|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID VI. Ceadunais Bhancaeri agus Dualgais Bhancaeri Ceadunuithe.) | Ar Aghaidh (CUID VIII. Monaiocht.) |
ACHT AN BHAINC CHEANNAIS, 1942
[EN] | ||
[EN] |
CUID VII. Airgead Reatha Breige no Neamh-Udaruithe. | |
[EN] |
Míniú ar “nóta bainc” sa Chuid seo den Acht so. |
52. —Sa Chuid seo den Acht so tá an bhrí chéanna leis an abairt “nóta bainc” atá leis an abairt “bank note” sa Forgery Act, 1913, arna leasú no arna leathnú leis an Acht Airgid Reatha agus leis an gCuid seo den Acht so. |
[EN] |
An Forgery Act, 1913, do leathnú. |
53. —(1) Is tuigthe gur nótaí bainc do réir bhrí an Forgery Act, 1913, nótaí airgid reatha arna n-eisiúint ag Rialtas tíre ar bith lasmuich den Stát no thar a gceann. |
[EN] | (2) Sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so foluíonn an abairt “nóta airgid reatha” nótaí ar bith (pé ainm do bheirtear ortha) is dlíthairgsint i dtír a n-eisiúna. | |
[EN] |
Nótaí bainc, etc., a gabhfar fén Forgery Act, 1913, do chur de láimh. |
54. —Aon uair a gabhfar go dleathach, fé bharántas arna dheonadh fé fho-alt (1) d'alt 16 (arna oiriúnú le hachtacháin iaraimseardha no fútha) den Forgery Act, 1913, no ar aon tslí eile, aon nóta bainc fallsuithe no aon inneallra, úirlis, fearas, no abhar do húsáideadh no bheidh le húsáid chun nóta bainc d'fhallsú, déanfar an nóta bainc, an t-inneallra, an úirlis, an fearas, no an t-abhar san (do réir mar a bheidh) do thabhairt suas, le hordú ón gcúirt a thriailfidh duine ar bith i gcionta maidir leis no, mara dtriailtear aon duine amhlaidh, le hordú ón mbreitheamh den Chúirt Dúithche no le hordachán ón bhFeadhmannach Síochána (pé aca é) do dheon an barántas san, don Choimisiún no do dhuine bheidh údaruithe ag an gCoimisiún chun an céanna do ghlacadh no, más tar éis an lae cheaptha déanfar an t-ordú san, don Bhanc no do dhuine bheidh údaruithe ag an mBanc chun an céanna do ghlacadh. |
[EN] |
Docaimint do dhéanamh, etc., uirchiallfaidh bheith ina nóta bainc no bheidh cosúil le nóta bainc. |
55. —(1) Má dhéanann duine ar bith no má bheireann go ndéanfar, no má úsáideann chun críche ar bith, no má chúrsuíonn aon docaimint uirchiallfaidh bheith ina nóta bainc no ina cuid de nóta bhainc no bheidh cosúil in aon tslí le ceachtar aca san no bheidh chó cosúil sin le ceachtar aca san gur deallrathach go meallfaí duine léi, beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nach mó ná cúig puint do chur air. |
[EN] | (2) I gcás duine do chiontú i gcionta fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so, is dleathach don chúirt a chiontóidh é amhlaidh a ordú go dtabharfar suas don Choimisiún no, más tar éis an lac cheaptha déanfar an t-ordú san, don Bhanc an docaimint a ndearnadh an cionta san ina taobh agus gach cóip den docaimint sin agus gach pláta, bloc, díosla, agus ionstruim eile do húsáideadh no is féidir d'úsáid chun an docaimint sin do chlóbhualadh no do mhacsamhlú agus a bheidh i seilbh an duine ciontófar amhlaidh. | |
[EN] | (3) I gcás duine ar bith, a mbeidh a ainm ar dhocaimint gur cionta fé fho-alt (1) den alt so a déanamh, dá dhiúltú, gan leathscéal dleathach, ainm agus seoladh an duine do chlóbhuail no do rinne ar shlí eile an docaimint sin do nochtadh do bhall den Ghárda Síochána ar an mball san dá cheangal air san do dhéanamh, beidh an duine sin a dhiúltóidh amhlaidh ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nach mó ná deich bpuint do chur air. | |
[EN] | (4) Má bhíonn ainm aon duine áirithe le feicsint ar dhocaimint a líomhnófar cionta fé fho-alt (1) den alt so air féin no ar aon duine eile ina taobh no ar aon docaimint eile do húsáideadh no do hiomdháileadh i ndáil leis an docaimint sin, beidh san, go dtí go gcruthófar a mhalairt, ina fhianaise go ndearna an duine a mbeidh a ainm le feicsint amhlaidh an docaimint a ndéanfar an líomhnadh san ina taobh no gur chuir sé dá déanamh í. | |
[EN] |
Toirmeasc ar airgead neamhúdaruithe. |
