|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II. An Priomh-acht do Leasu.) | Ar Aghaidh (CUID IV. An Bord do Bhaint Airgid Damaiste de Chuideachtain Loingseoireachta no Iarnroid a bheidh Faillitheach.) |
ACHT UM EALLACH STUIC A hEASPORTÁLFAR (ÁRACHAS), 1943
[EN] | ||
[EN] |
CUID III. An Priomh-Acht do Leathnu chun go mBainfidh le hAinmhithe a hEasportalfar tre Thuaisceart Éireann. | |
[EN] |
Cuid III do léiriú |
11. —(1) Léireofar na tagairtí atá sa Chuid seo den Acht so don Phríomh-Acht mar thagairtí don Phríomh-Acht arna leasú le Cuid II den Acht so. |
[EN] | (2) Sa Chuid seo den Acht so— | |
[EN] | tá an bhrí chéanna leis an abairt “áit chalaíochta Bhriotánach” atá léi san Acht Ainmhithe Coinnithe (Cúiteamh), 1932 (Uimh. 9 de 1932) ; | |
[EN] | tá an bhrí chéanna leis an abairt “stampaí dleachta” atá léi sa Phríomh-Acht. | |
[EN] |
Dleachta ar ainmhithe a heasportálfar tré Thuaisceart Éireann. |
12. —(1) Déanfaidh únaer gach ainmhidhe a seachadfar sa Stát, an lá ceaptha no dá éis sin, d'iompróir chun a loingsithe tré Thuaisceart Éireann go háit chalaíochta Bhriotánach dleacht is có-mhéid leis an gcéadchodán ceaptha, tráth an tseachadta, de luach dhearbhuithe an ainmhidhe sin no, má bhíonn difríocht idir luach dearbhuithe agus luach minimum ceaptha an ainmhidhe sin, de pé luach aca san is mó d'íoc leis an mBord tré stampaí dleachta alos an ainmhidhe sin. |
[EN] | (2) Léireofar an tagairt atá i bhfo-alt (1) den alt so don chéadchodán cheaptha tráth an tseachadta mar thagairt don chéadchodán bheidh ceaptha le hordú fé fho-alt (2) d'alt 16 den Phríomh-Acht a bheidh i bhfeidhm tráth an tseachadta san. | |
[EN] |
An ráiteas únaera. |
13. —(1) I gcás únaer aon ainmhithe do sheachadadh na n-ainmhithe sin, an lá ceaptha no dá éis, sa Stát d'iompróir chun a loingsithe tré Thuaisceart Éireann go háit chalaíochta Bhriotánach, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) déanfaidh an t-únaer san, sara seachada na hainmhithe sin amhlaidh, ráiteas (dá ngairmtear “an ráiteas únaera” sa Chuid so den Acht so) i scríbhinn agus sa bhfuirm orduithe do sheachadadh don iompróir sin i ndúbláid agus na sonnraí seo leanas ann, sé sin le rá:— | |
[EN] | (i) ainm agus seoladh an únaera san; | |
[EN] | (ii) uimhir na n-ainmhithe sin, agus tuairisc ortha, a bheidh ar có-réir leis an uimhir agus an tuairisc a bheidh tugtha ina dtaobh sa bhFuirm Chustum iomchuibhe; | |
[EN] | (iii) maidir le gach ainmhidhe fé leith lena mbainfidh an ráiteas san, an méid is fiú an t-ainmhidhe sin dar leis an únaer san; | |
[EN] | (b) déanfaidh an t-únaer san sara seachada an ráiteas san don iompróir sin, stampaí dleachta, d'agha-luach is có-mhéid le méid na ndleacht is iníoctha fén gCuid seo den Acht so alos na n-ainmhithe sin, do ghreamú de dhúbláid aca san sa tslí orduithe; | |
[EN] | (c) ní chuirfidh an t-iompróir sin na hainmhithe sin ar aon bhaigín iarnróid no feithicil maran deimhin leis uimhir agus tuairisc na n-ainmhithe sin do bheith ar có-réir leis an uimhir agus an tuairisc a bheidh sa ráiteas san agus na stampaí dleachta, is gá do réir míre (b) den fho-alt so, do bheith greamuithe de dhúbláid amháin den ráiteas san; | |
[EN] | (d) má dhéanann an t-iompróir sin aon ainmhithe den tsórt san do chur ar aon bhaigín iarnróid no feithicil gan an ráiteas únaera ar na hainmhithe sin agus é stampálta go cuibhe do réir an fho-ailt seo do bheith seachadta dhó, íocfaidh an t-iompróir sin leis an mBord suim is có-mhéid leis na dleachta uile is iníoctha fén gCuid seo den Acht so alos na n-ainmhithe sin no leis an oiread de na dleachta san ná beidh stampaí dleachta greamuithe den ráiteas san ina aghaidh, agus beidh an tsuim sin ina fiacha bheidh dlite ag an mBord ar an iompróir sin agus beidh sí ionbhainte amach mar fhiacha gnáth-chonnartha; | |
