|
|||||
|
AN tACHT CÓIREÁLA MEABHAIR-GHALAR, 1945
[EN] | ||
[EN] |
CUID VII. Udarais Ospideil Mheabhair-Ghalar do thogaint Tailimh agus da chur de Laimh. | |
[EN] |
Mínithe chun críocha Coda VII. |
50. —Sa Chuid seo den Acht so— |
[EN] | folaíonn an focal “talamh” uisce agus aon eastát nó leas i dtalamh nó in uisce agus aon éasáid nó ceart i dtalamh nó in uisce nó chucu nó tharsu, | |
[EN] | ciallaíonn an abairt “ordú tógainte éigeanta” ordú faoin gCuid seo den Acht so chun talamh a thógaint go héigeanta. | |
[EN] |
Cumhachta údaráis óspidéil mheabhairghalar chuntalamh a thógaint. |
51. —Féadfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar, chun críocha a gcumhacht agus a ndualgas, talamh a thógaint trí chomhaontú le toiliú an Aire nó go héigeanta faoin gCuid seo den Acht so agus na hAchta a corpraítear léi. |
[EN] |
Achta na gClás Talún a chorprú. |
52. —Chun údarás óspidéil mheabhair-ghalar do thógaint tailimh faoin gCuid seo den Acht so, beidh Achta na gClás Talún, mar a leasaítear iad leis an -ara Sceideal a ghabhas leis an Housing of the Working Classes Act, 1890, arna gcorprú agus corpraítear iad tríd seo leis an gCuid seo den Acht so, ach san fara na modhnaithe seo leanas agus faoina réir, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) ní bheidh na forála i dtaobh talamh iomarcach a dhíol agus an tAcht speisialta do bheith ar fáil, ná alt 133 (a bhaineas le cáin tailimh agus le ráta na mbocht) den Land Clauses Consolidation Act, 1845, arna gcorprú amhlaidh; | |
[EN] | (b) chun Achta na gClás Talún arna gcorprú amhlaidh a léiriú, is tuigthe gurb é an tAcht so maille leis an ordú tógainte éigeanta (más ann) is iomchuibhe an tAcht speisialta agus is tuigthe gurb iad an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar tionscnóirí an ghnóthais; | |
[EN] | (c) chun an Dara Sceideal a ghabhas leis an Housing of the Working Classes Act, 1890 arna chorprú amhlaidh, do léiriú— | |
[EN] | ciallóidh an abairt “údarás áitiúil” údarás óspidéil mheabhair-ghalar; | |
[EN] | ciallóidh an abairt “Acht daingniúcháin” an Chuid seo den Acht so maraon leis an ordú tógainte éigeanta a bheas arna dhéanamh agus arna dhaingniú faoin gCuid seo den Acht so; | |
[EN] | ciallóidh an abairt “údarás daingniúcháin” an tAire; agus | |
[EN] | léireofar tagairtí don Housing of the Working Classes Act, 1890, nó do Chuid I de, mar thagairtí don Acht so; | |
[EN] | (d) nuair a bheas cúiteamh á mheisiúnú ag an eadránaí ní chuirfe sé san áireamh aon fhoirgint a tógadh ná aon fheabhsú ná athrú a rinneadh ná aon leas i dtalamh a cruthnaíodh tar éis an dáta ar ar foillsíodh de bhun na Coda so den Acht so fógra i dtaobh an t-ordú tógainte éigeanta a dhéanamh, más é tuairim an eadránaí nár ghá do réir réasúin an fhoirgint a thógaint nó an feabhsú nó an t-athrú a dhéanamh nó an leas a chruthnú agus gur d'fhonn an cúiteamh d'fháil nó do mhéadú a rinneadh san. | |
[EN] |
Cumhacht údaráis óspidéil mheabhairghalar chun talamh d'iniúchadh. |
