An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID XVIII. Cumhachta agus Dualgais an Chigire Ospideal Meabhair Ghalar.) Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL. Achtachain a hAthghairmtear.)

19 1945

AN tACHT CÓIREÁLA MEABHAIR-GHALAR, 1945

CUID XIX.

Ilghneitheach.

Pionós generálta.

249. —(1) Más rud é, maidir le haon fhoras meabhair-ghalar, go ndéanfar sárú (trí ghníomh nó trí fhaillí) ar aon alt nó fo-alt den Acht so a luaitear sa Chúigiú Sceideal a ghabhas leis an Acht so, beidh an duine freagarthach ciontach i gcionta faoin alt nó an fo-alt san agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt a chur air agus, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise ná raghaidh thar punt in aghaidh gach lae a leanfar den chionta.

(2) San alt so, ciallaíonn an abairt “an duine freagarthach”—

(a) maidir le foras meabhair-ghalar a bheas cláraithe i gclár a bheas á choimeád ag an Aire faoin Acht so—an duine a mbeidh a ainm iontrálta sa chlár maidir leis an bhforas, agus

(b) maidir le haon fhoras meabhair-ghalar eile—an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar nó an duine eile a bheas ag seoladh an fhorais.

Daoine a ghlacadh agus a choinneáil ar shlí seachas faoin Acht so.

250. —Duine ar bith a dhéanfas, ar shlí seachas do réir forál an Achta so, duine mí-mheabhrach nó duine a líomhantar a bheith ina dhuine mí-mheabhrach a ghlacadh agus a choinneáil nó aireachas agus urlámhas duine den tsórt san a ghabháil air fein ar íocaíocht, beidh sé ciontach i gcionta faoin alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil ná raghaidh thar céad punt a chur air nó, más rogha leis an gCúirt, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile nó, ar a chiontú ann ar dhíotáil, fíneáil ná raghaidh thar dhá chéad punt nó, más rogha leis an gCúirt, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá bhliain nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

Othar a cheilt, etc.

251. —Duine ar bith—

(a) a cheilfeas othar i bhforas meabhair-ghalar, nó

(b) a bhéarfas ar othar i bhforas meabhair-ghalar nó a chabhrós leis éaló nó iarracht a dhéanamh ar éaló, nó

(c) a bhéarfas ar othar, nó a chabhrós le hothar, a bheas—

(i) as láthair ar promhadh nó ar parúl ó fhoras meabhair-ghalar, nó

(ii) arna aistriú le haghaidh cóireála nó ar mhaithe lena shláinte ó fhoras meabhair-ghalar, nó

(iii) curtha amach ar iostas ag údarás óspidéil mheabhairghalar,

éaló nó an áit ina mbeidh sé á chothabháil d'fhágaint faid a bheas sé as láthair ar promhadh nó ar parúl nó faoi chóireáil nó ar mhaithe lena shláinte, nó faid a bheas sé amuigh ar iostas, nó

(d) a dhídeanós nó a cheilfeas othar d'éalaigh amhlaidh,

beidh sé ciontach i gcionta faoin alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil ná raghaidh thar céad punt a chur air nó, más rogha leis an gCúirt, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

Ordachán gan deocha meisciúla ná támhshuanaigh a thabhairt d'othar.

252. —(1) Féadfaidh feighilteoir forais mheabhair-ghalar a ordú do dhuine ar bith gan deocha meisciúla ná támhshuanaigh a thabhairt d'aon othar áirithe sa bhforas.

(2) I gcás duine dá dtabharfar ordachán faoin alt so do thabhairt deocha meisciúla nó támhshuanaigh contrártha don ordachán, beidh sé ciontach i gcionta faoin alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil ná raghaidh thar céad punt a chur air nó, más rogha leis an gCúirt, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

Droch-úsáid nó mainneachtain.

253. —I gcás feighilteoir forais mheabhair-ghalar nó duine ar fostú ann do thabhairt droch-úsáide d'othar sa bhforas nó do thabhairt mainneachtana ann go toiliúil, nó duine ar a mbeidh, pé acu de dhruim aon chonnartha nó aon cheangail ghaoil nó chleamhnais nó eile é, cúram duine mhí-mheabhraigh do thabhairt droch-úsáide don duine mí-mheabhrach san nó do thabhairt mainncachtana ann go toiliúil, beidh sé ciontach i gcionta faoin alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achomair, dlífear fíneáil ná raghaidh thar céad punt a chur air nó príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí nó, más rogha leis an gCúirt, an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile nó, ar a chiontú ann ar dhíotáil, fíneáil ná raghaidh thar dhá chéad punt nó, más rogha leis an gCúirt, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá bhliain nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

Méadú ar an pionós i leith mí-ghnímh faoi alt 4 d'Acht Leasaithe an Dlí Choiriúla, 1935, i gcásanna áirithe.

