An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT ARM-PHINSEAN, 1943)

14 1943

ACHT ARM-PHINSEAN, 1943

AN SCEIDEAL.

Scála de phinsin mhí-ábaltachta agus pinsin chréachta do Bhaill de Sheirbhís Altranais an Airm.

Grád na Díthe

Scála an phinsin

£

 100

fén gcéad

..

110

sa bhliain

90

,,     ,,

..

99

,,     ,,

80

,,     ,,

..

88

,,     ,,

70

,,     ,,

..

77

,,     ,,

60

,,     ,,

..

66

,,     ,,

50

,,     ,,

..

55

,,     ,,

40

,,     ,,

..

44

,,     ,,

30

,,     ,,

..

33

,,     ,,

20

,,     ,,

..

22

,,     ,,

Ailt 14 agus 15 d'Acht 1927 agus an Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht san dá leasú.

5.—(1) Déantar leis seo fo-alt (2) d'alt 14 d'Acht 1927 do leasú mar leanas:—

(a) trí na focail “agus cleithiúnaithe eile” do chur isteach i mír (ii) i ndiaidh an fhocail “cloinne” agus fós i ndiaidh an fhocail “cloinn”;

(b) trí na focail “no i rith na tréimhse práinne” do chur isteach i mír (a) i ndiaidh na bhfocal agus na bhfigiuirí “an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1924”;

(c) trí na focail “no i rith na tréimhse práinne” do chur isteach i mír (b) i ndiaidh na bhfocal “i rith na tréimhse sin” i ngach áit ina bhfuil na focail deiridh sin.

(2) Léireofar mar thagairt d'Acht 1927 arna leasú leis an Acht so an tagairt d'Acht 1927 atá i mír (d) d'fho-alt (2) d'alt 14 d'Acht 1927.

(3) Déantar leis seo alt 15 d'Acht 1927 do leasú mar leanas:—

(a) trí na focail “agus cleithiúnaithe eile” do chur isteach i bhfo-alt (2) i ndiaidh an fhocail “chloinn”, agus

(b) trí na focail “ná do chleithiúnaidhe” do chur isteach i bhfo-alt (3) i ndiaidh an fhocail “chloinne”.

(4) Léireofar mar thagairtí d'Acht 1927 arna leasú leis an Acht so na tagairtí d'Acht 1927 atá i mír (d) d'fho-alt (2) d'alt 15 d'Acht 1927.

(5) Léireofar ailt 14 agus 15 d'Acht 1927 fé is dá mbeadh an dá Chuid nua so leanas curtha leis an Seachtú Sceideal a ghabhann le hAcht 1927:—

CUID III.

Oifigigh.

1.—(a) máthair,

(b) athair os cionn 60 bliain d'aois no fé mhí-chumas trí dhroch-shláinte,

(c) driotháir atá ina bhuan-easlán, no drifiúr shingil atá ina buan-easlán,

(d) aithreacha móra agus máithreacha móra.

2.—Beidh liúntas iníoctha le duine no níos mó díobh san a luaidhtear de chleithiúnaithe oifigigh mhairbh do bhí, dar leis an Aire, i lán-chleithiúnas ar an oifigeach san.

3.—Mara mbeidh aon liúntas iníoctha fé théarmaí na míre deiridh sin roimhe seo, beidh aon liúntas amháin iníoctha le pé duine, dhíobh san a luaidhtear, de chleithiúnaithe oifigigh mhairbh ordóidh an tAire agus a bhí i gcleithiúnas go furmhór ar an oifigeach san.

4.—Má bhí aon chleithiúnaidhe áirithe i gcleithiúnas ar fad no go furmhór ar níos mó ná aon duine marbh amháin ní bhfuighidh an cleithiúnaidhe sin, alos na ndaoine marbh san, liúntais is mó le chéile ná an liúntas maximum a féadfaí a dheonadh don chleithiúnaidhe sin fén Sceideal so alos aon duine áirithe de na daoine marbha san. Sa chlás so foluíonn an abairt “duine marbh” oifigeach marbh chó maith le saighdiúir marbh.

5.—Isé bheidh i liúntas cleithiúnaidhe deonfar do dhuine ar bith fé théarmaí na Coda so den Sceideal so ná suim bliantúil de dhá phunt chaogad.

CUID IV.

Saighdiuiri.

1.—(a) máthair,

(b) athair os cionn 60 bliain d'aois no fé mhí-chumas trí dhroch-shláinte,

(c) driotháir atá ina bhuan-easlán, no drifiúr shingil atá ina buan-easlán,

(d) aithreacha móra agus máithreacha móra.

