|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I. Reamhraiteach agus Generalta.) | Ar Aghaidh (CUID III. An tAire do Thogaint Tailimh le haghaidh an Ospideil Nua.) |
ACHT OSPIDÉIL LORCÁIN NAOMHTHA, 1943
[EN] | ||
[EN] |
CUID II. Bord Gobharnoiri Ospideil Lorcain Naomhtha. | |
Bunú agus Códhéanamh agus Baill an Bhuira. | ||
[EN] |
Bunú an Bhuird. |
5. —(1) Bunófar ar an gcéad lá ceaptha bord (dá ngairmtear an Bord san Acht so) ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal “Bord Gobharnóirí Ospidéil Lorcáin Naomhtha” chun na feidhmeanna ceaptar dó leis an Acht so do chólíonadh. |
[EN] | (2) Beidh an Bord ina chólucht chorparuithe go síorchomharbas aige agus séala oifigiúil (ar a dtabharfar áird i gcúrsaí breithiúnais) agus féadfaidh dul chun dlí agus féadfar dul chun dlí leis féna ainm chorparuithe agus féadfaidh talamh do shealbhú. | |
[EN] | (3) Fé réir aon orduithe dhéanfaidh an tAire fé fho-alt (4) den alt so, isé bheidh ar an mBord ná uimhir de bhaill is cóionann leis an uimhir de bhaill a bheidh ar an sean-chólucht rialúcháin díreach roimh an gcéad lá ceaptha. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an tAire tráth ar bith tar éis an chéad lae cheaptha athrú do dhéanamh o am go ham le hordú ar chó dhéanamh an Bhuird i pé slí is oiriúnach leis, agus is cead pé fofhorálacha do bheith in aon ordú den tsórt san a mheasfaidh an tAire is cuibhe chun crícheanna an orduithe. | |
[EN] | (5) Gach ordú déanfar fé fho-alt (4) den alt so leagfar fé bhráid gach Tighe den Oireachtas é chó luath agus bheidh caothúil tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an t-ordú san do leagadh féna bhráid amhlaidh, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do bhailíocht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san. | |
[EN] |
Forálacha i dtaobh ballraíocht an Bhuird. |
6. —(1) Gach duine bheidh, díreach roimh an gcéad lá ceaptha, ina bhall den tsean-chólucht rialúcháin tiocfa sé chun bheith agus beidh, ar an gcéad lá ceaptha, ina bhall den Bhord de bhuadh an fho-ailt seo. |
[EN] | (2) Fé réir forálacha aon orduithe ón Aire ag athrú códhéanamh an Bhuird, beidh gach ball den Bhord i seilbh oifige go n-éagfaidh no go n-eireoidh as oifig no go gcuirfear as oifig é. | |
[EN] | (3) Féadfaidh ball den Bhord eirghe as a oifig tráth ar bith tré leitir a chur chun an Aire ag eirghe as agus beidh éifeacht ag á eirghe-as amhail ar an dáta agus ón dáta ar a bhfuighidh an tAire an leitir sin. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an tAire tráth ar bith le hordú gach ball no aon bhall den Bhord do chur as oifig. | |
[EN] | (5) Aon uair a thárlóidh do bhall den Bhord é d'éag no é d'eirghe no do chur as oifig féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, duine do cheapadh chun an folúntas do líonadh. | |
[EN] | Imeachta an Bhuird. | |
[EN] |
Cruinnithe. |
7. —(1) Beidh a chéad chruinniú ag an mBord pé lá agus pé uair agus pé áit a cheapfaidh an tAire. |
[EN] | (2) Gach bliain a thosnóidh tar éis a chéad-chruinniú do thionól beidh cruinniú (dá ngairmtear cruinniú bliantúil san Acht so) ag an mBord ar pé dáta cheapfaidh an tAire. | |
[EN] | (3) Fé réir forálacha an ailt seo beidh ag an mBord pé cruinnithe agus pé méid cruinnithe is gá chun a dhualgais do chólíonadh go cuibhe. | |
[EN] |
Cathaoirleach agus leaschathaoirleach. |
