An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Dualgas Generalta Udarais Ospideil Mheabhair-Ghalar chun Coireail, Cothabhail, Comhairle agus Seirbhisi a Sholathar.) Ar Aghaidh (CUID VI. Forala Airgeadais a Bhaineas le hUdarais Ospideil Mheabhair-Ghalar.)

19 1945

AN tACHT CÓIREÁLA MEABHAIR-GHALAR, 1945

CUID V.

Forais ata le Cur ar Fail agus le Cothabhail ag Udarais Ospideil Mheabhair-Ghalar.

Dualgas generálta chun cóiríocht a chur ar fáil.

20. —(1) Déanfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar leorchóiríocht cheart a chur ar fáil agus a chothabháil chun a bhfeadhma faoin Acht so a chomhlíonadh.

(2) Más dóigh leis an Aire faillí i slí ar bith a bheith tugtha ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar ina ndualgais faoi fho-alt (1) den alt so a chomhlíonadh, féadfa sé, le hordú, a cheangal orthu a bhfaillí a leigheas laistigh den am agus ar an modh (más ann) a sonnrófar san ordú, agus beidh de dhualgas ar an údarás déanamh do réir an ordaithe.

Ospidéal meabhairghalar ceantair.

21. —Déanfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar óspidéal meabhair-ghalar a chur ar fáil agus a chothabháil dá gceantar óspidéil mheabhair-ghalar.

Fo-óspidéal meabhairghalar.

22. —(1) Féadfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar, agus déanfaid, má ordaíonn an tAire amhlaidh, óspidéal meabhairghalar, is fo-óspidéal dá n-óspidéal meabhair-ghalar ceantair, a chur ar fáil agus a chothabháil chun othair a ghlacadh a bheas, ó nach dainséar dóibh féin ná do dhaoine eile iad, deimhnithe ag príomh-dhochtúir comhnaitheach an óspidéil mheabhair-ghalar cheantair sin bheith ina n-othar nach gá dóibh aireachas agus cóireáil speisialta in óspidéal meabhair-ghalar lánfheistithe.

(2) Beidh fo-óspidéal meabhair-ghalar ina óspidéal ar leithligh nó, má ordaíonn an tAire amhlaidh, ina chuid den óspidéal meabhair-ghalar ceantair iomchuibhe.

Cóiríocht d'othair shealadacha agus d'othair thoildheonacha.

23. —Féadfaidh an tAire, le hordú, a cheangal ar údarás óspidéil mheabhair-ghalar cóiríocht a sonnrófar a chur ar fáil laistigh d'am a sonnrófar d'othair shealadacha agus d'othair thoildheonacha agus beidh de dhualgas ar an údarás déanamh do réir an ordaithe.

Seomraí comhairle agus clinicí.

24. —(1) Féadfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar, le toiliú an Aire, agus déanfaid, má ordaíonn an tAire amhlaidh, seomraí comhairle nó clinicí a chur ar fáil agus a chothabháil, ina n-óspidéal meabhair-ghalar ceantair nó in áit eile, chun comhairle agus chun cóireáil réamhchoscach agus leigheasach a thabhairt i gcásanna aimhréire meabhrach (lena n-áirítear cásanna aimhréire meabhrach amhrasta nó túsaí) agus chun cásanna den tsórt san a thaighdeadh.

(2) Má thugann an tAire ordachán faoi fho-alt (1) den alt so, féadfa sé a shonnrú san ordachán cad é an áit nó cad iad na háiteanna ina mbeidh aon tseomraí comhairle nó clinicí a luaifear san ordachán le cur ar fáil agus beidh de dhualgas ar an údarás óspidéil mheabhair-ghalar dá dtabharfar an t-ordachán na seomraí comhairle nó na clinicí sin a chur ar fáil san áit nó sna háiteanna san.

(3) Má bheartaíonn údarás óspidéil mheabhair-ghalar seomraí comhairle nó clinicí a chur ar fáil faoin alt so (uathu féin nó i gcomhlíonadh ordacháin ón Aire), féadfaid, le toiliú an Aire, a shocrú gurb é a déanfar, in ionad na seomraí comhairle nó na clinicí sin a chur ar fáil, cóiríocht in aon fhoras meabhair-ghalar nó in aon óspidéal, clinic, íclann nó slánlann a chur ar fáil le haghaidh úsáide mar sheomraí comhairle nó clinicí den tsórt san.

