|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II. Ceart chun Dul Isteach agus Mianrai Neamh-oibrithe do Lorg agus Ceadunaisi Lorgaireachta do Dheonadh.) | Ar Aghaidh (CUID IV. Mianrai Stait.) |
ACHT FORBAIRTE MINEARÁL, 1940
[EN] | ||
[EN] |
CUID III. Mianrai Neamh-oibrithe agus Saoraidi Mianadoireachta do Thogaint go hEigeanta. | |
[EN] |
Orduithe um mianraí do thógaint. |
14. —(1) Pé uair a chífear don Aire mianraí do bheith ar aon talamh no fé agus gan na mianraí sin do bheith á n-oibriú no gan iad do bheith á n-oibriú go héifeachtúil agus a mheasfaidh an tAire gurb inmhianuithe ar mhaithe leis an bpuiblíocht, d'fhonn feidhm do bhaint as na mianraí sin, oibriú na mianraí sin do bheith fé urláimh an Stáit, féadfaidh an tAire, ach toiliú an Aire Airgeadais do bheith aige chuige sin, tré ordú (dá ngairmtear san Acht so ordú um mianraí do thógaint) do dhéanamh, na mianraí sin do thógaint go héigeanta no aon-cheart mianadóireachta, alos na mianraí sin, do thógaint go héigeanta, pé aca mheasfaidh do bheith ceart agus le n-a dtoileoidh an tAire Airgeadais. |
[EN] | (2) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach ordú um mianraí do thógaint, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) luadhfar san ordú san gné, suidheamh, agus méid na mianraí le n-a mbainfidh; | |
[EN] | (b) féadfar an t-ordú san do dhéanamh i dtaobh na mianraí uile ar aon talamh áirithe no fé no i dtaobh aon mhianra áirithe aca san no aon aicme áirithe de sna mianraí sin; | |
[EN] | (c) más mianraí do thógaint a bheidh beartuithe do dhéanamh leis an ordú san, déarfaidh agus déanfaidh an t-ordú san na mianraí sin do dhílsiú san Aire i mbith-dhílse; | |
[EN] | (d) mara mbeidh beartuithe ach aon-cheart mianadóireachta do thógaint leis an ordú san déarfaidh agus déanfaidh an t-ordú san an t-aon-cheart mianadóireachta san do dhílsiú san Aire ar feadh an téarma san a luadhfar chuige sin san ordú san; | |
[EN] | (e) ní abróidh ná ní dhéanfaidh an t-ordú san uachtar aon tailimh ná aon fho-chearta do dhílsiú san Aire ach, fé réir na teorann san, féadfar gach foráil no aon fhoráil no forálacha, fóirlíontach nó fo-ghabhálach, a mheasfaidh an tAire do bheith ceart agus le n-a dtoileoidh an tAire Airgeadais, do chur san ordú san. | |
[EN] | (3) Na mianraí uile tógfar le hordú um mianraí do thógaint agus gach aon-cheart mianadóireachta tógfar amhlaidh is tuigthe, chun crícheanna an Achta so, iad do bheith ina mianraí Stát-tógtha agus déanfar san Acht so an abairt “mianraí Státtógtha” do léiriú dá réir sin. | |
[EN] |
Foillseacháin agus seirbhísí maidir le horduithe um mianraí do thógaint. |
15. —(1) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú um mianraí do thógaint, déanfaidh gach ní aca so leanas chó luath agus is féidir é tar éis an orduithe sin do dhéanamh, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) fógra d'fhoillsiú, i dtaobh an orduithe sin do dhéanamh, san Iris Oifigiúil agus sna páipéirí nuachta san is ceart dar leis; | |
[EN] | (b) mapa den líomatáiste ina bhfuil na mianraí le n-a mbaineann an t-ordú san (agus é do réir scála oiriúnaigh agus gach mion-innsint iomchuibhe ar taisbeáint ann) do lóisteáil in oifig na Suirbhéireachta Geolaíochta, Baile Atha Cliath. | |
