An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT UM EALLACH STUIC A hEASPORTÁLFAR (ÁRACHAS), 1943) Ar Aghaidh (CUID II. An Priomh-acht do Leasu.)

2 1943

ACHT UM EALLACH STUIC A hEASPORTÁLFAR (ÁRACHAS), 1943

CUID I.

Reamhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal agus có-luadh.

1. —(1) Féadfar an tAcht um Eallach Stuic a hEasportálfar (Arachas), 1943 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna um Eallach Stuic a hEasportálfar (Arachas), 1940 agus 1943, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.

Mínithe.

2. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaidheachta;

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht um Eallach Stuic a hEasportálfar (Arachas), 1940 (Uimh. 25 de 1940) ;

cialluíonn an abairt “an Bord” an Bord um Eallach Stuic a hEasportálfar (Arachas);

cialluíonn an abairt “an tArd-Choiste” an National Executive of the Irish Live Stock Trade;

tá an bhrí chéanna leis an bhfocal “ainmhidhe” atá leis sa Phríomh-Acht.

An lá ceaptha.

3. —Féadfaidh an tAire, le hordú, pé lá is oiriúnach leis do cheapadh chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna an Achta so agus cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” san Acht so an lá ceapfar amhlaidh.

Luach minimum ceaptha d'ainmhithe chun crícheanna an dleachta.

4. —(1) Chun méid an dleachta is iníoctha ar ainmhithe fén bPríomh-Acht agus fé Chuid III den Acht so do dhéanamh amach, déanfaidh an Bord roimh an lá ceaptha agus féadfaid aon uair agus a mhinice ina dhiaidh sin is oiriúnach leo, le hordú, tar éis dul i gcomhairle leis an Ard-Choiste,—

(a) beithígh do roinnt i pé aicmí agus i pé méid aicmí is oiriúnach leo;

(b) suim áirithe do cheapadh—

(i) maidir le gach aicme bheithíoch fé leith aca san, mar luach minimum ar bheithíoch den aicme sin,

(ii) mar luach minimum ar chaora (nach uan),

(iii) mar luach minimum ar uan,

(iv) mar luach minimum ar mhuic.

(2) Gach ordú déanfar fé fho-alt (1) den alt so leanfa sé i bhfeidhm go ndéantar ordú ina dhiaidh sin fén alt so agus go dtaga i bhfeidhm.

(3) Na tagairtí atá sa Phríomh-Acht, arna leasú le Cuid II den Acht so, agus sa chéad alt ina dhiaidh seo agus i gCuid III den Acht so, do luach minimum ceaptha ainmhidhe, léireofar iad mar thagairtí don tsuim a bheidh ceaptha, le hordú bheidh déanta fén alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, mar luach minimum ar ainmhidhe den chineál chéanna.

Athchomhairc 1 gcoinnibh breitheanna ar éilithe ar chúiteamh in eallach stuic do chailliúint no do dhamáistiú.

5. —(1) I gcás coiste meastóirí, a mbeidh éileamh ar chúiteamh fé alt 18 den Phríomh-Acht iniúchta aca, do nea-lomháil an éilimh, i bpáirt no go hiomlán, tráth ar bith roimh an lá ceaptha, ansan, má dhéanann agus amháin má dhéanann an t-éilitheoir, fé cheann cheithre lá dhéag tar éis an lae cheaptha, a iarraidh ar an mBord i scríbhinn a éileamh do chur fé bhráid an bhuanréiteora agus go ndéanfaidh an táille athchomhairc oiriúnach do lóisteáil leis an mBord, cuirfidh an Bord an t-éileamh fé bhráid an bhuan-réiteora.

(2) Aon uair a dhéanfaidh coiste meastóirí a bheidh ag iniúchadh éilimh ar chúiteamh fé alt 18 den Phríomh-Acht no fé alt 14 (a bhaineann le cúiteamh in eallach stuic a heasportálfar tré Thuaisceart Éireann do chailliúint no do dhamáistiú) den Acht so an t-éileamh do nea-lomháil, i bpáirt no go hiomlán, an lá ceaptha no dá éis, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas:—

(a) seirbheálfaidh an Bord fógra i scríbhinn ar an éilitheoir i dtaobh breithe an choiste mheastóirí sin,

(b) má dhéanann agus amháin má dhéanann an t-éilitheoir, fé cheann cheithre lá dhéag tar éis an fógra san do sheirbheáil air, a iarraidh ar an mBord i scríbhinn an t-éileamh do chur fé bhráid an bhuan-réiteora agus go ndéanfaidh an táille athchomhairc oiriúnach do lóisteáil leis an mBord, cuirfidh an Bord an t-éileamh fé bhráid an bhuan-réiteora.

(3) Má dhéanann an Bord fén alt so éileamh ar chúiteamh do chur fé bhráid an bhuan-réiteora, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas:—

(a) athéistfidh an buan-réiteoir an t-éileamh agus ní bheidh dul thar an mbreith (maidir le ceart an éilitheora chun an chúitimh agus méid (más ann) an chúitimh) a bhéarfaidh an buan-réiteoir ar an athéisteacht san do dhéanamh dó;

(b) má dhéanann an buan-réiteoir, ar an athéisteacht san de dhéanamh dó, breith an choiste mheastóirí d'iniúch an t-éileamh do chlaochló, aisíocfaidh an Bord leis an éilitheoir an táille athchomhairc oiriúnach, ach in aon chás eile coimeádfaidh an Bord í agus íocfaid isteach sa Chiste um Eallach Stuic a hEasportálfar (Arachas) í.

(4) San alt so cialluíonn an abairt “an táille athchomhairc oiriúnach”, maidir le héileamh ar chúiteamh do chur fé bhráid an bhuan-réiteora fén alt so agus i gcás an t-éileamh do bhaint le hainmhithe a heasportálfar roimh an lá ceaptha, suim is có-ionann le deich bpúint no le cúig fén gcéad den méid is luach dearbhuithe, do réir bhrí an Phríomh-Achta, ar gach ainmhidhe lena mbainfidh an t-éileamh, pé méid aca san is mó, no in aon chás eile suim is có-ionann le deich bpúint no le cúig fén gcéad de luach minimum ceaptha gach ainmhidhe lena mbainfidh an t-éileamh, pé méid aca san is mó.

(5) Déanfaidh an tAire o am go ham fé mar is gá duine do cheapadh, tar éis dul i gcomhairle leis an Ard-Choiste, ina bhuanréiteoir (a bheidh i seilbh oifige faid is toil leis an Aire) chun éilithe d'athéisteacht fén alt so agus íocfaidh an Bord leis an mbuanréiteoir as an gCiste um Eallach Stuic a hEasportálfar (Arachas) pé táillí agus liúntais alos costaisí ordóidh an tAire.

(6) Athghairmtear leis seo fo-alt (4) d'alt 21 den Phríomh-Acht.