(4) Má dhéanann údarás óspidéil mheabhair-ghalar seomra comhairle nó clinic a chur ar fáil faoin alt so, féadfaidh an t-údarás a cheadú do dhaoine an seomra comhairle nó an chlinic do fhreastal mar othair phríobháideacha agus féadfaid táillí do réir scála arna cheadú ag an Aire d'éileamh i leith an fhreastail sin.

Saotharlann.

25. —(1) Féadfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar, le toiliú an Aire, agus déanfaid, má ordaíonn an tAire amhlaidh, saotharlann a chur ar fáil agus a chothabháil chun taighdeadh a dhéanamh maidir le meabhair-ghalair agus liog-ghalair.

(2) Féadfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar ag á mbeidh saotharlann á cothabháil faoin alt so cead a thabhairt chun seirbhísí na saotharlainne a bheith ar fáil le haghaidh forais mheabhairghalar ná beidh á chothabháil ag an údarás san agus féadfaid pé táille is réasúnach leo d'éileamh in aon chás ina mbainfear feidhm faoin gcead san as aon tseirbhís.

Forais agus cóiríocht bhreise.

26. —I dteannta na bhforas agus na cóiríochta a luaitear go sonnrach sa Chuid seo den Acht so, cuirfidh údarás óspidéil mheabhairghalar ar fáil agus cothabhálfaid pé forais agus cóiríocht eile a bhainfeas le comhlíonadh a bhfeadhm faoin Acht so agus a ordóidh an tAire ó am go ham agus cuirfid na forais agus an chóiríocht san ar fáil sna háiteanna a shonnróidh an tAire.

E bheith tuigthe forais áirithe a bheith arna gcur ar fáil faoin gCuid seo den Acht so.

27. —Gach foras a bhí, díreach roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so, ina fhoras a cuireadh ar fáil faoi alt 9 nó alt 76 (ailt a n-athghairmtear iad araon leis an Acht so) den Local Government (Ireland) Act, 1898, is tuigthe, díreach ar an tosach feidhme sin, é a bheith arna chur ar fáil faoin gCuid seo den Acht so ag an údarás óspidéil mheabhair-ghalar don cheantar óspidéil mheabhair-ghalar ina mbeidh an foras agus déanfaidh an t-údarás san é a chothabháil dá réir sin.

Dualgas generálta chun forais agus cóiríocht a bheas á gcothabháil ag údarás óspidéil mheabhairghalar a sheoladh mar is cuibhe.

28. —Beidh de dhualgas ar údarás óspidéil mheabhair-ghalar a n-óspidéal meabhair-ghalar ceantair agus gach foras agus cóiríocht eile a bheas á gcothabháil acu faoin gCuid seo den Acht so a sheoladh mar is cuibhe.

Aiteanna comhnaithe don fhoirinn.

29. —Féadfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar, le toiliú an Aire, agus déanfaid, má ordaíonn an tAire amhlaidh, áiteanna comhnaithe nó cóiríocht chomhnaithe oiriúnach do bhaill d'fhoirinn an fhorais a chur ar fáil agus a chothabháil maidir le haon fhoras a bheas á chothabháil acu.

Ait adhlacain.

30. —Féadfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar, le toiliú an Aire, agus déanfaid, má ordaíonn an tAire amhlaidh, áit adhlacain a chur ar fáil agus a chothabháil chun adhlactha taisí othar a éagfas le linn dóibh bheith á gcothabháil ag an údarás.

Foras a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhairghalar a mhéadú, etc.

31. —Déanfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar, fé mar agus nuair a ordós an tAire amhlaidh le hordú,—

(a) aon fhoras a bheas á chothabháil ag an údarás do mhéadú, d'athrú nó d'athchóiriú do réir an ordaithe,

(b) seirbhís siltin, aeraithe, uisce-sholáthair, soilsiúcháin, téacháin nó eile, nua nó feabhsaithe nó breise, a chur ar fáil d'aon fhoras den tsórt san do réir an ordaithe,

(c) gach daingneán, feisteas, troscán, fearas máinliachta agus liachta, agus gach goireas eile a sonnrófar san ordú a chur ar fáil agus a chothabháil in aon fhoras den tsórt san.

Ranníoc i leith costais soláthair uisce phoiblí.