[EN] | (2) An fógra a horduítear no a húdaruítear leis an bhfo-alt san roimhe seo den alt so don Aire d'fhoillsiú, á rá go ndearnadh ordú um mianraí do thógaint, déarfar ann cé aca mianraí no aon-cheart mianadóireachta do tógadh leis an ordú san agus, i gceachtar cás, luadhfar ann, le mion-chruinneas cuibhe, suidheamh, gné agus méid na mianraí le n-a mbaineann an t-ordú san agus féadfar pé eolas eile (más ann dó), is oiriúnach leis an Aire, do chur ann i dtaobh an orduithe sin agus i dtaobh lánas an chéanna. | |
[EN] | (3) Gach mapa lóisteálfar in oifig na Suirbhéireachta Geolaíochta, Baile Atha Cliath, de bhun an chéad fho-ailt den alt so, beidh sé ar fáil gach tráth réasúnta chun a iniúchta san oifig sin ag duine ar bith gur mian leis é iniúchadh. | |
[EN] |
Cúiteamh i mianraí Státtóghta. |
16. —(1) Dlighfidh an tAire cúiteamh (dá ngairmtear san Acht so cúiteamh i mianraí Stát-tógtha) d'íoc in aon mhianraí no in aon-cheart mianadóireachta thógfaidh le hordú um mianraí do thógaint. |
[EN] | (2) Cheal có-aontuithe, déanfar cúiteamh i mianraí Stát-tógtha do chinneadh do réir forálacha Coda VII den Acht so. | |
[EN] |
Eilithe ar chúiteamh i mianraí Státtógtha. |
17. —(1) Duine ar bith adeir teideal do bheith aige fén gCuid seo den Acht so chun cúitimh i mianraí Stát-tógtha do tógadh le hordú um mianraí do thógaint, féadfaidh éileamh ar an gcúiteamh san do lóisteáil leis an Aire tráth ar bith fé cheann dhá mhí, no fé cheann pé tréimhse, is sia ná san (Ach nach sia ar fad ná dhá mhí dhéag) cheadóidh an tAire in aon-chás áirithe, tar éis fógra do bheith foillsithe san Iris Oifigiúil i dtaobh an orduithe sin do bheith deanta. |
[EN] | (2) Ní bhreithneoidh an tAire aon éileamh, ar chúiteamh i mianraí Stát-tógtha, a lóisteálfar tar éis na tréimhse ceaptar leis an bho-alt san roimhe seo den alt so. | |
[EN] | (3) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach éileamh ar chúiteamh i mianraí Stát-tógtha, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) ní foláir an t-éileamh san do bheith sa bhfuirm orduithe agus é dhéanamh agus é fhíorú sa tslí orduithe; | |
[EN] | (b) luadhfar san éileamh san — | |
[EN] | (i) cadé leas an iarratasóra sna mianraí Stát-tógtha san, | |
[EN] | (ii) suidheamh, gné, agus méid na mianraí le n-a mbaineann an leas san, | |
[EN] | (iii) gach éileamh no ualach fé n-a bhfuil an leas san, agus | |
[EN] | (iv) na mion-innste eile sin a hordófar; | |
[EN] | (c) bhéarfaidh neach déanta an éilimh sin don Aire, má cheanglann an tAire san air, an fhaisnéis sin a theastóidh uaidh chun an éilimh sin do bhreithniú. | |
[EN] | (4) Má ceangailtear ar dhuine ar bith fé mhír (c) den fho-alt deiridh sin roimhe seo den alt so aon fhaisnéis do thabhairt don Aire, agus go ndéanfaidh an duine sin go toiliúil no ar nós cumaliom, chun crícheanna an éilimh le n-a mbaineann an fhaisnéis sin, aon ráiteas do thabhairt a bheidh bréagach no mí-threorach i bponc tábhachtach, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air. | |
[EN] |
An tAire do thabhairt suas aon-chirt mhianadóireachta. |
