An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT OSPIDÉIL LORCÁIN NAOMHTHA, 1943) Ar Aghaidh (CUID II. Bord Gobharnoiri Ospideil Lorcain Naomhtha.)

3 1943

ACHT OSPIDÉIL LORCÁIN NAOMHTHA, 1943

CUID I.

Reamhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar Acht Ospidéil Lorcáin Naomhtha, 1943 , do ghairm den Acht so.

Mínithe.

2. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe;

cialluíonn an abairt “Acht 1856” an Dublin Hospitals Regulation Act (19 and 20 Vic., c. 110);

cialluíonn an abairt “na sean-óspidéil” na hóspidéil i gCathair Bhaile Átha Cliath dá ngairmtear in Acht 1856 na House of Industry Hospitals;

cialluíonn an abairt “an sean-chólucht rialúcháin” bord gobharnóirí na sean-óspidéal do bunuíodh fé Acht 1856;

cialluíonn an abairt “oifigeach páigh” oifigeach atá, do réir téarmaí a cheaptha, i dteideal luach saothair d'fháil ón gcólucht darb oifigeach é;

cialluíonn an abairt “an t-óspidéal nua” an t-óspidéal atá le tógaint agus le bunú fén Acht so.

“An chéad lá ceaptha” agus “an dara lá ceaptha”.

3. —(1) Déanfaidh an tAire le hordú lá do cheapadh chun bheith ina chéad lá ceaptha chun crícheanna an Achta so agus léireofar mar thagairtí don lá ceapfar amhlaidh na tagairtí atá san Acht so don chéad lá ceaptha.

(2) Nuair a bheidh an t-óspidéal nua tógtha agus gléasta agus é ullamh dar leis an Aire chun othair do ghlacadh isteach ann, déanfaidh an tAire le hordú lá do cheapadh chun bheith ina dhara lá ceaptha chun crícheanna an Achta so agus léireofar mar thagairtí don lá ceapfar amhlaidh na tagairtí atá san Acht so don dara lá ceaptha.

Costais an Aire i gcoitinne.

4. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgeadais é is as aírgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costais féna raghaidh an tAire chun an tAcht so do riaradh, ach amháin pé costais is gá, do réir an Achta so, do Bhord Iontaobhais na nOspidéal d'íoc leis an Aire.