An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT CHUIDEACHTA NA MIANRAÍ, 1945) Ar Aghaidh (CUID II Comhlucht Gual-Lathrach Shliabh Ardachadh, Teoranta, do scor, agus a Ghnothas D'Aistriu chun na Cuideachtain Leanunai.)

7 1945

ACHT CHUIDEACHTA NA MIANRAÍ, 1945

CUID I.

Reamhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar Acht Chuideachta na Mianraí, 1945 , do ghairm den Acht so.

Mínithe.

2. —San Acht so—

an chuideachta leanúnach.

ciallaíonn an abairt “an chuideachta leanúnach” an chuideachta do bunaíodh de bhun ailt 4 den Phríomh-Acht;

an chuideachta scortha.

ciallaíonn an abairt “an chuideachta scortha” Comhlucht Gual-Láthrach Shliabh Ardachadh, Teoranta;

an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

an Príomh-Acht.

ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht um Chuideachtain Lorgtha agus Forbartha Mianraí, 1941 (Uimh. 13 de 1941) ;

dáta an aistrithe.

ciallaíonn an abairt “dáta an aistrithe” an dáta cheapfaidh an tAire ina dháta aistrithe chun críocha Coda II den Acht so.

Acht Forbairte Gual-Láthrach Shliabh Ardachadh, 1941 , d'athghairm.

3. —Athghairmtear leis seo Acht Forbairte Gual-Láthrach Shliabh Ardachadh, 1941 (Uimh. 8 de 1941) , amhail ar dháta an aistrithe agus dá éis.