8. —(1) Déanfaidh an Bord ag á chéad chruinniú agus fós ag gach cruinniú bliantúil duine dá bhaill do thogha chun bheith ina chathaoirleach don Bhord agus duine eile dá bhaill chun bheith ina leas-chathaoirleach don Bhord. |
[EN] | (2) Márab éag no eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin dó, beidh gach duine toghfar chun bheith ina chathaoirleach no ina leas-chathaoirleach don Bhord i seilbh oifige mar chathaoirleach no mar leas-chathaoirleach go dtoghtar a chomharba. | |
[EN] | (3) Aon uair a thiocfaidh oifig an chathaoirligh no an leaschathaoirligh chun bheith folamh mar gheall ar an gcathaoirleach no an leas-chathaoirleach d'éag no d'eirghe as no do theacht fé dhí-cháilíocht déanfaidh an Bord, ag an gcéad chruinniú tar éis an folúntas san do theacht, duine dá bhaill do thogha chun bheith ina chathaoirleach no ina leas-chathaoirleach. | |
[EN] | (4) Féadfaidh cathaoirleach no leas-chathaoirleach an Bhuird eirghe as a oifig chathaoirligh no leas-chathaoirligh aon uair tré leitir a díreofar chun an Bhuird, agus raghaidh gach eirghe-as den tsórt san in éifeacht i dtosach an chéad chruinnithe bheidh ag an mBord tar éis an eirghe-as san d'fháil don Bhord. | |
[EN] | (5) Aon uair a scuirfidh cathaoirleach no leas-chathaoirleach an Bhuird, le linn a théarma oifige mar chathaoirleach no mar leaschathaoirleach den tsórt san, de bheith ina bhall den Bhord beidh sé dí-cháilithe chun bheith agus scuirfidh láithreach de bheith ina chathaoirleach no ina leas-chathaoirleach den tsórt san. | |
[EN] | (6) Aon uair a gheobhaidh beirt no níos mó an uimhir chéanna de vótaí i dtoghchán cathaoirligh don Bhord toghfar duine de na daoine sin le crannchur. | |
[EN] |
Nós imeachta ag cruinnithe. |
9. —(1) Triúr is cuórum do chruinniú den Bhord. |
[EN] | (2) Ag cruinniú den Bhord— | |
[EN] | (a) isé cathaoirleach an Bhuird, má bhíonn i láthair, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú; | |
[EN] | (b) má bhíonn agus faid a bheidh cathaoirleach an Bhuird gan bheith i láthair no má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh, beidh leas-chathaoirleach an Bhuird ina chathaoirleach ar an gcruinniú má bhíonn agus faid a bheidh i láthair; | |
[EN] | (c) má bhíonn agus faid a bheidh cathaoirleach an Bhuird gan bheith i láthair no má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh agus ná beidh an leas-chathaoirleach i láthair no go mbeidh oifig an leas-chathaoirligh folamh, déanfaidh na baill den Bhord a bheidh i láthair duine dhíobh féin do roghnú chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú. | |
[EN] | (3) Déanfar gach ceist eireoidh ag cruinniú den Bhord do chinneadh le móráireamh vótaí na mball a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist agus, i gcás có-ionannais vótaí, beidh an dara vóta no vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe ach amháin nuair isé togha an chathaoirligh an cheist a bheidh le cinneadh. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an Bord gníomhú d'ainneoin folúntas no folúntais do bheith imeasc a bhall. | |
[EN] | (5) Fé réir forálacha an Achta so rialálfaidh an Bord, le buanorduithe no eile, nós imeachta agus gnó an Bhuird. | |
[EN] |
Séala an Bhuird. |
10. —(1) Déanfaidh an Bord díreach tar éis a bhunuithe séala do sholáthar dó féin. |