254. —Más rud é—

(a) go ndéanfar duine a chiontú arna dhíotáil i mí-ghníomh faoi alt 4 d'Acht Leasaithe an Dlí Choiriúla, 1935 (Uimh. 6 de 1935) , agus

(b) gur deimhin leis an mBreitheamh gurbh amhlaidh a bhí, an tráth a rinneadh an mí-ghníomh—

(i) go raibh ar an duine sin aireachas agus cúram na mná nó an chailín ar maidir léi a rinneadh an míghníomh, nó

(ii) go raibh an duine sin ag seoladh forais mheabhairghalar agus go raibh an bhean nó an cailín sin ina hothar ann, nó

(iii) go raibh an duine sin ar fostú mar oifigeach nó seirbhíseach i bhforas meabhair-ghalar nó i bhforas chun daoine mí-mheabhracha a choinneáil agus go raibh an bhean nó an cailín sin ina hothar nó ina príosúnach ann,

beidh éifeacht ag an alt san 4 fé is dá bhforáladh sé go ndlífí, ar an duine sin a chiontú amhlaidh, pian-tseirbhís ar feadh aon téarma nach sia ná cúig bliana ná nach giorra ná trí bliana nó príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná dhá bhliain a chur air.

Mí-ráiteas in iarratas ag iarraidh ordaithe ghlactha, etc.

255. —Má dhéanann duine ar bith—

(a) mí-ráiteas toiliúil in iarratas ag iarraidh moladh ghlactha, in iarratas ag iarraidh ordaithe ghlactha, nó in ordú glactha, nó

(b) mí-ráiteas toiliúil i ndeimhniú dochtúra nó i ndeimhniú eile nó i ráiteas nó tuarascáil faoin Acht so ar staid choirp nó mheabhrach dhuine, nó

(c) iontráil bhréige go toiliúil in aon leabhar, ráiteas, nó tuairisceán i dtaobh ní a mbeidh ceangailte air, leis an Acht so nó le rialachán arna dhéanamh faoi, iontráil a dhéanamh ina thaobh,

beidh an duine sin ciontach i gcionta faoin alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil ná raghaidh thar céad punt a chur air nó, más rogha leis an gCúirt, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

An éifeacht a bheas ag athrú áite coinneála ar ordú glactha.

256. —(1) San alt so, ciallaíonn an abairt “an ghnáth-áit choinneála”, maidir le duine lena mbainfidh ordú glactha, an áit choinneála a luafar san ordú glactha.

(2) I gcás duine lena mbainfidh ordú glactha do thabhairt, do réir an Achta so nó aon ordaithe nó rialacháin arna ndéanamh faoi, go dtí áit nach é an ghnáth-áit choinneála é, féadfar an duine sin a choinneáil san áit chun a dtabharfar amhlaidh é fé is dá mb'é an ghnáth-áit choinneála é agus beidh éifeacht dá réir sin maidir leis an duine sin ag an ordú glactha agus ag an Acht so agus ag na hordaithe agus na rialacháin a bheas arna ndéanamh faoi.

Toirmeasc maidir lena chur ar othar seirbhís do fhreastal ná baineann lena chreideamh féin.

257. —Ní cuirfear ar othar i bhforas meabhair-ghalar aon tseirbhís chreidimh do fhreastal is seirbhís ná baineann leis an gcreideamh a fionnfar a bheith aige.

Connartha, etc., áirithe a sheachadadh don Aire.

258. —Beidh de dhualgas ar oifigeach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar, ar an Aire dá cheangal san air, aon chonnartha, comhaontaithe, cuntais, leabhair, léarscála, pleananna, suirbhéireachta, luachála, scríbhní, nó doiciméidí a bheas i seilbh, i gcoiméad, nó faoi urláimh an oifigigh sin sa cháil sin dó a sheachadadh don Aire.

Teora ama le himeachta áirithe.

259. —I gcás imeachta ag duine a bhí á choinneáil i bhforas meabhair-ghalar agus a scoir de bheith á choinneáil amhlaidh is imeachta i leith gnímh a airbheartós a bheith arna dhéanamh de bhun an Achta so, ní tionscnófar iad tar éis sé mhí ó scor a choinneála.

Cead ón Ard-Chúirt i gcóir imeachta áirithe.

260. —(1) Ní tionscnófar aon imeachta síbhialta i leith gnímh a airbheartós a bheith arna dhéanamh de bhun an Achta so ach amháin le cead ón Ard-Chúirt agus ní deonfar an cead san mura deimhin leis an Ard-Chúirt fátha substainteacha a bheith ann chun a chothú gur de mheon mhí-mhacánta nó gan aire réasúnacha a ghníomhaigh an duine ar ina choinne a bheas na himeachta le bunú.

(2) Bhéarfar fógra i dtaobh iarratais ag iarraidh ceada ón Ard-Chúirt faoi fho-alt (1) den alt so don duine a mbeidh beartaithe na himeachta a thionscnamh ina choinne agus beidh an duine sin i dteideal éisteacht d'fháil i gcoinne an iarratais.

