|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID XIII. Forais Cheadaithe.) | Ar Aghaidh (Caibidil II. Ordaithe Glactha Othair Phríobháidigh.) |
AN tACHT CÓIREÁLA MEABHAIR-GHALAR, 1945
[EN] | ||
[EN] |
CUID XIV. Ordaithe Glactha. | |
[EN] |
Caibidil I. Ordaithe Glactha Othair Ionmhuirir. | |
[EN] |
Moladh glactha d'iarraidh. |
162. —(1) I gcás inar mian go ndéanfaí duine do ghlacadh agus do choinneáil mar dhuine mí-mheabhrach agus mar othar ionmhuirir san óspidéal meabhair-ghalar ceantair don cheantar óspidéil mheabhair-ghalar ina mbíonn gnáth-chomhnaí air, féadfar iarratas sa bhfoirm ordaithe do chur chun an dochtúra oifigiúil údaraithe ag iarraidh moladh (dá ngairmtear moladh glactha san Acht so) á mholadh an duine sin a ghlacadh agus a choinneáil mar dhuine mí-mheabhrach san óspidéal meabhair-ghalar ceantair sin. |
[EN] | (2) Féadfaidh duine ar bith acu so leanas iarratas a dhéanamh ag iarraidh moladh glactha— | |
[EN] | (a) fear céile nó bean chéile an duine lena mbainfidh an t-iarratas nó gaol don duine sin, | |
[EN] | (b) ar fhear céile nó bean chéile an duine sin nó gaol don duine sin dá iarraidh sin, an t-oifigeach cúnaimh iomchuibhe, | |
[EN] | (c) faoi réir forál an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo, duine ar bith eile. | |
[EN] | (3) Más rud é, i gcás iarratais ag iarraidh moladh glactha, nach é fear céile nó bean chéile an duine lena mbainfidh an t-iarratas ná gaol don duine sin a dhéanfas é ná nach é an t-oifigeach cúnaimh iomchuibhe a dhéanfas é ar fhear céile nó bean chéile an duine sin nó gaol dó dá iarraidh sin air, déarfar san iarratas cad iad na cúiseanna ná dearnadh amhlaidh é, cad é an coibhneas atá ag an iarratasóir leis an duine lena mbaineann an t-iarratas, agus cad iad na tosca ina bhfuil an t-iarratas á dhéanamh. | |
[EN] | (4) Ní déanfar iarratas ag iarraidh moladh glactha mura rud é go mbeidh an t-iarratasóir bliain is fiche d'aois ar a laghad agus go mbeidh an duine lena mbainfidh an t-iarratas feicthe aige laistigh de cheithre lá déag roimh an t-iarratas do dhéanamh dhó. | |
[EN] | (5) Beidh ag gabháil le hiarratas ag iarraidh moladh glactha ráiteas sa bhfoirm ordaithe ina dtabharfar sonnraí i dtaobh an duine lena mbaineann an t-iarratas. | |
[EN] |
Moladh glactha a dhéanamh. |
163. —(1) Nuair a déanfar iarratas ag iarraidh moladh glactha déanfaidh an dochtúir oifigiúil údaraithe, laistigh de cheithre huaire fichead a chloig tar éis dó an t-iarratas d'fháil— |
[EN] | (a) an duine lena mbainfidh an t-iarratas d'fhiosrú agus do scrúdú, agus | |
[EN] | (b) tar éis an scrúdaithe sin— | |
[EN] | (i) más deimhin leis gur ceart an moladh a dhéanamh agus más dóigh leis go mbeidh an duine lena mbaineann an t-iarratas, má glactar é, ina othar ionmhuirir, an moladh a dhéanamh sa bhfoirm ordaithe, nó | |
[EN] | (ii) in aon chás eile, diúltú don iarratas. | |
[EN] | (2) Beidh éifeacht ag na forála so leanas maidir le moladh glactha:— | |
[EN] | (a) luafar sa mholadh an dáta ar ar scrúdaigh an dochtúir oifigiúil údaraithe an duine lena mbaineann an moladh agus síneofar é ar dháta an scrúdaithe sin; | |