[EN] | (2) Dílse-dheimhneofar séala an Bhuird le sighniú cathaoirligh an Bhuird no baill éigin eile dhe go n-údarás cuibhe aige ón mBord gníomhú chuige sin maraon le sighniú oifigigh don Bhord go n-údarás cuibhe aige ón mBord gníomhú chuige sin. | |
[EN] | Oifigigh agus Seirbhísigh an Bhuird. | |
[EN] |
Srian le comhachta d'fheidhmiú maidir le hoifigigh agus seirbhísigh. |
11. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo ní dhéanfaidh an Bord, gan toiliú an Aire,— |
[EN] | (a) na comhachta bheirtear don Bhord le fo-alt (1) d'alt 12 (a bhaineann le hoifigigh agus seirbhísigh) den Acht so d'fheidhmiú maidir le haon oifig no fostaíocht fén mBord, ná | |
[EN] | (b) na comhachta bheirtear don Bhord le haon fhoráil aca so leanas den Acht so d'fheidhmiú maidir le héinne bheidh de thurus na huaire i seilbh aon oifige no fostaíochta fén mBord, eadhon, fo-alt (2) d'alt 12, alt 13 (a bhaineann le hoifigigh do chur as oifig agus seirbhísigh do bhriseadh) agus fo-alt (4) d'alt 38 (a bhaineann le hoifigigh agus seirbhísigh don tsean-chólucht rialúcháin d'aistriú). | |
[EN] | (2) Aon uair agus a mhinice agus is oiriúnach leis é féadfaidh an tAire, le hordú, a dhearbhú, maidir le haon oifig no fostaíocht fén mBord, go bhféadfaidh an Bord na comhachta bheirtear don Bhord le fo-alt (1) d'alt 12 den Acht so d'fheidhmiú gan toiliú an Aire, agus aon uair a déanfar aon ordú fén bhfo-alt so agus a bheidh sé i bhfeidhm féadfar na comhachta san d'fheidhmiú, gan an toiliú san, maidir leis an oifig no leis an bhfostaíocht a luadhfar san ordú san. | |
[EN] | (3) Aon uair agus a mhinice agus is oiriúnach leis é féadfaidh an tAire, le hordú, a dhearbhú go bhféadfar na comhachta bheirtear le haon cheann no cinn de na forálacha so leanas den Acht so, eadhon, fo-alt (2) d'alt 12, alt 13, agus fo-alt (4) d'alt 38, d'fheidhmiú, gan toiliú an Aire, maidir le héinne bheidh de thurus na huaire i seilbh aon oifige no fostaíochta áirithe fén mBord, agus aon uair a déanfar aon ordú fén bhfo-alt so agus a bheidh sé i bhfeidhm féadfar na comhachta bheirtear don Bhord le pé forálacha aca san a luadhfar san ordú san d'fheidhmiú, gan an toiliú san, maidir le héinne bheidh de thurus na huaire i seilbh na hoifige no na fostaíochta luadhfar san ordú san. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an tAire aon ordú bheidh déanta fé fho-alt (2) no fo-alt (3) den alt so do chúlghairm aon uair le hordú. | |
[EN] |
Oifigigh agus seirbhísigh. |
12. —(1) Féadfaidh an Bord pé oifigigh agus pé méid oifigeach do cheapadh agus pé seirbhísigh agus pé méid seirbhíseach d'fhostú a mheasfaidh an Bord o am go ham do bheith ceart. |
[EN] | (2) Féadfaidh an Bord pé luach saothair agus liúntais a cheappaidh an Bord o am go ham d'íoc agus do lomháil le haon oifigeach no seirbhíseach don Bhord. | |
[EN] | (3) Cólíonfaidh gach oifigeach agus seirbhíseach don Bhord pé dualgais a cheapfaidh an Bord o am go ham don oifigeach no don tseirbhíseach san. | |
[EN] |
Oifigigh do chur as oifig agus seirbhísigh do bhriseadh. |
13. —Féadfaidh an Bord aon oifigeach don Bhord do chur as oifig no aon tseirbhíseach don Bhord do bhriseadh. |
[EN] |
Pinsin agus aiscí d'oifigigh agus do sheirbhísigh don Bhord no maidir leo. |
