Ar Aghaidh (An Achomaireacht ar Sceidil (A) agus (B) da dTagartar san Acht seo.)

18 1946


Uimhir 18 de 1946.


AN tACHT LEITHREASA, 1946.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO CHUR SUIME ÁIRITHE AS AN bPRÍOMH-CHISTE CHUN SEIRBHÍSE NA BLIANA DAR CRÍOCH AN tAONÚ LÁ TRIOCHAD DE MHÁRTA, MÍLE NAOI gCÉAD A SEACHT CEATHRACHAD AGUS DO LEITHREASÚ NA SUIMEANNA A DEONADH LEIS AN ACHT PRÍOMH-CHISTE, 1946 , AGUS A DEONTAR LEIS AN ACHT SEO CHUN NA SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR AGUS NA CRÍOCHA CUIBHE. [15ú Iúil, 1946.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Deontais as an bPríomh-Chiste.

£36,211,178 a eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir na bliana 1946-47

1. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim sé mhilliún tríochad, dhá chéad agus aon mhíle déag, céad agus ocht bpuint sheachtód a eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í chur chun slánuithe an tsoláthair a deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá tríochad de Mhárta, míle naoi gcéad a seacht ceathrachad.

Cumhacht don Aire Airgeadais chun suim nach mó ná £36,211,178 a thógaint ar iasacht.

2. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon tsuim nó suimeanna nach mó san iomlán ná sé mhilliún tríochad, dhá chéad agus aon mhíle déag, céad agus ocht bpuint sheachtód a thógaint ar iasacht ó dhuine ar bith agus féadfaidh Banc na hÉireann an céanna a áirleacan don Aire Airgeadais, agus chun an céanna a thógaint ar iasacht féadfaidh an tAire Airgeadais urrúis ar bith a bhunú agus a eisiúint agus iad faoi pé ráta úis, agus fós faoi réir pé coinníoll i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile, is oiriúnach leis.

(2) Is ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis a bheas muirear bun-airgid agus úis urrús ar bith a heiseofar faoin Acht seo agus muirear na gcostas faoina raghfar i dtaobh na n-urrús sin a eisiúint.

(3) Aon airgead a cruinneofar trí urrúis arna n-eisiúint faoin Acht seo, cuirfear i gcreidiúnas do chuntas an Stát-Chiste é agus beidh sé ina chuid den Phríomh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí ina mbeidh an Príomh-Chiste ar fáil.

Deontais a Leithreasu.

Suimeanna a vótáladh i gcóir seirbhísí soláthair, eadhon, £53,716,664 a leithreasú.

3. —(1) Na suimeanna uile a deontar as an bPríomh-Chiste, leis an Acht seo agus leis an Acht eile a luaitear i Sceideal (A) a ghabhas leis an Acht seo, chun slánuithe an tsoláthar a deonadh agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim trí mhilliún caogad, seacht gcéad agus sé mhíle dhéag, sé chéad agus ceithre puint sheascad, déantar iad a leithreasú agus is tuigthe iad a bheith arna leithreasú amhail ó dháta na nAcht a luaitear sa Sceideal sin (A) a rith chun na seirbhísí agus na gcríoch a luaitear i Sceideal (B) a ghabhas leis sin. An achomaireacht ar sceidil agus na sceidil a ghabhas léi sin, maraon leis an nóta (más ann) a ghabhas leis na sceidil sin, is tuigthe gur cuid den Acht seo iad amhail is dá mbeidís i gcorp an Achta seo.

(2) I dteannta na suimeanna a deontar as an bPríomh-Chiste, agus dá dtagartar sa bhfo-alt sin roimhe seo den alt seo, féadfar na suimeanna a taispeántar faoi seach sa cholún deiridh de Sceideal (B) a ghabhas leis seo agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim trí mhilliún, céad agus seasca míle, sé chéad agus ceithre puint sheascad a úsáid as aon airgead a hordaítear faoi alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, a úsáid mar leithreasa i gcabhair do na deontais i gcóir na seirbhísí agus na gcríoch a luaitear sa Sceideal sin.

Gearr-theideal.

4. —Féadfar an tAcht Leithreasa, 1946 , a ghairm den Acht seo.