56. —(1) Ní dhéanfaidh duine ar bith, ní chuirfidh ar fáil, ní eiseoidh ná ní ath-eiseoidh, ná ní thabharfaidh ná ní ghlacfaidh in íocaíocht aon docaimint (nach docaimint a heiscítear leis an alt so o oibriú an ailt seo) i scríbhinn (pé aca ar pháipéar no ar aon tsubstaint no abhar eile bheidh sí scríobhtha) a bheidh do réir an dá choinníoll so leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) an docaimint dá uirchialladh no dá rá í bheith, no í bheith iarbhfír, ionmhalartuithe ar shuim áirithe airgid dleathaigh ar an duine is sealbhóir uirthi de thurus na huaire dá tíolacadh do dhuine áirithe no d'aon bheirt daoine áirithe no níos mó, pé aca bheidh an duine no na daoine sin luaidhte sa docaimint no ná beidh agus pé aca bheidh an tíolacadh san fé réir srianta maidir le ham agus áit no ná beidh agus pé aca bheidh na srianta san (más ann) luaidhte sa docaimint no ná beidh, agus | |
[EN] | (b) an docaimint do bheith ceaptha, no í dá uirchialladh no dá dheallrú í bheith ceaptha, chun cúrsú mar airgead no chun í d'úsáid chun ionad airgid dleathaigh do dhéanamh, pé aca i gcoitinne no chun críche áirithe no i líomatáiste áirithe é. | |
[EN] | (2) Gach duine dhéanfaidh, a chuirfidh ar fáil, eiseoidh no athciseoidh, no bhéarfaidh no ghlacfaidh in íocaíocht aon docaimint contrárdha don fho-alt san roimhe seo den alt so beidh sé cionfach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nach mó ná caoga punt do chur air. | |
[EN] | (3) I gcás docaimint do bheith, no í dá uirchialladh no dá rá í bheith, déanta no curtha ar fáil no eisithe no ath-eisithe no tugtha no glactha in íocaíocht ag cumann, comhlachas, coiste, comhairle, no cólucht eile ná beidh corpruithe no thar ceann an chéanna, beidh gach ball den chólucht san ciontach i gcionta fén alt so agus inphionósuithe dá réir sin. | |
[EN] | (4) Má cúisítear duine i gcionta fén alt so, is ar an duine cúiseofar amhlaidh a bheidh a chruthú, i dtaobh na docaiminte ar maidir léi líomhnófar a rinneadh an cionta, ná raibh sí ceaptha agus ná huirchiallann no ná deallruíonn sí bheith ceaptha chun cúrsú mar airgead no chun í d'úsáid chun ionad airgid dleathaigh do dhéanamh (pé aca i gcoitinne no chun críche áirithe no i líomatáiste áirithe é) agus, mara gcruthuítear agus go dtí go gcruthófar a mhalairt, is tuigthe go raibh an docaimint sin ceaptha (contrárdha don alt so) chun cúrsú mar airgead agus chun í d'úsáid chun ionad airgid dleathaigh do dhéanamh. | |
[EN] | (5) Eiscítear na docaimintí uile seo leanas o oibriú an ailt seo, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) nótaí bainc; | |
[EN] | (b) orduithe puist, orduithe airgid post-oifige, agus docaimintí eile arna n-eisiúint ag an Aire Puist agus Telegrafa; | |
[EN] | (c) dreachta bainc, admhála taisce, agus docaimintí cile arna n-eisiúint ag banc ar bith; | |
[EN] | (d) billí malairte nach iníoctha ar a dtíolacadh; | |
[EN] | (e) nótaí geallúna ar shuim nach lugha ná cúig puint; | |
[EN] | (f) seiceanna arna dtarraing ar bhancaer, ar a n-áirmhítear seiceanna arna dtarraing ag bancaer air féin; | |
[EN] | (g) táilleáin— | |
[EN] | (i) arna n-eisiúint no arna gcur ar fáil (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) ag club no comhlachas ar daoine atá díomhaoin de thurus na huaire iomlán no furmhór na mball. agus | |
[EN] | (ii) ná cúrsuíonn ach imeasc ballra an chlub no an chomhlachais sin, agus | |
[EN] | (iii) gur chuige amháin a n-eisiúint agus a gcur ar fáil amhlaidh agus gur chuige amháin a húsáidtear iad chun gur féidir earraí tháirgeann no seirbhísí dhéanann baill den chlub no den chomhlachas san do mhalairtiú idir baill den chlub no den chomhlachas san. | |
[EN] |
An Customs Consolidation Act, 1876, do leasú. |
57. —(1) Leasuítear leis seo alt 17 den Customs Consolidation Act, 1876, tré no focail “British currency” do scriosadh amach agus na focail “currency which is for the time being legal tender in the State” do chur in ionad na bhfocal san. |
[EN] | (2) Léireofar alt 42 den Customs Consolidation Act, 1876, agus beidh éifeacht aige fé is dá mbeadh na nithe seo leanas curtha leis an Táible de Thoirmisc agus de Shrianta maidir le hEarraí do Theacht Isteach atá san alt san, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) fallsuithe ar nótaí dlí-thairgthe, agus | |
[EN] | (b) fallsuithe ar nótaí bainc códhlúite. |