An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Ceadunais i leith Aerodrom agus Aer-arthach Paisneiri.)

7 1943

ACHT DEOCHA MEISCIÚLA, 1943

CUID V

Ilghneitheach.

Cearrbhachas ag duine ceadúnuithe in áitreabh ceadúnuithe.

30. —Ní tuigthe go dtoirmeascann éinní atá sna hAchtanna Ceadúcháin (Éirinn), 1833 go 1929, no san Acht so, ar aon duine ceadúnuithe no ar a cháirde príobháideacha cearrbhachas do dhéanamh tré chártaí d'imirt ar ghill in áitreabh ceadúnuithe má déantar an cearrbhachas san in aon pháirt den áitreabh cheadúnuithe sin seachas an pháirt inar gnáth deocha meisciúla do dbíol agus go mbeidh cáirde príobháideacha an duine cheadúnuithe sin á n-áineasú aige bona fide ar a chostas féin.

Ceadúnas tábhairneora d'aistriú go dtí tigh beorach ceadúnuithe.

31. —(1) Duine a mbeidh ceadúnas tighe bheorach agus ceadúnas tábhairneora in éineacht aige beidh sé, i gcás na háitreabhacha lena ngabhann na ceadúnais sin fé seach do bheith suidhte san aon cheanntar amháin no i gceanntair chó-theorantacha, i dteideal, arna iarraidh sin ag aon tsuidhe bheidh ag an mbreitheamh den Chúirt Dúithche a mbeidh an t-áitreabh lena ngabhann an ceadúnas tighe bheorach ina dhúthaigh, an ceadúnas tábhairneora d'aistriú chun an áitreibh lena ngabhann an ceadúnas tighe bheorach, ach san fé réir an choinníll ná déanfar, ar an aistriú san do bheith déanta, an ceadúnas tighe bheorach d'athnuachaint, agus is tuigthe, chun crícheanna an Licensing (Ireland) Act, 1902, gan an t-áitreabh lena raibh an ceadúnas tábhairneora ag gabháil roimh dháta an aistrithe sin do bheith ceadúnuithe riamh.

(2) Duine a mbeidh ceadúnas tighe bheorach sé lá agus ceadúnas tighe bheorach seacht lá in éineacht aige beidh sé i dteideal, arna iarraidh sin ag aon tsuidhe bheidh ag an mbreitheamh den Chúirt Dúithche a mbeidh an t-áitreabh lena ngabhann an ceadúnas tighe bheorach sé lá ina dhúthaigh, an ceadúnas tighe bheorach seacht lá d'aistriú chun an áitreibh lena ngabhann an ceadúnas tighe bheorach sé lá, ach san fé réir an choinníll ná déanfar, ar an aistriú san do bheith déanta, an ceadúnas tighe bheorach sé lá d'athnuachaint, agus is tuigthe, chun crícheanna an Licensing (Ireland) Act, 1902, gan an t-áitreabh lena raibh an ceadúnas tighe bheorach seacht lá ag gabháil roimh dháta an aistrithe sin do bheith ceadúnuithe riamh.

(3) San alt so tá leis na habairtí “ceadúnas tábhairneora” agus “ceadúnas tighe bheorach” na bríonna ceaptar do na habairtí “publican's licence” agus “beerhouse licence” fé seach le halt 52 den Finance (1909-10) Act, 1910, chun crícheanna Coda II den Acht san, agus cialluíonn an focal “dúthaigh” dúthaigh Chúirte Dúithche arna hordú fé alt 68 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 ( Uimh. 10 de 1924 ).

Athghairm leathrannach ar alt 1 den Licensing (Ireland) Act, 1833.

32. —Athghairmtear leis seo an méid sin d'alt 1 den Licensing (Ireland) Act, 1833, a cheanglann deimhniú fé láimh seisear tigh-shealbhóirí do thabhairt ar áird, sé sin le rá, an chuid sin den alt san dar tosach na focail “upon the production” agus dar críoch na focail “the past year”.