53. —Faoi réir forál an ailt seo, féadfaidh oifigeach nó gníomhaire d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar a bheas údaraithe go cuibhe chuige sin ag an údarás dul isteach ar aon talamh gach tráth réasúnach idir a naoi a chlog roimh nóin agus a sé a chlog iar nóin chun a fháil amach cé acu atá an talamh oiriúnach chun an t-údarás dá thógaint nó ná fuil. |
[EN] | (2) Duine a rachas isteach ar thalamh faoin alt so féadfa sé gach ní a dhéanamh ann is gá do réir réasúin chun na críche chun a raghaidh isteach agus, go sonnrach, féadfaidh suirbhéireacht agus pleananna a dhéanamh, leibhéil a thomhas, tochailt a dhéanamh, agus doimhneas agus nádúir na fó-ithreach a scrúdú. | |
[EN] | (3) Sar a raghaidh duine isteach ar aon talamh faoin alt so, déanfaidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar ar ar a n-údarás a beartófar dul isteach ar an talamh toiliú an lonnaitheora (i gcás tailimh lonnaithe) nó an únaera (i gcás tailimh neamhlonnaithe) d'fháil nó déanfaid fógra cheithre lá déag ar a laghad a thabhairt i scríbhinn don únaer nó don lonnaitheoir (pé acu é) go bhfuiltear ar intinn dul isteach ar an talamh. | |
[EN] | (4) Duine a mbeidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar tar éis fógra a thabhairt dó faoin alt so á rá go bhfuiltear ar intinn dul isteach ar thalamh, féadfa sé, tráth nach déanaí ná ceithre lá déag tar éis an fógra san a bheith tugtha, iarratas a dhéanamh, ar é do thabhairt fógra don údarás óspidéil mheabhair-ghalar san, chun an bhreithimh den Chúirt Dúiche ag á mbeidh dlínse sa cheantar ina mbeidh an talamh, ag lorg ordaithe chun an dul isteach a thoirmeasc, agus, ar an iarratas d'éisteacht dó, féadfaidh an breitheamh, más dóigh leis san a bheith ceart, an dul isteach a thoirmeasc ar fad nó coinníollacha a shonnrú a bheas le comhlíonadh ag an duine a rachas isteach ar an talamh. | |
[EN] | (5) Má dhéanann breitheamh den Chúirt Dúiche dul isteach a beartófar a dhéanamh ar thalamh a thoirmeasc faoin alt so, ní dleathach do dhuine ar bith dul isteach faoin alt so ar an talamh, agus má dhéanann breitheamh den Chúirt Dúiche coinníollacha a shonnrú faoin alt so a bheas le comhlíonadh ag daoine rachas isteach ar thalamh, comhlíonfaidh gach duine a rachas isteach faoin alt so ar an talamh na coinníollacha a sonnrófar amhlaidh. | |
[EN] | (6) Duine dá mbainfidh damáiste de dheascaibh éinní a déanfar faoin alt so ar aon talamh agus a chuirfeas, laistigh de mhí tar éis an ní sin a dhéanamh, chun an údaráis óspidéil mheabhair-ghalar ar ar a n-údarás a chuathas isteach faoin alt so ar an talamh, éileamh ar chúiteamh i leith an damáiste, beidh sé i dteideal cúiteamh réasúnach d'fháil ón údarás sa damáiste agus, mura n-íoctar an cúiteamh san leis nuair a bheas comhaontú nó cinneadh déanta faoin alt so i dtaobh a mhéide, é d'aisghabháil ón údarás in aon chúirt dlínse inniúla mar fhiacha gnáth-chonnartha. | |
[EN] | (7) Déanfar, cheal comhaontaithe, méid aon chúitimh is iníoctha ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar faoin alt so a chinneadh, mura mó ná fiche punt an tsuim a héileofar ina leith, ag an gCúirt Dúiche nó, in aon chás eile, trí eadráin faoin Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919 (arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin) fé is dá mb'é bheadh sa chúiteamh an praghas ar thalamh a tógfaí go héigeanta. | |
