|
|||||
|
Ar Aghaidh (SCEIDEAL.) |
[EN] | ||
Uimhir 11 de 1942. | ||
[EN] |
ACHT SOLÁTHAIR SHÍOLTA AGUS LEASACHÁN, 1942. | |
[An tionntódh oifigeamhail.] |
ACHT DÁ ÚDARÚ AGUS DÁ DHLEATHÚ DO CHOMHAIRLÍ CONTAETHE CRUITHNEACHT SÍL, EORNA SÍL, COIRCE SÍL AGUS PRÁTAÍ SÍL AGUS LEASACHÁIN DO CHUR AR FÁIL AGUS DO DHÍOL I RITH NA TRÉIMHSE DAR THOSACH AN 1adh LÁ DE LÚNASA, 1941, AGUS DAR CRÍOCH AN 31adh LÁ D'IÚL, 1942, AGUS DO CHOMHAIRLÍ CONTAETHE URRAÍOCHTA DO THABHAIRT I dTAOBH CEANNAITHE SÍL DO DHÍOL AON tSÍOLTA NO LEASACHÁN DEN tSÓRT SAN I RITH NA TRÉIMHSE SIN AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE GHABHAS NO BHAINEAS LEIS AN gCUR AR FÁIL NO AN DÍOL SAN NO LEIS NA hURRAÍOCHTA SAN. [26adh Bealtaine, 1942.] |
ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Mínithe. |
1. —San Acht so— |
[EN] | cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe; | |
[EN] | cialluíonn an focal “earraí” síolta agus leasacháin no síolta amháin no leasacháin amháin, fé mar is gá sa chás; | |
[EN] | ní chialluíonn an focal “síolta” ach cruithneacht síl, eorna síl, coirce síl, agus prátaí síl; | |
[EN] | na tagairtí déantar do chomhairle do dhíol earraí, no d'earraí do cheannach o chomhairle, léireofar iad mar thagairtí fholuíonn idirbhearta ina ndéanfaidh no ina ndearna comhairle socrú chun deighleálaidhe do sholáthar earraí ina ndeighleálann sé do dhuine go n-údarás aige ón gcomhairle sin chun soláthar de na hearraí sin d'fháil. | |
[EN] |
An tréimhse le n-a mbaineann an tAcht so. |
2. —Bainfidh an tAcht so leis an tréimhse dar thosach an ladh lá de Lúnasa, 1941, agus dar críoch an 31adh lá d'Iúl, 1942. |
[EN] |
Comhacht do chomhairle chontae chun síolta agus leasacháin do chur ar fáil. |
3. —(1) Aon uair do rinne no dhéanfaidh comhairle chontae, i rith na tréimhse le n-a mbaineann an tAcht so, síolta agus leasacháin no síolta amháin no leasacháin amháin do chur ar fáil chun iad d'iomdháil sa chontae sin no in aon chuid áirithe dhi, is dleathach don chomhairle sin aon tsíolta agus leasacháin no, (do réir mar bhí no bheidh), aon tsíolta no leasacháin, dár cuireadh no dá gcuirfear ar fáil amhlaidh do dhíol le sealbhaire no saothruitheoir tailimh ar bith sa chontae sin no sa chuid áirithe sin di. |
[EN] | (2) Aon uair a rinne no dhéanfaidh comhairle chontae, sa tréimhse le n-a mbaineann an tAcht so, síolta agus leasacháin no ceachtar aca do chur ar fáil agus do dhíol fén Acht so, féadfaidh an chomhairle sin a fháil amach cadé méid iomlán na gcostas agus na gcaiteachas (seachas an praghas do thug an chomhairle sin ar na síolta agus na leasacháin sin no, (do réir mar bhí no bheidh), ar na síolta san no ar na leasacháin sin) fé n-a ndeachaidh an chomhairle sin i dtaobh na n-earraí sin do chur ar fáil agus do dhíol sa tréimhse sin, agus féadfaidh an méid sin do chionroinnt ar na daoine uile agus fé seach le n-ar díoladh na hearraí sin amhlaidh sa tréimhse sin, agus, air sin, déanfar an tsuim a cuirfear i leith aon duine aca san de dhruim na cionroinnte sin do chur leis an suim is iníoctha ag an duine sin leis an gcomhairle sin alos na coda de na hearraí sin do díoladh leis amhlaidh agus beidh sí agus is tuigthe go raibh riamh ina cuid den tsuim sin is iníoctha amhlaidh agus beidh sí ionbhainte amach fén Acht so dá réir sin, d'ainneoin nár có-aontuíodh, agus an díol san á dhéanamh, go n-íocfaí an tsuim sin. | |
