An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Reamhraiteach agus Generalta.) Ar Aghaidh (CUID III. Bord Stiurthoiri an Bhainc.)

22 1942

ACHT AN BHAINC CHEANNAIS, 1942

CUID II.

Banc Ceannais na hÉireann do Bhunu agus Coimisiun an Airgid Reatha do Dhiochur.

An Banc do bhunú.

5. —(1) Déanfar, an lá ceaptha, agus déantar leis seo cólucht do bhunú do réir an Achta so ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal Banc Ceannais na hÉireann no, sa Bhéarla, The Central Bank of Ireland, chun na feidhmeanna ceaptar dó leis an Acht so do chólíonadh.

(2) Beidh an Banc ina chólucht chorpruithe agus síor-chomharbas aige agus séala oifigiúil (ar a dtabharfar áird i gcúrsaí breithiúntais) agus féadfaidh dul chun dlí agus féadfar dul chun dlí leis féna ainm chorpruithe agus féadfaidh talamh do shealbhú agus do chur de láimh.

(3) Déanfar an Banc do sheoladh agus do bhainistighe do réir an Achta so ag Bord Stiúrthóirí bheidh códhéanta de—

(a) Gobharnóir, agus

(b) triúr Stiúrthóirí ar a dtabharfar agus dá ngairmtear san Acht so Stiúrthóirí bancaerachta, agus

(c) an uimhir sin de Stiúrthóirí eile (nach mó ná cúigear agus gan thar dhá Stiúrthóir sheirbhíse ortha uair ar bith) a chinnfidh an tAire o am go ham.

(4) Déanfaidh an Bord Stiúrthóirí feidhmeanna, comhachta agus dualgais an Bhainc d'fheidhmiú agus do chólíonadh don Bhanc agus in ainm an Bhainc.

(5) Is dleathach don Bhord gach ní no aon ní no nithe aca so leanas do dhéanamh le rialacháin a dhéanfaidh an Bord, sé sin le rá:—

(a) a údarú go mbunófaí coistí den Bhord ar a mbeadh ball no baill den Bhord ina n-aonar no in éineacht le hoifigeach no oifigigh don Bhanc;

(b) nós imeachta aon choiste bunófar amhlaidh do rialáil agus a fheidhmeanna agus a chomhachta agus a dhualgais do leagadh amach;

(c) feidhmiú agus cólíonadh aon cheann no cinn d'fheidhmeanna, comhachta agus dualgais an Bhainc no an Bhuird do thairmleigean chun aon choiste den tsórt san;

(d) feidhmiú agus cólíonadh aon cheann no cinn d'fheidhmeanna, comhachta agus dualgais an Bhainc no an Bhuird do thairmleigean chun an Ghobharnóra (agus an Leas-Ghobharnóir d'áireamh) no chun aon Stiúrthóra no chun aon bheirt no níos mó de bhaill an Bhuird no chun aon oifigigh no oifigeach don Bhanc;

(e) coinníollacha no teoranta no srianta do chur le haon choiste no daoine no duine den tsórt san d'fheidhmiú agus do chólíonadh na bhfeidhmeanna, na gcomhacht agus na ndualgas a tairmleigfear chuca no chuige fén bhfo-alt so;

(f) a shocrú go ndéanfaidh an Bord, i gcásanna oiriúnacha, athmheas ar chomhairlí cinnfear no nithe déanfar ag aon choiste no daoine no duine den tsórt san agus iad no é ag feidhmiú no ag cólíonadh aon fheidhme no comhachta no dualgais a tairmleigfear chuca no chuige fén bhfo-alt so.

(6) Ní bhainfidh alt 9 den Acht Airí agus Rúnaithe, 1924 ( Uimh. 16 de 1924 ), leis an mBanc.

Feidhm agus dualgas generálta an Bhainc.

6. —(1) Mar bhreis agus gan docharú ar na feidhmeanna, na comhachta, agus na dualgais a bheidh dílsithe le dlí sa Choimisiún díreach roimh an lá ceaptha agus ar na feidhmeanna, na comhachta, agus na dualgais a bhronnann no chuireann an tAcht so go sonnrach ar an mBanc, beidh d'fheidhm agus de dhualgas ghenerálta ag an mBanc na nithe sin do dhéanamh (laistigh de theorainn na gcomhacht a bheidh dílsithe ann le dlí de thurus na huaire) a mheasfaidh an Bord o am go ham do bheith oiriúnach agus ionhmolta chun sláine an airgid reatha do chaomhnadh agus chun a áirithiú gurb é leas an phobail i gcoitinne is príomh-chuspóir buan ina mbaineann le hurlámhas creidiúnais.

