34 1945


Uimhir 34 de 1945.


ACHT NA bPINSEAN SEIRBHÍSE MÍLEATA (LEASÚ) (Uimh. 2), 1945.

[An tionntó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ ACHT NA bPINSEAN SEIRBHÍSE MÍLEATA, 1924 GO 1945. [20ú Samhain, 1945.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

ciallaíonn an abairt “Acht 1924” Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924 (Uimh. 48 de 1924) ;

ciallaíonn an abairt “Acht 1934” Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1934 (Uimh. 43 de 1934) ;

ciallaíonn an abairt “Acht Leasúcháin 1944” Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata (Leasú), 1944 (Uimh. 5 de 1944) .

Alt 8 d'Acht 1924 do leasú.

2. —(1) Beidh éifeacht ag fo-alt (1) d'alt 8 d'Acht 1924, arna leasú le halt 2 d'Acht Leasúcháin 1944, fé is dá gcuirtí an méid seo leanas in ionad an Tríú Sceidil a ghabhas le hAcht 1924:—

“AN TRIU SCEIDEAL.

An Meid a Fionnrofar de Phinsin a Riomh.

1. Is mar leanas a bheas an fhionnraí a déanfar faoi alt 8 den Acht so ar íoc pinsin, sé sin le rá:—

Má bhíonn méid bliantúil an luach saothair, an phinsin,

nó an liúntais is iníoctha as airgead poiblí—

A Gan bheith os ceann £250     ..     ..     ..

..

..

..

..

Nil

B

Os ceann

£250

ach

gan

bheith

os

ceann

£300

..

..

..

..

10%

C

,,     ,,

£300

,,

,,

,,

,,

,,

£350

..

..

..

..

15%

D

,,     ,,

£350

,,

,,

,,

,,

,,

£400

..

..

..

..

20%

E

,,     ,,

£400

,,

,,

,,

,,

,,

£450

..

..

..

25%

F

,,     ,,

£450

,,

,,

,,

,,

,,

£500

..

..

..

..

30%

G

,,     ,,

£500

,,

,,

,,

,,

,,

£550

..

..

..

..

40%

H

,,     ,,

£550

,,

,,

,,

,,

,,

£600

..

..

..

..

50%

I

,,     ,,

£600

,,

,,

,,

,,

,,

£700

..

..

..

..

60%

J

,,     ,,

£700

,,

,,

,,

,,

,,

£800

..

..

..

..

70%

K

,,     ,,

£800

,,

,,

,,

,,

,,

£900

..

..

..

..

80%

L

,,     ,,

£900

,,

,,

,,

,,

,,

£1,000

..

..

..

..

90%

M

,,     ,,

£1,000

..

..

    ..

..

..

..

..

..

100%

2. I gcás ina dtárlódh iomlán na méideanna is iníoctha le duine ar bith as airgead poiblí mar adúradh agus an mhéide is iníoctha leis an duine sin faoin Acht so do réir na dteorann a sonnraítear ag B, C, D, E, F, G, H, I, J, K, L, nó M de mhír 1 den Sceideal so do bheith, faoi théarmaí na míre sin, níos lú ná an méid a gheobhadh an duine sin dá mbeadh an méid is iníoctha leis as airgead poiblí mar adúradh ar maximum na teorann díreach roimhe sin, ansan agus i ngach cás den tsórt san laghdófar an fhionnraí ar a phinsean seirbhíse míleata i dtreo ná beidh iomlán an mhéide adúradh agus a phinsin níos lú ná an t-iomlán a gheobhadh dá mbeadh an méid adúradh ar maximum na teorann díreach roimhe sin.”

(2) Na tagairtí do luach saothair nó do liúntas atá i bhfo-alt (1) d'alt 8 d'Acht 1924, agus sa Tríú Sceideal a ghabhas le hAcht 1924, arna leasú le fo-alt (1) den alt so, léireofar iad mar thagairtí ná folaíonn tagairtí—

(a) don mhéid sin de luach saothair nó de liúntas is iníoctha le duine ar bith a chruthóidh an duine sin chun sástachta an Aire Chosanta a chaith sé ó riachtanas i gcomhlíonadh na ndualgas ar ina leith is iníoctha an luach saothair nó an liúntas,

(b) do liúntas ar bith is iníoctha le comhalta den Ghárda Síochána faoi ordú arna dhéanamh faoi alt 12 d'Acht Comhnasctha na bhFórsaí Póilíneachta, 1925 (Uimh. 7 de 1925) .

(3) Is tuigthe fo-ailt (1) agus (2) den alt so do theacht i ngníomh an lú lá d'Aibreán, 1945, agus beidh éifeacht acu amhail ar an lá san agus ón lá san amach.

Alt 2 d'Acht 1934 do leasú.