(3) I gcás ina ndéanfar, le cead arna dheonadh de bhun fo-ailt (1) den alt so, imeachta a thionscnamh i leith gnímh a airbheartós a bheith arna dhéanamh de bhun an Achta so, ní chinnfidh an Chúirt na himeachta i bhfábhar an ghearánaí mura deimhin léi gur de mheon mhí-mhacánta nó gan aire réasúnach a ghníomhaigh an cosantóir.

(4) Má déantar, de thoradh iarratais faoi fho-alt (1) den alt so, cead a thabhairt chun aon imeachta a bhunú agus go dtosnófar na himeachta laistigh de cheithre seachtaine tar éis an dáta a tugadh cead amhlaidh, is tuigthe, chun críocha ailt 259 den Acht so agus an Public Authorities Protection Act, 1893, gur tosnaíodh na himeachta ar an dáta a tugadh fógra i dtaobh an iarratais don duine ar ina choinne a bheas na himeachta le bunú.

Duine nach duine mí-mheabhrach a lóisteáil i bhforas meabhairghalar.

261. —Féadfar duine nach duine mí-mheabhrach a lóisteáil mar bhordaer i bhforas meabhair-ghalar, ach má lóisteáltar aon duine den tsórt san mar bhordaer sa pháirt sin d'fhoras meabhair-ghalar a húsáitear mar chóiríocht do dhaoine mí-mheabhracha déanfar an líon de dhaoine mí-mheabhracha sa bhforas a chinneadh chun críocha an Achta so fé is dá mba dhuine mí-mheabhrach an duine sin.

An tAcht so do bhaint le hothair láithreacha.

262. —Gach duine a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, á choinneáil in aon fhoras nó áit chun daoine mí-mheabhracha a chothabháil agus a chóireáil beidh sé, ar thosach feidhme an ailt seo agus dá éis, faoi réir forál an Achta so agus déanfar, ar thosach feidhme an ailt seo agus dá éis, na scríbhní d'údaraigh an choinneáil sin d'áireamh mar ordú glactha arna iarraidh ag an ngaol nó an duine eile gur ar a iarratas a coinníodh é i gcéadóir.

Cóir mheicniúil chorpshrianta.

263. —(1) Ní dhéanfaidh duine ar bith cóir mheicniúil chorpshrianta a chur ar dhuine mí-mheabhrach mura gá an srianadh chun críocha liachta nó máinliachta nó chun an duine mí-mheabhrach a chosc ar dhíobháil a dhéanamh dó féin nó do dhaoine eile.

(2) Má chuireann duine ar bith cóir mheicniúil chorpshrianta ar dhuine mí-mheabhrach déanfa sé amhlaidh do réir rialachán arna ndéanamh ag an Aire.

(3) Má dhéanann duine ar bith éinní contrártha don alt so beidh sé ciontach i gcionta faoin alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil ná raghaidh thar fiche punt a chur air.

Cóir mheicniúil chorpshrianta a chur ar othair i bhforais mheabhairghalar.

264. —Má cuirtear céir mheicniúil chorpshrianta ar othar i bhforas meabhair-ghalar, déanfar sonnraí iomlána ina thaobh san d'iontráil láithreach i leabhar a coimeádfar chuige sin.

Srian le fireannacha d'fhostú.

265. —(1) Ní dleathach fireannach d'fhostú chun coimeád nó srianadh pearsanta a dhéanamh ar othar baineannach i bhforas meabhair-ghalar.

(2) Ní léireofar fo-alt (1) den alt so mar ní a thoirmeascann fostú fireannaigh chun coimeád nó srianadh pearsanta a dhéanamh ar othar baineannach i bhforas meabhair-ghalar ar aon ócáid lena ngabhfas an oiread san práinne gur gá, do réir bhreithiúnais fheighilteoir an fhorais, an fostú san a dhéanamh, ach i ngach cás den tsórt san tuairisceofar an fostú don Chigire Ospidéal Meabhair-Ghalar an chéad uair eile a fhiosrós sé an foras agus déanfar, tráth an fhostaithe, iontráil i dtaobh an fhostaithe i leabhar a coimeádfar chuige sin sa bhforas.

Litreacha áirithe ó othair a chur ar aghaidh.

266. —Aon litir a dhíreoidh othar i bhforas meabhair-ghalar chun an Aire, chun Uachtaráin na hArd-Chúirte, chun Cláraitheora na gCoimircithe Cúirte, chun údaráis óspidéil mheabhair-ghalar, nó chun an Chigire Ospidéal Meabhair-Ghalar, cuirfear ar aghaidh gan oscailt í.

Fógraí i dtaobh ceart chun litreacha a chur ar aghaidh.