(2) Féadfaidh an tAire, ar na hócáidí sin a mheasfaidh is ceart, a iarraidh ar an nGobharnóir thar ceann an Bhuird no ar an mBord comhairle do ghlacadh leis i dtaobh an Banc d'fheidhmiú agus do chólíonadh na feidhme agus an dualgais ghenerálta cuirtear ar an mBanc leis an bhfo-alt san roimhe seo den alt so, agus géillfidh an Bord do gach iarratas den tsórt san.

Comhachta sonnracha áirithe don Bhanc.

7. —(1) Is dleathach don Bhanc gach ní no aon ní no nithe aca so leanas do dhéanamh, chun crícheanna no tré bhíthin an chiste ghenerálta, ar na hócaidí agus sa mhéid a mheasfaidh an Bord is ceart, sé sin le rá:—

(a) mona no buillcon óir no airgid, no aon airgead reatha coigríche, do cheannach no do dhíol;

(b) taiscí (ná beidh ús iníoctha ortha) do ghlacadh o Aire Stáit no o aon údarás puiblí no o aon Bhanc Cópháirteach, no o aon bhanc no foras creidiúnais eile dhéanann a ghnó i bpáirt no go hiomlán sa Stát;

(c) cuntais d'oscailt i dtíortha eile no gníomhú mar ghníomhaire no taiscidhe no cófhreagróir d'aon Bhanc a dhéanann gnó sa Stát no lasmuich dhe;

(d) scaireanna in aon bhanc eadarnáisiúnta bheidh códhéanta ar fad no go furmhór de bhancanna is príomh-údarás airgid reatha ina dtíortha féin fé seach do thógáil, do shealbhú, no do chur de láimh le toil an Aire;

(e) athlascainiú do dhéanamh ar bhillí stát-chiste agus ar bhillí údarás áitiúla bheidh faomhtha no lascainithe no formhuinithe roimhe sin ag Banc Cópháirteach no aon bhanc no foras creidiúnais eile dhéanann a ghnó i bpáirt no go hiomlán sa Stát agus a aibeoidh i gceann dhá mhí dhéag ar a dhéanaighe óna ndáta;

(f) athlascainiú do dhéanamh ar bhillí malairte is dóich leis an mBord is billí tráchtála den chéad-scoth agus a aibeoidh, i gcás billí bheidh tarraingthe chun crícheanna talmhaíochta no bunuithe ar eallach stuic, i gcionn dhá mhí dhéag ar a dhéanaighe (gan laetheanta iardaighe d'áireamh) óna ndáta no, in aon chás eile, i gcionn sé mí ar a dhéanaighe (gan laetheanta iardaighe d'áireamh) óna ndáta;

(g) an ráta no na rátaí minimum ar a n-athlascaineoidh an Banc billí stát-chiste no billí údarás áitiúla no billí malairte den tsórt a luaidhtear i gceachtar den dá mhír dheiridh sin roimhe seo den alt so do cheapadh agus d'fhoillsiú o am go ham;

(h) urrúis is leis an Stát no bheidh urruithe ag an Stát agus a bheidh fógartha chun a suibscríobhtha no a dtairgthe ag an bpuiblíocht roimh an mBanc dá gceannach agus a bheidh á luadh go hoifigiúil ar Bhúrsa Bhaile Atha Cliath agus ar Bhúrsa Chorcaighe no urrúis is le Rialtas, no bheidh urruithe ag Rialtas, aon tíre eile do cheannach no do shealbhú no do dhíol;

(i) urrúis do cheannach no do shealbhú no do dhíol is le haon údarás puiblí agus a mbeidh údaruithe le dlí cistí iontaobhais do shuncáil ionta agus a bheidh fógartha chun a suibscríobhtha no a dtairgthe ag an bpuiblíocht roimh an mBanc dá gceannach agus a bheidh á luadh go hoifigiúil ar Bhúrsa Bhaile Atha Cliath agus ar Bhúrsa Chorcaighe;