[EN] | (3) Aon uair a dhíol comhairle chontae aon earraí le duine ar bith fén Acht so, beidh ag gabháil leis an suim, is iníoctha ag an duine sin leis an gcomhairle sin alos an díola san, ús do réir pé ráta per cent. per annum a cheap no cheapfaidh an chomhairle sin chuige sin, d'ainneoin nár có-aontuíodh, agus an díol san á dhéanamh, go n-íocfaí ús. | |
[EN] | (4) Aon tsuim is iníoctha le comhairle chontae alos earraí ar bith do dhíol fén Acht so (le n-a n-áirmhítear an t-ús agus, fós, an cion de chostais agus de chaiteachais, is iníoctha de bhuadh an ailt seo) déanfar, do réir mar is rogha leis an gcomhairle sin, í íoc leis an gcomhairle sin san am agus sa tslí ar ar có-aontuíodh agus na hearraí sin á ndíol no ina dhá tráthchuid chodroma is iníoctha ar na dátaí fé seach a cheapfaidh an chomhairle sin chuige sin, agus i gceachtar cás féadfar í bhailiú agus do bhaint amach sa tslí a húdaruítear leis an Acht so. | |
[EN] |
Suimeanna is iníoctha le comhairlí contae fén Acht so do bhaint amach. |
4. —I dteanta aon mhodha eile agus gan dochar d'aon mhodh eile chun aon tsuim do bhaint amach is iníoctha le comhairle chontae alos no i dtaobh na comhairle sin do dhíol earraí fén Acht so i rith na tréimhse le n-a mbaineann an tAcht so, féadfar gach suim de tsórt san ná beidh íoctha leis an gcomhairle sin ná bainte amach aca roimh an gcéad ladh lá d'Eanar i ndiaidh deireadh na tréimhse sin do bhaint amach— |
[EN] | (a) má bhíonn an duine a mbeidh an tsuim sin iníoctha aige rátuithe (seachas mar únaer ar thigh chomhnaithe bheag do réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúla (Rátaí ar Thithe Comhnaithe Beaga), 1928 ( Uimh. 4 de 1928 )) le haghaidh an ráta dhealbhais sa chontae sin, tríd an gcomhairle sin do ghearradh ráta speisialta ar an tionontachán no ar an gceann san a roghnóidh an chomhairle sin de na tionóntacháin a mbeidh an duine sin rátuithe amhlaidh ina thaobh no ina dtaobh, agus déanfaidh an chomhairle sin é bhailiú agus féadfaidh é bhaint amach sa tslí chéanna inar féidir agus leis na meáin chéanna le n-ar féidir ráta dealbhais do bhailiú agus do bhaint amach, no | |
[EN] | (b) mara mbeidh an duine a mbeidh an tsuim sin iníoctha aige rátuithe mar adubhradh le haghaidh an ráta dhealbhais sa chontae sin, tré ráta speisialta bhuailfidh an chomhairle sin chun crícheanna an ailt seo agus a rátófar an duine sin le n-a aghaidh agus a baileofar agus a féadfar a bhaint amach sa tslí chéanna inar féidir agus leis na meáin chéanna le n-ar féidir ráta dealbhais do bhailiú agus do bhaint amach. | |
[EN] |
Comhacht do chomhairlí contae chun urraíochta do thabhairt. |
5. —(1) Is dleathach do chomhairle chontae scéim do dhéanamh agus do thabhairt chun críche á ghabháil le n-a n-ais a urrú d'aon cheannaidhe síl cheaduithe go n-íocfar go cuibhe leis an gceannaidhe sin an praghas iomlán no cion áirithe den phraghas is iníoctha ag sealbhaire no saothruitheoir tailimh ceaduithe sa chontae sin as síolta agus leasacháin no as síolta amháin no as leasacháin amháin do sholáthair an ceannaidhe sin don tsealbhaire no don tsaothruitheoir cheaduithe sin i rith na tréimhse le n-a mbaineann an tAcht so. |