[EN] | (b) beidh sa mholadh deimhniú gur duine mí-mheabhrach an duine sin, gur duine é is ceart a thógaint faoi chúram agus a choinneáil faoi aireachas agus cóireáil, agus nach dócha go dtéarnó sé laistigh de shé mhí ó dháta an scrúdaithe sin; | |
[EN] | (c) beidh sa mholadh ráiteas ina luafar na fíorais is bonn le tuairim an dochtúra oifigiúil údaraithe gur duine mí-mheabhrach an duine sin, agus déanfar idirdhealú sa ráiteas idir fíorais a thug sé féin faoi ndeara agus fíorais a cuireadh in iúl dó. | |
[EN] |
Eolas a thabhairt i dtaobh iarratais a rinneadh cheana ag iarraidh moladh glactha. |
164. —(1) Más rud é, tar éis iarratas ag iarraidh moladh glactha do dhiúltú, go ndéanfar aon iarratas eile ag iarraidh moladh glactha maidir leis an duine céanna, déanfaidh an t-iarratasóir, sa mhéid gurb eol dó na fíorais a bhain leis an iarratas roimhe sin agus lena dhiúltú, na fíorais sin d'insint don dochtúir oifigiúil údaraithe. |
[EN] | (2) Duine ar bith ná comhlíonfaidh ceanglais fo-ailt (1) den alt so beidh sé ciontach i gcionta faoin bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt a chur air. | |
[EN] |
Duine a gcreitear gur duine mímheabhrach é agus gur gá é a choimeád faoi urlámhas, etc., d'aistriú chun stáisiúin Ghárda Shíochána. |
165. —(1) Más dóigh le comhalta den Ghárda Síochána é bheith riachtanach, i gcás duine a gcreitear gur duine mí-mheabhrach é, go ndéanfaí, ar mhaithe le sábháltacht na poiblíochta nó sábháltacht an duine féin, an duine sin a chur láithreach faoi aireachas agus urlámhas, féadfa sé an duine sin do thógaint faoi choimeád agus é d'aistriú go dtí Stáisiún Ghárda Shíochána. |
[EN] | (2) Má dhéanann comhalta den Ghárda Síochána duine d'aistriú faoin alt so, cuirfe sé láithreach iarratas sa bhfoirm ordaithe chun an dochtúra oifigiúil údaraithe ag iarraidh moladh (a ngairmtear moladh glactha dhe freisin san Acht so) á mholadh an duine do ghlacadh agus do choinneáil mar dhuine mí-mheabhrach san óspidéal meabhair-ghalar ceantair don cheantar óspidéil mheabhairghalar ina gcomhnaíonn an duine de ghnáth. | |
[EN] | (3) Nuair a cuirfear iarratas faoin alt so chun an dochtúra oifigiúil údaraithe ag iarraidh moladh glactha, déanfaidh an dochtúir sin an duine lena mbainfidh an t-iarratas a scrúdú láithreach, agus air sin— | |
[EN] | (a) más deimhin leis gur ceart an moladh a dhéanamh, déanfaidh é sa bhfoirm ordaithe, nó | |
[EN] | (b) in aon chás eile, diúltóidh don iarratas. | |
[EN] | (4) I gcás ina ndéanfar iarratas faoin alt so ag iarraidh moladh glactha maidir le duine ar bith, is tuigthe gurb é an t-oifigeach cúnaimh iomchuibhe iarratasóir an mholta. | |
[EN] |
Gan aireachas ceart, etc., a bheith á thabhairt do dhuine a gcreitear gur duine mímheabhrach é. |
166. —(1) Má cuirtear in iúl don oifigeach cúnaimh iomchuibhe nó más eol dó go bhfuil duine a gcreitear gur duine mí-mheabhrach é gan bheith faoi aireachas nó urlámhas ceart nó go bhfuil faillí á thabhairt ann nó cruálacht á déanamh air ag aon ghaol nó duine eile a bhfuil sé faoina aireachas nó faoina chúram, cuirfidh an t-oifigeach san iarratas sa bhfoirm ordaithe chun an dochtúra oifigiúil údaraithe ag iarraidh moladh (a ngairmtear moladh glactha dhe freisin san Acht so) á mholadh an duine a gcreitear gur duine mí-mheabhrach é do ghlacadh agus do choinneáil mar dhuine mí-mheabhrach san óspidéal meabhair-ghalar ceantair don cheantar óspidéil mheabhair-ghalar ina gcomhnaíonn an duine sin de ghnáth. |
