|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT SRIANTA CÍOSA, 1946) | Ar Aghaidh (CUID II. Srian le Cios Aitreabh Rialaithe.) |
AN tACHT SRIANTA CÍOSA, 1946
[EN] | ||
[EN] |
CUID I. Reamhraiteach agus Generalta. | |
[EN] |
Gearr-theideal agus ré feidhme. |
1. —(1) Féadfar an tAcht Srianta Cíosa, 1946 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Leanfaidh an tAcht seo i bhfeidhm go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1950. | |
[EN] |
Léiriú go generálta. |
2. —(1) San Acht seo— |
[EN] | Acht 1923. |
ciallaíonn an abairt “Acht 1923” an t Acht um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna), 1923 (Uimh. 19 de 1923) ; |
[EN] | Acht 1926. |
ciallaíonn an abairt “Acht 1926” an t Acht um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna), 1926 (Uimh. 24 de 1926) ; |
[EN] | bun-chíos. |
ciallaíonn an abairt “bun-chíos”— |
[EN] | (a) maidir le háitreabh rialaithe (Acht 1923), bun-chíos an áitribh arna chinneadh faoi alt 8 nó alt 9 (pé acu é) den Acht seo, | |
[EN] | (b) maidir le háitreabh rialaithe (seachas faoi Acht 1923), bunchíos an áitribh arna chinneadh faoi alt 14, alt 15 nó alt 16 (pé acu é) den Acht seo; | |
[EN] | áitreabh gnótha. |
ciallaíonn an abairt “áitreabh gnótha” áitreabh a húsáitear chun críocha aon ghótha, céirde nó gairme nó le haghaidh na seirbhíse poiblí; |
[EN] | áitreabh rialaithe. |
ciallaíonn an abairt “áitreabh rialaithe” aon áitreabh lena mbaineann an tAcht seo de bhuaidh ailt 3 den Acht seo; |
[EN] | áitreabh rialaithe (Acht 1923). |
ciallaíonn an abairt “áitreabh rialaithe (Acht 1923)” áitreabh rialaithe lena mbaineann Caibidil I de Chuid II den Acht seo de bhuaidh ailt 7 den Acht seo; |
[EN] | áitreabh rialaithe (seachas faoi Acht 1923). |
ciallaíonn an abairt “áitreabh rialaithe (seachas faoi Acht 1923)” áitreabh rialaithe lena mbaineann Caibidil 2 de Chuid II den Acht seo de bhuaidh ailt 13 den Acht seo; |
[EN] | Breitheamh Dúiche. |
ciallaíonn an abairt “Breitheamh Dúiche” Breitheamh den Chúirt Dúiche; |
[EN] | áit chomhnaithe. |
ciallaíonn an abairt “áit chomhnaithe” tigh arna ligean mar áit chomhnaithe ar leithligh, nó cuid, arna ligean amhlaidh, d'aon tigh, pé acu roinneann nó ná roinneann an tionónta le haon daoine eile aon chuid de nó aon chóiríocht, sócail nó saoráid a bhaineas leis; |
[EN] | tiarna tighe. |
folaíonn an abairt “tiarna tighe”, nuair a húsáitear í maidir le haon áitreabh, aon duine a mbeidh aige ó am go ham teideal faoi thiarna tighe bunaidh an áitribh, agus folaíonn fós aon duine, seachas an tionónta, atá, nó a bheadh mura mbeadh an tAcht seo, i dteideal seilbhe an áitribh; |
[EN] | breis dleathach. |
ciallaíonn an abairt “breis dleathach”— |
[EN] | (a) maidir le bun-chíos áitribh rialaithe (Acht 1923), aon tsuim is breis dleathach ar an mbun-chíos de bhuaidh ailt 11 den Acht seo, | |
[EN] | (b) maidir le bun-chíos áitribh rialaithe (seachas faoi Acht 1923), aon tsuim is breis dleathach ar an mbun-chíos de bhuaidh ailt 17 den Acht seo; | |
[EN] | cíos dleathach. |
ciallaíonn an abairt “cíos dleathach”— |
[EN] | (a) maidir le háitreabh rialaithe (Acht 1923), an tsuim a ndearbhaítear le halt 12 den Acht seo gurb í is cíos dleathach ar an áitreabh, | |
[EN] | (b) maidir le háitreabh rialaithe (seachas faoi Acht 1923), an tsuim a ndearbhaítear le halt 18 den Acht seo gurb í is cíos dleathach ar an áitreabh; | |
[EN] | ligean. |
folaíonn an focal “ligean” fo-ligean; |
[EN] | an tAire. |
ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt; |
[EN] | tionónta neamhreachtúil. |
ciallaíonn an abairt “tionónta neamhreachtúil” tionónta nach tionónta reachtúil; |
an dáta feidhme. |
ciallaíonn an abairt “an dáta feidhme” dáta an Achta seo a rith; | |
Ordú 1944. |
ciallaíonn an abairt “Ordú 1944” an tOrdú Cumhachta Práinne (Uimh. 313), 1944 (R. & O. R., Uimh. 29 de 1944), arna leasú leis an Ordú um an Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 313), 1944 (Leasú), 1945 (R. & O. R., Uimh. 188 de 1945); | |
áitreabh. |
ciallaíonn an focal “áitreabh” aon áitreabh is áit chomhnaithe nó áitreabh gnótha; | |
ordaithe. |
ciallaíonn rud a bheith “ordaithe” é a bheith ordaithe ag an Aire le rialacháin arna ndéanamh faoin Acht seo; | |
rátaí. |
ciallaíonn an focal “rátaí”, maidir le haon áitreabh, na rátaí (lena n-áirítear rátaí uisce) a bheas leagtha ag údarás áitiúil (is comhairle chontae, bárdas contae-bhuirge nó buirge eile, comhairle bhailecheantair nó coimisinéirí baile) i leith an áitribh chun seirbhíse aon bhliana airgeadais áitiúla agus a bheas do réir aon Achta, nó a bheadh mura mbeadh aon Acht, inmhuirir ar lonnaitheoir an áitribh; | |
riail-chíos. |
tá leis an bhfocal “riail-chíos” an bhrí atá leis in Acht 1923; | |
tionóntacht reachtúil. |
ciallaíonn an abairt “tionóntacht reachtúil” leas tionónta reachtúil san áitreabh a n-úsáitear an abairt maidir leis; | |
tionónta reachtúil. |
ciallaíonn an abairt “tionónta reachtúil” duine is— | |
(a) duine a choinneos seilbh ar aon áitreabh rialaithe tar éis a thionóntacht chonnarthach ann (nach tionóntacht lena mbaineann alt 45 den Acht seo) a bheith foirceannta, nó | ||
(b) duine a choinneos seilbh ar aon áitreabh rialaithe faoi fho-alt (2) nó fo-alt (3) d'alt 39 den Acht seo, nó | ||
(c) duine a choinneos seilbh ar aon áitreabh rialaithe faoi fhomhír (iii) de mhír (a), nó faoi mhír (b), d'fho-alt (5) d'alt 40 den Acht seo, nó | ||
(d) duine a choinneos seilbh ar aon áitreabh rialaithe faoi alt 57 den Acht seo; | ||
tionónta. |
mura n-éilí an comhthéacs a mhalairt, folaíonn an focal “tionónta”, maidir le haon áitreabh, tionónta reachtúil, agus folaíonn sé aon duine a mbeidh aige ó am go ham teideal faoin tionónta bunaidh, agus folaíonn sé freisin fo-thionónta. | |
(2) Déanfar tagairtí san Acht seo d'ordú chun seilbh a aisghabháil ar aon áitreabh a léiriú mar thagairtí a fholaíos tagairtí d'ordú chun tionónta a eisiachtain as an áitreabh. | ||
(3) Déanfar tagairtí san Acht seo d'aon achtachán a léiriú mar thagairtí a fholaíos tagairtí don achtachán sin arna leasú le haon achtachán iardain. | ||
[EN] |
Aitreabh rialaithe. |
3. —(1) Faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, baineann an tAcht seo le gach áitreabh. |
[EN] | (2) Ní bhaineann an tAcht seo— | |
[EN] | (a) le háitreabh ar mó a luacháil inrátuithe ná— | |
[EN] | (i) i gcás an t-áitreabh a bheith suite i gcontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath nó i mbuirg Dhún Laoghaire, seasca punt, | |
[EN] | (ii) in aon chás eile, ceathracha punt, | |
[EN] | (b) le háitreabh a tógadh tar éis an 7ú lá de Bhealtaine, 1941, nó a bhí á thógáil ar an dáta sin, | |
[EN] | (c) le háit chomhnaithe arna cur ar fáil ag údarás áitiúil faoi Achta na Sclábhaithe, 1883 go 1941, nó faoi Achta Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1931, agus arb údarás áitiúil is tiarna tighe uirthi de thuras na huaire, ná | |