(j) iasachtaí no réimhíocanna do thabhairt do bhainc agus d'fhorais chreidiúnais eile (a dhéanann a ngnó i bpáirt no go hiomlán sa Stát) ar urrús billí malairte den tsórt a gcomhachtuítear anso roimhe seo don Bhanc iad d'athlascainiú no ar urrús urrúsanna den tsórt a gcomhachtuítear anso roimhe seo don Bhanc iad do cheannach no ar urrús mona óir no builleoin óir no scríbhinní bhaineann le loingsiú no stóráil mona óir no builleoin óir;

(k) cláir d'urrúis an Stáit do choimeád;

(l) cláir d'aon stoc a bheidh eisithe ag aon údarás puiblí do choimeád don údarás san no thar a gceann;

(m) na cuntais ar imréitíocht aon bhancaerí do choimeád;

(2) Is údarás puiblí chun crícheanna an fho-ailt sin roimhe seo den alt so gach cólucht aca so leanas, agus léireofar an abairt “údarás puiblí” agus beidh éifeacht aici dá réir sin sa bhfo-alt san, sé sin le rá:—

(a) coimisiún, bord, no cólucht eile (corpruithe no neachorpruithe) ar a mbeidh curtha le dlí feidhmeanna rialtais no riaradh puiblí d'fheidhmiú ar fuaid an Stáit no aon tseirbhís phuiblí (agus soláthar creidiúnais d'áireamh ach gan iompar d'áireamh) do riaradh ar fuaid an Stáit, agus

(b) bárdas, comhairle, coiste, no cólucht eile (corpruithe no nea-chorpruithe) ar a mbeidh curtha le dlí feidhmeanna rialtais áitiúil d'fheidhmiú laistigh de líomatáiste sonnruithe sa Stát no feidhmeanna riaracháin phuiblí no seirbhíse puiblí (seachas iompar) de chineál áitiúil d'fheidhmiú.

Comhachta áirithe eile don Bhanc.

8. —Is dleathach don Bhanc gach ní no aon ní no nithe aca so leanas do dhéanamh ar na hócáidí agus sa mhéid a mheasfaidh an Bord is ceart, sé sin le rá:—

(a) socrú do dhéanamh chun data bhaineann le fadhbanna mona agus creidiúnais do bhailiú agus do scrúdú agus abhar colasmhar ina dtaobh d'fhoillsiú;

(b) teangmháil do bhunú agus do chothabháil, go díreach no go nea-dhíreach, idir iad féin agus na húdaráis airgid a bheidh bunuithe i dtíortha eile;

(c) gach ní do dhéanamh a chabhróidh no ghabhfaidh le feidhmiú no cólíonadh, no leanfaidh as feidhmiú no cólíonadh, aon chomhachta no dualgais dá gcuirtear no dá mbronntar ar an mBanc leis an alt so no le haon alt eile den Acht so no dá mbronnfar no dá gcuirfear ar an mBanc o am go ham le dlí.

Caipital an Bhainc.

9. —(1) Isé is caipital don Bhanc dachad míle punt agus íocfaidh an tAire ceithre mhíle fichead punt de sin leis an mBane an lá ceaptha no chó luath agus is féidir ina dhiaidh sin agus íocfaidh an tAire an chuid eile dhe leis an mBanc an tráth no na tráthanna ar a gcó-áontóidh an Bord agus an tAire.

(2) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thora fáis a bheidh muirear agus íoc gach airgid is iníoctha ag an Aire leis an mBanc fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so.

(3) Nuair a bheidh an ceithre mhíle fichead punt íoctha ag an Aire leis an mBanc de bhun an bhforálacha san roimhe seo den alt so, aisíocfaidh an Banc láithreach le gach banc is Banc Scairshealbhach díreach roimh an lá ceaptha gach suim d'íoc an banc san leis an gCoimisiún de bhun ailt 64 den Acht Airgid Reatha maraon leis an díbhinn oiriúnach ar gach suim den tsórt san in aghaidh na tréimhse ón dáta deiridh go dtí n-ar híocadh díbhinn uirthi go dtí dáta an aisíoctha san.

(4) Leasuítear leis seo fo-alt (4) d'alt 63 den Acht Airgid Reatha tré na focail “a bheidh íoctha ag Bainc Scair-shealbhacha de thurus na huaire ar cuntas a bhfiachais chaipitiúla” do scriosadh as agus na focail “de chaipital an Bhainc a bheidh íoctha de thurus na huaire” do chur in ionad na bhfocal a scriostar amhlaidh.

Séala an Bhainc.

10. —(1) Soláthróidh an Banc séala dhó féin an lá ceaptha no chó luath agus is féidir é ina dhiaidh sin.