[EN] | (2) Más duine gan buan-chomhnaí an duine lena mbainfidh iarratas faoin alt so agus go ndéanfaidh an t-oifigeach cúnaimh iomchuibhe an ní do thuairisciú don chomhalta den Ghárda Síochána a bheas i bhfeighil an stáisiúin Ghárda Shíochána don fho-cheantar Ghárda Shíochána ina mbeidh an duine de thuras na huaire, féadfaidh an comhalta san den Ghárda Síochána an duine sin a thógaint faoi choimeád agus é d'aistriú go dtí an stáisiún Ghárda Shíochána san chun a scrúdaithe ag an dochtúir oifigiúil údaraithe. | |
[EN] | (3) Nuair a déanfar iarratas faoin alt so ag iarraidh moladh glactha, déanfaidh an dochtúir oifigiúil údaraithe an duine lena mbainfidh an t-iarratas d'fhiosrú agus do scrúdú láithreach, agus air sin— | |
[EN] | (a) más deimhin leis gur ceart an moladh a dhéanamh, déanfaidh é sa bhfoirm ordaithe, nó | |
[EN] | (b) in aon chás eile, diúltóidh don iarratas. | |
[EN] | (4) Duine ar bith a bhacfas nó a choiscfeas an dochtúir oifigiúil údaraithe agus é ag feidhmiú a chumhacht faoin alt so chun duine ar bith d'fhiosrú agus do scrúdú nó a bhacfas nó a choiscfeas an t-oifigeach cúnaimh iomchuibhe agus é ag aistriú duine ar bith chun óspidéil mheabhair-ghalar cheantair de bhun moladh glactha arna dhéanamh faoin alt so, beidh sé ciontach i gcionta faoin alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil ná raghaidh thar cúig puint a chur air. | |
[EN] |
An éifeacht a bheas ag moladh glactha. |
167. —(1) Nuair a déanfar moladh glactha, féadfaidh iarratasóir an mholta nó duine ar bith a bheas údaraithe aige nó, i gcás moladh glactha arna dhéanamh faoi alt 165 den Acht so, comhalta ar bith den Ghárda Síochána, faoi réir forál an ailt seo, an duine lena mbainfidh an moladh a thógaint agus é d'iomluadh chun an óspidéil mheabhair-ghalar cheantair a luafar sa mholadh. |
[EN] | (2) Má thárlann, ar mholadh glactha bheith déanta, ná déanfar an duine lena mbainfidh an mholadh d'iomluadh chun an óspidéil mheabhair-ghalar cheantair a luafar sa mholadh laistigh de sheacht lá glan i ndiaidh an lae do rinneadh an moladh, scoirfidh an moladh d'éifeacht do bheith aige. | |
[EN] | (3) D'ainneoin éinní dá bhfuil i bhfo-alt (2) den alt so, má thárlann, laistigh de sheacht lá glan i ndiaidh an lae a déanfar moladh glactha, go ndeimhneoidh an dochtúir oifigiúil údaraithe ná beidh an duine lena mbaineann an deimhniú iniomluaite go dtí go mbeidh na seacht lá glan san caite, ní scoirfidh an moladh d'éifeacht a bheith aige ar na seacht lá glan san do bheith caite ach, mura ndéantar an duine sin d'iomluadh laistigh de sheacht lá glan eile chun an óspidéil mheabhair-ghalar cheantair a luafar sa mholadh, scoirfidh an moladh ansan d'éifeacht a bheith aige. | |
[EN] |
Comhoibriú chun duine d'aistriú ar mholadh glactha a bheith déanta. |