3. —(1) Déantar leis seo mír (a) d'fho-alt (2) d'alt 2 d'Acht 1934 do leasú trí na focail agus na figiúirí “faoin Aliens Restriction Act, 1914, nó faoi aon ordú a rinneadh faoin Acht san nó” do chur isteach i ndiaidh an fhocail “ionnarba”.

(2) Is tuigthe fo-alt (1) den alt so do theacht i ngníomh an 13ú lá de Mheán Fómhair, 1934, agus beidh éifeacht aige amhail ar an lá san agus ón lá san amach.

Alt 20 d'Acht 1934 do leasú.

4. —(1) Beidh éifeacht ag fo-alt (1) d'alt 20 d'Acht 1934, arna leasú le halt 3 d'Acht Leasúcháin 1944, fé is dá gcuirtí an méid seo leanas in ionad an Tríú Sceidil a ghabhas le hAcht 1934:—

“AN TRIU SCEIDEAL.

An Meid a Fionnrofar de Phinsin do Riomh.

1. Is mar leanas a bheas an fhionnraí a déanfar faoi alt 20 den Acht so ar íoc pinsin faoin Acht so, sé sin le rá:—

Má bhíonn méid bliantúil an luach saothair, an phinsin,

nó an liúntais is iníoctha as airgead poiblí—

A Gan bheith os ceann £250     ..     ..     ..

..

..

..

..

Nil

B

Os ceann

£250

ach

gan

bheith

os

ceann

£300

..

..

..

..

10%

C

,,     ,,

£300

,,

,,

,,

,,

,,

£350

..

..

..

..

15%

D

,,     ,,

£350

,,

,,

,,

,,

,,

£400

..

..

..

..

20%

E

,,     ,,

£400

,,

,,

,,

,,

,,

£450

..

..

..

25%

F

,,     ,,

£450

,,

,,

,,

,,

,,

£500

..

..

..

..

30%

G

,,     ,,

£500

,,

,,

,,

,,

,,

£550

..

..

..

..

40%

H

,,     ,,

£550

,,

,,

,,

,,

,,

£600

..

..

..

..

50%

I

,,     ,,

£600

,,

,,

,,

,,

,,

£700

..

..

..

..

60%

J

,,     ,,

£700

,,

,,

,,

,,

,,

£800

..

..

..

..

70%

K

,,     ,,

£800

,,

,,

,,

,,

,,

£900

..

..

..

..

80%

L

,,     ,,

£900

,,

,,

,,

,,

,,

£1,000

..

..

..

..

90%

M

,,     ,,

£1,000

..

..

    ..

..

..

..

..

..

100%

2. I gcás ina dtárlódh iomlán na méideanna is iníoctha le duine ar bith as airgead poiblí mar adúradh agus an mhéide is iníoctha leis an duine sin faoin Acht so do réir na dteorann a sonnraítear ag B, C, D, E, F, G, H, I, J, K, L nó M de mhír 1 den Sceideal so do bheith, faoi théarmaí na míre sin, níos lú ná an méid a gheobhadh an duine sin dá mbeadh an méid is iníoctha leis as airgead poiblí mar adúradh ar maximum na teorann díreach roimhe sin, ansan agus i ngach cás den tsórt san laghdófar an fhionnraí ar a phinsean seirbhíse míleata i dtreo ná beidh iomlán an mhéide adúradh agus a phinsin níos lú ná an t-iomlán a gheobhadh dá mbeadh an méid adúradh ar maximum na teorann díreach roimhe sin.”

(2) Na tagairtí do luach saothair nó do liúntas atá i bhfo-alt (1) d'alt 20 d'Acht 1934 agus sa Tríú Sceideal a ghabhas le hAcht 1934, arna leasú le fo-alt (1) den alt so, léireofar iad mar thagairtí ná folaíonn tagairtí—

(a) don mhéid de luach saothair nó de liúntas is iníoctha le duine ar bith a chruthóidh an duine sin chun sástachta an Aire Chosanta a chaith sé ó riachtanas i gcomhlíonadh na ndualgas ar ina leith is iníoctha an luach saothair nó an liúntas,

(b) do liúntas ar bith is iníoctha le comhalta den Ghárda Síochána faoi ordú arna dhéanamh faoi alt 12 d'Acht Comhnasctha na bhFórsaí Póilíneachta, 1925 (Uimh. 7 de 1925) .

(3) Is tuigthe fo-ailt (1) agus (2) den alt so do theacht i ngníomh an lú lá d'Aibreán, 1945, agus beidh éifeacht acu amhail ar an lá san agus ón lá san-amach.

Gearr-theideal agus comhluadh.

5. —(1) Féadfar Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata (Leasú) (Uimh. 2), 1945 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar an abairt “ Achta na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924 go 1945” mar abairt a fholaíos an tAcht so.