(2) Is amhlaidh a fíorófar séala an Bhainc le sighniú an Ghobharnóra no Stiúrthóra go n-údarás chuige sin ón mBord agus le contra-shighniú rúnaidhe an Bhainc no oifigigh eile don Bhanc go n-údarás chuige sin ón mBord.

(3) Gach scríbhinn uirchiallfaidh bheith déanta no eisithe ag an mBanc agus bheith séaluithe le séala an Bhainc arna fhíorú sa tslí foráltar leis an alt so glacfar i bhfianaise í agus, gan cruthúnas ar shighniú no ar údarás éinne a n-uirchiallfaidh an scríbhinn sin í bheith sighnithe no contra-shighnithe aige, is tuigthe, no go gcruthófar a mhalairt, gurb é an Banc do rinne no d'eisigh í.

(4) Go dtí go mbeidh séala soláthruithe dhó féin ag an mBanc de bhun an ailt seo, is tuigthe gurb é séala an Choimisiúin séala an Bhainc agus is dleathach don Bhanc séala an Choimisiúin d'úsáid dá réir sin.

(5) Nuair a bheidh séala soláthruithe dhó féin ag an mBanc de bhun an ailt seo, bhéarfaidh an Bord séala an Choimisiúin do bhriseadh no d'agh-lot i riocht nach féidir é úsáid.

Tagairtí don Choimisiún san Acht Airgid Reatha, 1927 , do léiriú.

11. —(1) Ar an lá ceaptha agus dá éis sin agus fé réir na n-athghairm agus na leasuithe déantar leis an Acht so beidh éifeacht ag na hAchtanna Airgid Reatha, 1927 agus 1930, i dteanta agus fé réir an athruithe go ndéanfar gach luadh no tagairt don Chathaoirleach do léiriú mar luadh no mar thagairt don Ghobharnóir agus gach luadh no tagairt don Choimisiún do léiriú mar luadh no mar thagairt don Bhanc, ach go déanfar aon luadh no tagairt den tsórt san a thagrann go follas, no as ar tuigthe go riachtanach go dtagrann sé, do bhaill an Choimisiúin do léiriú mar luadh no mar thagairt don Bhord.

(2) Ar an lá ceaptha agus dá éis sin féadfaidh nóta dlí-thairgthe bheith do réir pé fuirme, tuise, agus deara agus clóbhuailte i pé slí agus ar pé páipéar agus uimhrithe agus fíoruithe i pé slí d'orduigh no ordóidh an Coimisiún (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) fé fho-alt (2) d'alt 45 den Acht Airgid Reatha (arna mhodhnú leis an bhfo-alt san roimhe seo den alt so) roimh an lá ceaptha no do réir pé fuirme, tuise, agus deara agus clóbhuailte i pé slí agus ar pé páipéar agus uimhrithe agus fíoruithe i pé slí ordóidh an Banc fén bhfo-alt san (2) den alt san 45 (arna mhodhnú mar adubhradh) an lá ceaptha no dá éis sin.

(3) Ar an lá ceaptha agus dá éis sin féadfaidh nóta bainc códhlúite bheith do réir pé fuirme, tuise agus deara agus clóbhuailte i pé slí agus ar pé páipéar agus uimhrithe agus fíoruithe i pé slí d'orduigh no ordóidh an Coimisiún (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) fé fho-alt (3) d'alt 51 den Acht Airgid Reatha (arna mhodhnú leis an gcéad fho-alt den alt so) roimh an lá ceaptha no do réir pé fuirme, tuise agus deara agus clóbhuailte i pé slí agus ar pé páipéar agus uimhrithe agus fíoruithe i pé slí ordóidh an Banc fén bhfo-alt san (3) den alt san 51 (arna mhodhnú mar adubhradh) an lá ceaptha no dá éis sin.

Na Bainc Chópháirteacha.

12. —(1) Beidh i gcópháirtíocht leis an mBanc na bainc eile sin a luaidhtear no dá bhforáltar san alt so agus Bainc Chópháirteacha bhéarfar ar na bainc sin agus a gairmtear díobh san Acht so.

(2) Na hocht mbainc a hainmnítear sa dara colún den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so tiocfaid chun bheith agus beid ina mBainc Chópháirteacha an lá ceaptha.

