16 1942


Uimhir 16 de 1942.


ACHT UM CHIONTAÍ IN AGHAIDH AN STÁIT (GEALLBHRUIDEADH), 1942.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT DO LEASÚ AN ACHTA UM CHIONTAÍ IN AGHAIDH AN STÁIT (GEALLBHRUIDEADH), 1940 .

[21adh Iúl, 1942.]

ACHTUITEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :—

An Príomh-Acht.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “ an Príomh-Acht ” an t Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit (Geallbhruideadh), 1940 (Uimh. 27 de 1940) .

An Príomh-Acht do leasú.

2. —Athghairmtear leis seo alt 2 den Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit (Geallbhruideadh), 1941 ( Uimh. 21 de 1941 ), agus achtuítear leis seo ina ionad san go ndéanfar gach ceann fé leith den dá thagairt don 3adh lá de Mheán Fhómhair, 1941, atá i bhfo-alt (1) d'alt 2 den Phríomh-Acht do léiriú mar thagairt don 3adh lá de Mheán Fhómhair, 1943.

Gearr-theideal agus có-luadh.

3. —(1) Féadfar an tAcht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit (Geallbhruideadh), 1942 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna um Chiontaí in Aghaidh an Stáit (Geallbhruideadh), 1940 go 1942, do ghairm de na hAchtanna um Chiontaí in Aghaidh an Stáit (Geallbhruideadh), 1940 agus 1941, agus den Acht so le chéile.