[EN] | (e) ar an impróir sin d'fháil an ráitis sin seachadfaidh don Bhord, chó luath agus is féidir é, an dúbláid ar a mbeidh na stampaí dleachta greamuithe. | |
[EN] | (2) Déanfar na tagairtí atá sa Chuid seo den Acht so do luach dhearbhuithe aon ainmhidhe seachadfar sa Stát d'iompróir chun a loingsithe tré Thuaisceart Éireann go háit chalaíochta Bhriotánach do léiriú mar thagairtí do luach an ainmhidhe sin mar a bheidh luaidhte sa ráiteas únaera ina thaobh a sheachadfaidh a únaer do réir an ailt seo don iompróir a ghlacfaidh an t-ainmhidhe sin. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an Bord rialacháin do dhéanamh maidir le haon ní dá dtagartar san alt so mar ní orduithe. | |
[EN] |
Cúiteamh in eallach stuic a heasportálfar tré Thuaisceart Éireann do chailliúint no do dhamáistiú. |
14. —(1) I gcás— |
[EN] | (a) ainmhidhe do sheachadadh sa Stát an lá ceaptha no dá éis chun a loingsithe tré phort i dTuaisceart Éireann go dtí áit chalaíochta Bhriotánach, agus | |
[EN] | (b) ráiteas únaera do bheith seachadta, do réir na Coda so den Acht so, alos an ainmhidhe sin, agus | |
[EN] | (c) an t-ainmhidhe sin do chailliúint no do dhamáistiú, ar tír no ar muir, le linn é bheith á iompar, | |
[EN] | beidh únaer no ionadaidhe pearsanta únaera an ainmhidhe sin i dteideal go n-íocfaí leis alos na cailliúna no an damáiste sin cúiteamh (nach mó ná luach dearbhuithe an ainmhidhe sin no, má bhíonn difríocht idir luach dearbhuithe agus luach minimum ceaptha an ainmhidhe sin, nach mó ná pé luach aca san is mó) agus is fé réim agus do réir an Phríomh-Achta déanfar an ceart chun an chúitimh sin agus a mhéid do chinneadh. | |
[EN] | (2) Chun crícheanna an ailt seo is tuigthe ainmhidhe do bheith á iompar ón uair a ragha sé isteach i dTuaisceart Éireann— | |
[EN] | (a) i gcás an t-ainmhidhe sin d'easportáil chun a dhíolta láithreach, go dtí dáta an chéad díola eile (tar éis é iomportáil) ina bhféadfaí an t-ainmhidhe sin do dhíol go caothúil, no go dtí deireadh cheithre huaire ochtód a chluig o am a scaoilte o áit chalaíochta Bhriotánach, pé tráth aca san is túisce, | |
[EN] | (b) in aon chás eile, go dtí an tráth a shroichfidh an t-ainmhidhe sin an talamh ar a mbeidh beartuithe é choimeád, no go dtí deireadh cheithre huaire ochtód a chluig o am a scaoilte o áit chalaíochta Bhriotánach, pé tráth aca san is túisce. | |
[EN] |
Cúiteamh alos freagarthachta i meán-síntiúisí generálta d'íoc. |
15. —I gcás— |
[EN] | (a) ainmhidhe do sheachadadh sa Stát, an lá ceaptha no dá éis, chun a loingsithe tré phort i dTuaisceart Éireann go háit chalaíochta Bhriotánach, agus | |
[EN] | (b) ráiteas únaera do bheith seachadta, do réir na Coda so den Acht so, alos an ainmhidhe sin, agus | |
[EN] | (c) únaer no ionadaidhe pearsanta únaera an ainmhidhe sin do dhligheadh, fén Marine Insurance Act, 1906, meánsíntiús generálta, do réir bhrí an Achta san, d'íoc mar únaer ar an ainmhidhe sin no mar ionadaidhe pearsanta an únaera san, | |
[EN] | beidh an t-únaer san no ionadaidhe pearsanta an únaera san i dteideal go ndéanfaí suim is có-mhéid leis an meán-síntiús generálta san d'íoc leis alos na freagarthachta san agus mar chúiteamh, agus is fé réim agus do réir an Phríomh-Achta déanfar an ceart chun an chúitimh sin agus a mhéid do chinneadh. |