168. —Féadfaidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar a bheas ag cothabháil an óspidéil mheabhair-ghalar cheantair a luafar i moladh glactha comhoibriú le hiarratasóir an mholta, nó le haon ghaol nó caomhnóir don duine lena mbainfidh an t-iarratas, chun socrú do dhéanamh i dtaobh an duine sin d'aistriú chun an óspidéil. |
[EN] |
Deimhniú ón dochtúir oifigiúil údaraithe a dhéanfas moladh glactha gur gá coimhdeacht, etc. |
169. —I gcás an dochtúir oifigiúil údaraithe a dhéanfas moladh glactha dá dheimhniú gur gá an duine lena mbaineann an moladh a choimhdeacht chun a áirithiú go ndéanfar é d'iomluadh slán sábhálta— |
[EN] | (a) féadfaidh an duine chun a n-eiseofar an deimhniú an deimhniú do thíolacadh do phríomh-dhochtúir comhnaitheach an óspidéil mheabhair-ghalar cheantair a luafar sa mholadh agus air sin féadfaidh an príomhdhochtúir comhnaitheach, as a chomhairle féin, socrú do dhéanamh le haghaidh pé coimhdeachta is gá, | |
[EN] | (b) má chinneann an príomh-dhochtúir comhnaitheach gan coimhdeacht a sholáthar, féadfaidh an duine chun a n-eiseofar an deimhniú an deimhniú do thíolacadh don chomhalta den Ghárda Síochána a bheas i bhfeighil aon stáisiúin Ghárda Shíochána agus air sin déanfaidh an comhalta san socrú le haghaidh pé coimhdeachta is gá. | |
[EN] |
Costas iomluaite d'íoc ar mholadh glactha a bheith déanta. |
170. —(1) Íocfaidh an t-oifigeach cúnaimh iomchuibhe na costais réasúnta faoina raghfar maidir leis an duine lena mbainfidh moladh glactha d'iomluadh chun óspidéil mheabhair-ghalar cheantair a luafar sa mholadh ach amháin i gcás an duine sin d'iomluadh chuige ag comhalta den Ghárda Síochána. |
[EN] | (2) Féadfaidh an t-údarás cúnaimh phoiblí a bheas i gceist na costais a híocfar faoin alt so d'aisghabháil faoin Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939) , fé is dá mba é a bhí sna costais sin costas cúnaimh phoiblí, do réir bhrí an Achta san, a thug an t-údarás san don duine do hiomluadh. | |
[EN] |
Ordú glactha othair ionmhuirir. |
171. —(1) Nuair a haistreofar duine go dtí óspidéal meabhairghalar ceantair de bhun moladh glactha, déanfaidh príomhdhochtúir comhnaitheach an óspidéil, nó dochtúir oifigiúil eile don óspidéal ag gníomhú thar a cheann, an duine do scrúdú ar é do shroicheadh an óspidéil agus ar an moladh a thíolacadh, agus air sin— |
[EN] | (a) más deimhin leis gur duine mí-mheabhrach an duine agus gur duine é is ceart a thógaint faoi chúram agus a choinneáil faoi aireachas agus cóireáil, déanfaidh láithreach, sa bhfoirm ordaithe, ordú (dá ngairmtear ordú glactha othair ionmhuirir san Acht so) chun an duine do ghlacadh agus do choinneáil mar dhuine mímheabhrach san óspidéal, nó | |
[EN] | (b) in aon chás eile, diúltóidh an t-ordú san a dhéanamh. | |
[EN] | (2) I gcás ina ndéanfar ordú glactha othair ionmhuirir, is tuigthe, chun críocha an Achta so, gurb é iarratasóir an mholadh ghlactha ar dá bhíthin a rinneadh an t-ordú iarratasóir an ordaithe. | |
[EN] |
Eifeacht ordaithe ghlactha othair ionmhuirir. |
