14 1944


Uimhir 14 de 1944.


AN tACHT UM CHÁNACHA DO BHAILIÚ (DAINGNIÚ), 1944.

[An tionntó oifigiúil.]

ACHT DO THABHAIRT ÉIFEACHTA REACHTÚLA DO RÚIN AIRGEADAIS ÁIRITHE DO RITHEADH AN 3ú LÁ DE BHEALTAINE, 1944, AG DÁIL ÉIREANN I gCOISTE UM AIRGEADAS AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I gCÓIR NITHE EILE BHAINEAS NO GHABHAS LEIS NA RÚIN AIRGEADAIS SIN.

[26ú Meitheamh, 1944.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Acht 1927.

1. —San Acht so ciallaíonn an abairt “Acht 1927” an t Acht um Bhailiú Shealadach Cánach, 1927 (Uimh. 7 de 1927) .

Rúin Airgeadais lena mbaineann an tAcht so.

2. —Baineann an tAcht so leis na ceithre Rúin Airgeadais—

(a) do rith Dáil Éireann i gCoiste um Airgeadas an 3ú lá de Bhealtaine, 1944, agus

(b) dar tugadh éifeacht reachtúil fé Acht 1927.

Éifeacht reachtúil na Rún Airgeadais.

3. —(1) D'ainneoin éinní atá in Acht 1927, beidh éifeacht reachtúil ag Rún Airgeadais lena mbaineann an tAcht so agus is tuigthe éifeacht reachtúil do bheith riamh aige fé is dá mbeadh sé in Acht den Oireachtas, agus leanfaidh den éifeacht reachtúil sin do bheith aige go scoirfidh mar foráltar le fo-alt (2) den alt so den éifeacht san do bheith aige.

(2) Scoirfidh Rún Airgeadais lena mbaineann an tAcht so d'éifeacht reachtúil do bheith aige ar thárlachtain do pé ní acu so leanas is túisce thárlóidh, sé sin le rá:—

(a) Acht den Oireachtas do theacht i ngníomh agus forála ann ar aon-bhrí (go modhnú nó gan modhnú) leis an Rún Airgeadais,

(b) ceithre mhí do bheith caite ó dháta an Achta so do rith.

Forála áirithe d'Acht 1927 do dhúnadh amach.

4. —(1) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag fo-alt (1) d'alt 5 dAcht 1927, agus is tuigthe ná raibh feidhm ná éifeacht riamh aige, maidir le Rún Airgeadais lena mbaineann an tAcht so.

(2) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag alt 6 dAcht 1927, agus is tuigthe ná raibh feidhm ná éifeacht riamh aige, maidir leis an gcáin ioncaim in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá dAbrán, 1944.

Asbhaintí cánach ioncaim agus cáinmheasta chun cánach ioncaim.

5. —(1) Asbhaint do rinneadh roimh dháta an Achta so do rith alos na cánach ioncaim in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá dAbrán, 1944, agus do bheadh ina hasbhaint dleathach dá mbeadh na Rúin Airgeadais lena mbaineann an tAcht so i bhfeidhm agus éifeacht reachtúil acu nuair do rinneadh an asbhaint, is asbhaint dleathach agus is tuigthe gurbh asbhaint dleathach riamh í.

(2) Cáinmheas chun cánach ioncaim in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá dAbrán, 1944, do rinneadh roimh dháta an Achta so do rith agus do bheadh ina cháinmheas dleathach bailí dá mbeadh na Rúin Airgeadais lena mbaineann an tAcht so i bhfeidhm agus éifeacht reachtúil acu nuair do rinneadh an cáinmheas, is cáinmheas dleathach bailí agus is tuigthe gur cháinmheas dleathach bailí riamh é.

Feidhm ailt 211 den Income Tax Act, 1918.

6. —(1) Beidh éifeacht ag alt 211 (a bhaineann le cáin do mhuirearú agus d'asbhaint in aon bhliain áirithe nár muirearaíodh ná nár hasbhaineadh roimh an Acht bliantúil do rith) den Income Tax Act, 1918, maidir leis an gcáin ioncaim in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá dAbrán, 1944, fé réir na modhnuithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) fágfar ar lár na focail “half-yearly or quarterly”, atá i bhfo-alt (1) den alt san;

(b) cuirfear na focail “or the person by or through whom the payments were made, as the case may be” isteach sa bhfo-alt san (1) i ndiaidh na bhfocal “the agents entrusted with the payment of the interest, dividends, or other annual profits or gains”;

(c) beidh feidhm ag fo-alt (2) den alt san—

(i) maidir le haon rí-chíos nó suim eile do híocadh alos paitinn d'úsáid agus as ar féidir cáin do bhaint fé mhír 2 de Riail 19 de na Rialacha Generálta a bhaineann le Sceidil uile an Income Tax Act, 1918, agus

(ii) maidir le haon díbhinn as ar féidir cáin do bhaint fé Riail 20 de na Rialacha Generálta san, arna leasú le halt 5 den Acht Airgeadais, 1940 ( Uimh. 14 de 1940 ),

fé mar a bhaineann sé le haon chíos, ús, blianacht nó íocaíocht bhliantúil eile.

(2) Más rud é go ndearnadh, roimh dháta an Achta so do rith, asbhaint alos na cánach ioncaim in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá dAbrán, 1944, agus gur haisíocadh méid na hasbhainte sin toisc oibriú forálacha Achta 1927, is tuigthe chun crícheanna ailt 211 den Income Tax Act, 1918, arna mhodhnú le fo-alt (1) den alt so, ná dearnadh an asbhaint sin riamh agus beidh feidhm agus éifeacht ag an alt san, arna mhodhnú amhlaidh, dá réir sin.

Gearr theideal.

7. —Féadfar an tAcht um Chánacha do Bhailiú (Daingniú), 1944 , do ghairm den Acht so.