[EN] | (8) Gach duine a dhéanfas, trí ghníomh nó trí fhaillí, oifigeach nó gníomhaire d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar a chosc agus é ag feidhmiú go dleathach na gcumhacht a bheirtear leis an alt so, beidh sé ciontach i gcionta faoin alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil ná raghaidh thar chúig puint a chur air agus, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise ná raghaidh thar punt in aghaidh gach lae a leanfar den chionta. | |
[EN] |
Ordú tógainte éigeanta a dhéanamh. |
54. —(1) Más mian le húdarás óspidéil mheabhair-ghalar aon talamh áirithe a thógaint go héigeanta faoin gCuid seo den Acht so, féadfaid ordú a dhéanamh á ordú an talamh san a thógaint go héigeanta faoin gCuid seo den Acht so. |
[EN] | (2) Is sa bhfoirm ordaithe a bheas ordú tógainte éigeanta agus déanfar na tailte lena mbainfe sé a thuairisciú ann trí thagairt do léarscáil a bheas do réir na gcoinníollacha ordaithe. | |
[EN] |
Fógraí, etc., i dtaobh ordú tógainte éigeanta a dhéanamh. |
55. —(1) Nuair a dhéanfas údarás óspidéil mheabhair-ghalar ordú tógainte éigeanta— |
[EN] | (a) foillseoid uair amháin ar a laghad i bpáipéar nuachta a léitear ina gceantar óspidéil mheabhair-ghalar fógrán sa bhfoirm ordaithe á rá go ndearnadar ordú tógainte éigeanta maidir le talamh sonnraithe agus go bhféadfar an t-ordú agus an léarscáil dá dtagartar ann d'iniúchadh in áit shonnraithe, agus | |
[EN] | (b) bhéarfaid do gach duine is únaer nó únaer toimhdean, léasaí nó léasaí toimhdean, nó lonnaitheoir ar an talamh lena mbainfidh an t-ordú fógra scríofa sa bhfoirm ordaithe ina mbeidh ráitis mar a luaitear i mír (a) den fho-alt so agus ina ndéarfar freisin go bhféadfaidh duine ar bith ar cúis mhí-shásaimh leis an t-ordú agóid i gcoinne an ordaithe a chur chun an Aire i slí shonnraithe agus laistigh d'am sonnraithe. | |
[EN] | (2) Údarás óspidéil mheabhair-ghalar a mbeidh ordú tógainte éigeanta déanta acu agus a mbeidh na forála san roimhe seo den alt so comhlíonta acu maidir leis, féadfaid ordú ag daingniú an ordaithe thógainte éigeanta san d'iarraidh ar an Aire. | |
[EN] |
Ordú tógainte éigeanta a dhaingniú. |
56. —Má déantar iarratas faoin gCuid seo den Acht so á iarraidh ar an Aire ordú a dhéanamh ag daingniú ordaithe thógainte éigeanta agus gur deimhin leis an Aire gur comhlíonadh na forála den Chuid seo den Acht so a bhaineas le nithe is déanta roimh an iarratas san, beidh éifeacht ag na forála so leanas:— |
[EN] | (a) mura gcuirtear go cuibhe chun an Aire aon agóid (seachas agóid is dóigh leis an Aire ná baineann ach le cúiteamh) i gcoinne an ordaithe thógainte éigeanta nó má tarraingtear siar gach agóid den tsórt san a bheas déanta amhlaidh, féadfaidh an tAire, mar a mheasfaidh is ceart, diúltú don ordú tógainte éigeanta a dhaingniú nó ordú a dhéanamh á dhaingniú gan mhodhnú nó ordú a dhéanamh á dhaingniú fara pé modhnaithe a mheasfaidh is ceart; | |
[EN] | (b) in aon chás lena mbainfidh mír (a) den alt so, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, a thabhairt go ndéanfar fiosrachán faoin Acht so i dtaobh an ordaithe thógainte éigeanta sara ndeighleálfa sé leis an iarratas; | |