267. —Déanfar, má ordaíonn an tAire amhlaidh, fógraí, ina luafar an ceart atá ag othar chun go gcuirfí litreacha ar aghaidh faoi alt 266 den Acht so, a choimeád ar taspáint in áiteanna sofheicse i bhforas meabhair-ghalar agus, má shonnraíonn an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar na háiteanna ina mbeidh na fógraí sin le coimeád ar taspáint, coimeádfar ar taspáint iad sna háiteanna san.

Bás othair a thuairisciú don chrónaire.

268. —Déanfar, tráth nach déanaí ná dhá uair dhéag a chloig tar éis othar d'fháil bháis i bhforas meabhair-ghalar, tuarascáil ar a bhás a thabhairt don chrónaire ar ina cheantar a fuair sé bás.

Ordú á ordú duine a ligean isteach ag fiosrú othair.

269. —(1) Féadfaidh an tAire a ordú, le hordú, duine ar bith a ligean isteach ag fiosrú othair i bhforas meabhair-ghalar agus ligfear an duine sin isteach do réir an ordaithe sin.

(2) Féadfaidh ordú faoin alt so a ordú duine a ligean isteach uair amháin nó níos mó ná uair amháin agus féadfaidh srianta a bheith ag gabháil leis nó gan bheith ag gabháil leis i dtaobh freastalaí a bheith i láthair nó eile.

Cosaint do chearta, etc., áirithe.

270. —Ní bainfear aon cheart ná príbhléid de dhuine ar bith, ná ní cuirfear faoi aon mhí-threoir é, de bhíthin amháin é féin nó duine dá líontighe a bheith á chothabháil faoi fhorála an Achta so mar othar ionmhuirir.

Iarratas ó othar urscaoilte ag iarraidh cóipe d'ordú glactha.

271. —I gcás duine a hurscaoilfear as foras meabhair-ghalar tar éis a choinneála ann dá mheas an choinneáil a bheith neamhdhleathach, féadfa sé, tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis a urscaoilte, trí litir arna díriú chun feighilteora an fhorais mheabhair-ghalar, cóip d'iarraidh den ordú glactha d'údaraigh an choinneáil agus, ar an iarratas san d'fháil, cuirfear an chóip sin chuige.

Nithe áirithe a thuairisciú don Aire.

272. —Díreach i ndiaidh éinní de na nithe seo leanas a thárlachtain i bhforas meabhair-ghalar, cuirfear tuarascáil ina thaobh chun an Aire:—

(a) díobháil d'othar sa bhforas (lena n-áirítear díobháil a bhí air tráth a ghlactha),

(b) ionsaí nó ionsaí líomhanta ar othar sa bhforas ó dhuine den fhoirinn,

(c) galar tógálach nó epidéimeach a bhriseadh amach sa bhforas, pé acu ar na hothair amháin, ar an bhfoirinn amháin, nó orthu araon, a thiocfas sé,

(d) tóiteán a bhriseadh amach sa bhforas,

(e) éinní eile mór-thábhachta do leas na n-othar.

Comhalta mímheabhrach de na Fórsaí Cosanta do scor, do scarúint lena choimisiún, nó d'urscaoileadh.

273. —(1) Ar chomhalta de na Fórsaí Cosanta do scor, do scarúint lena choimisiún, nó d'urscaoileadh is comhalta a ndeimhneoidh dochtúir leighis cláraithe, tráth a scortha, a scarúna le coimisiún, nó a urscaoilte amhlaidh, gur duine mí-mheabhrach é agus gur duine é is ceart a choinneáil faoi aireachas agus cóireáil, féadfaidh an tAire Cosanta, nó aon oifigeach nach ísle céim ná ceannphort a bheas ceaptha ag an Aire sin chuige sin, a chur faoi ndear, trí ordú, go gcuirfear é chun an óspidéil mheabhair-ghalar cheantair don cheantar óspidéil mheabhair-ghalar a bhfeicfear don Aire sin nó don oifigeach san (pé acu é), tar éis taighdeadh cuibhe a dhéanamh, é do bhaint leis.

(2) Más rud é go ndeallró sé, ar thaighdeadh a dhéanamh de bhun fo-ailt (1) den alt so, ná baineann comhalta de na Fórsaí Cosanta le ceantar sa Stát, is tuigthe, chun críocha an ailt seo, an comhalta san a bhaint leis an gceantar óspidéil mheabhair-ghalar inar scoir sé, inar scair sé lena choimisiún, nó inar hurscaoileadh é.

(3) Luafar i ngach ordú faoin alt so an ceantar óspidéil mheabhair-ghalar a mbeidh an duine lena mbainfidh an t-ordú le cur chuige.

(4) Nuair a bheid á chinneadh chun críocha ordaithe faoin alt so cad é ceantar óspidéil mheabhair-ghalar an duine lena mbaineann an t-ordú san, déanfaidh an tAire Cosanta nó oifigeach déanta an ordaithe (pé acu é) pé tuairisc a chur is gá chuige sin agus bhéarfaid áird ar na ráitis a rinneadh i bpáipéar teistíochta an chomhalta agus ar pé fáigeanna eile eolais a bheas ar fáil.