172. —(1) Nuair a déanfar ordú glactha othair ionmhuirir, féadfaidh duine ar bith acu san a luaitear i bhfo-alt (2) den alt so an duine lena mbainfidh an t-ordú do ghlacadh agus do thógaint faoi chúram agus é choinneáil go dtí go n-aistrítear nó go n-urscaoiltear é le húdarás ceart nó go dtí go n-éaga sé agus, i gcás é d'éaló, féadfaid é d'atógaint laistigh d'ocht lá fichead dá éis sin agus é choinneáil arís mar adúradh. |
[EN] | (2) Is iad so leanas na daoine a bheas i dteideal duine do ghlacadh, do thógaint faoi chúram, do choinneáil, agus d'atógaint faoin alt so:— | |
[EN] | (a) an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar a bheas ag cothabháil an óspidéil mheabhair-ghalar cheantair a luafar san ordú glactha othair ionmhuirir is iomchuibhe, | |
[EN] | (b) príomh-dhochtúir comhnaitheach an óspidéil sin, | |
[EN] | (c) oifigigh eile agus seirbhísigh an óspidéil sin. | |
[EN] |
Ráiteas i dtaobh na gcúiseanna ar ar diúltaíodh ordú glactha othair ionmhuirir a dhéanamh. |
173. —(1) Má dhiúltaíonn príomh-dhochtúir comhnaitheach nó dochtúir oifigiúil eile d'óspidéal meabhair-ghalar ceantair ordú glactha othair ionmhuirir a dhéanamh, bhéarfa sé don duine d'iarr an moladh glactha iomchuibhe ráiteas i scríbhinn faoina láimh i dtaobh na gcúiseanna a bhí leis an diúltú, cuirfidh cóip den ráiteas go dtí an tAire, agus bhéarfaidh don Aire an t-eolas breise sin go léir a iarrfaidh an tAire i dtaobh tosca an diúltaithe. |
[EN] | (2) I gcás ina ndiúltófar ordú glactha othair ionmhuirir a dhéanamh, féadfaidh an tAire pé fíorais i dtaobh an diúltaithe a mheasfaidh is ceart a chur in iúl don duine ar maidir leis a hiarradh an t-ordú nó d'aon fhiafraitheoir bona fide eile. | |
[EN] |
Moladh glactha nó ordú glactha othair ionmhuir a leasú. |
174. —(1) Má thárlann, i gcás moladh glactha, go bhfaghfar, laistigh de lá is fiche tar éis an duine lena mbainfidh an moladh a ghlacadh san óspidéal meabhair-ghalar ceantair a luafar sa mholadh, an moladh san a bheith mí-cheart nó lochtach in aon tslí, féadfaidh príomh-dhochtúir comhnaitheach an óspidéil an moladh a chur chun an duine do rinne é chun é leasú, agus féadfaidh an duine sin, le toiliú an Aire, an moladh a leasú laistigh den lá is fiche sin. |
[EN] | (2) Má thárlann, i gcás ordú glactha othair ionmhuirir, go bhfaghfar, laistigh de lá is fiche tar éis an duine lena mbainfidh an t-ordú do ghlacadh, an t-ordú san do bheith mí-cheart nó lochtach in aon tslí, féadfaidh an duine do rinne an t-ordú, le toiliú an Aire, an t-ordú do leasú laistigh den lá is fiche sin. | |
[EN] | (3) Má thárlann, laistigh de lá is fiche tar éis duine do ghlacadh in óspidéal meabhair-ghalar ceantair de dhruim moladh ghlactha, gur deimhin leis an Aire an moladh glactha nó an t-ordú glactha othair ionmhuirir ar dá bhun a bheas an duine sin á choinneáil do bheith mí-cheart nó lochtach in aon tslí, féadfaidh an tAire, trí fhógra i scríbhinn arna thabhairt do phríomh-dhochtúir comhnaitheach an óspidéil, a cheangal an moladh nó an t-ordú do leasú faoin alt so agus, mura leasaítear amhlaidh é chun sástachta an Aire laistigh den lá is fiche sin, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, a ordú an duine sin d'urscaoileadh agus, má ordaíonn an tAire amhlaidh, urscaoilfear an duine sin dá réir sin. | |