14. —(1) Chó luath agus bheidh caothúil ullmhóidh an Bord agus cuirfidh fé bhráid an Aire scéim (dá ngairmtear scéim pinsin san alt so) chun pinsin agus aiscí do chur ar fáil d'oifigigh pháigh agus do sheirbhísigh don Bhord no maidir leo agus (fé réir an Aire dá daingniú) cuirfidh an scéim sin i bhfeidhm. |
[EN] | (2) Isé slí ina n-áirmheofar méid aon phinsin no aisce cuirfear ar fáil fé scéim pinsin ná do réir seirbhíse fén mBord maraon le pé nithe eile a hordófar leis an scéim pinsin sin. | |
[EN] | (3) Le scéim pinsin— | |
[EN] | (a) socrófar go ndéanfar, i gcás duine (dá ngairmtear oifigeach no seirbhíseach aistrithe sa bhfo-alt so) do bhí ina oifigeach no ina sheirbhíseach don tsean-chólucht rialúcháin agus a thiocfaidh chun bheith ina oifigeach no ina sheirbhíseach don Bhord de bhuadh an Achta so, seirbhís fén sean-chólucht rialúcháin d'áireamh, chun críche na scéime sin, mar sheirbhís fén mBord; | |
[EN] | (b) déanfar socrú chun pinsin agus aiscí d'íoc le hoifigigh agus seirbhísigh don Bhord lena mbainfidh an scéim sin, no maidir leo, pé trátha agus fé réir pé coinníollacha agus srianta a hordófar leis an scéim sin, agus fós i dtaobh méideanna na bpinsean agus na n-aiscí sin d'áireamh; | |
[EN] | (c) féadfar a shocrú go mbainfidh an scéim sin le haon oifigeach no seirbhíseach aistrithe scuirfidh de bheith ina oifigeach no ina sheirbhíseach don Bhord roimh dháta na scéime sin do theacht i ngníomh; | |
[EN] | (d) féadfar a shocrú go ndéanfaidh oifigigh agus seirbhísigh don Bhord lena mbainfidh an scéim sin rann-íoca d'íoc mar chabhair chun an scéim sin d'airgeadasú. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an Bord, tráth ar bith, le hath-scéim pinsin (dá ngairmtear scéim leasúcháin sa bhfo-alt so agus sa chéad fho-alt eile) scéim pinsin no scéim leasúcháin a bheidh déanta cheana do leasú agus féadfaidh aon scéim leasúcháin den tsórt san a rá feidhm chúl-ghabhálach do bheith aici. | |
[EN] | (5) Ní déanfar scéim leasúcháin do chumadh i slí go bhfoirceannóidh no go laghdóidh aon phinsean do bhí, díreach roimh theacht i bhfeidhm don scéim leasúcháin sin, iníoctha fén scéim a bheidh á leasú léi. | |
[EN] | (6) Ní thiocfaidh scéim fén alt so i bhfeidhm mara ndéantar ná go dtí go ndéanfar í dhaingniú le hordú ón Aire. | |
[EN] | (7) Déanfaidh ordú ón Aire ag daingniú scéime fén alt so dáta do cheapadh ar a mbeidh an scéim sin le teacht i bhfeidhm agus beidh éifeacht reachtúil ag an scéim sin amhail ar an dáta ceapfar amhlaidh agus ón dáta san amach. | |
[EN] | (8) Má eiríonn aon cheist fé scéim fén alt so cuirfear an cheist sin fé bhráid an Aire agus ní bheidh dul thar a bhreith sin uirthi. | |
[EN] | Forálacha Airgeadais. | |
[EN] |
Cuntais. |
15. —(1) Bhéarfaidh an Bord go gcoimeádfar cuntais chuibhe ar ioncum agus caiteachas uile an Bhuird agus ar cad as don ioncum san agus ar abhar an chaiteachais sin agus ar mhaoin, creidiúnais agus fiachais an Bhuird. |
[EN] | (2) Isí an bhliain chaileandair is bliain airgeadais don Bhord agus is tuigthe, chun crícheanna na forála so, gur bliain chaileandair an tréimhse dar tosach an chéad lá ceaptha agus dar críoch an chéad 31adh lá de Mhí na Nodlag ina dhiaidh sin. | |
[EN] | (3) Chó luath agus is féidir é tar éis deireadh gach bliana airgeadais fé leith, déanfar ráiteas cuntaisí an Bhuird in aghaidh na bliana airgeadais sin d'ullmhú agus, ar bheith ullamh dó, é d'iniúchadh agus tuarascbháil do thabhairt air ag cuntasóir cuibhecháilithe cheapfaidh an Bord gach bliain. | |