(5) D'ainneoin aon fhorála eile d'fhorála an Achta so, má cuirtear duine go dtí óspidéal meabhair-ghalar ceantair faoi ordú faoin alt so, glacfar é san óspidéal agus air sin beidh sé faoi réir forál an Achta so fé is dá mb'othar é a glacadh san óspidéal faoi ordú glactha othair ionmhuirir agus, dá réir sin, gach tagairt atá san Acht so d'ordú glactha, is tuigthe, nuair is iomchuibhe san, go bhfolaíonn sí tagairt d'ordú faoin alt so.

(6) Is tuigthe nach gealt coiriúil do réir bhrí ailt 6 den Lunacy (Ireland) Act, 1901, duine a glacfar in óspidéal meabhair-ghalar ceantair faoi ordú faoin alt so.

(7) I gcás duine a ghlacadh in óspidéal meabhair-ghalar ceantair faoi ordú faoin alt so, féadfaidh an tAire Cosanta, má mheasann sé gur ceart é, a shocrú go n-íocfar as bean agus clann an duine sin d'iomluadh go dtí ceantar óspidéil mheabhair-ghalar an óspidéil, agus sa chás san féadfa sé an t-iomluadh a chur in iúl don údarás cúnaimh phoiblí iomchuibhe más dóigh leis go mbeadh an líontighe i dteideal cúnaimh phoiblí toisc an chuma a bhfuil cúrsaí acu.

(8) Na costais faoina raghaidh an tAire Cosanta chun an t-alt so a riaradh déanfar, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(9) San alt so, ní fholaíonn tagairt do chomhalta de na Fórsaí Cosanta tagairt do chomhalta den chuid sin de na Fórsaí Cosanta ar a dtugtar an Cúltaca ach amháin maidir le tréimhse a bheas an comhalta san glaoite amach ar buan-tseirbhís, le haghaidh tréineála, nó chun cabhrú leis an gcumhacht síbhialta chun an t-ord poiblí a choimeád.

Táille don dochtúir oifigiúil údaraithe a dhéanfas scrúdú dochtúra.

274. —(1) Nuair a dhéanfas an dochtúir oifigiúil údaraithe scrúdú dochtúra de bhun an Achta so ar dhuine ar bith, íocfaidh an t-údarás cúnaimh phoiblí don cheantar chúnaimh phoiblí ina mbíonn gnáth-chomhnaí ar an duine sin táille dhá ghiní leis an dochtúir oifigiúil údaraithe as an scrúdú.

(2) Beidh táille a híocfar faoin alt so ionaisghabhála faoin Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939) , ag an údarás cúnaimh phoiblí a bheas i gceist fé is dá mb'é a bhí ann costas cúnaimh phoiblí, do réir bhrí an Achta san, a thug an t-údarás san don duine a scrúdaíodh.

Duine d'ainmniú chun ionad iarratasóra ar ordú glactha a ghabháil.

275. —(1) Féadfaidh an tAire ainmiú, chun é do ghabháil ionaid an duine, lena n-áirítear duine marbh, dob iarratasóir ar ordú glactha (dá ngairmtear an t-iarratasóir san alt so), a dhéanamh, le hordú, ar dhuine ar bith eile a bheas toilteanach dualgais agus freagarthachta an iarratasóra a thógaint air féin, agus beidh an duine eile sin, amhail ar dháta agus ó dháta an ordaithe, faoi réir gach oblagáide a bhí ar an iarratasóir agus féadfaidh gach cumhacht dá chuid d'fheidhmiú.

(2) Ní shaorfaidh ordú faoin alt so an t-iarratasóir, nó an duine a bhí, díreach roimh an ordú a dhéanamh, ina ainmní faoin alt so ag gabháil ionaid an iarratasóra, ó aon dliteanas faoina ndeacha sé roimhe sin.

(3) Má bheartaíonn an tAire ordú a dhéanamh faoin alt so agus ná beidh toiliú leis an ordú faighte aige roimhe sin ón iarratasóir nó ón duine a bheas de thuras na huaire ina ainmní faoin alt so ag gabháil ionaid an iarratasóra (pé acu san é), déanfaidh an tAire, má bhíonn an t-iarratasóir nó an t-ainmní sin ina bheathaidh, fógra a thabhairt dó ina ndéarfaidh go bhfuil beartaithe an t-ordú a dhéanamh agus ina luafaidh ainm an duine a beartaítear d'ainmniú leis an ordú agus ní dhéanfa sé an t-ordú go ceann ceithre lá déag ó dháta an fhógra a thabhairt ná go dtí go mbeidh breithniú déanta aige ar an ráiteas (más ann) a déanfar faoi fho-alt (4) den alt so de dhruim an fhógra.