2.—Beidh liúntas iníoctha le duine no níos mó díobh san a luaidhtear de chleithiúnaithe shaighdiúra mhairbh do bhí, dar leis an Aire, i lán-chleithiúnas ar an saighdiúir sin.

3.—Mara mbeidh aon liúntas iníoctha fé théarmaí na míre deiridh sin roimhe seo, beidh aon liúntas amháin iníoctha le pé duine, dhíobh san a luaidhtear, de chleithiúnaithe shaighdiúra mhairbh ordóidh an tAire agus a bhí i gcleithiúnas go furmhór ar an saighdiúir sin.

4.—Má bhí aon chleithiúnaidhe áirithe i gcleithiúnas ar fad no go furmhór ar níos mó ná aon duine marbh amháin ní bhfuighidh an cleithiúnaidhe sin, alos na ndaoine marbh san, liúntais is mó le chéile ná an liúntas maximum a féadfaí a dheonadh don chleithiúnaidhe sin fén Sceideal so alos aon duine áirithe de na daoine marbha san. Sa chlás so foluíonn an abairt “duine marbh” oifigeach marbh chó maith le saighdiúir marbh.

5.—Isé bheidh i liúntas cleithiúnaidhe deonfar do dhuine ar bith fé théarmaí na Coda so den Sceideal so ná suim bliantúil de shé phunt fichead.

(6) Gach liúntas a deonfar, de bhuadh na leasuithe déantar leis an alt so, fé fho-alt (2) d'alt 14 no fo-alt (2) d'alt 15 d'Acht 1927, tosnóidh sé ar pé dáta (nach luaithe ná dáta báis an duine a mbeidh an liúntas iníoctha ina thaobh) a chinnfidh an tAire.

(7) Gach iarratas ar liúntas fé fho-alt (2) d'alt 14 no fo-alt (2) d'alt 15 d'Acht 1927, arna leasú leis an alt so, is amhlaidh a déanfar é—

(a) i gcás an duine a mbeidh an liúntas á éileamh ina thaobh d'fháil bháis roimh dháta an Acht so do rith, fé cheann dhá mhí dhéag tar éis an dáta san:

(b) i gcás an duine sin d'fháil bháis ar an dáta san no dá éis, fé cheann dhá mhí dhéag tar éis dáta a bháis.

(8) Ní deonfar aon liúntas d'éinne, dhíobh san a luaidhtear i gCuid III agus i gCuid IV (Coda a cuirtear isteach tríd an alt so) den Seachtú Sceideal a ghabhann le hAcht 1927, de chleithiúnaithe oifigigh no saighdiúra maran i rith na tréimhse práinne a fuarthas an chréacht ba thrúig bháis don oifigeach san no don tsaighdiúir sin.

(9) Athghairmtear leis seo fo-alt (2) d'alt 25 d'Acht 1932.

Pinsin alos dítheanna de dheascaibh galair is ionchurtha i leith seirbhíse i rith na tréimhse práinne i gcás an mhí-ábaltacht do bheith níos lugha ná 80 fén gcéad gan bheith níos lugha ná 50 fén gcéad.

6.—(1) Má dhéanann duine iarratas go cuibhe ar dháta an Achta so do rith no dá éis sin d'iarraidh pinsin mhí-ábaltachta fé alt 10 d'Acht 1927, arna leasú leis an Acht so, agus go gcuirfear an t-iarratas san fé bhráid Bhord na nArm-Phinsean fé théarmaí ailt 7 d'Acht 1927, ansan, má bhíonn an duine sin, ar dháta a scrúduithe ag Bord na nArm-Phinsean, fé dhíth de dheascaibh galair is ionchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí i rith na tréimhse práinne, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) má gheibhtear, ar dháta an scrúduithe sin, grád díthe an duine sin do bheith níos lugha ná ochtó fén gcéad gan bheith níos lugha ná caoga fén gcéad, féadfar, má iarrann sé ar an Aire é dhá mhí dhéag ar a dhéanaighe i ndiaidh an scrúduithe sin, pinsean deiridh de chúig scillinge déag sa tseachtain do dheonadh dhó a thosnóidh o pé dáta (nach luaithe ná dáta an Achta so do rith) a chinnfidh an tAire;

(b) má gheibhtear, ar dháta an scrúduithe-sin, grád díthe an duine sin do bheith ochtó fén gcéad ar a laghad ach go bhfuighfear ar aon athscrúdú tréimhsiúil é bheith níos lugha ná ochtó fén gcéad gan bheith níos lugha ná caoga fén gcéad, féadfar, má iarrann sé ar an Aire é dhá mhí dhéag ar a dhéanaighe i ndiaidh an athscrúduithe sin, pinsean deiridh de phunt sa tseachtain do dheonadh dhó a thosnóidh ar pé dáta (nach luaithe ná dáta scurtha an phinsin mhí-ábaltachta bhí aige roimhe sin) a chinnfidh an tAire;

(c) má deontar pinsean fén bhfo-alt so don duine sin, ní deonfar aon phinsean mí-ábaltachta dhó ná ní bheidh aon phinsean den tsórt san iníoctha leis.

