4 1941


Uimhir 4 de 1941.


ACHT PRÍMH-CHISTE, 1941.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT CHUN SUIMEANNA ÁIRITHE AS AN bPRÍMH-CHISTE DO CHUR CHUN SEIRBHÍSE NA mBLIAN DAR CRÍCHEANNA AN tAONÚ LÁ DÉAG AR FHICHID DE MHÁRTA MÍLE NAOI gCÉAD A NAOI TRIOCHAD, MÍLE NAOI gCÉAD A hAON CEATHRACHAD AGUS MÍLE NAOI gCÉAD A DÓ CEATHRACHAD.

[20adh Márta, 1941.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

£18,803 8s. 5d. do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar chríoch an 31adh lá de Mhárta, 1939.

1. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim Ocht Míle Dhéag Ocht gCéad agus Trí Púint, Ocht Scillinge agus Cúig Pingne do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste agus í chur chun slánuithe an tsoláthair do deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar chríoch an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhárta míle naoi gcéad a naoi tríochad.

£4,111,167 do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1941.

2. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim Cheithre Milleon Céad agus Aon Mhíle Dhéag Céad agus Seacht bPúint Seascad do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste agus í chur chun slánuithe an tsoláthair do deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhárta míle naoi gcéad a haon ceathrachad.

£12,350,000 do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1942.

3. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim Dhá Mhilleon Déag Trí Chéad agus Caoga Míle Punt do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste agus í chur chun slánuithe an tsoláthair do deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhárta míle naoi gcéad a dó ceathrachad.

Comhacht don Aire Airgeadais chun suim ná raghaidh thar £16,479,970 8s. 5d. d'fháil ar iasacht.

4. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon tsuim no suimeanna nach mó san iomlán ná Sé Milleon Déag Ceithre Chéad agus Naoi Míle Seachtód Naoi gCéad agus Seachtó Punt Ocht Scillinge agus Cúig Pingne d'fháil ar iasacht o dhuine ar bith agus féadfaidh Banc na hÉireann an céanna do roimh-íoc leis an Aire Airgeadais agus, chun an céanna d'fháil ar iasacht, féadfaid an tAire Airgeadais urrúis ar bith do bhunú agus do thabhairt amach agus iad fén ráta úis sin, agus fós fé réir na gcoinníollacha san i dtaobh aisíoca no fuascailte no eile, is oiriúnach leis.

(2) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thoradh fáis a bheidh muirear colna agus úis urrús ar bith do bhéarfar amach fén Acht so agus muirear na gcostas fé n-a raghfar i dtaobh na n-urrús san do thabhairt amach.

(3) Aon airgead a cruinneofar tré urrúis ar n-a dtabhairt amach fén Acht so, cuirfear é chun creidiúna do chuntas an Stát-Chiste agus beidh sé ina chuid den Phrímh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí ina mbeidh an Ciste sin ar fáil.

Gearr-theideal.

5. —Féadfar an tAcht Prímh-Chiste, 1941 , do ghairm den Acht so.