(4) Tráth ar bith i rith tréimhse cheithre lá déag ón lá a bhéarfar fógra faoi fho-alt (3) den alt so, féadfaidh an duine dá dtabharfar an fógra ráiteas i scríbhinn a thabhairt don Aire ina luafaidh a agóidí i gcoinne ordú a dhéanamh faoin alt so.

(5) Gach tagairt atá san Acht so do dhuine gur ar a iarratas a déanfar ordú glactha, foló sí tagairt don duine (más ann) a bheas ainmnithe de thuras na huaire faoin alt so chun a ionad a ghabháil.

Cabhair abhcóide chun fiosrú nó taighdeadh a dhéanamh faoin Acht so.

276. —Más dóigh le hUachtarán na hArd-Chúirte gur gá cabhair abhcóide chun aon fhiosrú nó taighdeadh faoin Acht so a dhéanamh, féadfa sé, le hordú, abhcóide dlí a mbeidh seasamh sé mblian ar a laghad aige a cheapadh chun cabhrú sa bhfiosrú nó sa taighdeadh san agus féadfaidh leis an ordú san a ordú cad iad na táillí agus na costais taistil a bheas le n-íoc ag an Aire leis an abhcóide sin i leith a chabhrach.

Fiosracháin.

277. —(1) Féadfaidh an tAire a thabhairt go ndéanfaidh an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar, nó duine amháin nó níos mó de chigirí eile an Aire, nó go ndéanfaidh an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar i dteannta duine amháin nó níos mó de chigirí eile an Aire, fiosrachán—

(a) i dtaobh aon ghearáin a bhainfeas—

(i) le riaradh aon fhorais mheabhair-ghalair, nó

(ii) le haon oifigeach nó seirbhíseach a bheas ar fostú i bhforas meabhair-ghalar do dhéanamh mainneachtana i gcomhlíonadh a dhualgas nó do dhéanamh faillí i gcomhlíonadh a dhualgas, nó

(iii) le mí-iompar aon oifigigh nó seirbhísigh a bheas ar fostú i bhforas meabhair-ghalar, agus

(b) i dtaobh ní ar bith a bhainfeas le foras meabhair-ghalar agus ar cuibhe fiosrachán a dhéanamh ina thaobh do réir forál an Achta so nó aon achtacháin eile.

(2) Má chuireann an tAire fiosrachán á dhéanamh faoin alt so maidir le hóspidéal meabhair-ghalar ceantair nó aon fhoras eile a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar, deimhneoidh an tAire na costais faoina ndeachthas maidir leis an bhfiosrachán agus ordóidh an deimhniú go mbeidh na costais iníoctha leis an Aire—

(a) i gcás gan an fiosrachán do bhaint ach le haon údaras óspidéil mheabhair-ghalar amháin—ag an údarás san,

(b) i gcás an fiosrachán do bhaint le dhá údarás óspidéil mheabhair-ghalar nó níos mó—ag na húdaráis sin uile nó ag ceann nó cinn de na húdaráis sin (do réir mar sonnrófar sa deimhniú).

(3) Aon deimhniú faoin alt so a ordós go mbeidh costais fiosracháin iníoctha ag dhá údarás óspidéil mheabhair-ghalar nó níos mó, sonnró sé an chionúireacht de na costais a íocfaidh gach údarás faoi leith acu san.

(4) Má fhaillíonn údarás óspidéil mheabhair-ghalar suim d'íoc a n-ordófar í d'íoc le deimhniú faoin alt so, féadfaidh an tAire an tsuim sin d'aisghabháil mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlínse inniúla nó féadfar a hiomlán nó cuid di a bhaint as aon airgead is iníoctha ag aon Aire Stáit chun críche ar bith leis an údarás san.

(5) An chumhacht chun suim a bhaint faoi fho-alt (4) den alt so as airgead is iníoctha le húdarás óspidéil mheabhair-ghalar, is cumhacht í a bheas faoi réir éilithe an chiste ráthaíochta faoi na hAchta Talamh-Cheannaigh agus ná déanfaidh dochar do na héilithe sin.

(6) Má chuireann an tAire fiosrachán á dhéanamh faoin alt so maidir le foras ná beidh á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar, féadfa sé, más oiriúnach leis, a ordú, le hordú, go mbeidh suim (a sonnrófar san ordú), i leith iomlán na gcostas nó cuid díobh (mar mheasfaidh is réasúnach) faoina raghfar maidir leis an bhfiosrachán, iníoctha leis an Aire ag an duine (a sonnrófar san ordú) a chífear don Aire a bheith ag seoladh an fhorais, agus íocfaidh an duine sin an tsuim sin leis an Aire dá réir sin agus, mura n-íoctar amhlaidh í, féadfar í d'aisghabháil mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlínse inniúla.

(7) Chun críocha an ailt seo folóidh na costais faoina raghfar maidir le fiosrachán táille réasúnach i leith seirbhísí (lena n-áirítear costais taistil agus cothaithe) an Chigire Ospidéal Meabhair-Ghalar nó aon chigire nó oifigigh eile don Aire a bheas ag gabháil don fhiosrachán agus folóidh freisin costais riachtanacha fínnéithe.

