An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil III. Talamh a Thógaint, Etc.) Ar Aghaidh (CUID IV. Forála Airgeadais.)

10 1946

AN tACHT FORBARTHA MÓNA, 1946

Caibidil IV.

Oibreacha Iompair.

Mínithe chun críocha Caibidle IV de Chuid III.

38. —Sa Chaibidil seo—

ciallaíonn an abairt “oibreacha iompair” aon oibreacha is—

(a) iarnród, nó

(b) trambhealach, nó

(c) cábla-bhealach aeir, nó

(d) píob-líne, nó

(e) crios iompair;

ciallaíonn an abairt “ordú oibreacha iompair” ordú arna dhéanamh faoi alt 43 den Acht seo.

Iarratais ar ordú oibreacha iompair.

39. —(1) Féadfaidh an Bord ordú oibreacha iompair a iarraidh ar an Aire á údarú don Bhord oibreacha iompair de chineál áirithe a dhéanamh, a chothabháil agus a oibriú chun críocha a fheadhm.

(2) Beidh ag gabháil le gach iarratas ar ordú oibreacha iompair—

(a) dréacht den ordú a bheas beartaithe,

(b) plean de na hoibreacha iompair a bheas beartaithe, agus

(c) leabhar eolais don phlean sin,

agus beidh an dréacht, an plean agus an leabhar eolais sin i pé foirm a ordós an tAire.

An dréachtordú, an plean agus an leabhar eolaisa lóisteáil agus fógra a thabhairt i dtaobh an iarratais.

40. —(1) Aon uair a hiarrfar ordú oibreacha iompair déanfaidh an Bord, a luaithe is féidir, na nithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) cóip den dréacht-ordú, den phlean agus den leabhar eolais don phlean sin a bhí ag gabháil leis an iarratas a lóisteáil agus a choimeád ar lóisteáil, san áit nó i ngach ceann de na háiteanna a ordós an tAire;

(b) fógra a fhoilsiú, i pé nuachtán nó nuachtáin a ordós an tAire, i dtaobh an t-iarratas sin a dhéanamh agus i dtaobh cóip den dréacht-ordú, den phlean, agus den leabhar eolais sin a lóisteáil agus i dtaobh na háite nó na n-áiteanna inar lóisteáladh amhlaidh iad;

(c) cóip den dréacht-ordú, den phlean agus den leabhar eolais sin a chur go dtí pé daoine (más ann) a ordós an tAire.

(2) Féadfaidh duine ar bith an chóip d'aon dréacht-ordú, plean nó leabhar eolais a bheas arna lóisteáil faoin alt seo a iniúchadh gach tráth réasúnach.

Táille ar iarratais.

41. —(1) Íocfar leis an Aire ar gach iarratas ag lorg orduithe oibreacha iompair pé táille (más ann) a chinnfeas an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais.

(2) Beidh éifeacht ag na forála seo leanas maidir leis na táillí uile is iníoctha faoin alt seo, sé sin le rá:—

(a) déanfar na táillí sin a bhailiú in airgead agus a ghlacadh i pé slí a ordós an tAire Airgeadais ó am go ham, agus íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste iad do réir ordachán an Aire Airgeadais;

(b) ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir leis na táillí sin.

Fiosrúcháináitiúla i dtaobh iarratas ar orduithe oibreacha iompair.

42. —(1) (a) Má cuirtear iarratas chun an Aire ag lorg orduithe oibreacha iompair, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, a ordú fiosrúchán poiblí a dhéanamh i dtaobh an iarratais sin sa cheantar a mbeidh beartaithe na hoibreacha iompair is abhar don iarratas a dhéanamh ann.

