gnótha phuiblí eile.

Comhacht ghenerálta chun láithreáin tréigthe do thógaint.

2. —Is ceaduithe d'údarás sláintíochta láithreán tréigthe ar bith ina gceanntar sláintíochta do thógaint tré chó-aontú no go héigeanta.

Réamhorduithe.

3. —(1) Údarás sláintíochta go mbeidh beartuithe aca talamh ar bith do thógaint go héigeanta fén Acht so mar láithreán tréigthe, déanfaid le hordú (dá ngairmtear réamh-ordú san Acht so) a dhearbhú é bheith beartuithe aca an talamh san do thógaint amhlaidh.

(2) Beidh ráiteas i réamh-ordú á chur in úil gurb é tuairim údaráis sláintíochta a dhéanta gur láithreán tréigthe do réir bhrí an Achta so an talamh le n-a mbaineann an t-ordú san agus, fós, ráiteas á chur in úil ná raghaidh an t-údarás sláintíochta san ar aghaidh leis an talamh san do thógaint fén Acht so i gcás an talamh san do scur de bheith ina láithreán tréigthe, do réir bhrí an Achta so, fé cheann ocht lá fichead o dháta dhéanta an orduithe sin.

(3) Pé uair a dhéanfaidh údarás sláintíochta réamh-ordú, déanfaidh an t-údarás sláintíochta san, fé cheann cheithre lá déag tar éis an orduithe sin do dhéanamh—

(a) cóip den ordú san do chur suas ar an talamh no in aice an tailimh le n-a mbainfidh an t-ordú san, agus

(b) cóip den ordú san do thabhairt don duine (más ann dó) is sealbhaire ar an talamh san agus, fós, do gach duine (más aon duine é), is únaer ar an talamh san, gur féidir don údarás sláintíochta san, tré fhiosrú réasúnta, a fháil amach é bheith ann agus cad is ainm dó agus cad is seoladh dá ghnáth-chomhnaidhe, agus

(c) cóip den ordú san d'fhoillsiú i bpáipéar nuachta léightear i gceanntar sláintíochta an údaráis sláintíochta san.

(4) I gcás mapa no plean den talamh le n-a mbainfidh réamh-ordú do bheith san ordú san, is ceaduithe an mapa no an plean san d'fhágaint ar lár sa chóip den ordú san a foillseofar de bhun míre (c) den fho-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, ach déanfar cóip den mhapa no den phlean san do lóisteáil in oifigí údaráis sláintíochta déanta an orduithe sin agus do choimeád ar fáil ansan chun a hiniúchta ar thráthanna réasúnta, agus beidh ráiteas sa bhfoillseachán san á chur in úil go bhfuil an mapa no an plean san lóisteálta agus ar fáil chun a iniúchta mar adubhradh.

Iarratas chun réamh-ordú do chur ar nea-mbrí.

4. —(1) Is ceaduithe do shealbhaire tailimh, agus d'aon únaer tailimh, le n-a mbainfidh réamh-ordú a iarraidh ar an mBreitheamh den Chúirt Dúithche go ndlighinse sa líomatáiste cúirte dúithche ina mbeidh an talamh san, ar dháta nach déanaí ná ocht lá fichead tar éis lae an orduithe sin do dhéanamh, an t-ordú san do chur ar nea-mbrí agus,

(a) másé tuairim an bhreithimh sin, tar éis dó an t-iarratas san do bhreithniú, nach láithreán tréigthe aon chuid den talamh san, cuirfidh an t-ordú san ar nea-mbrí, no

(b) másé tuairim an bhreithimh sin, tar éis dó an t-iarratas san do bhreithniú, ná fuil ach cuid den talamh san ina láithreán tréigthe, déanfaidh an t-ordú san do chur ar nea-mbrí no, le toiliú an údaráis sláintíochta do rinne an t-ordú san, an t-ordú san do leasú tré n-a fheidhm do shrianadh i dtreo ná bainfidh ach leis an gcuid den talamh san is láithreán tréigthe dar leis.

(2) Féadfaidh an breitheamh éistfidh iarratas fén alt so maidir le talamh ar bith an t-iarratas san do chur ar ath-ló, go ceann aon tréimhse nach sia ná dhá mhí, chun ar chur ar chumas an iarratasóra deireadh do chur leis an talamh san do bheith ina láithreán tréigthe.

Orduithe dílsiúcháin.

5. —(1) Mara ndeintear aon iarratas, fé réim agus do réir an ailt deiridh sin roimhe seo, chun réamh-ordú do chur ar nea-mbrí no, más rud é, i gcás aon iarratas den tsórt san do dhéanamh, ná déanfar, ar an mbreith dheiridh do thabhairt air, an réamh-ordú san do chur ar nea-mbrí, is ceaduithe don údarás sláintíochta do rinne an réamh-ordú san an talamh le n-a mbainfidh an réamh-ordú san, no, i gcás an bhreith sin do shrianadh feidhme an réamh-orduithe sin i dtreo ná bainfidh ach le cuid den talamh san, an chuid sin den talamh san, do thógaint le hordú (dá ngairmtear ordú dílsiúcháin san Acht so).