[EN] | (4) Ar iniúchadh fén alt so do bheith críochnuithe cuirfidh an Bord chun an Aire cóip den chuntas chothromaíochta agus den chuntas sochair agus dochair arna ndeimhniú ag an iniúchóir maraon le cóip de thuarascbháil an iniúchóra. | |
[EN] |
Cistí do shuncáil. |
16. —(1) Féadfaidh an Bord aon chistí bheidh ar a láimh ag an mBord do shuncáil in urrúis iontaobhais. |
[EN] | (2) Má thagann aon urrúis, fén Acht so no ar shlí eile, chun bheith dílsithe sa Bhord féadfaidh an Bord na hurrúis sin do choinneáil agus do shealbhú d'ainneoin nach urrúis iontaobhais iad. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an Bord o am go ham aon airgead a bheidh ar seilbh aige i bhfuirm suncálanna d'athrú no d'allchur i suncálanna eile is urrúis iontaobhais agus féadfaidh tráth ar bith gach suncáil no aon tsuncáil bheidh ar seilbh aige do dhíol agus d'iompáil in airgead. | |
[EN] | (4) San alt so cialluíonn an abairt “urrúis iontaobhais” urrúis a mbeidh údaruithe d'iontaobhaithe leis an dlí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire cistí iontaobhais do shuncáil ionta. | |
[EN] |
An Bord d'fháil iasachta. |
17. —Féadfaidh an Bord, chun aon chostais d'íoc féna ndeachaidh no féna raghaidh chun crícheanna a chomhacht agus a dhualgas, airgead d'fháil ar iasacht tré ró-tharraing bhaine no eile agus féadfaidh aon airgead do gheobhfar ar íasacht amhlaidh agus ús air d'urrú le morgáiste no muirear ar aon mhaoin leis an mBord. |
[EN] | Forálacha Ilghnéitheacha. | |
[EN] |
Connartha. |
18. —Féadfaidh an Bord gach connradh do dhéanamh is gá chun crícheanna a fheidhmeanna fén Acht so. |
[EN] |
Glacadh le dearlaicí. |
19. —Beidh de chomhacht ag an mBord glacadh le haon mhaoin, réalta no pearsanta, mar dhearlaic go generálta no ar iontaobhas chun aon chrícheanna bhainfidh leis an óspidéal nua. |
[EN] |
Fianaise prima facie ar chruinnithe, ar rúin agus ar ionstruimí. |
20. —(1) Na miontuairiscí uile ar na himeachta ag cruinniú den Bhord a uirchiallfaidh bheith sighnithe ag cathaoirleach an chruinnithe sin no ag cathaoirleach an chéad chruinnithe ina dhiaidh sin den Bhord déanfar (gan cruthúnas ar shighniú an duine a n-uirchiallfaidh na miontuairiscí sin iad do bheith sighnithe aige ná a chruthú gurbh é an duine sin iarbhfír cathaoirleach an chruinnithe a n-uirchiallfaidh na miontuairiscí sin gur sighníodh aige iad) iad do ghlacadh i ngach imeacht dlí mar fhianaise prima facie ar na himeachta ag an gcruinniú lena mbainfidh na miontuairiscí sin agus mar fhianaise prima facie gur gairmeadh an cruinniú san agus go raibh sé ann go cuibhe agus gur seoladh go cuibhe do réir dlí na himeachta ag an gcruinniú san. |
[EN] | (2) Déanfar cóip, de rún do ritheadh no d'ionstruim do rinneadh ag cruinniú den Bhord, a uirchiallfaidh bheith deimhnithe mar chóip dhílis den rún no den ionstruim sin ag oifigeach don Bhord go n-údarás ón mBord chuige sin do ghlacadh i ngach imeacht dlí mar fhianaise prima facie gur ritheadh an rún san no go ndearnadh an ionstruim sin (pé aca é) agus ar théarmaí an chéanna gan cruthúnas ar shighniú an duine a n-uirchiallfaidh an chóip sin í bheith deimhnithe amhlaidh aige ná a chruthú go raibh sé iarbhfír ina oifigeach don Bhord agus an t-údarás san aige. | |
[EN] | Sa bhfo-alt so cialluíonn an focal “ionstruim” aon ionstruim i scríbhinn. |