(b) Má ordaíonn an tAire fiosrúchán poiblí a dhéanamh i dtaobh iarratais ar ordú oibreacha iompair, ceapfaidh sé oifigeach don Aire chun an fiosrúchán sin a dhéanamh, agus beidh an Bord, agus gach únaer, léasaí agus áititheoir ar an talamh a mbeidh beartaithe na hoibreacha iompair is abhar don iarratas a dhéanamh air nó thairis, agus gach údarás áitiúil a mbeidh beartaithe na hoibreacha sin a ghabháil trína líomatáiste, agus gach duine eile ar dóigh leis an oifigeach sin leas substainteach a bheith aige in abhar an fhiosrúcháin sin, i dteideal teacht i láthair agus éisteacht a fháil ag an bhfiosrúchán sin.

(2) Fianaise a bhéarfar os comhair oifigigh don Aire a bheas ceaptha chun fiosrúchán a dhéanamh faoin alt seo, déanfar, má iarrann an t-oifigeach sin é, í a thabhairt faoi mhionn (a gcumhachtaítear leis seo don oifigeach sin daoine a chur faoi) agus aon duine a bhéarfas fianaise bhréagach os comhair aon oifigigh den tsórt sin beidh sé ciontach i mionn éithigh agus beidh sé inphionóis dá réir sin.

Ordú oibreacha iompair a dheonadh.

43. —Má thárlann, tar éis don Aire breithniú a dhéanamh ar iarratas ag lorg orduithe oibreacha iompair agus, i gcás in a ndearnadh fiosrúchán faoi alt 42 den Acht seo i dtaobh an iarratais, ar thuarascáil an oifigigh a rinne an fiosrúchán agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí, gur dóigh leis an Aire gur ceart géilleadh don iarratas, déanfaidh sé ordú á údarú don Bhord na hoibreacha iompair a bheas sonraithe san ordú a dhéanamh, a chothabháil agus a oibriú i pé slí, faoi réir pé srianta agus forál, agus ar pé téarmaí agus coinníollacha is cuibhe leis an Aire agus a shonrós sé san ordú.

Forála maidir le hordú oibreacha iompair.

44. —Beidh éifeacht ag na forála seo leanas maidir le hordú oibreacha iompair, sé sin le rá:—

(a) beidh san ordú sin pé forála a mheasfas an tAire is gá nó is fóirstineach chun críche an orduithe sin;

(b) gan dochar do ghinearáltacht mhíre (a) den fho-alt seo—

(i) féadfaidh forála a bheith san ordú sin á údarú don Bhord aon talamh a thógaint go héigeanta is dóigh leis an Aire is gá chun éifeacht a thabhairt don ordú sin,

(ii) féadfaidh an t-ordú sin aon chearta a dheonadh don Bhord i dtalamh nó uisce nó thar talamh nó uisce, nó in aon bhóthar poiblí nó thairis, is dóigh leis an Aire is gá a dheonadh chun éifeacht a thabhairt don ordú sin,

(iii) forálfaidh an t-ordú sin, maidir le haon talamh a tógfar amhlaidh nó aon cheart thar talamh nó uisce a deonfar amhlaidh, go n-íocfaidh an Bord cúiteamh leis na daoine uile agus faoi seach ag a mbeidh eastáit nó leasa sa talamh nó san uisce sin, agus forálfaidh go ndéanfar aon cheist nó aon chúiteamh díospóidithe a chinneadh faoi réim agus do réir an Asquisition of Land (Assessment of Compensation), Act, 1919,

(iv) féadfaidh an t-ordú sin gach ceann nó aon cheann d'fhorála Acht na gClásal Talún a chorprú, fara pé modhnuithe agus oiriúnuithe is cuibhe leis an Aire,

(v) sonróidh an tordú sin an modh ar a mbeidh na hoibreacha iompair lena mbainfidh an t-ordú sin le déanamh,

(vi) féadfaidh an t-ordú sin an tréimhse a chinneadh ar laistigh di a caithfear déanamh na n-oibreacha iompair sin a chríochnú,

(vii) féadfaidh forála a bheith san ordú sin i dtaobh an mhodha ar a mbeidh na hoibreacha iompair sin le hoibriú agus le cothabháil,