Fianaise ag fiosracháin a ghlacadh faoi mhionn.

278. —(1) Féadfaidh Cigire a bheas ag déanamh fiosracháin faoi alt 277 den Acht so fianaise a ghlacadh faoi mhionn agus chuige sin féadfaidh daoine a chur faoi mhionn.

(2) Aon chigire a bheas ag déanamh fiosracháin faoi alt 277 den Acht so féadfa sé, trí fhógra chuige sin a thabhairt do dhuine ar bith, a cheangal air teacht i láthair ag am agus in áit a sonnrófar chun fianaise a thabhairt maidir le héinní a bheas i gceist ag an bhfiosrachán nó chun aon leabhair, connartha, comhaontaithe, cuntais, léarscála, pleananna, airgead, luachála, nó doiciméidí eile a thaspáint a bheas ina sheilbh nó ina choimeád nó faoina urláimh agus a bhainfeas le héinní den tsórt san.

(3) Ní bheidh ar dhuine teacht i láthair i gcomhlíonadh fógra faoi fho-alt (2) den alt so ag áit is sia ná deich míle óna ghnáth-áit chomhnaithe mura mbítear tar éis an tsuim a ghlanfas costais taistil réasúnacha agus riachtanacha a theachta i láthair d'íoc leis nó a thairgsin dó.

(4) I gcás fiosrachán faoi alt 277 den Acht so do bhaint le foras a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar, íocfaidh an t-údarás le duine ar bith a gceanglófar air teacht i láthair ag an bhfiosrachán, nó tairgfid dó, an tsuim a mheasfaidh an cigire a ghlanfas costais réasúnacha agus riachtanacha a theachta i láthair.

(5) I gcás fógra do thabhairt faoi fho-alt (2) den alt so chun críocha fiosracháin maidir le foras a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar agus an duine chun a gcuirfear an fógra do chomhlíonadh an fhógra, déanfaidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar, ach amháin sa mhéid go mbeidh costais réasúnacha agus riachtanacha a theachta i láthair íoctha leis cheana, na costais sin d'íoc leis an duine sin, agus, mura n-íoctar amhlaidh iad, beidh na costais sin, ach amháin mar adúradh, ionaisghabhála mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlínse inniúla.

(6) I gcás fógra do thabhairt faoi fho-alt (2) den alt so chun críocha fiosracháin maidir le foras ná beidh á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar, íocfaidh an cigire leis an duine chun a gcuirfear an fógra, nó tairgfidh dó, an tsuim a mheasfaidh an cigire a ghlanfas costais réasúnacha agus riachtanacha teachta i láthair an duine sin de bhun an fhógra.

(7) Aon tsuim a híocfar faoi fho-alt (6) den alt so áireofar í mar chuid de chostais an fhiosracháin iomchuibhe chun críocha fo-ailt (6) d'alt 277 den Acht so.

(8) Faoi réir forál an ailt seo, gach duine dá dtabharfar fógra faoi fho-alt (2) den alt so agus a dhiúltós nó a mhainneos go toiliúil teacht i láthair do réir an fhógra nó a athrós, a chaonfas, a cheilfeas, nó a dhítheos go toiliúil aon doiciméad lena mbainfidh an fógra nó, ar é do theacht i láthair amhlaidh, a dhiúltós fianaise a thabhairt nó a dhiúltós nó a mhainneos go toiliúil aon doiciméad lena mbainfidh an fógra a thaspáint, beidh sé ciontach i gcionta faoin alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil ná raghaidh thar fiche punt a chur air.

Pionós mar gheall ar an gCigire Ospidéal Meabhair-Ghalar a bhac, etc.

279. —Má dhéanann duine ar bith bac nó cur isteach ar an gCigire Ospidéal Meabhair-Ghalar agus an Cigire ag feidhmiú aon chumhachta arna tabhairt dó leis an Acht so nó faoi nó má fhaillíonn aon eolas a thabhairt uaidh a bheas aige agus a theastós do réir réasúin ón gCigire i gcomhlíonadh a dhualgas, beidh an duine sin ciontach i gcionta faoin alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt a chur air nó, más rogha leis an gCúirt, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

Ordaithe agus rialacháin a leagadh faoi bhráid an Oireachtais.

280. —Aon ordú nó rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht so agus a bhainfeas le gach ceantar óspidéil mheabhair-ghalar nó a mbeidh éifeacht aige iontu leagfar é faoi bhráid gach Tighe den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche a suífeas an Tigh sin tar éis an t-ordú nó an rialachán san a leagadh faoina bhráid amhlaidh, rún a rith ag cur an ordaithe nó an rialacháin sin ar neamhbhrí, beidh an t-ordú nó an rialachán san arna chur ar neamhbhrí dá réir sin ach beidh sin gan dochar do bhailíocht éinní a rinneadh faoi roimhe sin.