(2) I gcás é theacht chun eolais d'údarás sláintíochta, sara ndeinid ordú dílsiúcháin, an talamh a bheidh le tógaint leis an ordú san do bheith (ina aonar no i dteanta tailimh eile) fé aon bhlianacht no íocaíocht eile, is iníoctha le Coimisiún Talmhan na hÉireann, no fé aon mhuirear, alos diúité estáit no diúité comharbais is iníoctha leis na Coimisinéirí Ioncuim ar dhuine ar bith d'fháil bháis, déanfaidh an t-údarás sláintíochta san láithreach a chur in úil do Choimisiún Talmhan na hÉireann no do sna Coimisinéirí Ioncuim (do réir mar a bheidh) go bhfuilid ar intinn an t-ordú san do dhéanamh.

(3) Pé uair a dhéanfaidh údarás sláintíochta ordú dílsiúcháin, déanfaid, fé cheann cheithre lá déag tar éis an orduithe sin do dhéanamh—

(a) cóip den ordú san do chur suas ar an talamh no in aice an tailimh a bheidh á thógaint leis an ordú san, agus

(b) cóip den ordú san do thabhairt don duine (más ann dó) is sealbhaire ar an talamh san agus, fós, do gach duine (más aon duine é), is únaer ar an talamh san, gur féidir don údarás sláintíochta san, tré fhiosrú réasúnta, a fháil amach é bheith ann agus cad is ainm dó agus cad is seoladh-dá ghnáth-chomhnaidhe.

Fuirm agus éifeacht na n-orduithe dílsiúcháin.

6. —(1) Is sa bhfuirm orduithe bheidh gach ordú dílsiúcháin le n-a dtógfaidh údarás sláintíochta talamh ar bith, agus déarfaidh agus déanfaidh an talamh san do dhílsiú san údarás sláintíochta san i mbith-dhílse, saor o ualaighe agus o gach estát, ceart, teideal agus leas, is cuma cadé an saghas iad, ar dháta áirithe nach luatha ná seacht lá tar éis dáta déanta an orduithe sin.

(2) D'ainneoin éinní atá sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, má dheineann údarás sláintíochta, le hordú dílsiúcháin, talamh do thógaint atá, ina aonar no i dteanta tailimh eile, fé bhlianacht cheannaigh no fé íocaíocht in ionad cíosa no fé shuim bhliantúil eile (nach cíos fé chonnradh thionóntachta agus san amháin a bheidh inti) is iníoctha le Coimisiún Talmhan na hÉireann, tiocfaidh an t-údarás sláintíochta san chun bheith agus beid, ón dáta ar a ndílseofar an talamh san ionta leis an ordú dílsiúcháin sin, freagarthach in íoc do dhéanamh le Coimisiún Talmhan na hÉireann sa tsuim bhliantúil sin, no sa chion san di a chionroinnfidh Coimisiún Talmhan na hÉireann ar an talamh san, fé is dá ndeineadh únaer an tailimh sin an talamh san d'aistriú chun an údaráis sláintíochta san ar an dáta san.

Cúiteamh.

7. —(1) I gcás údarás sláintíochta do dhéanamh orduithe dílsiúcháin agus aon estát no leas no ceart do bheith ag duine ar bith, díreach roimh dháta déanta an orduithe sin, sa talamh no alos an tailimh a bheidh á thógaint leis an ordú san, is ceaduithe don duine sin cúiteamh, alos an estáit no an leasa no an chirt sin, d'iarraidh ar an údarás sláintíochta san tráth nach déanaighe ná trí mhí tar éis dáta déanta an orduithe sin, agus leis sin déanfaidh an t-údarás sláintíochta san suim, is có-mhéid le luach (más aon luach é) an estáit no an leasa no an chirt sin, d'íoc leis an duine sin mar chúiteamh.

(2) An cúiteamh a bheidh le n'íoc ag údarás sláintíochta fén alt so, alos aon estáit no leasa i dtalamh no alos aon chirt alos tailimh, déanfar, cheal có-aontuithe, é shocrú tré eadrascán fé réim agus do réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, ar n-a leasú leis an Acht chun Talamh do Thógaint (Coiste Réitigh), 1925 (Uimh. 22 de 1925) , ach socrófar méid an chúitimh sin, tríd an eadrascán san, do réir na Rialacha atá i gCuid I den Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1931 (Uimh. 50 de 1931) .

Talamh a tógfar fén Acht so d'fheabhsú.

8. —Pé uair a thógfaidh údarás sláintíochta talamh ar bith fén Acht so, déanfaid, chó tapaidh agus a bheidh caoi ann chuige sin, na nithe sin is gá chun a thabhairt ná tiocfaidh díobháil do shláinte daoine ná do thaithneamhachtaí na comharsanachta den talamh san agus, chuige sin, is ceaduithe dhóibh an talamh san do ghlanadh, do leibhéaladh, do dhréineáil, d'fháladh agus d'fheabhsú ar shlí eile.

Talamh a tógfar fén Acht so d'úsáid.