(viii) beidh san ordú sin forála ag teorannú úsáide na n-oibreacha iompair sin chun críocha a bhainfeas le feadhma an Bhuird agus chun pé críocha eile (más ann) a sonrófar san ordú sin,

(ix) beidh san ordú sin na forála uile is cuibhe leis an Aire chun an pobal i gcoitinne agus aon daoine lena mbainfidh an t-ordú sin a chosaint,

(x) féadfaidh an t-ordú sin a fhoráil go mbeidh an Bord, má sháraíonn sé aon fhoráil shonraithe den ordú (trí ghníomh nó neamhghníomh), ciontach i gcion faoin ordú sin agus go ndlífear ar a chiontú ann ar an slí achomair pé fíneáil (nach mó ná céad punt) a chur air a sonrófar san ordú sin i leith an chiona sin agus, i gcás ciona leanúnaigh, pé fíneáil bhreise (nach mó ná fiche punt) a sonrófar san ordú sin i leith an chiona sin in aghaidh gach lae a leanfar den chion sin tar éis an chiontuithe,

(xi) féadfaidh an t-ordú sin aon fhorála (lena n-áirítear forála pionósacha) a chorprú a bheas in aon achtachán a bhaineas le hiarnróid, fara pé oiriúnuithe agus modhnuithe is cuibhe leis an Aire,

(xii) maidir le feidhmiú na gcumhacht chun talamh a thógaint go héigeanta, féadfaidh forála sa chéill chéanna leis na forála atá in ailt 30 agus 36 den Acht seo a bheith san ordú sin,

(xiii) féadfaidh an t-ordú sin a fhoráil go ndéanfar aon cheisteanna sonraithe a éireos faoin ordú a chinneadh trí eadráin,

(xiv) féadfaidh pé forála a ghabhfas nó a bhainfeas le héinní de na nithe adúradh, agus a mheasfas an tAire is gá agus is cuibhe, a bheith san ordú sin.

Rialacháin maidir le hoibreacha iompair a chothabháil agus a oibriú.

45. —I gcás ordú oibreacha iompair a bheith déanta ag an Aire á údarú don Bhord oibreacha iompair de chineál áirithe a dhéanamh, a chothabháil agus a oibriú, beidh éifeacht ag na forála seo leanas, sé sin le rá:—

(a) féadfaidh an tAire rialacháin (ná beidh ar neamhréir leis an ordú sin) a dhéanamh maidir leis an modh ar a mbeidh na hoibreacha iompair sin le cothabháil agus le n-oibriú ag an mBord agus ag aon duine eile a bheas ag oibriú na n-oibreacha sin thar ceann an Bhuird;

(b) má sháraíonn an Bord nó an duine eile sin na rialacháin sin (trí ghníomh nó neamhghníomh), beidh an Bord ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná cúig puint in aghaidh gach lae a leanfar den chion sin tar éis an chiontuithe.

Rialacháin maidir le cumhacht leictreachais a úsáid.

46. —I gcás ordú oibreacha iompair a bheith déanta ag an Aire á údarú don Bhord oibreacha iompair de chineál áirithe a dhéanamh, a chothabháil agus a oibriú agus é a bheith údaraithe aige leis an ordú sin na hoibreacha iompair sin a oibriú le cumhacht leictreachais, beidh éifeacht ag na forála seo leanas, sé sin le rá:—

(a) féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle le Bord Soláthair an Leictreachais, pé rialacháin a dhéanamh is oiriúnach leis chun a áirithiú go ndéanfaidh an Bord agus aon duine eile a bheas ag oibriú na n-oibreacha sin thar ceann an Bhuird, nuair a bheas an chumhacht leictreachais á húsáid aige, gach forchúram a ghlacadh is réasúnach agus is cuibhe chun contúirt don phobal nó damáiste do mhaoin aon duine a sheachaint;

(b) nuair a bheas na rialacháin sin á ndéanamh ag an Aire, bhéarfaidh sé áird ar an gcostas a chuirfeas sin ar an mBord agus ar a éifeacht ar ionchais airgeadais an Bhuird;