[EN] | (2) Aon uair a bheidh urraíocht tugtha ag comhairle chontac do cheannaidhe síl cheaduithe de bhun scéime a húdaruítear leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, agus a dhéanfaidh an chomhairle sin, de dhruim faillighe an tsealbhaire no an tsaothruitheora le n-a mbainfidh an urraíocht san, aon airgead d'íoc leis an gceannaidhe sin fén urraíocht san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) má bhíonn aon airgead ionbhainte go dleathach den tsealbhaire no den tsaothruitheoir sin no dá urraí (más ann), ag an gcomhairle sin mar gheall ar an íocaíocht san do dhéanamh leis an gceannaidhe sin, ansan, i dteanta aon tslí eile agus gan dochar d'aon tslí eile chun é bhaint amach, beidh sé ionbhainte amach fén Acht so fé is dá mba shuim é dob iníoctha ag an sealbhaire no ag an saothruitheoir no ag an urra san (do réir mar bheidh) alos earraí do dhíolfadh an chomhairle sin leis fén Acht so; | |
[EN] | (b) féadfar an urraíocht san do thairgsint i bhfianaise, agus (ar a chruthú gur cólánuíodh go cuibhe í) glacfar i bhfianaise í, in imeachta bhunóidh an chomhairle sin in aon chúirt chun airgead is ionbhainte amach go dleathach amhlaidh mar adubhradh do bhaint den tsealbhaire no den tsaothruitheoir no den urra san d'ainneoin gan forálacha an Stamp Act, 1891, ar n-a leasú no ar n-a oiriúnú le hachtacháin iar-aimseardha, do bheith cólíonta maidir leis an urraíocht san. | |
[EN] | (3) San alt so cialluíonn an focal “ceaduithe” ceaduithe ag an gcomhairle bheidh i gceist. | |
[EN] |
Airgead nach féidir a bhaint amach do shlánú go leathrannach ag an Stát. |
6. —(1) Fé réir na teorann a fhorchuireann an chéad fho-alt ina dhiaidh seo den alt so, slánóidh an tAire Airgeadais le comhairle chontae ar bith, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, leath gach suime a bheidh do réir na gcoinníoll uile seo leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) an tsuim sin do bheith tagtha chun bheith iníoctha ag duine ar bith leis an gcomhairle sin alos no i dtaobh na comhairle sin do dhíol earraí leis an duine sin fén Acht so no alos no i dtaobh na comhairle sin d'íoc airgid le ceannaidhe síl de bhun urraíochta do tugadh fén Acht so don cheannaidhe síl san alos earraí do sholáthair sé don duine sin, agus | |
[EN] | (b) gur deimhin leis an Aire go ndearna an chomhairle sin, roimh an díol do dhéanamh no an urraíocht do thabhairt (pé aca é) ar ina thaobh a tháinig an tsuim sin chun bheith iníoctha leis an gcomhairle sin, cúram réasúnach do ghlacadh i dtaobh an duine sin do roghnú no do cheadú, agus | |
[EN] | (c) a bheith deimhnithe ag an Aire nach féidir leis an gcomhairle sin an tsuim sin do bhaint den duine sin. | |
[EN] | (2) Ní raghaidh an méid iomlán íocfaidh an tAire Airgeadais fén alt so le comhairle chontae ar bith thar an suim a luaidhtear sa dara colún den Sceideal a ghabhann leis an Acht so os coinne ainm na contae sin sa chéad cholún den Sceideal san. | |
[EN] |
Comhacht chun airgead do thógaint ar iasacht. |