(3) Ar an lá ceaptha agus dá éis beidh feidhm agus éifeacht ag ailt 42 agus 43 den Acht Airgid Reatha maidir leis na Bainc Chópháirteacha i dteanta agus fé réir na n-athruithe go gcuirfear na habairtí “an Bord”, “Bainc Chópháirteacha”, agus “Banc Cópháirteach” fé seach in ionad na n-abairtí fé seach “an Coimisiún”, “Bainc Scair-shealbhacha”, agus “Banc Scairshealbhach” i ngach áit ina bhfuil na habairtí deiridh sin fé seach sna hailt sin 42 agus 43.

(4) Gach luadh no tagairt a déantar do na Bainc Scair-shealbhacha (san uatha no san iolra) san Acht Airgid Reatha (lasmuich d'ailt 42 agus 43) léireofar é agus beidh éifeacht aige an lá ceaptha agus dá éis mar luadh no mar thagairt do na Bainc Chópháirteacha (san uatha no san iolra fé mar is gá sa chás).

(5) Leasuítear leis seo fo-alt (4) d'alt 5 den Acht Airgid Reatha (Leasú), 1930 ( Uimh. 30 de 1930 ), tríd an bhfocal “Scair-shealbhach” do scriosadh as.

Glacadh le banc ina Bhanc Chópháirteach.

13. —(1) Féadfaidh banc ar bith trath ar bith, an lá ceaptha no dá éis, a iarraidh ar an Aire glacadh leis ina Bhanc Chópháirteach agus féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an mBord, an t-iarratas san do dheonadh no do dhiúltú do réir mar is rogha leis féin.

(2) Aon uair a dheonfaidh an tAire iarratas fén alt so o bhanc á iarraidh go nglacfaí leis ina Bhanc Chópháirteach tiocfaidh an banc san chun bheith agus beidh, amhail ar dháta agus o dháta deonta an iarratais sin, ina Bhanc Chópháirteach chun crícheanna an Achta so agus an Achta Airgid Reatha arna thonasc, arna mhodhnú, no arna leasú leis an Acht so.

(3) Feadfaidh an tAire a cheangal ar bhanc iarrfaidh air fén alt so glacadh leis ina Bhanc Chópháirteach pé faisnéis i dtaobh a ghnótha do thabhairt don Aire agus leigcan don Ghobharnóir, no do bhuan-oifigeach don Bhanc go n-údarás speisialta chuige sin i scríbhinn ón Aire, pé iniúchadh do dhéanamh ar a leabhair a chífear don Aire do bheith riachtanach chun é do bhreithniú an iarratais sin go cuibhe.

Banc do scur ó bheith ina Bhanc Chópháirteach.

14. —(1) Tráth ar bith an lá ceaptha no dá éis féadfaidh au tAire, as a chomhairle féin, aon Bhanc Cópháirteach do scur o bheith ina Bhanc Chópháirteach agus san (tar éis dul i gcomhairle leis an mBord) ar aon fhoras dá n-údaruítear go follas leis an Acht Airgid Reatha arna oiriúnú leis an Acht so no (le toiliú an Bhuird) ar aon fhoras eile chífear don Aire is leor.

(2) Tráth ar bith an lá ceaptha no dá éis féadfaidh aon Bhanc Cópháirteach a iarraidh ar an Aire é scur o bheith ina Bhanc Chópháirteach agus, aon uair a dhéanfaidh Banc Cópháirteach iarratas den tsórt san, scuirfidh an tAire an banc san láithreach o bheith ina Bhanc Chópháirteach.

(3) Aon uair a dhéanfaidh an tAire fén alt so Banc Cópháirteach do scur o bheith ina Bhanc Chópháirteach stadfaidh an banc san láithreach de bheith ina Bhanc Chópháirteach, ach ní chuirfidh an scur san cosc le glacadh leis an mbanc san ina dhiaidh sin fén Acht so ina Bhanc Chópháirteach ná ní shaorfaidh an banc san óna bheith air méid gach nóta bainc chódhlúite bheidh amuich leis am an scuir sin d'íoc ar an nóta san do thíolacadh go cuibhe ná óna bheith air íocaíochta do dhéanamh ar nótaí bainc códhlúite bheidh amuich leis roimh an scur san no ina dhiaidh.

(4) Lasmuich de chás ina scuirfear Banc Cópháirteach ar a iarratas féin, ní dhéanfaidh an tAire Banc Cópháirteach do scur fén alt so o bheith ina Bhanc Chópháirteach gan caoi réasúnach do thabhairt don bhanc san ar éisteacht d'fháil.

