An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Reamhraiteach.) Ar Aghaidh (CUID III. An Priomh-Acht do Leasu.)

26 1945

AN tACHT CUMHACHTA PRÁINNE (BUANÚ AGUS LEASÚ), 1945

CUID II.

An Priomh-Acht do Bhuanu.

An Príomh-Acht do bhuanú.

4. —(1) Mura bhfoirceanntar roimhe sin é faoi fho-alt (2) den alt so, leanfaidh an Príomh-Acht i bhfeidhm go dtí an 2ú lá de Mheán Fómhair, 1946, agus raghaidh in éag ansan mura gcinne an tOireachtas a mhalairt.

(2) Féadfaidh an Rialtas a dhearbhú le hordú go raghaidh an Príomh-Acht in éag ar dháta áirithe is luaithe ná an 2ú lá de Mheán Fómhair, 1946, agus sa chás san raghaidh an Príomh-Acht in éag dá réir sin.