Sa bhfo-alt so—

cialluíonn an abairt “pinsean mí-ábaltachta” pinsean fé alt 10 d'Acht 1927, arna leasú leis an Acht so.

(2) Bainfidh ailt 9 go 14 d'Acht 1923 le pinsin a deonfar fén alt so agus le daoine lena mbeidh na pinsin sin iníoctha fé is dá mba iad na pinsin a luaidhtear sna hailt sin fé seach na pinsin sin.

(3) San alt so—

tá leis an abairt “grád díthe” an bhrí atá léi in Acht 1927;

cialluíonn an abairt “athscrúdú tréimhsiúil” athscrúdú o am go ham fé alt 6 d'Acht 1923.

Liúntais speisialta do dhaoine bhí ag fónamh Seachtain na Cásca.

7.—(1) Fé réir forálacha an ailt seo féadfar liúntas (dá ngairmtear liúntas speisialta san alt so) do dheonadh d'aon duine cáilithe a gcuirfear ina luighe ar an Aire agus ar an Aire Airgeadais ina thaobh é bheith do réir na gcoinníollacha reachtúla.

(2) Isé bheidh i liúntas speisialta deonfar d'aon duine cáilithe ná suim bliantúil de pé méid ná beidh, nuair a cuirfear le maoin bhliantúil an duine sin é, chó mór leis an suim bliantúil oiriúnach ná níos mó ná í.

(3) Fé réir aon ordachán ón Aire i gcáscanna speisialta, is amhlaidh a déanfar liúntas speisialta d'íoc iar-ré in aghaidh an mhí agus fé réir pé coinníollacha i dtaobh céannachta no eile ordóidh an tAire.

(4) Tosnóidh gach liúntas speisialta ar pé dáta (nach luaithe ná dáta an Achta so do rith) a chinnfidh an tAire.

(5) Beidh gach iarratas ar liúntas speisialta i pé fuirm agus beidh pé sonnraí ann a theastóidh ón Aire.

(6) Má diúltuítear d'aon iarratas áirithe ar liúntas speisialta ní cead an t-iarratas san d'athnuachaint go ceann dhá mhí dhéag o dháta an diúltuithe.

(7) Bainfidh alt 40 d'Acht 1937 le liúntas speisialta fé réir na modhnuithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) na tagairtí atá ann do liúntas cleithiúnaidhe, léireofar iad mar thagairt do liúntas speisialta;

(b) an tagairt atá i bhfo-alt (2) do chúig scillinge déag sa tseachtain, léireofar í mar thagairt don tsuim bliantúil oiriúnach.

(8) Bainfidh ailt 9, 10, 11, 12 agus 14 d'Acht 1923, agus alt 21 d'Acht 1927, le liúntas speisialta, le daoine atá no adeir go bhfuilid i dteideal liúntas speisialta, le daoine dá ndeonfar liúntas speisialta agus le daoine bheidh d'iarraidh liúntas speisialta, fé is dá mbeadh liúntas speisialta luaidhte sna hailt sin fé seach.

(9) Chun crícheanna an ailt seo—

cialluíonn an abairt “duine cáilithe” duine bhí ina bhall de chóghléasadh lena mbaineann Cuid II d'Acht 1932 agus dar deonadh—

(a) deimhniú seirbhíse míleata fé Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924 ( Uimh. 48 de 1924 ), no deimhniú seirbhíse fé Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1934 (Uimh. 43 de 1934) , alos seirbhíse i rith na seachtaine dar thosach an 23adh lá d'Abrán, 1916, no seirbhíse i rith na seachtaine sin agus seirbhíse eile, no

(b) pinsean créachta no mí-ábaltachta fé na hAchtanna alos créachta no díobhála do bhain dó no mí-ábaltachta do tháinig air i rith na seachtaine sin;

cialluíonn an abairt “duine cloinne” duine cloinne fé bhun ocht mbliana déag d'aois no duine cloinne os cionn na haoise sin agus é éagcumasach ar é féin do chothú;

cialluíonn an abairt “an tsuim bliantúil oiriúnach”—

(a) maidir le fear singil no bean singil, no le fear pósta no bean phósta, do pósadh tar éis an 30adh lá de Mheán Fómhair, 1942, no le baintreach fir no baintreach mná do pósadh tar éis an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1942, no le baintreach fir no baintreach mná gan chlann, £78;