[EN] | (d) le háitreabh gnótha ar aon mhargadh nó aonach i gcás an cíos nó na coinníollacha tionóntachta a bheith rialaithe nó rialálta faoi réim nó do réir aon reachta nó cairte, | |
[EN] | (e) le háitreabh gnótha arna ligean ar feadh téarma de bhlianta nó arna ligean ó bhliain go bliain faoi thionóntacht nach foláir fógra trí mhí ar a laghad a thabhairt chun í a fhoirceannadh (ar chúis seachas briseadh téarma de théarmaí na tionóntachta), | |
[EN] | (f) le háit chomhnaithe arna ligean ar cíos (dá ngairmtear an cíos forcoimeáta anseo feasta) a fholaíos íocaíoctha i leith bordála, freastail nó úsáide troscáin, nó i leith teas, uisce te, abhar tine, leictreachas, nó aon earra eile a sholáthar don áit chomhnaithe nó i leith aon tseirbhísí a thabhairt maidir leis an áit chomhnaithe, mura rud é, ar an gCúirt do chionroinnt an chíosa fhorcoimeáta, go mbeidh an chuid den chíos fhorcoimeáta is dóigh leis an gCúirt is inchurtha i leith na háite comhnaithe amháin comhionann le trí cheathrú nó níos mó ná trí cheathrú den chíos fhorcoimeáta, agus sa chás sin is tuigthe, chun críocha an Achta seo, gurb é is cíos ar an áit chomhnaithe ná an chuid den chíos fhorcoimeáta is inchurtha amhlaidh i leith na háite comhnaithe amháin, | |
[EN] | (g) le haon áit chomhnaithe nó áitreabh gnótha arna ligean i dteannta tailimh seachas láithreán na háite comhnaithe nó an áitribh ghnótha, más mó luacháil inrátuithe an tailimh ná an ceann is lú acu seo leanas:— | |
[EN] | (i) a leath de luacháil inrátuithe an láithreáin, agus an fhoirgint nó na foirgintí air a chur san áireamh, nó | |
[EN] | (ii) (I) i gcás an áit chomhnaithe nó an t-áitreabh gnótha a bheith suite i gcontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath nó i mbuirg Dhún Laoghaire, cúig puint déag, | |
[EN] | (II) in aon chás eile, deich bpuint. | |
[EN] |
Aiteanna comhnaithe a n-úsáitear coda dhíobh chun críocha gnótha, etc. |
4. —Ní bheidh an tAcht seo arna chur ó bhaint le háit chomhnaithe de bhíthin amháin go n-úsáitear cuid de chun críocha aon ghnótha, céirde nó gairme. |
[EN] |
Athghairm agus oiriúnú ar thagairtí d'Achta athghairmthe. |
5. —(1) Athghairmtear leis seo na hachtacháin a luaitear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a mhéid a sonnraítear sa tríú colún den Sceideal sin. |
[EN] | (2) An athghairm a déantar le fo-alt (1) den alt seo ar an gcuing atá ag gabháil le mír (b) d'fho-alt (1) d'alt (2) d'Acht 1923, beidh éifeacht aici amhail ó dháta Achta 1923 a rith ach ní dhéanfaidh an athghairm sin— | |
[EN] | (a) teideal a thabhairt do thiarna tighe chun aon tsuimeanna a haisghabhadh ón tiarna tighe roimh an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1945, trí asbhaint as cíos nó ar shlí eile, nó chun aon chíos nár híocadh toisc na hasbhaintí sin a thógaint as, a aisghabháil ó thionónta, ná | |
[EN] | (b) difir don cheart chun aon bhreith a fhorfheidhmiú a thug cúirt dlínse inniúla roimh an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1945, ná a thabhairt go bhféadfar aon tsuim a híocadh faoin mbreith sin a aisghabháil. | |
[EN] | (3) Déanfar tagairtí in aon Acht do na h Achta um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna), 1923 go 1930, nó d'aon Acht acu sin, a léiriú mar thagairtí don Acht seo. | |
[EN] |
Costais. |
6. —Na costais faoina raghaidh an tAire chun an tAcht seo a riaradh, déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad a íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas. |