16 1944


Uimhir 16 de 1944.


AN tACHT CUMHACHTA PRÁINNE (BUANÚ), 1944.

[An tionntó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH FAIDITHE, D'FHONN SLÁNDÁIL AN PHOBAIL DO CHUR IN ÁIRITHE AGUS AN STÁT DO CHAOMHNADH IN AIMSIR CHOGAIDH, AR AN TRÉIMHSE LEANFAIDH AN tACHT CUMHACHTA PRÁINNE, 1939, I BHFEIDHM. [10ú Iúl, 1944.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —San Acht so ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an t Acht Cumhachta Práinne, 1939 (Uimh. 28 de 1939) .

An Príomh-Acht do bhuanú.

2. —(1) Mara gcuirtear deireadh lena ré feidhme roimhe sin fé fhó-alt (2) den alt so, leanfaidh an Príomh-Acht i bhfeidhm go dtí an 2ú lá de Mheán Fhómhair, 1945, agus raghaidh in éag ansan mara gcinne an tOireachtas a mhalairt.

(2) Féadfaidh an Rialtas a dhearbhú le hordú go raghaidh an Príomh-Acht in éag ar dháta áirithe is luaithe ná an 2ú lá de Mheán Fhómhair, 1945, agus sa chás san raghaidh an Príomh-Acht in éag dá réir sin.

An tAcht Cumhachta Práinne (Buanú), 1943, do chúlghairm.

3. —Cúlghairmtear leis seo an tAcht Cumhachta Práinne (Buanú), 1943 (Uimh. 21 de 1943) .

Gearr-theideal.

4. —Féadfar an tAcht Cumhachta Práinne (Buanú), 1944 , do ghairm den Acht so.