|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 21 de 1943. | ||
[EN] |
ACHT COMHACHTA PRÁINNE (BUANÚ), 1943. | |
[An tionntódh oifigeamhail.] |
ACHT DO DHÉANAMH FAIDITHE, D'FHONN SLÁNDÁIL AN PHOBAIL DO CHUR IN ÁIRITHE AGUS AN STÁT DO CHAOMHNA IN AIMSIR CHOGAIDH, AR AN TRÉIMHSE LEANFAIDH AN tACHT COMHACHTA PRÁINNE, 1939 , I BHFEIDHM. [20adh Iúl, 1943.] |
ACHTUITEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
An Príomh-Acht. |
1. —San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an t Acht Comhachta Práinne, 1939 (Uimh. 28 de 1939) . |
[EN] |
An Príomh-Acht dá bhuanú. |
2. —(1) Mara gcuirtear deireadh lena ré feidhme roimhe sin fé fho-alt (2) den alt so, leanfaidh an Príomh-Acht i bhfeidhm go dtí an 2adh lá de Mheán Fhómhair, 1944, agus raghaidh in éag ansan mara gcinne an tOireachtas a mhalairt. |
[EN] | (2) Féadfaidh an Riaghaltas a dhearbhú, le hordú, go raghaidh an Príomh-Acht in éag ar dháta áirithe is luatha ná an 2adh lá de Mheán Fhómhair, 1944, agus sa chás san raghaidh an Príomh-Acht in éag dá réir sin. | |
[EN] |
Alt 4 den Acht Comhachta Práinne (Buanú agus Leasú), 1942 , dá chúlghairm. |
3. —Cúlghairmtear leis seo alt 4 den Acht Comhachta Práinne (Buanú agus Leasú), 1942 ( Uimh. 19 de 1942 ). |
[EN] |
Gearr-theideal. |
4. —Féadfar an tAcht Comhachta Práinne (Buanú), 1943 , do ghairm den Acht so. |