7. —(1) Féadfaidh comhairle chontae, le ceadú an Aire, an t-airgead san do thógaint ar iasacht is gá chun síolta agus leasacháin no síolta amháin no leasacháin amháin do chur ar fáil fén Acht so agus ní déanfar an tsuim a tógfar ar iasacht amhlaidh d'áireamh mar chuid d'fhiacha na comhairle sin chun críche aon achtacháin a theorannuíonn comhachta na comhairle sin chun airgead do thógaint ar iasacht agus aisíocfar í sa tslí sin agus laistigh den tréimhse sin a cheapfaidh an tAire. |
[EN] | (2) Is tuigthe gach suim a tógadh no tógfar ar iasacht fén alt so maraon leis an ús uirthi do bheith, o dháta na suime sin do thógaint ar iasacht, ina muirear ar an ráta dealbhais is inghearrtha i gcontae na comhairle do thóg no thógfaidh an tsuim sin ar iasacht amhlaidh. | |
[EN] |
Costais ná beidh bainte amach ná slánuithe do chruinniú. |
8. —Déanfaidh comhairle chontae na costais fé n-a ndeachaidh no fé n-a raghaidh an chomhairle sin ag comhalladh an Achta so dhóibh do chruinniú tríd an ráta dealbhais mar mhuirear ar an gcontae go hiomlán, sa mhéid ná beid bainte de na daoine uile agus fé seach dhlighfidh fén Acht so an céanna d'íoc no ná beid slánuithe ag an Aire Airgeadais. |
[EN] |
Geallúna agus urraíochta neastampálta do bheith ionghlactha. |
9. —I gcás duine ar bith do cheannuigh aon earraí o chomhairle chontae fén Acht so agus do rinne, roimh na hearraí sin do cheannach no d'fhonn go leigfí dhó iad do cheannach, a lámh do chur le geallúint (go n-urraíocht o urraí no dá héamais), no freagarthacht eile do ghlacadh air féin tré gheallúint den tsórt san, go n-íocfadh leis an gcomhairle sin praghas na n-earraí do ceannuíodh amhlaidh, féadfar an gheallúint sin agus, fós, an urraíocht a bheidh (má bhíonn) ag gabháil léi, do thairgsint i bhfianaise, agus (ar a chruthú gur cólánuíodh an céanna go cuibhe) glacfar san i bhfianaise, in imeachta bunófar in aon chúirt chun an phraghais sin do bhaint den duine sin no d'aon urra den tsórt san, d'ainneoin gan forálacha an Stamp Act, 1891, ar n-a leasú no ar n-a n-oiriúnú le hachtacháin iar-aimseardha, do bheith cólíonta maidir leis an ngeallúint sin agus an urraíocht san (más ann) no maidir le ceachtar aca. |
[EN] |
Saoirse o dhícháiliú. |
10. —Ní bheidh duine ar bith dí-cháilithe chun é thogha ná é roghnú ná é bheith ina bhall de chomhairle chontae no d'aon choiste d'aon chomhairle den tsórt san no d'aon chó-choiste ar n-a cheapadh go leathrannach ag aon chomhairle den tsórt san, toise é do cheannach no do chó-aontú go gceannódh sé o chomhairle chontae aon earraí ar n-a gcur ar fáil agus ar n-a ndíol ag an gcomhairle sin fén Acht so, no toise é d'fháil urraíochta (mar chreidmheasóir no mar phrímh-fhéicheamh) ar n-a tabhairt ag comhairle chontae fén Acht so no toise é do bheith ina urra maidir le haon gheallúint ar n-a tabhairt fén Acht so do chomhairle chontae. |
[EN] |
Orduithe, etc., áirithe do dhéanamh bailidhe. |
11. —Gach ordú agus gach ní do rinne an tAire, agus fós gach ceadú do thug sé uaidh, roimh dháta an Achta so do rith, maidir le comhairlí contae do chur earraí ar fáil agus dá ndíol fén Acht so, no maidir le comhairlí contae do dhéanamh agus d'fheidhmiú scéimeanna a húdaruítear leis an Acht so chun na gcomhairlí sin do thabhairt urraíocht, beid agus is tuigthe go rabhadar riamh dlíthiúil agus bailidhe chun gach críche. |
[EN] |
Gearr-theideal. |
12. —Féadfar an tAcht Soláthair Shíolta agus Leasachán, 1942 , do ghairm den Acht so. |