Achtacháin láithreacha d'oiriúnú.

281. —Gach achtachán, reachtúil nó eile, a bheas i bhfeidhm i dtosach feidhme an ailt seo agus a bhainfeas le haon ní nó rud lena ndeighleálann an tAcht so nó dá ndéanann an tAcht so difir, léireofar é agus beidh éifeacht aige, faoi réir aon ordaithe a dhéanfas an tAire faoin alt so, fara pé modhnaithe is gá chun éifeacht a thabhairt d'fhorála an Achta so.

(2) Maidir le haon achtachán, reachtúil nó eile, a bheas i bhfeidhm i dtosach feidhme an ailt seo agus a bhainfeas le haon ní nó rud lena ndeighleálann an tAcht so nó dá ndéanann an tAcht so difir, féadfaidh an tAire, le hordú, na hoiriúnaithe agus na modhnaithe sin uile a dhéanamh ar an achtachán san a chífear dó a bheith riachtanach nó oiriúnach chun forála an Achta so a chur in éifeacht.

Fógraí a thabhairt faoin Acht so.

282. —(1) Aon fhógra nó doiciméad eile i scríbhinn a bheas le tabhairt de bhun an Achta so, féadfar é a thabhairt in aon tslí acu so leanas:—

(a) más don Aire a bheas sé le tabhairt, trína chur leis an bpost i gclúdach a bheas dírithe chun an Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí, Bhaile Atha Cliath;

(b) más do dhuine ar bith eile a bheas sé le tabhairt—

(i) trína thabhairt ina láimh don duine sin, nó

(ii) trína fhágaint san áit chomhnaithe is gnáth nó is déanaí is eol a bheith ag an duine sin, nó

(iii) trína chur leis an bpost i gclúdach cláraithe réamhíoctha a bheas dírithe chun an duine sin, i gcás pearsan, ag an áit chomhnaithe is gnáth nó is déanaí is eol a bheith aige, nó i gcás cuideachtan a bheas cláraithe faoi na hAchta Cuideachtan, 1908 go 1924, ag a hoifig chláraithe, nó, i gcás aon chomhluchta chorpraithe eile nó aon chomhlachais neamhchorpraithe, ag a phríomh-oifig nó a phríomh-áit ghnótha.

(2) Má bhíonn fógra nó doiciméad eile i scríbhinn le tabhairt de bhun an Achta so d'únaer nó do lonnaitheoir talún agus nach eol ainm an únaera nó an lonnaitheora san, féadfar an doiciméid sin a dhíriú chun “únaer” nó “lonnaitheoir” (pé acu é) na talún agus féadfar í a thabhairt don únaer nó don lonnaitheoir sin trína fágaint ag ionad so-fheicse ar an talamh nó trína cur ar taspáint ann.

Cosaint ar chumhachta Breithiún na hArd-Chúirte agus Breithiún na Cúirte Cuarda.

283. —(1) Ní dhéanfaidh éinní dá bhfuil san Acht so difir d'aon chumhacht is infheidhmithe, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, ag Breitheamh den Ard-Chúirt nó ag Breitheamh den Chúirt Chuarda maidir le haireachasú agus coimiteáil daoine agus eastát daoine a fionnfar a bheith ina ndí-mheabhraigh nó ina ndaoine mímheabhracha.

(2) Ní bheidh feidhm ag aon chumhacht, srian, ná toirmeasc san Acht so maidir le duine mí-mheabhrach a bheas faoi aireachas Breithiún den Ard-Chúirt nó Breithiún den Chúirt Chuarda.

(3) Na forála den Acht so a bhaineas le clárú áitreabh, ní bheidh feidhm acu maidir le háitreabh an bith de bhíthin amháin gur glacadh duine ann mar othar ar ordachán ó Bhreitheamh den Ard-Chúirt nó ó Bhreitheamh den Chúirt Chuarda.

Cosaint maidir le hailt áirithe.

284. —(1) Is alt sonnraithe, chun críocha an ailt seo, gach alt acu so leanas:—

(a) ailt 17 den agus 18 den Lunacy (Ireland) Act, 1821,

(b) ailt 2 agus 3 den Criminal Lunatics (Ireland) Act, 1838,

(c) alt 12 den Central Criminal Lunatic Asylum (Ireland) Act, 1845,

(d) ailt 12 agus 13 den Lunatic Asylums (Ireland) Act, 1875,

(e) alt 2 den Trial of Lunatics Act, 1883,

(f) alt 17 den Criminal Justice Administration Act, 1914.

(2) Ní dhéanfaidh éinní san Acht so difir d'aon chumhacht is infheidhmithe díreach roimh thosach feidhme an ailt seo faoi aon alt sonnraithe.

(3) Ní bheidh feidhm ag aon chumhacht, srian ná toirmeasc san Acht so maidir le duine a bheas á choinneáil de bhuaidh aon ailt shonnraithe.