18. —Pé uair a thiocfaidh aon-cheart mianadóireachta chun bheith dílsithe san Aire de bhuadh ordú um mianraí do thógaint, féadfaidh an tAire, ach an tAire Airgeadais do thoiliú chuige, an ceart san do thabhairt suas, le hordú, tráth ar bith le linn an chirt sin do bheith dílsithe amhlaidh. |
[EN] |
Talamh agus fo-chearta do thógaint go héigeanta. |
19. —(1) Pé uair a mheasfaidh an tAire gur gá aon talamh áirithe no aon fho-cheart áirithe do thógaint chun feidhm do bhaint go héifeachtúil no go hacarach as aon mhianraí Stáit, féadfaidh an tAire, ach an tAire Airgeadais do thoiliú chuige, an talamh san no an fo-cheart san do thógaint go héigeanta ar feadh seala no go buan le hordú (dá ngairmtear san Acht so ordú um shaoráidí mianadóireachta do thógaint). |
[EN] | (2) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach ordú um shaoráidí mianadóireachta do thógaint, sin sé le rá:— | |
[EN] | (a) i gcás talamh do thógaint leis an ordú san, luadhfar ann achar agus suidheamh an tailimh sin agus gné agus faid ré an leasa sa talamh san a dílseofar san Aire leis an ordú san; | |
[EN] | (b) i gcás fo-cheart do thógaint leis an ordú san, luadhfar ann gné an chirt sin, suidheamh aon mhaoine dá ndeineann feidhmiú an chirt sin deifir agus gné agus faid ré an leasa sa cheart san a dílseofar san Aire leis an ordú san; | |
[EN] | (c) féadfar na forálacha san uile, fóirlíontach no fo-ghabhálach, do chur san ordú san a mheasfaidh an tAire do bheith ceart agus le n-a dtoileoidh an tAire Airgeadais; | |
[EN] | (d) féadfar foráil do chur san ordú san á cheangal ar gach duine ar a mbeidh cúram a fheidhmithe áird chuibhe do thabhairt, le linn an orduithe sin do chur in éifeacht, ar thaithneamhacht na comharsanachta ina bhfuil an talamh no an fo-cheart a tógfar leis an ordú san; | |
[EN] | (e) déarfaidh agus déanfaidh an t-ordú san an talamh no an fo-cheart a tógfar leis do dhílsiú san Aire go ceann na tréimhse sin agus sa tslí sin a luadhfar san ordú san. | |
[EN] |
Fógraí i dtaobh orduithe um shaordáidí mianadóireachta do thógaint. |
20. —(1) Pé uair a bheartóidh an tAire ordú um shaoráidí mianadóireachta do thógaint do dhéanamh, cólíonfaidh pé foráil aca so leanas is oiriúnach, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) i gcás an tAire dá bheartú aon talamh áirithe do thógaint leis an ordú san, déanfaidh, mí ar a laighead no, má bhíonn tigh comhnaithe gabhtha ar an talamh san, trí mhí ar a laighead roimh an ordú san do dhéanamh, fógra do sheirbheáil ar gach duine go bhfeicfear dó leas do bheith aige sa talamh san á rá go bhfuil sé ar intinn an t-ordú san do dhéanamh agus fógra den tsórt chéanna, i dtaobh san do bheith ar intinn aige, d'fhoillsiú uair amháin ar a laighead i ngach ceann de dhá pháipéar nuachta léightear i gcomharsanacht an tailimh sin; | |
[EN] | (b) i gcás an tAire dó bheartú fo-cheart do thógaint leis an ordú san, déanfaidh, mí ar a laighead roimh an ordú san do dhéanamh, fógra do sheirbheáil ar gach duine go bhfeicfear dó leas do bheith aige in aon mhaoin dá ndéanfadh feidhmiú an chirt sin deifir, á rá go bhfuil sé ar intinn an t-ordú san do dhéanamh agus fós fógra den tsórt chéanna, i dtaobh san do bheith ar intinn aige, d'fhoillsiú uair amháin ar a laighead i ngach ceann de dhá pháipéar nuachta léightear i gcomhursanacht aon mhaoine den tsórt san. | |