[EN] | (4) I gcás leasú do dhéanamh faoin alt so ar mholadh glactha nó ar ordú glactha othair ionmhuirir, beidh éifeacht ag an moladh nó ag an ordú fé is dá mbeadh an leasú ann nuair a síníodh é. | |
[EN] | (5) Má thárlann, laistigh de lá is fiche tar éis duine do ghlacadh in óspidéal meabhair-ghalar ceantair de dhruim moladh ghlactha, go bhfaghfar an moladh nó an t-ordú glactha othair ionmhuirir ar dá bhun a bheas an duine sin á choinneáil do bheith mí-cheart nó lochtach, beidh ag príomh-dhochtúir comhnaitheach an óspidéil agus ag na daoine eile a luaitear in alt 172 den Acht so, maidir leis an duine sin, na cumhachta a sonnraítear san alt san ar feadh an lá is fiche sin. | |
[EN] |
Costais an Ghárda Shíochána faoi Chaibidil I de Chuid XIV. |
175. —(1) Beidh éifeacht ag na forála so leanas maidir le haon chostais faoina raghaidh an Gárda Síochána faoin gCaibidil seo den Chuid seo den Acht so maidir le duine d'aistriú chun a scrúdaithe nó maidir le duine d'aistriú go dtí óspidéal meabhairghalar ceantair:— |
[EN] | (a) déanfar, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, na costais sin d'íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, | |
[EN] | (b) déanfaidh an t-údarás cúnaimh phoiblí don cheantar cúnaimh phoiblí ina gcomhnaíonn an duine de ghnáth na costais sin d'aisíoc leis an Aire Dlí agus Cirt agus, mura n-aisíoctar amhlaidh iad, féadfar iad d'aisghabháil mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlínse inniúla, | |
[EN] | (c) aon tsuim a ndéanfar í d'aisíoc nó d'aisghabháil mar adúradh, íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste í do réir ordachán an Aire Airgeadais. | |
[EN] | (2) Féadfaidh údarás cúnaimh phoiblí costais d'aisíoc an t-údaras san faoin alt so d'aisghabháil faoin Acht um Chúnaimh Phoiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939) , fé is dá mba é bhí sna costais sin costas cúnaimh phoiblí, do réir bhrí an Achta san, a thug an t-údarás san don duine do haistríodh. | |
[EN] |
Cásanna práinne, etc. |
176. —Más rud é— |
[EN] | (a) gur mian, i gcás práinne, go ndéanfaí duine do ghlacadh agus do choinneáil mar dhuine mí-mheabhrach agus mar othar ionmhuirir san óspidéal meabhair-ghalar ceantair don cheantar óspidéil mheabhair-ghalar arb ann dó, de thuras na huaire, agus gan gnáth-chomhnaí air sa cheantar óspidéil mheabhair-ghalar san, nó | |
[EN] | (b) gur mian, i gcás nach féidir a fhionnadh go héasca cad é an ceantar óspidéil mheabhair-ghalar ina mbíonn gnáth-chomhnaí ar dhuine, go ndéanfaí an duine sin a ghlacadh agus a choinneáil mar dhuine mí-mheabhrach agus mar othar ionmhuirir san óspidéal meabhairghalar ceantair don cheantar óspidéil mheabhair-ghalar arb ann dó de thuras na huaire, | |
[EN] | ansan, gan dochar d'alt 108 den Acht so, beidh an Chaibidil seo den Chuid seo den Acht so infheidhme chun go ndéanfaí an duine sin a ghlacadh agus a choinneáil fé is dá mbeadh gnáth-chomhnaí air sa cheantar óspidéil mheabhair-ghalar agus sa cheantar íclainne arb ann dó de thuras na huaire. |