9. —(1) Is ceaduithe d'údarás sláintíochta talamh ar bith a thógfaid fén Acht so d'úsáid chun aon chríche bhainfidh le n-a gcomhachta agus le n-a ndualgaisí.

(2) I gcás gan iomlán aon tailimh, no aon chuid áirithe d'aon talamh, a tógfar fén Acht so do bheith ag teastáil, aon tráth áirithe, ón údarás sláintíochta do thóg é, is ceaduithe don údarás sláintíochta san iomlán an tailimh sin no an chuid sin de (do réir mar a bheidh) do dhíol no do chur ar cíos, tré cheaint phuiblí no tré chonnradh phríobháideach, ina achar amháin no níos mó, ach ní bheidh éifeacht ag aon díol ná cur ar cíos den tsórt san mara ndeinidh ná go dtí go ndéanfaidh an tAire toiliú leis.

(3) I gcás údarás sláintíochta tuatha do thógaint tailimh ar bith, fén Acht so, i mbaile ina mbeidh glactha leis an Towns Improvement (Ireland) Act, 1854, is ceaduithe don údarás sláintíochta san, ach toiliú an Aire agus Choimisinéirí an bhaile sin do bheith faighte aca, an talamh san d'aistriú chun na gCoimisinéirí sin tráth ar bith le hordú, agus oibreoidh an t-ordú san do réir a théarmaí mar leithliú ar an talamh san, ach ní gá é stampáil mar leithliú no aistriú maoine.

(4) I gcás talamh ar bith d'aistriú chun Coimisinéirí bhaile fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, beidh feidhm agus éifeacht ag fo-ailt (1) agus (2) den alt so agus ag an gcéad alt ina dhiaidh seo fé is dá mba údarás sláintíochta a bheadh tar éis an talamh san do thógaint fén Acht so na Coimisinéirí sin.

Suim a gheobhfar, as talamh a bheidh tógtha fén Acht so do dhíol no do chur ar léas, do chur chun críche.

10. —Gach suim a gheobhaidh údarás sláintíochta, also tailimh a bheidh tógtha aca fén Acht so do dhíol no do chur ar léas, déanfaidh an t-údarás sláintíochta san í úsáid chun críche a gcomhachta agus a ndualgaisí sa tslí sin is dóich leis an údarás sláintíochta san, le toiliú an Aire, is ceart.

Cóipeanna d'orduithe do thabhairt do dhaoine.

11. —(1) I gcás inar gá, do réir an Achta so, cóip d'ordú do thabhairt do dhuine ar bith, díreofar an chóip sin chun an duine sin, agus bhéarfar dó í i slí aca so leanas, sé sin le rá:—

(a) tré n-a seachadadh don duine sin;

(b) tré n-a fágaint ag seoladh ghnáth-chomhnaidhe an duine sin;

(c) tré n-a cur tríd an bpost i leitir chláruithe roimh-íoctha ar n-a díriú chun an duine sin ag seoladh a ghnáthchomhnaidhe.

(2) Chun cóip d'ordú do thabhairt, de bhun an Achta so, do chuideachtain a bheidh cláruithe fé sna hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, is tuigthe an chuideachta san do bheith ina ngnáthchomhnaidhe ag á n-oifig chláruithe.

(3) Chun cóip d'ordú do thabhairt, de bhun an Achta so, do chólucht chorparuithe (seachas aon chuideachta den tsórt san a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so) no do chólucht neamh-ionchorparuithe, is tuigthe an cólucht san do bheith ina ngnáth-chomhnaidhe ag á bpríomh-oifig no ag á bpríomh-áit ghnótha.

Rialacháin.

12. —Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh ag ordú fuirmeacha bheidh le n-úsáid fén Acht so.

Cosaint do shéadchomharthaí náisiúnta.

13. —Ní chuirfidh éinní atá san Acht so srian le comhachta ná le dualgaisí, ná ní dhéanfaidh dochar ná deifir do chomhachta ná do dhualgaisí, an Aire Airgeadais ná Choimisinéirí na nOibreacha Poiblidhe in Éirinn ná aon údaráis áitiúil fé Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta, 1930 (Uimh. 2 de 1930) , maidir le séadchomharthaí náisiúnta, mar a mínítear san leis an Acht san, ná maidir le haon tséadchomhartha áirithe den tsórt san.

Costaisí údarás sláintíochta.

14. —(1) Na costaisí fé n-a raghaidh údarás sláintíochta fén Acht so, déanfar iad do chruinniú agus do ghlanadh fé mar a deintear costaisí fé n-a dtéigheann an t-údarás áitiúil sin fé sna hAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931, do chruinniú agus do ghlanadh.

(2) I gcás údarás sláintíochta cheanntair shláinte contae do dhul fé chostaisí fén Acht so, déanfar na costaisí sin do mhuirearú go cothrom ar an gceanntar san uile.

Costaisí an Aire.

15. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgeadais é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do riaradh.

Athghairm.

16. —Athghairmtear leis seo alt 39 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1931 ( Uimh. 50 de 1931 ).

Gearr-theideal.

17. —Féadfar an tAcht um Láithreáin Tréigthe do Thógaint, 1940 , do ghairm den Acht so.