[EN] | (c) má cuirtear go cuibhe chun an Aire agóid (seachas agóid is dóigh leis an Aire ná baineann ach le cúiteamh) i gcoinne an ordaithe thógainte éigeanta agus ná tarraing tear siar í, bhéarfaidh an tAire go ndéanfar fiosrachán faoin Acht so i dtaobh an ordaithe thógainte éigeanta; | |
[EN] | (d) má déantar fiosrachán de bhun na míre deiridh sin roimhe seo, ansan, tar éis dó breithniú a dhéanamh ar thuarascáil an duine a rinne an fiosrachán agus ar an agóid nó na hagóidí uile ba chúis leis an bhfiosrachán a dhéanamh, féadfaidh an tAire, mar a mheasfaidh is ceart, diúltú don ordú tógainte éigeanta a dhaingniú nó ordú a dhéanamh á dhaingniú gan mhodhnú nó ordú do dhéanamh á dhaingniú fara pé modhnaithe a mheasfaidh is ceart. | |
[EN] |
Fógraí, etc., i dtaobh ordú tógainte éigeanta a dhaingniú. |
57. —A luaithe is féidir tar éis don Aire ordú a dhéanamh ag daingniú ordaithe thógainte éigeanta (fara modhnú nó gan mhodhnú), déanfaidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar a rinne an t-órdú tógainte éigeanta— |
[EN] | (a) fógrán sa bhfoirm ordaithe d'fhoillsiú i bpáipéar nuachta a léitear ina gceantar óspidéil mheabhair-ghalar á rá gur dhaingnigh an tAire an t-ordú tógainte éigeanta agus go bhféadfar cóip de arna dhaingniú amhlaidh maraon leis an léarscáil dá dtagartar ann d'iniúchadh in áit shonnraithe, agus | |
[EN] | (b) fógra scríofa sa bhfoirm ordaithe ina mbeidh ráitis mar a luaitear i mír (a) den alt so a thabhairt do gach duine a tháinig i láthair ag an bhfiosrachán (má b'ann) a rinneadh i dtaobh an ordaithe thógainte éigeanta chun tacaíocht a dhéanamh le hagóid uaidh i gcoinne an ordaithe. | |
[EN] |
An Ard-Chúirt do chur ordaithe thógainte éigeanta ar neamhbhrí. |
58. —(1) Duine a mbainfidh ordú tógainte éigeanta leis féin nó lena mhaoin, féadfa sé, laistigh de thrí seachtaine tar éis fógra á rá gur dhaingnigh an tAire an t-ordú d'fhoillsiú den chéad uair trí fhógrán, a iarraidh ar an Ard-Chúirt an t-ordú a chur ar neamhbhrí i bpáirt nó go hiomlán, agus más deimhin leis an Ard-Chúirt gur shárú ar na cumhachta a bheirtear leis an gCuid seo den Acht so an t-ordú nó aon chuid áirithe dhe a dhéanamh nó go raibh an céanna ar shlí eile gan bheith údaraithe leis na cumhachta san nó gur thárla dochar substainteach don duine a bheas ag déanamh an iarratais nó do dhuine ar bith eile trí aon fhaillí i bhforála na Coda so den Acht so a chomhlíonadh maidir leis an ordú, féadfaidh an Ard-Chúirt, mar a mheasfaidh is ceart, an t-ordú iomlán nó cuid de a chur ar neamhbhrí. |
[EN] | (2) Má bhíonn iarratas chun na hArd-Chúirte faoin alt so ar feitheamh, féadfaidh an Ard-Chúirt, má mheasann sí gur ceart é, oibriú an ordaithe thógainte éigeanta lena mbainfidh an t-iarratas d'fhionnraí go dtí go mbeidh an bhreith dheiridh tugtha ar an iarratas. | |
[EN] | (3) Lasmuigh de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so, ní bheidh ordú tógainte éigeanta ionchurtha ar neamhbhrí ná ar neamhní ná ionchonspóide ar shlí eile (roimh an Aire dá dhaingniú ná dá éis) ag Cúirt ar bith. | |
[EN] |