(c) má dhéanann an Bord nó aon duine eile a bheas ag oibriú na n-oibreacha iompair sin thar ceann an Bhuird an chumhacht leictreachais sin a úsáid contrártha do na rialacháin sin, beidh an Bord ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise chúig punt in aghaidh gach lae a leanfar den chion tar éis an chiontuithe;

(d) más dóigh leis an Aire go ndearna an Bord nó aon duine a bhí ag oibriú na n-oibreacha iompair sin thar ceann an Bhuird an chumhacht leictreachais sin a úsáid contrártha do na rialacháin sin, pé acu ciontaíodh an Bord i gcion nó nár ciontaíodh, nó más deimhin leis an Aire gur contúirt don phobal an chumhacht sin a bheith á húsáid, féadfaidh sé, le hordú, a cheangal ar an mBord scor de na cumhachta a fheidhmiú a tugadh leis an ordú oibreacha iompair sin maidir le cumhacht leictreachais a úsáid agus air sin scoirfidh an Bord de na cumhachta sin a fheidhmiú ach amháin le toiliú an Aire agus faoi réir pé téarmaí agus coinníoll is oiriúnach leis.

Bord Soláthair an Leictreachais do dhéanamh oibreacha iompair mar chonarthóirí don Bhord.

47. —Má húdaraítear don Bhord, le hordú oibreacha iompair, oibreacha iompair a dhéanamh, féadfaidh Bord Soláthair an Leictreachais, mar chonarthóirí don Bhord, na hoibreacha iompair sin a dhéanamh.

Ordú oibreacha iompair a leasú

48. —Féadfaidh an tAire ó am go ham ordú oibreacha iompair a leasú.

Eifeacht orduithe faoi Chaibidil IV de Chuid III.

49. —Beidh feidhm dlí ag gach ordú a dhéanfas an tAire faoin gCaibidil seo.

Costais an Air i bhfeidhmiú cumhacht faoi ordú oibreacha iompair.

50. —Na costais faoina raghaidh an tAire i bhfeidhmiú a chumhacht agus a fheadhm faoi ordú oibreacha iompair, déanfaidh an Bord, a mhéid a chinnfeas an tAire Airgeadais, iad a íoc leis an Aire.

Forála maidir le horduithe áirithe a rinneadh faoin Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 92), 1941.

51. —(1) Baineann an t-alt seo leis na horduithe seo leanas (a rinne an tAire faoin Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 92), 1941 (R. & O. R., Uimh. 293 de 1941)), eadhon—

(a) an tOrdú um an Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 92), 1941 (Oibreacha Iompair) (Uimh. 1), 1941 (R. & O. R., Uimh. 410 de 1941),

(b) an tOrdú um an Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 92), 1941 (Oibreacha Iompair) (Uimh. 2), 1941 (R. & O. R., Uimh. 494 de 1941).

(2) Daingnítear leis seo na hOrduithe lena mbaineann an t-alt seo agus leanfaid i bhfeidhm ar an Acht Cumhachta Práinne, 1939 (Uimh. 28 de 1939) , a dhul in éag agus dá éis sin.

(3) Ar dháta an bhunuithe agus dá éis—

(a) léireofar mar thagairtí don Bhord na tagairtí don chuideachtain scortha atá sna hOrduithe lena mbaineann an t-alt seo;

(b) beidh feidhm ag ailt 45, 46 agus 47 den Acht seo maidir le haon oibreacha iompair a bheas déanta faoi cheachtar de na hOrduithe lena mbaineann an t-alt seo amhail is dá mba faoi alt 43 den Acht seo a déanfaí na hOrduithe sin, agus

(c) beidh feidhm ag ailt 48 agus 49 den Acht seo maidir leis na hOrduithe lena mbaineann an t-alt seo amhail is dá mba faoi alt 43 den Acht seo a déanfaí iad.