|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (ACHT AIRGEADAIS, 1943) | Ar Aghaidh (CUID II. Custuim agus Mal.) |
ACHT AIRGEADAIS, 1943
[EN] | ||
[EN] |
CUID I. Cain Ioncuim. | |
[EN] |
Cáin ioncuim agus forcháin in aghaidh na bliana 1943-44. |
1. —(1) Eileofar cáin ioncuim in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1943, do réir seacht scillinge agus reul fén bpunt. |
[EN] | (2) Eileofar forcháin (seachas forcháin bhreise) in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1943, ar ioncum aon phearsan ar mó ná míle agus cúig céad punt iomlán a ioncuim o gach taobh, agus is ar na rátaí ar a n-éilítear í in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1942 a héileofar amhlaídh í. | |
[EN] | (3) I gcás ioncum iomlán, do réir bhrí ailt 5 den Acht Airgeadais, 1941 (Uimh. 14 de 1941) , aon phearsan in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1943, do bheith níos mó ná míle agus cúig céad punt agus aon bhrabús den tsórt a luaidhtear san alt san 5 do bheith ina chuid de, déanfar diúité breise forchánach (dá ngairmtear forcháin bhreise san alt so) d'éileamh in aghaidh na bliana san dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1943, do réir seacht scillinge agus reul fén bpunt alos an oiread den ioncum san agus is ionchurtha fé de bhuadh fo-ailt (1) den alt san 5 arna mhodhnú agus arna thonasc trí na forálacha ina dhiaidh seo den alt so. | |
[EN] | (4) Na forálacha reachtúla agus na forálacha eile do bhí i bhfeidhm an 5adh lá d'Abrán, 1943, i dtaobh cánach ioncuim agus forchánach (lena n-áirmhítear forcháin bhreise), beidh éifeacht aca uile agus fé seach, fé réir forálacha an Achta so, i dtaobh na cánach ioncuim agus na forchánach (lena n-áirmhítear forcháin bhreise) a héileofar mar adubhradh in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1943. | |
[EN] | (5) Le linn Cuid II den Acht Airgeadais, 1941 (Uimh. 14 de 1941) , do bheith á tonasc (de bhuadh an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so) leis an bhforcháin bhreise a héileofar mar adubhradh in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1943, beidh éifeacht ag an gCuid sin II i dteanta agus fé réir na modnuithe seo leanas, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) cuirfear an abairt “an 6adh lá d'Abrán, 1943” in ionad na habairte “an 6adh lá d'Abrán, 1941” i ngach áit ina bhfuil an abairt sin sa Chuid sin II; | |
[EN] | (b) i mír (b) d'fho-alt (3) d'alt 7 den Acht san, cuirfear an abairt “an 5adh lá d'Abrán, 1944” in ionad na habairte “an 5adh lá d'Abrán, 1942” agus cuirfear an focal “seacht” in ionad an fhocail “cúig” agus cuirfear an abairt “an 5adh lá d'Abrán, 1943” in ionad na habairte “an 5adh lá d'Abrán, 1941”. | |
[EN] |
Alt 3 den Acht Airgeadais, 1941 , dá leasú. |
2. —(1) Ní údaróidh éinní atá in alt 3 den Acht Airgeadais, 1941 ( Uimh. 14 de 1941 ), go ndeonfaí fén alt san do phearsain ar bith in aghaidh aon bhliana cáinmheasa áirithe faoiseamh de mhéid do bhéarfadh iomlán an mhéid chánach ioncuim agus forchánach (más ann) agus cánach ioncuim eachtraighe is iníoctha ag an bpearsain sin alos aon choda dá ioncum d'eirigh i dtír lena mbaineann an t-alt san 3 (agus an t-iomlán san do dhéanamh amach tar éis aon fhaoiseamh chun a bhfuil teideal aige sa tír sin d'asbhaint) do bheith fé bhun an mhéid chánach ioncuim agus forchánach (más ann) dob iníoctha ag an bpearsain sin alos na coda san dá ioncum dá mba sa Stát d'eireodh an chuid sin dá ioncum. |
[EN] | (2) San alt so tá leis an abairt “cáin ioncuim eachtrach” an bhrí atá léi san alt san 3 den Acht Airgeadais, 1941 (Uimh. 14 de 1941) . | |
[EN] |
Liúntas alos inneallra bheidh as úsáid go sealadach. |