[EN] | (2) I ngach fógra is gá, do réir an fho-ailt sin roimhe seo den alt so, do sheirbheáil no d'fhoillsiú— | |
[EN] | (a) luadhfar, i gcás an fógra san do bhaint le talamh do thógaint, suidheamh agus achar an tailimh sin chó mion-chruinn agus is gá chun go bhfeadfaí an talamh san d'aithint go réidh agus fós gné agus faid ré an leasa bheidh beartuithe do thógaint sa talamh san, no | |
[EN] | (b) luadhfar, i gcás an fógra san do bhaint le fo-cheart do thógaint, gné an chirt sin agus fós an talamh no an mhaoin eile gur maidir leis a bheidh beartuithe an ceart san do thógaint, agus an tréimhse gur ar a feadh a bheidh beartuithe an ceart san do thógaint. | |
[EN] | (4) Aon fhógra is gá, do réir an ailt seo, do sheirbheáil ar dhuine ar bith, féadfar é sheirbheáil tríd an bpost cláruithe agus, má seirbheáltar amhlaidh é, féadfar é dhíriú chun an duine sin fé sheoladh na háite comhnaithe is déanaighe is eol do bheith aige. | |
[EN] |
Cúiteamh i saoráidí mianadóireachta. |
21. —(1) Dlighfidh an tAire cúiteamh (dá ngairmtear san Acht so cúiteamh i saoráidí mianadóireachta) d'íoc in aon talamh no focheart a thógfaidh fé ordú um shaoráidí mianadóireachta do thógaint. |
[EN] | (2) Cheal có-aontuithe, déanfar cúiteamh i saoráidí mianadóireachta do chinneadh do réir forálacha Coda VII den Acht so. | |
[EN] | (3) Is cead gach éileamh ar chúiteamh i saoráidí mianadóireachta alos aon tailimh no fo-chirt a thógfaidh an tAire fé ordú um shaoráidí mianadóireachta do thógaint do dhéanamh tráth ar bith fé cheann dhá mhí, no fé cheann tréimhse, is sia ná san (ach nach sia ar fad ná ceithre mhí), a cheadóidh an tAire in aon chás áirithe, tar éis dáta an orduithe sin agus ní breithneofar aon éileamh den tsórt san ná deanfar laistigh den tréimhse sin. | |
[EN] |
Ceadúnais alos mianraí Státtógtha. |
22. —(1) Pé uair a thógfaidh an tAire aon mhianraí le hordú um mianraí do thógaint, féadfaidh, tráth ar bith ina dhiaidh sin, ceadúnas (dá ngairmtear san Acht so ceadúnas mianraí Stát-tógtha) do dheonadh do dhuine ar bith chun na mianraí sin d'oibriú. |
[EN] | (2) Pé uair a bheidh aon-cheart mianadóireachta dílsithe san Aire de bhuadh orduithe um mianraí do thógaint, féadfaidh an tAire ceadúnas (dá ngairmtear freisin san Acht so ceadúnas mianraí Stát-tógtha) do dheonadh do dhuine ar bith chun an aon-chirt mhianadóireachta san d'fheidhmiú agus chun na mianraí le n-ar bhain an ceart san d'oibriú de bhuadh an chirt sin. | |
[EN] | (3) Pé uair a dheonfaidh an tAire ceadúnas mianraí Státtógtha (dá ngairmtear an prímh-cheadúnas sa bhfo-alt so) beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) má thárlann, am deonta an phrímh-cheadúnais no tráth ar bith ina dhiaidh sin i rith ré feidhme an phrímhcheadúnais, go mbeidh aon talamh dílsithe san Aire, de bhuadh orduithe um shaoráidí mianadóireachta do thógaint, chun na mianraí d'oibriú no chun an aonchirt mhianadóireachta d'fheidhmiú (do réir mar a bheidh) le n-a mbainfidh an prímh-cheadúnas, féadfaidh an tAire fo-cheadúnas (dé ngairmtear san Acht so ceadúnas saoráidí mianadóireachta) do dheonadh don duine is ceadúnaidhe fén bprímh-cheadúnas chun an talamh, no aon chuid áirithe den talamh, a bheidh dílsithe amhlaidh san Aire d'úsáid chun na críche roimhráite agus do réir an orduithe sin; | |
