18 1942


Uimhir 18 de 1942.


ACHT UM THOGHCHÁIN ÁITIÚLA (LEASÚ), 1942.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT DO LEASÚ AN ACHTA UM THOGHCHÁIN ÁITIÚLA, 1937, TRÍD AN TRÉIMHSE, INAR GÁ DO RÉIR AN ACHTA SAN TOGHCHÁIN ÁITIÚLA LE N-A MBAINEANN SÉ DO CHOMÓRADH, D'FHAIDIÚ GO DTÍ AN 30adh LÁ DE MHEÁN FHÓMHAIR, 1943, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE LEANAS AS AN bhFAIDIÚ SAN NO GHABHAS LEIS. [28adh Iúl, 1942.]

ACHTUITEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht, Acht 1940, agus Acht 1941.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht um Thoghcháin Áitiúla, 1937 (Uimh. 14 de 1937) ,

cialluíonn an abairt “Acht 1940” an t Acht um Thoghcháin Áitiúla (Leasú), 1940 (Uimh. 19 de 1940) , agus

cialluíonn an abairt “Acht 1941” an t Acht um Thoghcháin Áitiúla (Leasú), 1941 (Uimh. 20 de 1941) .

Léiriú agus mínithe.

2. —(1) Léighfear agus léireofar mar éinní amháin an tAcht so, an Príomh-Acht, Acht 1940, agus Acht 1941.

(2) San Acht so cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe.

(3) Is údarás áitiúil chun crícheanna an Achta so gach cólucht atá ina údarás áitiúil chun crícheanna Coda II den Príomh-Acht agus fós (ach amháin sa leasú a dhéanann an tAcht so ar alt 5 den Príomh-Acht) comhairle chontae-bhuirge Chorcaighe, agus léireofar an abairt “údarás áitiúil” dá réir sin san Acht so.

Ailt 5 agus 7 den Phríomh-Acht do leasú.

3. —(1) Déantar leis seo alt 5 den Phríomh-Acht, ar n-a leasú le fo-alt (1) d'alt 3 d'Acht 1940 agus le fo-alt (1) d'alt 3 d'Acht 1941, do leasú tré fho-alt (1) den alt san do scriosadh amach agus tríd an bhfo-alt so leanas do chur isteach san alt san in ionad an fho-ailt a scriostar amach amhlaidh. sé sin le rá:—

“(1) Déanfaidh an tAire le hordú, roimh an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1943, lá nach déanaighe ná an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1943, do cheapadh maidir le gach údarás áitiúil fé leith chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna na Coda so den Acht so maidir leis an údarás áitiúil sin.”

(2) Déanfar Cuid II den Phríomh-Acht (agus alt 5 de d'áireamh) do léiriú ag féachaint go cuibhe don leasú déantar ar an alt san 5 leis an bhfo-alt san roimhe seo den alt so agus, chun lán-éifeacht do thabhairt don leasú san, cuirfear an dáta an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1943, in ionad an dáta an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1942, san áit ina ndéantar, de bhuadh fo-ailt (2) d'alt 3 d'Acht 1941, an dáta deiridh sin do luadh i bhfo-alt (3) den alt san 5 agus i bhfo-alt (2) d'alt 7 den Phríomh-Acht.

Alt 16 den Phríomh-Acht do leasú.

4. —(1) Déantar leis seo alt 16 den Phríomh-Acht, ar n-a leasú le fo-alt (1) d'alt 4 d'Acht 1940 agus le fo-alt (1) d'alt 4 d'Acht 1941, do leasú tré fho-alt (1) den alt san do scriosadh amach agus tré na fo-ailt seo leanas do chur isteach san alt san in ionad an fho-ailt a scriostar amach amhlaidh, sé sin le rá:—

“(1) Déanfaidh an tAire, roimh an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1943, lá nach déanaighe ná an 30adh lá san de Mheán Fhómhair, 1943, do cheapadh le hordú chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna na Coda so den Acht so maidir leis an gcomhairle.

