An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Reamhraiteach agus Generalta.) Ar Aghaidh (CUID III. An Priomh-Acht do Leathnu chun go mBainfidh le hAinmhithe a hEasportalfar tre Thuaisceart Éireann.)

2 1943

ACHT UM EALLACH STUIC A hEASPORTÁLFAR (ÁRACHAS), 1943

CUID II.

An Priomh-acht do Leasu.

Forálacha nua maidir leis an mBord um Eallach Stuic a hEasportálfar (Arachas).

6. —(1) Naoi mbaill a bheidh ar an mBord o dháta an Achta so do rith, agus déanfaidh an tArd-Choiste, chó luath agus is féidir é tar éis an dáta san, duine do cheapadh chun bheith ina bhall den Bhord.

(2) Gach duine de na daoine is baill den Bhord díreach tar éis an ceapadh do dhéanamh luaidhtear i bhfo-alt (1) den alt so, beidh sé i seilbh oifige go dtí an lá sa bhliain 1945 ar a gceapfaidh an tArd-Choiste naoi mbaill den Bhord de bhun fo-ailt (3) den alt so, marab éag no eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin dó.

(3) Ceapfaidh an tArd-Choiste naoi mbaill den Bhord lá sa bhliain 1945, agus de na baill a ceapfar amhlaidh—

(a) beidh gach duine de thriúr (a roghnóidh an tArd-Choiste tráth an cheaptha) i seilbh oifige go dtí an lá sa bhliain 1946 ar a gceapfaidh an tArd-Choiste triúr ball den Bhord de bhun fo-ailt (4) den alt so, marab éag no eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin dó;

(b) beidh gach duine de thriúr (a roghnóidh an tArd-Choiste tráth an cheaptha) i seilbh oifige go dtí an lá sa bhliain 1947 ar a gceapfaidh an tArd-Choiste triúr ball den Bhord de bhun fo-ailt (4) den alt so, marab éag no eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin dó;

(c) beidh gach duine de thriúr (a roghnóidh an tArd-Choiste tráth an cheaptha) i seilbh oifige go dtí an lá sa bhliain 1948 ar a gceapfaidh an tArd-Choiste triúr ball den Bhord de bhun fo-ailt (4) den alt so, marab éag no eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin dó.

(4) Ceapfaidh an tArd-Choiste triúr ball den Bhord lá sa bhliain 1946 agus i ngach bliain ina dhiaidh sin, agus gach ball a ceapfar amhlaidh in aon bhliain aca san beidh sé i seilbh oifige go dtí an lá sa tríú bliain tar éis bliain a cheaptha ar a gceapfaidh an tArd-Choiste triúr ball den Bhord de bhun an fho-ailt seo, marab éag no eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin dó.

(5) Gach ball den Bhord a ceapfar fén alt so tosnóidh a théarma oifige an chéad lá tar éis dáta a cheaptha.

(6) Aon uair a thárlóidh do bhall den Bhord go n-éagfaidh no go n-eireoidh as no go dtiocfaidh fé dhí-cháilíocht, déanfaidh an tArd-Choiste chó luath agus a bheidh caothúil duine eile do cheapadh chun bheith ina bhall den Bhord, agus beidh an duine ceapfar amhlaidh i seilbh oifige ar feadh na tréimhse do bheadh an ball a bheidh tar éis éag no eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht i seilbh oifige dá mba ná héagfadh no ná heireodh as oifig no ná tiocfadh fé dhí-cháilíocht.

(7) Athghairmtear leis seo fo-alt (1) d'alt 4 agus fo-ailt (1), (3), (4) agus (5) d'alt 5 den Phríomh-Acht.

Alt 11 den Phríomh-Acht do leasú.

7. —Déantar leis seo alt 11 den Phríomh-Acht do leasú tré na focail “do sholáthar no” do chur isteach roimh na focail “do thógaint ar léas”.

Alt 16 den Phríomh-Acht do leasú.

8. —Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 16 den Phríomh-Acht do leasú, go n-éifeacht amhail ar an lá ceaptha arna mhíniú le halt 3 den Acht so agus ón lá san amach, tré na focail “no má bhíonn difríocht idir luach dearbhuithe agus luach minimum ceaptha an ainmhidhe sin, de pé luach aca san is mó” do chur isteach i ndiaidh na bhfocal “de luach dhearbhuithe an ainmhidhe sin”.

Alt 18 den Phríomh-Acht do leasú.

9. —(1) Leasuítear leis seo fo-alt (1) d'alt 18 den Phríomh-Acht tré na focail “no má bhíonn difríocht idir luach dearbhuithe agus luach minimum ceaptha an ainmhidhe sin, ná pé luach acu san is mó” do chur isteach i ndiaidh na bhfocal “luach dearbhuithe an ainmhidhe sin”.

(2) Ní bheidh feidhm ag an leasú a déantar le fo-alt (1) den alt so ach amháin maidir le hainmhidhe a heasportálfar an lá ceaptha, arna mhíniú le halt 3 den Acht so, no dá éis.

(3) Leasuítear leis seo fo-alt (2) d'alt 18 den Phríomh-Acht sna slite seo leanas:—

(a) tré na focail “ón uair a cuirfear an t-ainmhidhe sin ar bord luinge ag port sa Stát” do chur isteach i ndiaidh an fhocail “iompar”,

(b) tré na focail “dhá uair sheachtód” do scriosadh as na háiteanna ina bhfuilid agus na focail “cheithre huaire ochtód” do chur ina n-ionad.

Alt 21 den Phríomh-Acht do leasú.

10. —Leasuítear leis seo alt 21 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt so leanas do chur isteach i ndeireadh an ailt sin—

“(5) I gcás coiste meastóirí bheidh ag iniúchadh éilimh ar chúiteamh fén Acht so do nea-lomháil an éilimh, féadfaidh coiste meastóirí, má bheireann an t-éilitheoir fianaise nua ar áird fé cheann trí mí tar éis dáta na nea-lomhála, an t-éileamh d'athiniúchadh agus deighleáil leis an éileamh, le linn an athiniúchta san, fé is ná déanfaí an nea-lomháil sin.”