[EN] | (b) má thárlann, am deonta an phrímh-cheadúnais no tráth ar bith ina dhiaidh sin i rith ré feidhme an phrímhcheadúnais, go mbeidh aon fho-cheart no fo-chearta dílsithe san Aire, de bhuadh orduithe um shaoráidí mianadóireachta do thógaint, chun na mianraí d'oibriú no chun an aon-chirt mhianadóireachta d'fheidhmiú (do réir mar a bheidh) le n-a mbainfidh an prímhcheadúnas, féadfaidh an tAire fo-cheadúnas (dá ngairmtear freisin san Acht so ceadúnas saoráidí mianadóireachta) do dheonadh don duine is ceadúnaidhe fén bprímh-cheadúnas chun an fo-cheart, no gach ceann no aon cheann no cinn áirithe de sna fo-chearta, a bheidh dílsithe amhlaidh san Aire d'fheidhmiú chun na críche roimhráite agus do réir an orduithe sin; | |
[EN] | (c) pé uair a dhéanfaidh an tAire ceadúnas mianraí Státtógtha agus ceadúnas no ceadúnaisí saoráidí mianadóireachta do dheonadh don aon duine amháin alos na mianraí gcéanna no an aon-chirt mhianadóireachta chéanna, féadfar, má lomhálann cúrsaí an cháis é, au ceadúnas no na ceadúnaisí mianadóireachta san do chur sa cheadúnas mianraí Stát-tógtha san; | |
[EN] | (d) pé uair a dhéanfaidh an tAire dhá cheadúnas saoráidí mianadóireachta do dheonadh don aon duine amháin alos na mianraí gcéanna no an aon-chirt mhianadóireachta chéanna agus ná beidh na ceadúnais sin curtha isteach i gceadúnas mianraí Stát-tógtha féadfar, má lomhálann cúrsaí an cháis é, an dá cheadúnas saoráidí mianadóireachta san do chur in aon cheadúnas amháin den tsórt san. | |
[EN] |
Iarratais ar cheadúnais alos mianraí Státtógtha. |
23. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh chun gach críche no aon chríche no crícheanna aca so leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) ag ordú na fuirme agus na slí ina n-iarfar ceadúnas mianraí Stát-tógtha no ceadúnas saoráidí mianadóireachta; | |
[EN] | (b) á cheangal go n-íocfar táillí nuair a déanfar iarratais den tsórt san agus ag ordú méideanna na dtáillí sin; | |
[EN] | (c) ag luadh na gcoinníoll a bheidh le cólíonadh ag lucht iarrtha aon cheadúnais den tsórt san; | |
[EN] | (d) ag luadh na dtéarmaí agus na gcoinníoll a bheidh le hionchorparú i gceadúnais den tsórt san (ar a n-áirmhítear an tréimhse dá ndeonfar an ceadúnas) agus ag luadh na n-oblagáidí forchuirfear le ceadúnais den tsórt san ar na daoine is ceadúnaithe fútha agus, go sonnrách, á cheangal ar an té is ceadúnaidhe fé aon cheadúnas den tsórt san áird chuibhe do thabhairt, le linn na gceart do bhéarfar dó leis an gcéanna do bheith a bhfeidhmiú aige, do thaithneamhachtaí na comhursanachta ina mbeidh an ní le n-a mbainfidh an ceadúnas san; | |
[EN] | (e) á cheangal ar gach duine iarrfaidh ceadúnas mianraí Stát-tógtha fianaise do sholáthar ar a charachtar, ar a sheasamh i gcúrsaí airgeadais, agus ar a cháilíochta teicniúla agus urrús do thabhairt go gcólíonfaidh go cuibhe na hoblagáidí bheidh air fén gceadúnas san, agus ag ordú gné na fianaise sin agus an urrúis sin fé seach. | |