(1a) Aon uair a bheidh lá ceaptha ag an Aire le hordú fén alt so (le n-a n-áirmhítear ordú fén bhfo-alt so) chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna na Coda so den Acht so maidir leis an gcomhairle féadfa sé, le hordú ina dhiaidh sin, an t-ordú san do chúlghairm agus lá eile do cheapadh fé fho-alt (1) den alt so chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna na Coda so den Acht so maidir leis an gcomhairle.”

(2) Léireofar Cuid III den Phríomh-Acht (agus alt 16 de d'áireamh) ag féachaint go cuibhe don leasú déantar ar an alt san 16 leis an bhfo-alt san roimhe seo den alt so.

Forálacha speisialta i dtaobh na bliana 1942.

5. —(1) Chun alt 8, 9 no 10 (do réir mar a bheidh) den Acht um Thoghcháin Áitiúla, 1927 (Uimh. 39 de 1927) , agus alt 11 den Acht san do bhaint le haon údarás áitiúil is bliain ná beidh toghchán cinn trí mblian chun na comhairle sin ann an bhliain 1942.

(2) Má thárlann, maidir le haon údarás áitiúil áirithe, an lá ceaptha chun crícheanna Coda II den Phríomh-Acht ar n-a leasú leis an Acht so no Coda III den Phríomh-Acht ar n-a leasú leis an Acht so (do réir mar a bheidh) do thuitim sa bhliain 1942,—

(a) déanfar an tagairt atá sa bhfo-alt san roimhe seo don bhliain 1942 do léiriú, maidir leis an údarás áitiúil sin, mar thagairt don chuid den bhliain sin roimh an lá ceaptha san, agus

(b) chun alt 8, 9 no 10 (do réir mar a bheidh) den Acht um Thoghcháin Áitiúla, 1927 (Uimh. 39 de 1927) , agus alt 11 den Acht san do bhaint fairis sin leis an údarás áitiúil sin, is tuigthe gur bliain a mbeidh toghchán cinn trí mblian ann an chuid a bheidh fágtha den bhliain 1942.

Comhacht chun deacrachtaí do réiteach.

6. —I gcás inar eirigh aon deacracht no inar dócha, dar leis an Aire, go n-eireoidh aon deacracht maidir le comóradh aon chruinnithe d'aon údarás áitiúil no cólucht eile mar gheall ar aon leasú ar an bPríomh-Acht a déantar leis an Acht so no mar gheall ar aon fhoráil eile den Acht so, féadfaidh an tAire, le hordú, éinní do dhéanamh a chífear dó do bheith riachtanach (do réir mar a bheidh) chun go bhféadfar an cruinniú san do chomóradh no chun a thabhairt go mbeadh an t-údarás áitiúil no an cólucht eile sin códhéanta go cuibhe no chun nós imeachta an údaráis áitiúil no an chóluchta eile sin do dhéanamh bailidhe no chun an deacracht san do réiteach ar shlí eile, agus féadfaidh, leis an ordú san, aon oiriúnuithe no modhnuithe do dhéanamh is gá ar aon reacht no ordú no rialachán.

Céad-toghcháin chomhaltaí údarásanna conganta phniblí áirithe.

7. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, socrú do dhéanamh chun céad-toghcháin chomhaltaí údarásanna conganta phuiblí le n-a mbaineann an t-alt so do chomóradh agus féadfaidh pé fofhorálacha agus forálacha iarmartacha do chur san ordú a mheasfaidh is ceart.

(2) Féadfar ordú fén alt so do dhéanamh roimh theacht i bhfeidhm no tar éis teacht i bhfeidhm don Acht um Chongnamh Phuiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939) , agus beidh feidhm dlí aige do réir a théarmaí d'ainneoin éinní atá san Acht san no in aon achtachán eile.

(3) Baineann an t-alt so le gach údarás conganta phuiblí fén Acht um Chongnamh Phuiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939) , arb infheidhme d'alt 9 no alt 10 den Acht san ina thaobh.

Gearr-theideal agus có-lnadh.

8. —(1) Féadfar an tAcht um Thoghcháin Áitiúla (Leasú), 1942 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna um Thoghcháin Áitiúla, 1937 go 1942, do ghairm de na hAchtanna um Thoghcháin Áitiúla, 1937 go 1941, agus den Acht so le chéile.