Ar Aghaidh (Sceideal (A). DEONTAISI.)

17 1941


Uimhir 17 de 1941.


ACHT LEITHREASA, 1941.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT CHUN SUIMEANNA ÁIRITHE AS AN bPRÍMH-CHISTE DO CHUR CHUN SEIRBHÍSE NA BLIANA DAR CHRÍOCH AN tAONÚ LÁ DÉAG AR FHICHID DE MHÁRTA, MÍLE NAOI gCÉAD AGUS CEATHRACHA AGUS NA BLIANA DAR CRÍOCH AN tAONÚ LÁ DÉAG AR FHICHID DE MHÁRTA, MÍLE NAOI gCÉAD A DÓ CEATHRACHAD AGUS CHUN NA SUIMEANNA DEONADH LEIS AN ACHT PRÍMH-CHISTE, 1941 , AGUS A DEONTAR LEIS AN ACHT SO DO CHUR I LEITHREAS DO SNA SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR AGUS DO SNA CRÍCHEANNA IS CEART. [6adh Lúnasa, 1941.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

Deontaisi as an bPrimh-Chiste.

£20 do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste i gcóir na bliana 1939-40.

1. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim fiche punt do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste agus í chur chun slánuithe an tsoláthair do deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar chríoch an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhárta, míle naoi gcéad agus ceathracha.

£24,420,829 do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste i gcóir na bliana 1941-42.

2. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim cheithre mhilleon fichead, ceithre chéad agus fiche míle, ocht gcéad agus naoi bpúint fhichead do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste agus í chur chun slánuithe an tsoláthair do deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhárta, míle naoi gcéad a dó ceathrachad.

Comhacht don Aire Airgeadais chun suim ná raghaidh thar £24,420,849 d'fháil ar iasacht.

3. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon tsuim no suimeanna nach mó san iomlán ná ceithre mhilleon fichead, ceithre chéad agus fiche míle, ocht gcéad agus naoi bpúint cheathrachad d'fháil ar iasacht o dhuine ar bith agus féadfaidh Banc na hÉireann an céanna do roimh-íoc leis an Aire Airgeadais, agus chun an céanna d'fháil ar iasacht féadfaidh an tAire Airgeadais urrúis ar bith do bhunú agus do thabhairt amach agus iad fén ráta úis sin, agus fós fé réir na gcoinníollacha san i dtaobh aisíoca no fuascailte no eile, is oiriúnach leis.

(2) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thoradh fáis a bheidh muirear colna agus úis urrús ar bith do bhéarfar amach fén Acht so agus muirear na gcostas fé n-a raghfar i dtaobh na n-urrús san do thabhairt amach.

(3) Aon airgead a cruinneofar tré urrúis ar n-a dtabhairt amach fén Acht so, cuirfear é chun creidiúna do chuntas an Stát-Chiste agus beidh sé ina chuid den Phrímh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí 'na mbeidh an Ciste sin ar fáil.

Deontaisi do chur i Leithreas.

Suimeanna vótáladh i gcóir seirbhísí soláthair, eadhon £40,900,819 8s. 5d. do chur i leithreas.

4. —(1) Na suimeanna uile deontar as an bPrímh-Chiste, leis an Acht so agus leis an Acht eile luaidhtear i Sceideal (A) a ghbhann leis an Acht so, chun slánú do dhéanamh ar an soláthar a deonadh agus 'na ndeineann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal san, suim cheathracha milleon, naoi gcéad míle, ocht gcéad agus naoi bpúint déag, ocht scillinge agus cúig pingne, cuirtear iad i leithreas agus is tuigthe iad do bheith curtha i leithreas, amhail o dháta na nAchtanna luaidhtear sa Sceideal san (A) do rith, chun na seirbhísí agus na gcríoch a luaidhtear i Sceideal (B) a ghabhann leis sin. An achmaireacht ar sceidil agus na sceidil a ghabhann léi sin, maraon leis an nóta (más ann dó) a ghabhann leis na sceidil sin, is tuigthe gur cuid den Acht so iad díreach fé is dá mbeidís i gcorp an Achta so.

(2) I dteanta na suimeanna deontar as an bPhrímh-Chiste, agus dá dtagartar sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so, féadfar na suimeanna a taisbeántar fé seach sa cholún deiridh de Sceideal (B) a ghabhann leis seo agus 'na ndeineann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal san, suim milleon, naoi gcéad agus naoi míle seachtód, naoi gcéad agus seacht bpúint tríochad, sé scillinge déag agus sé pingne do chur chun úsáide amach as aon airgead a horduítear fé alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, a chur chun úsáide mar leithreasaí i gcabhair do sna deontaisí i gcóir na seirbhísí agus na gcríoch a luaidhtear sa Sceideal san.

Gearr-theideal.

5. —Féadfar an tAcht Leithreasa, 1941 , do ghairm den Acht so.

An Achmaireacht ar Sceidil (A) agus (B) da dtagartar san Acht so.