(b) maidir le fear pósta no bean phósta, do pósadh roimh an 1adh lá de Dheire Fómhair, 1942, a maireann an céile ach atá gan chlann, £97 10s. 0d;

(c) maidir le fear pósta no bean phósta, do pósadh roimh an 1adh lá de Dheire Fómhair, 1942, a maireann an céile agus agá bhfuil clann, suim na méideanna so leanas, eadhon, £97 10s. 0d., agus £10 8s. 0d. alos gach duine cloinne fé leith;

(d) maidir le baintreach fir no baintreach mná, do pósadh roimh an 1adh lá de Dheire Fómhair, 1942, agá bhfuil clann, suim na méideanna so leanas, eadhon, £78, agus £10 8s. 0d. alos gach duine cloinne fé leith;

léireofar tagairtí do mhaoin bhliantúil duine mar thagairtí do mhaoin bhliantúil an duine sin arna déanamh amach do réir có-ordachán an Aire agus an Aire Airgeadais;

cialluíonn an abairt “na coinníollacha reachtúla” maidir le duine na coinníollacha so leanas:—

(a) gan maoin bhliantúil an duine sin do bheith có-ionann leis an suim bliantúil oiriúnach ná níos mó ná í, agus

(b) an duine sin do bheith éagcumasach ar é féin do chothú de dheascaibh aoise no buan-laige cuirp no aigne.

Aiscí áirith e d'asbhaint.

8.—Aon aisce (pé aca go heis-reachtúil no ar shlí eile do híocadh) d'íoc an tAire roimh dháta an Achta so do rith le cleithiúnaithe (ar a n-áirmhítear baintreach no duine cloinne) dhuine do fuair bás de dheascaibh créachta no díobhála do fuair sé, no de dheascaibh galair is ionchurtha i leith seirbhíse, i rith na tréimhse práinne, féadfar, mar is rogha leis an Aire, í bhaint, i pé slí is oiriúnach leis, i bpáirt no go hiomlán as aon deonadh de liúntas ar bith is iníoctha alos an duine sin fé na hAchtanna, no fé na hAchtanna arna leasú leis an Acht so.

Liúntas baintrighe no duine chloinne do laghdú i gcásanna áirithe.

9.—Má déantar liúntas fé alt 14 no 15 d'Acht 1927, arna leasú leis an Acht so, do dheonadh do bhaintrigh oifigigh no do dhuine chloinne le hoifigeach, agus go mbeidh á fháil ag an mbaintrigh no an duine cloinne sin, i rith aon tréimhse a mbeidh an pinsean san iníoctha ina thaobh, pinsean fé scéim arna déanamh fé na hAchtanna Fórsaí Cosanta (Pinsin), 1932 agus 1938, déanfar méid an liúntais do laghdú méid is có-ionann le méid an phinsin.

Iarratais ar liúntais do chur fé bhráid Bhord na nArm-Phinsean agus tuarascbháil Bhord na nArm-Phinsean ar iarratais den tsórt san.

10.—(1) D'ainneoin éinní atá sna hAchtanna, féadfaidh an tAire, más dóich leis, i gcás aon iarratais áirithe ar liúntas fé na hAchtanna, nach gá go ndéanfadh Bord na nArm-Phinsean fiosrú ina thaobh chun go bhféadfadh an tAire a chinneadh cé aca ba cheart deonadh do dhéanamh no nár cheart, deighleáil leis an iarratas gan é chur fé bhráid an Bhuird sin.

(2) I gcás iarratas ar liúntas fé na hAchtanna do chur fé bhráid Bhord na nArm-Phinsean, féadfaidh an tAire, más dóich leis nach gá fiosrú a dhéanamh i dtaobh aon ní no nithe áirithe eireoidh ar an iarratas chun go bhféadfadh sé a chinneadh cé aca ba cheart deonadh do dhéanamh no nár cheart, a ordú don Bhord san gan fiosrú do dhéanamh ná tuarascbháil do thabairt uatha ach i dtaobh na nithe eile eireoidh ar an iarratas, agus d'ainneoin éinní atá sna hAchtanna ní dhéanfaidh an Bord fiosrú, ná ní thabharfaidh tuarascbháil uatha, sa chás san ach i dtaobh na nithe eile sin.

Gearr-theideal agus có-luadh.

11.—(1) Féadfar an tAcht Arm-Phinsean, 1943 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 go 1943, do ghairm de na hAchtanna agus den Acht so le chéile.