(5) Ní vótálfaidh aon Stiúrthóir bancaerachta ar aon rún i dtaobh Banc Cópháirteach ar ar stiúrthóir é no ag á mbeidh sé ar fostú do scur.

An Coimisiún do scur.

15. —(1) Ar an lá ceaptha tiocfaidh an Coimisiún chun bheith, agus beidh sé, scurtha agus stadfaidh a bhaill de bheith i seilbh oifige ach ní chuirfidh san iad o bheith incheaptha mar Ghobharnóir no mar Stiúrthóir ar an mBanc.

(2) Ar na lá ceaptha beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) ciste na nótaí dlí-thairgthe, cúl-chiste na nótaí (más ann dó an uair sin), agus an ciste generálta mar a bheid fé seach díreach roimh an lá ceaptha agus gach suncáil, airgead, agus sócmhainn a bheidh sna cistí sin fé seach an uair sin agus fós gach maoin eile, réalta no pearsanta (agus rudaí-ar-fionnraighe d'áireamh), a bheidh díreach roimh an lá ceaptha dílsithe sa Choimisiún no ar a sheilbh, tiocfaid chun bheith agus beid, ar an lá ceaptha agus gan aon leithliú ná sannadh ach fé réir a n-aistrithe i leabhair aon bhainc no corparáide no cuideachtan más gá san, dílsithe sa Bhanc chun an estáit agus an téarma agus an leasa uile chun a rabhdar dílsithe sa Choimisiún díreach roimh an lá ceaptha;

(b) aon mhaoin a haistrítear chun an Bhainc leis an mír sin roimhe seo den fho-alt so agus a bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, curtha síos i leabhair aon bhainc laistigh de dhlighinse an Oireachtais in ainm an Choimisiúin no cláruithe i leabhair aon bhainc no corparáide no cuideachtan laistigh den dlighinse sin in ainm an Choimisiúin, aistreoidh an banc no an chorparáid no an chuideachta san iad sna leabhair sin chun ainm an Bhainc arna iarraidh sin don Bhord an lá ceaptha no aon uair dá éis sin;

(c) i gcás aon mhaoin a haistrítear no adeirtear a haistrítear chun an Bhainc le mír (a) den fho-alt so do bheith, díreach roimh an lá ceaptha, lasmuich de dhlighinse an Oireachtais no curtha síos no cláruithe i leabhair aon bhainc no corparáide no cuideachtan lasmuich den dlighinse sin, isé dualgas an Bhuird gach ní is gá do dhéanamh chun a áirithiú go n-aistreofar únaeracht, dlíthiúil agus éifeachtach, na maoine sin chun an Bhainc;

(d) féadfaidh an Banc ina ainm féin dul chun dlí i dtaobh gach rud-ar-fionnraighe a haistrítear chun an Bhainc le mír (a) den fho-alt so no é bhaint amach no é fhoirfheidhmiú agus ní gá don Bhanc fógra do thabhairt don duine ar a mbeidh an rud-ar-fionnraighe sin ina cheangal i dtaobh an aistrithe déantar leis an mír sin;

(e) na fiacha agus na fiachais eile go léir (ar a n-áirmhítear fiachais nea-shocruithe de dhruim tortanna no sáruithe connartha) a bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, dlite ar an gCoimisiún agus gan íoc aige no curtha suas agus gan glanadh aige, tiocfaid chun bheith agus beid, ar an lá ceaptha, ina bhfiacha no ina bhfiachais ar an mBanc agus íocfaidh no glanfaidh an Banc iad agus féadfar iad do bhaint den Bhanc no iad d'fhoirfheidhmiú ina aghaidh dá réir sin;

(f) gach connradh, idir an Coimisiún agus aon duine eile, bheidh i bhfeidhm no ionfhoirfheidhmithe díreach roimh an lá ceaptha agus ná beidh cólíonta no feidhmithe ar fad, tiocfa sé chun bheith agus beidh sé, ar an lá ceaptha, ina chonnradh idir an Banc agus an duine eile sin agus beidh sé ionfhoirfheidhmithe ag an mBanc no ina aghaidh dá réir sin.

(3) Aisíocfaidh an tAire leis an mBanc, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, méid na ndiúitéthe stampa uile íocfaidh an Banc (de bhun dlithe an Stáit no de bhun dlithe tíre eile) maidir le haon aistriú no leithliú maoine déanfar chun an t-aistriú déantar ar an maoin sin leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so d'fhoirlíonadh no chun lán-éifeacht do thabhairt dó.