32. —Féadfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar, le toiliú an Aire, agus déanfaid, má ordaíonn an tAire amhlaidh, ranníoc a dhéanamh i leith costais chaipitiúil soláthair uisce phoiblí chun a chur ar a gcumas soláthar uisce d'fháil d'aon fhoras a bheas á chothabháil acu.

Ranníoc i leith costais scéime séarachais poiblí.

33. —Féadfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar, le toiliú an Aire, agus déanfaid, má ordaíonn an tAire amhlaidh, ranníoc a dhéanamh i leith costais chaipitiúil scéime séarachais poiblí chun a chur ar a gcumas séaracht a thabhairt chun siúil ó aon fhoras a bheas á chothabháil acu.

Ranníoca i leith an chostais a bhainfeas le clinic, íclann nó slánlann a chur ar fáil.

34. —Féadfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar, le toiliú an Aire, agus déanfaid, má ordaíonn an tAire amhlaidh, ranníoc a dhéanamh i leith an chostais chaipitiúil a bhainfeas le clinic, íclann nó slánlann a chur ar fáil a mbeartóidh an t-údarás (uathu féin nó i gcomhlíonadh ordacháin ón Aire) socrú a dhéanamh faoi alt 24 den Acht so chun cóiríocht a bheith ar fáil ann mar sheomra comhairle nó clinic.

Srian le foras a bheas le cothabháil ag údarás óspidéil mheabhairghalar a thógáil, etc.

35. —Aon tairgsin chun foras a bheas le cothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalair a thógáil ar chostas is mó ná cúig chéad punt nó chun foras a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar d'athchóiriú, do mhéadú, nó d'athrú in aon tslí eile ar an gcostas san, ní cuirfear i ngníomh í mura gceadaí ná go dtí go gceadaí an tAire an plean nó an tsonnraíocht a bhainfeas leis an tairgsin ná ar shlí seachas do réir na n-ordachán a bhéarfaidh an tAire ó am go ham.

Srian le foirgintí a ghabhfas le foras a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhairghalar a thógáil, etc.

36. —Aon tairgsin chun foirgintí, a mbeartófar iad a chur ag gabháil le foras nó iad d'úsáid chun críocha forais a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar a thógáil ar chostas is mó ná cúig chéad punt nó chun foirgintí a bheas ag gabháil le foras nó á n-úsáid chun críocha forais den tsórt san d'athchóiriú, do mhéadú, nó d'athrú ar shlí eile ar an gcostas san, ní cuirfear i ngníomh í mura gceadaí ná go dtí go gceadaí an tAire an plean nó an tsonnraíocht a bhainfeas leis an tairgsin ná ar shlí seachas do réir na n-ordachán a bhéarfaidh an tAire ó am go ham.

Srian le deisiúcháin, etc.

37. —Aon tairgsin chun foirgintí a bheas ag gabháil le foras nó á n-úsáid chun críocha forais a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar do dheisiú nó d'athchóiriú ar chostas is mó ná cúig chéad punt, ní cuirfear i ngníomh í mura gceadaí ná go dtí go gceadaí an tAire an plean nó an tsonnraíocht a bhainfeas leis an tairgsin ná ar shlí seachas do réir na n-ordachán a bhéarfaidh an tAire ó am go ham.

Foras a chur ar fáil ag dhá údarás óspidéil mheabhairghalar nó níos mó i gcomhar.

38. —(1) Féadfaidh dhá údarás óspidéil mheabhair-ghalar nó níos mó, le toiliú an Aire, agus déanfaid, má ordaíonn an tAire amhlaidh, foras d'aon aicme othar, nach daoine is dainséar dóibh féin ná do dhaoine eile, a chur ar fáil agus a chothabháil i gcomhar.

(2) Má bhíonn foras le cur ar fáil faoin alt so, déanfaidh an tAire an t-ordú iomchuibhe faoin Acht so ag bunú comhúdaráis trína mbainisteofar an foras.

(3) Má cuirtear foras ar fáil faoin alt so, féadfaidh gach údarás de na húdaráis óspidéil mheabhair-ghalar a bheas i gceist aon othar a bheas á chothabháil acu agus nach duine is dainséar dó féin ná do dhaoine eile d'aistriú chun an fhorais.

Saotharlann a chur ar fáil ag dhá údarás óspidéil mheabhairghalar nó níos mó i gcomhar.