[EN] | (2) Féadfar rialacháin deifriúla do dhéanamh fén alt so i dtaobh aicmí áirithe ceadúnas. | |
[EN] | (3) Is amhlaidh a déanfar gach iarratas ar cheadúnas mianraí Stát-tógtha no ar cheadúnas saoráidí mianadóireachta ná do réir an mhéide sin, de sna rialacháin a déanfar fén alt so, a bhainfidh leis an iarratas san. | |
[EN] |
Fuirm agus lánas ceadúnas alos mianraí Státtógtha. |
24. —(1) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach ceadúnas mianraí Stát-tógtha agus gach ceadúnas saoráidí mianadóireachta, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) is ar na téarmaí agus na coinníollacha san a mheasfaidh an tAire is ceart agus a luadhfaidh sa cheadúnas san a deonfar an ceadúnas san, agus féadfar téarmaí agus coinníollacha deifriúla do luadh amhlaidh i dtaobh ceadúnas mianraí Stat-tógtha agus i dtaobh ceadúnas saoráidí mianadóireachta; | |
[EN] | (b) nuair a deonfar an ceadúnas san déanfaidh an ceadúnaidhe an chomaoin sin a chinnfidh an tAire le haontú an Aire Airgeadais d'íoc leis an Aire ar an gceadúnas san. | |
[EN] | (2) Déarfaidh agus déanfaidh gach ceadúnas mianraí Státtógtha ceart do thabhairt don cheadúnaidhe, ar feadh na tréimhse sin a luadhfar sa cheadúnas, chun pé ní aca so leanas a luadhfar sa cheadúnas do dhéanamh, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) na mianraí luadhfar sa cheadúnas d'oibriú; | |
[EN] | (b) an t-aon-cheart mianadóireachta luadhfar sa cheadúnas d'fheidhmiú agus, de bhuadh an chirt sin, na mianraí luadhfar sa cheadúnas d'oibriú. | |
[EN] | (3) I gcás ceadúnas saoráidí mianadóireachta (dá ngairmtear an fo-cheadúnas sa bhfo-alt so) do dheonadh mar fho-cheadúnas don duine is ceadúnaidhe fé cheadúnas mianraí Stát-tógtha (dá ngairmtear an prímh-cheadúnas sa bhfo-alt so) déarfaidh agus déanfaidh an fo-cheadúnas ceart do thabhairt don cheadúnaidhe sin, ar feadh na tréimhse sin a luadhfar sa bhfo-cheadúnas, chun pé ní aca so leanas a luadhfar sa bhfo-cheadúnas do dhéanamh, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) an talamh a luadhfar sa bhfo-cheadúnas d'úsáid chun oibrithe na mianraí no chun feidhmithe an aon-chirt mhianadóireachta (fé mar a bheidh) le n-a mbainfidh an prímh-cheadúnas agus san do réir an orduithe um shaoráidí mianadóireachta do thógaint is iomchuibhe; | |
[EN] | (b) an fo-cheart san no gach ceann no aon cheann no cinn áirithe de sna fo-chearta san a luadhfar sa bhfocheadúnas d'fheidhmiú chun na críche roimhráite agus do réir an orduithe sin. | |
[EN] |
Cúiteamh i ndamáiste fé Chuid III. |
25. —(1) Pé uair a déanfar damáiste d'uachtar aon tailimh, go díreach no go nea-dhíreach, tríd an gceadúnaidhe fé cheadúnas mianraí Stát-tógtha no fé cheadúnas saoráidí mianadóireachta d'fheidhmiú na gceart a bheidh aige fén gceadúnas san, dlighfidh an ceadúnaidhe sin cúiteamh (dá ngairmtear san Acht so cúiteamh i ndamáiste fé Chuid III) d'íoc sa damáiste sin. |
[EN] | (2) Cheal có-aontuithe, déanfar méid aon chúitimh i ndamáiste fé Chuid III do chinneadh do réir forálacha Coda VII den Acht so. |