(4) Gach duine bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, i bhfostaíocht an Choimisiúin i bhfeadhmannas ar bith tiocfa sé chun bheith agus beidh sé, ar an lá ceaptha, aistrithe chun fostaíocht an Bhainc sa bhfeadhmannas céanna agus an tsealbhaíocht agus an luach saothair agus na coinníollacha seirbhíse céanna aige bhí aige i bhfostaíocht an Choimisiúin díreach roimh an lá ceaptha, agus d'fhonn a áirithiú go mbeidh ag gach duine den tsórt san, ar an lá ceaptha agus dá éis sin, na cirt agus na sochair chéanna (más ann) do bhí aige díreach roimh an lá ceaptha maidir le haoisliúntas agus cúiteamh i gcailliúint fostaíochta, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) gach scéim a bheidh déanta ag an gCoimisiún fé fho-alt (4) d'alt 31 den Acht Airgid Reatha agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá ceaptha, leanfaidh i bhfeidhm an lá ceaptha agus dá éis agus coimeádfaidh agus cólíonfaidh an Banc í dá réir sin;

(b) chun crícheanna gach scéime buanuítear leis an mír sin roimhe seo den fho-alt so agus gach scéime dhéanfaidh an Banc fén bhfo-alt san (4) d'alt 31 an lá ceaptha no dá éis, is tuigthe gur seirbhís i bhfostaíocht an Bhainc seirbhís i bhfostaíocht an Choimisiúin (lena n-áirmhítear seirbhís in aon fhostaíocht eile is tuigthe, do réir na scéime sin, do bheith ina seirbhís i bhfostaíocht an Choimisiúin) agus is tuigthe gurb aon tréimhse leanúnach amháin sheirbhíse i bhfostaíocht an Bhainc an tréimhse sheirbhíse (lena n-áirmhítear seirbhís is tuigthe do bheith ina seirbhís den tsórt san adubhradh) a bheidh tugtha ag duine ar bith i bhfostaíocht an Choimisiúin agus a chríochnóidh díreach roimh an lá ceaptha agus an tréimhse sheirbhíse bhéarfaidh an duine sin i bhfostaíocht an Bhainc agus a thosnóidh an lá ceaptha agus a leanfaidh dá éis.

Ceapacháin chun fuireann an Bhainc.

16. —(1) Fé réir forálacha an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo den alt so, is tré chomórtas (a mbeidh triail cháilitheach no triail chomórtais sa Ghaedhilg mar chuid de), a stiúrfar do réir rialachán a dhéanfaidh an Bord, a ceapfar gach oifigeach no seirbhíseach den Bhanc fé fho-alt (2) d'alt 31 den Acht Airgid Reatha, agus féadfaidh an Bord, maidir le haon chomórtas den tsórt san, pé coinníollacha iontrála agus teoranta agus caomhanta d'fhorchur a mheasfaidh is ceart.

(2) Ní bhainfidh an fo-alt san roimhe seo den alt so le ceapachán chun puist is dóich leis an mBord do bheith neamhoiriúnach chun ceapachán chuige do dhéanamh tré chomórtas.

Cóipcheart i nótaí eiseoidh an Banc.

17. —Beidh feidhm agus éifeacht ag alt 12 den Acht Maoine Tionnscail agus Tráchtála (Cosaint) (Leasú), 1929 ( Uimh. 13 de 1929 ), maidir le nótaí dlí-thairgthe agus nótaí bainc có-dhlúite fé seach eiseoidh an Banc fé mar atá agus chó hiomlán agus atá feidhm agus éifeacht aige maidir le nótaí dlí-thairgthe agus nótaí bainc có-dhlúite arna n-eisiúint ag an gCoimisiún ach amháin gur leis an mBanc, de bhuadh an ailt sin 12, an cóipcheart in aon nótaí den tsórt san eiseoidh an Banc.

Oiriúnú generálta ar thagairtí don Choimisiún.

18. —Gach luadh no tagairt don Choimisiún atá in aon achtachán (seachas na hAchtanna Airgid Reatha, 1927 agus 1930) a bheidh i bheidhm an lá ceaptha, léireofar é agus beidh éifeacht aige, an lá ceaptha agus dá éis mar luadh no mar thagairt don Bhanc.