Tosach feidhme ordaithe thógainte éigeanta. |
59. —(1) Gach ordú tógainte éigeanta ná cuirfidh an Ard-Chúirt ar neamhbhrí go hiomlán faoin gCuid seo den Acht so, tiocfa sé i ngníomh (faoi réir aon neamhbhríochana den tsórt san ar aon chuid de agus gan dochar don chéanna)— |
[EN] | (a) i gcás iarratas a dhéanamh faoin gCuid seo den Acht so chun na hArd-Chúirte á iarraidh an t-ordú a chur ar neamhbhrí (i bpáirt nó go hiomlán)—ar an mbreith dheiridh a bheith tugtha ar an iarratas san, nó | |
[EN] | (b) i gcás gan aon iarratas den tsórt san a dhéanamh amhlaidh—i gceann trí seachtaine ón lá a foillseofar den chéad uair trí fhógrán fógra á rá gur dhaingnigh an tAire an t-ordú. | |
[EN] | (2) A luaithe is féidir tar éis ordú tógainte éigeanta a theacht i ngníomh, bhéarfaidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar a rinne an t-ordú cóip den ordú do gach duine dar tugadh de bhun na Coda so den Acht so fógra á rá go ndearnadh an t-ordú. | |
[EN] |
Blianacht nó íocaíocht eile do Choimisiún Talún na hÉireann nó do Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn. |
60. —Aon uair a tharlós, i gcás talamh a thógfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar, go mbeidh an talamh san, i dteannta tailimh eile, faoi bhlianacht nó íocaíocht bhliantúil eile is iníoctha le Coimisiún Talún na hÉireann nó le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, féadfaidh an Comisiún san nó na Coimisinéirí sin (pé acu é) an bhlianacht nó an íocaíocht bhliantúil eile a chionroinnt i pé slí a mheasfaid is ceart idir an talamh a bheas tógtha amhlaidh agus an talamh eile sin nó feadfaid iomlán na blianachta nó na híocaíochta bliantúla eile a mhuirearú ar aon chuid áirithe den talamh a bheas fúithi chun iarmhéid an tailimh sin a dhímhuirearú. |
[EN] |
Talamh barrachais a leithreasú chun críocha eile. |
61. —Féadfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar, le toiliú an Aire agus faoi réir comhlíonadh pé coinníollacha a mheasfa sé is ceart d'fhorchur, aon talamh do leithreasú agus d'úsáid chun críche aon choda dá gcumhachta agus dá ndualgais is talamh a bheas dílsithe chun críche ar bith iontu agus ná beidh ag teastáil chun na críche chun ar tógadh é. |
[EN] |
Talamh barrachais a chur de láimh. |
62. —(1) Féadfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar, le toiliú an Aire, aon talamh a bheas tógtha acu a dhíol, a mhalairtiú, a ligean, nó a chur de láimh ar shlí eile. |
[EN] | (2) An toradh a bheas ar dhíol aon tailimh faoin alt so ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar déanfar, a mhéid is airgead caipitiúil an toradh san, é d'úsáid, le toiliú an Aire, chun críche (lena n-áirítear aisíoc airgid a fuarthas ar iasacht) chun a bhféadfadh an t-údarás, le ceart, airgead caipitiúil d'úsáid. | |
[EN] | (3) Má mhalairtíonn údarás óspidéil mheabhair-ghalar talamh faoin alt so, déanfar (faoi réir na bhforál den Chuid seo den Acht so a bhaineas le leithreasú agus úsáid tailimh ná beidh ag teastáil chun na críche chun ar tógadh é) an talamh a tógfar sa mhalairtiú san d'úsáid chun na gcríoch chun a raibh an talamh a bhéarfar sa mhalairtiú san ionúsáite ag an údarás. |