3. —Na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncuim a bhaineann leis an asbhaint atá le lomháil in aghaidh luacha laghduithe mar gheall ar chaitheamh agus cumailt beidh éifeacht aca fé is dá mbeadh ar na tagairtí atá ionta do luach laghduithe mar gheall ar chaitheamh agus cumailt aon inneallra no gléasra i rith na bliana tagairtí do luach laghduithe mar gheall ar aon inneallra no gléasra do bheith as úsáid go sealadach aon tráth i rith na bliana de dhruim tosca is inleagtha, go díreach no go neadhíreach, ar an bpráinn náisiúnta atá ann fé láthair (ar a n-áirmhítear tosca mhairfidh tar éis deireadh do bheith leis an bpráinn sin). |
[EN] |
Caillteanais d'áireamh i gcásanna áirithe. |
4. —(1) Chun crícheanna ailt 34 (a bhaineann le faoiseamh alos caillteanas áirithe) den Income Tax Act, 1918, déanfar méid aon chaillteanais a thárlóidh i dtrádáil d'áireamh, i ngach cás (ach san fé réir forálacha an chéad fho-ailt eile den alt so), sa tslí ina ndéantar an brabús no an gnóthachan a déantar no thagann ón trádáil d'áireamh fén Riail a bhaineann le Cás I de Sceideal D den Acht san agus fé na Rialacha bhaineann le Cásanna I agus II den Sceideal san. |
[EN] | (2) Ní sháróidh forálacha an fho-ailt sin roimhe seo den alt so forálacha míre (2) (a bhaineann le caillteanais chuideachtana árachais a mbíonn gnó árachais saoil ar siúl aca) de Riail 15 de na Rialacha bhaineann le Cásanna I agus II de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, ná ní dhéanfaidh deifir do na forálacha san. | |
[EN] |
Riaill 11 de na Rialacha bhaineann le Cásanna I agus II de Sceideal D dá leasú. |
5. —Déanfar mír (2) de Riail 11 do cuireadh, trí alt 13 den Acht Airgid, 1929 ( Uimh. 32 de 1929 ), in ionad Rialach 11 de na Rialacha bhaineann le Cásanna I agus II de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, do léiriú agus beidh éifeacht aici, maidir le cásanna ina dtárlóidh an t-athrú dá dtagartar sa mhír sin tar éis an 5adh lá d'Abrán, 1943, fé is go mbeadh na focail “twelve months after the change took place” curtha in ionad na bhfocal “three months after the change took place” atá anois sa mhír sin. |
[EN] |
Leathnú ar shaoirsí maidir le hArachas Sláinte Náisiúnta. |
6. —(1) San alt so cialluíonn an abairt “an Cumann Aontuithe” Cumann an Arachais Náisiúnta ar Shláinte do bunuíodh de bhun ailt 3 den Acht um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1933 (Uimh. 13 de 1933) . |
[EN] | (2) An tsaoirse do bheirtear le fo-alt (5) d'alt 39 den Income Tax Act, 1918, do chumainn cheaduithe do réir bhrí Coda I den National Insurance Act, 1911, sroichfe sí chun an Chumainn Aontuithe agus bainfidh leis agus is tuigthe í do shroichint chun an Chumainn sin agus do bhaint leis amhail o dháta a bhunuithe. | |
[EN] | (3) An tsaoirse do bheirtear leis an bhfo-alt san (5) d'alt 39 den Income Tax Act, 1918, do Choimisinéirí Arachais na hÉireann maidir le haon ioncum a thagadh as cistí ar bith a bhí ar seilbh aca, no féna n-urláimh no a mbainistighe, fé réim no chun crícheanna an National Insurance Act, 1911, sroichfe sí chun an Aire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe agus bainfidh leis maidir le haon ioncum a thagann as cistí ar bith atá ar seilbh aige, no féna urláimh no a bhainistighe, chun crícheanna na nAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1942, agus is tuigthe í do bhaint leis agus do shroichint chuige amhlaidh amhail ón dáta ar ar scuireadh na Coimisinéirí sin agus ar ar haistríodh a bhfeidhmeanna chun an Aire sin leis an Ordú um Choimisinéirí Arachais na hÉireann (Aistriú Feidhmeanna), 1933. | |
[EN] |
Deimhnithe muirir de chuid Chorparáid an Cháirde Thalmhaíochta, Teoranta. |
7. —Chun deireadh chur le hamhrais, dearbhuítear agus achtuítear leis seo go léireofar an abairt “deimhnithe muirir” agus go mbeidh éifeacht aici agus gur tuigthe éifeacht do bheith riamh aici, i ngach áit ina bhfuil sí i bhfo-ailt (1), (2) agus (3) d'alt 2 no i bhfo-alt (1) d'alt 37 den Acht Airgid 1929 (Uimh. 32 de 1929), mar abairt fholuíonn deimhnithe muirir arna dtabhairt amach ag Corparáid an Cháirde Thalmhaíochta, Teoranta, tar éis dáta an Achta Cáirde Talmhaíochta, 1929 (Uimh. 30 de 1929) , do rith chó maith le deimhnithe muirir do thug an Chorparáid sin amach roimh dháta an Achta san do rith. |