|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 12 de 1943. | ||
[EN] |
ACHT ATURNAETHE, 1943. | |
[An tionntódh oifigeamhail.] |
ACHT DO DHÉANAMH DAINGNITHE (GO nÉIFEACHT CHÚL-GHABHÁLACH) AR AN SAOIRSE DO BHEIRTEAR I gCÁSANNA ÁIRITHE D'ATURNAETHE I bhFOSTAÍOCHT AN STÁIT ÓNA BHEITH ORTHA DEIMHNITHE BLIANTÚLA DO THÓGAINT AMACH AGUS DO BHEITH ACA. [27adh Abrán, 1943.] |
ACHTUITEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Atúrnaethe i seirbhís an Stáit do shaoradh o dheimhnithe do thógaint amach. |
1. —(1) Dearbhuítear agus achtuítear leis seo ná fuil agus ná raibh riamh d'oblagáid ar atúrnae ar fostú (pé aca roimh dháta an Achta so do rith no dá éis sin é no go leathrannach roimh an dáta san agus go leathrannach dá éis) i seirbhís an Stáit mar atúrnae deimhniú den tsórt a luaidhtear in alt 38 den Solicitors (Ireland) Act, 1898, do thógaint amach ná do bheith aige le linn é bheith ar fostú amhlaidh, agus dá bharr san— |
[EN] | (a) ná fuil agus ná raibh riamh cosc ar atúrnae ar fostú i seirbhís an Stáit mar adubhradh bheith cáilithe go cuibhe chun gníomhú mar atúrnae do réir bhrí ailt 6 den Acht san de dhruim amháin gan é do thógaint deimhnithe den tsórt san amach no gan a leithéid do bheith aige le linn é bheith ar fostú amhlaidh, agus | |
[EN] | (b) ná fuil agus ná raibh riamh feidhm ná éifeacht ag alt 48 den Acht san maidir le haon ghníomh no imeacht arna dhéanamh no arna bhunú ag atúrnae le linn é bheith ar fostú amhlaidh i seirbhís an Stáit. | |
[EN] | (2) Ní tuigthe atúrnae do bheith ar fostú i seirbhís an Stáit do réir bhrí no chun crícheanna an fho-ailt sin roimhe den alt so ach amháin má bhíonn no má bhí air agus faid a bheidh no bhí air a chuid ama go léir do thabhairt don fhostaíocht san agus gur as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas a bheidh no bhí a luach saothair go léir as an bhfostaíocht san á fháil aige. | |
[EN] |
Gearr-theideal. |
2. —Féadfar an tAcht Atúrnaethe, 1943 , do ghairm den Acht so. |