39. —(1) Féadfaidh dhá údarás óspidéil mheabhair-ghalar nó níos mó, le toiliú an Aire, agus déanfaid, má ordaíonn an tAire amhlaidh, saotharlann a chur ar fáil agus a chothabháil i gcomhar chun taighdeadh a dhéanamh maidir le meabhair-ghalair agus liogghalair.

(2) Má bhíonn saotharlann le cur ar fáil faoin alt so, déanfaidh an tAire an t-ordú iomchuibhe faoin Acht so ag bunú comhúdaráis trína mbainisteofar an tsaotharlann.

(3) Féadfaidh comhúdarás trína mbeidh saotharlann á bainistí faoin alt so thar ceann aon údarás óspidéil mheabhair-ghalar cead a thabhairt chun seirbhísí na saotharlainne a bheith ar fáil le haghaidh forais mheabhair-ghalar ná beidh á chothabháil ag aon údarás díobh san agus féadfaidh pé táille is réasúnach leo d'éileamh in aon chás ina mbainfear feidhm faoin gcead san as aon tseirbhís.

Rialacháin ghenerálta maidir le forais a bheas á gcothabháil ag údaráis óspidéil mheabhairghalar.

40. —Féadfaidh an tAire rialacháin ghenerálta do dhéanamh a bhainfeas, faoi réir forál an Achta so, le hóspidéil mheabhairghalar ceantair, fo-óspidéil mheabhair-ghalar ceantair agus forais eile a bheas á gcothabháil ag údaráis óspidéil mheabhair-ghalar a sheoladh agus le hothair a ghlacadh agus a choinneáil sna hóspidéil agus sna forais sin agus le hothair d'aistriú eatorthu agus d'urscaoileadh uathu agus beidh de dhualgas ar gach údarás óspidéil mheabhair-ghalar na rialacháin sin a chomhlíonadh.

Rialacháin speisialta maidir le foras áirithe a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhairghalar.

41. —(1) Féadfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar, le toiliú an Aire, rialacháin speisialta a dhéanamh a bhainfeas, faoi réir forál an Achta so agus aon rialachán generálta arna ndéanamh faoi alt 40 den Acht so, le haon fhoras áirithe a bheas á chothabháil acu a sheoladh, agus beidh de dhualgas ar an údarás na rialacháin sin a chomhlíonadh.

(2) Féadfaidh an tAire a cheangal ar údarás óspidéil mheabhairghalar aon rialachán a dhéanamh faoin alt so a mheasfa sé is gá chun aon fhoras áirithe a bheas á chothabháil acu a sheoladh agus, má fhaillíonn an t-údarás an rialachán san a dhéanamh, féadfaidh an tAire é a dhéanamh agus beidh an éifeacht chéanna aige a bheadh aige dá mb'é an t-údarás a dhéanfadh é.

(3) Go dtí go ndéantar rialacháin faoin alt so maidir le haon fhoras áirithe, leanfaidh na rialacháin nó na rialacha uile a bheas i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so maidir leis an bhforas san faoi fho-alt (6) d'alt 9 (alt a hathghairmtear leis an Acht so) nó faoi phrovíso (b) (províso a hathghairmtear leis an Acht so) a ghabhas le fo-alt (2) d'alt 110 den Local Government (Ireland) Act, 1898, d'éifeacht a bheith acu agus de bheith inleasaithe nó ionchúlghairmthe fé is dá mba rialacháin a rinneadh faoin alt so iad, ach san faoi réir forál an Achta so agus aon rialachán generálta arna ndéanamh faoi alt 40 den Acht so.

(4) Is feidhm fhorchoimeáta chun críocha na n Acht um Bainistí Chontae, 1940 agus 1942, rialacháin a dhéanamh faoin alt so.

Foras a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhairghalar d'fhorscor.

42. —(1) Féadfaidh an tAire, más dóigh leis san do bheith ceart tar éis fiosrachán a dhéanamh faoin Acht so, a ordú, le hordú, d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar aon fhoras sonnraithe, nach óspidéal meabhair-ghalar ceantair, a bheas á chothabháil acu de thuras na huaire d'fhorscor amhail ó dháta sonnraithe agus féadfaidh gach foráil a chur san ordú a chífear dó is gá agus is cuibhe maidir le nithe a bhainfeas leis an bhforas san d'fhorscor nó a leanfas as.

(2) Beidh de dhualgas ar an údarás óspidéil mheabhair-ghalar lena mbainfidh ordú faoin alt so an t-ordú san a chomhlíonadh.